23 1975


Uimhir 23 de 1975


AN tACHT UM PRÉIMHEANNA FOSTAÍOCHTA, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT Á CHUMASÚ DON AIRE SAOTHAIR ÍOCAÍOCHTAÍ A THABHAIRT, TRÍ BHÍTHIN SCÉIME DÁ nGAIRFEAR AN CLÁR PRÉIMHEANNA FOSTAÍOCHTA, D'FHOSTÓIRÍ ATÁ AG GABHÁIL DO THIONSCAIL TALMHAÍOCHTA (LENA nÁIRÍTEAR GARRAÍODÓIREACHT) AGUS DO THIONSCAIL ÁIRITHE MHONARAÍOCHTA CHUN CUIDIÚ LE FOSTAÍOCHT, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [6 Lúnasa, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

tá le “préimh fhostaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 4 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

tá le “an Scéim” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht seo.

Bunú, cuspóir agus ré na Scéime.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, de réir an Achta seo, scéim ar a dtabharfar an Clár Préimheanna Fostaíochta (agus dá ngairtear an Scéim san Acht seo), a bhunú agus a riaradh agus féadfaidh sé an Scéim a leasú ó am go ham.

(2) Is é cuspóir na Scéime uchtach a thabhairt d'fhostóirí atá ag gabháil do thionscail nó do ghníomhaíochtaí lena mbaineann an Scéim chun daoine lena mbaineann an Scéim a fhostú.

(3) Maidir leis an Scéim—

(a) tiocfaidh sí, a mhéid a bhaineann sí le talmhaíocht (lena n-áirítear garraíodóireacht) i ngníomh an 3ú lá de Lúnasa, 1975, agus

(b) measfar, a mhéid a bhaineann sí le tionscail mhonaraíochta, gur tháinig sí i ngníomh an 29ú lá de Mheitheamh, 1975,

agus scoirfidh sí d'éifeacht a bheith aici an 26ú lá de Mheitheamh, 1976, gan dochar d'aon choinníollacha de chuid na Scéime a leanfaidh d'fheidhm a bheith acu tar éis an dáta sin.

Feidhm na Scéime a chinneadh.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a mhéid a bhaineann an Scéim le tionscail mhonaraíochta a chinneadh (agus sonróidh sé sa Scéim) cé na tionscail nó cé na gníomhaíochtaí i dtionscail shonraithe agus cé na daoine nó na haicmí daoine lena mbaineann an Scéim.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfar cinneadh faoin alt seo a dhéanamh faoi threoir cibé ní nó i cibé slí is cuí leis an Aire agus, maidir le duine nó aicme daoine a chinneadh amhlaidh, féadfaidh tréimhse íosta shonraithe dhífhostaíochta a bheith mar cheanglas ann.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, tionscail, gníomhaíochtaí i dtionscail shonraithe, daoine nó aicmí daoine (a chuirfear in iúl faoi threoir aon ní nó in aon slí is cuí leis) nach mbaineann an Scéim leo a shonrú sa Scéim.

Préimheanna fostaíochta a íoc le fostóirí.

4. —(1) Beidh socrú sa Scéim le go n-íocfaidh an tAire le fostóir lena mbaineann an Scéim suim (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, préimh fhostaíochta) i leith an duine nó na ndaoine lena mbaineann an Scéim agus atá ar fostú ag an bhfostóir sin.

(2) Is é méid a bheidh i bpréimh fhostaíochta cibé méid a bheidh sonraithe sa Scéim, agus féadfar méideanna éagsúla a shonrú amhlaidh do thréimhsí éagsúla.

(3) D'ainneoin fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, féadfaidh socrú a bheith sa Scéim le préimh a laghdú nó a bheith gan íoc i gcás inar deimhin leis an Aire go bhfuil airgead á fháil nó faighte ar mhodh deontais nó iasachta ag an bhfostóir lena mbaineann ó aon chomhlacht a bunaíodh le reacht chun fostaíocht nó tionscal a chur ar aghaidh, a ghríosú nó chun cuidiú leis sin.

Eolas agus foirmeacha

5. —Féadfaidh forálacha a bheith sa Scéim á cheangal ar fhostóir a iarrfaidh préimh fhostaíochta cibé eolas a thabhairt don Aire a mheasfaidh an tAire, uaidh féin, is gá lena chur ar a chumas a chinneadh cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann an Scéim leis an bhfostóir sin, le tionscal nó le gníomhaíocht i dtionscal sonraithe a sheolann sé nó le fostaí nó le haicme fostaí ina fhostaíocht, agus féadfaidh socrú a bheith inti do cibé foirmeacha is dóigh leis an Aire is gá chuige sin agus, i gcoitinne, chun an Scéim a riaradh go héifeachtúil.

Cigirí.

6. —(1) San alt seo ciallaíonn “cigire” duine arna cheapadh ag an Aire chun bheith ina chigire chun críocha an Achta seo.

(2) Féadfaidh cigire—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit atá ar áitiú ag fostóir a bhfuil préimh fhostaíochta iarrtha aige,

(b) aon scrúdú nó fiosrú a dhéanamh ansin is gá chun an Scéim a riaradh go héifeachtúil,

(c) a cheangal ar fhostóir nó ar a ionadaí aon taifid a thabhairt ar aird agus iontrálacha sna taifid a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh,

(d) scrúdú a dhéanamh, maidir le haon ábhar faoin Scéim, ar aon duine a mbeidh cúis réasúnach aige a chreidiúint gur fostóir nó fostaí nó gurbh fhostóir nó gurbh fhostaí é agus a cheangal air cibé ceisteanna (seachas ceisteanna a d'ionchoireodh é) a fhreagairt a chuirfidh an cigire i ndáil le hábhar den sórt sin agus dearbhú ar fhírinne na bhfreagraí a shíniú.

(3) Ní bheidh na cumhachtaí a thugtar do chigire le fo-alt (2) (a) den alt seo infheidhmithe maidir le teach cónaí príobháideach mura ndeimhneoidh an tAire (nó oifigeach don Aire arna cheapadh ag an Aire chuige sin) go bhfuil cúiseanna réasúnacha aige a chreidiúint go bhfuil cion faoin Acht seo i ndáil le fostaí a bhí ar fostú sa teach déanta ag an bhfostóir, agus go dtabharfaidh an cigire, an tráth a iarrfaidh sé cead isteach sa teach, an deimhniú ar aird.

(4) Aon duine—

(a) a choiscfidh nó a bhacfaidh cigire agus an cigire ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar leis an alt seo,

(b) a dhiúltóidh aon taifead a thabhairt ar aird a cheanglóidh cigire go dleathach air a thabhairt ar aird,

(c) a dhéanfaidh, nó a chuirfidh faoi deara, nó a cheadóidh go feasach, aon taifead is eol dó a bheith bréagach in aon phonc ábhartha a thabhairt ar aird do chigire,

(d) a chuirfidh cosc ar aon duine, nó a fhéachfaidh le cosc a chur ar aon duine, láithriú os comhair cigire nó a cheistiú ag cigire, nó

(e) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh go toiliúil déanamh de réir aon cheanglais dhleathaigh ó chigire faoi fho-alt (2) (d) den alt seo,

beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £300 nó, más é an dara cion nó cion dá éis sin den sórt sin aige é, £400 a chur air.

(5) Tabharfar deimhniú a cheapacháin do chigire agus, nuair a iarrfaidh sé go ligfí isteach in aon áitreabh nó áit é, déanfaidh sé, má iarrtar air é, an deimhniú a thabhairt ar aird don áititheoir agus d'aon duine a bheidh á scrúdú ag an gcigire.

Cionta.

7. —(1) Aon duine a thabharfaidh eolas bréagach nó a dhéanfaidh ráiteas bréagach i ndáil le hiarratas ar phréimh fhostaíochta beidh sé ciontach i gcion.

(2) I gcás comhlacht corpraithe do dhéanamh ciona faoin Acht seo agus go gcruthófar gur le toiliú nó ceadú ó aon stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe a rinneadh an cion, nó gur urasaíodh a dhéanamh le faillí ag aon duine díobh sin, measfar an duine sin freisin a bheith ciontach sa chion.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £300 nó, más é an dara cion nó cion dá éis sin den sórt sin aige é, £400 a chur air.

(4) Féadfaidh an tAire ionchúiseamh a dhéanamh i gcion faoin Acht seo.

(5) Féadfar ionchúiseamh faoin Acht seo a bhunú laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an chiona.

Caiteachais.

8. —Is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Gearrtheideal.

9. —Féadfar an tAcht um Préimheanna Fostaíochta, 1975 , a ghairm den Acht seo.