|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VII Frithsheachaint) | Ar Aghaidh (SCEIDEAL 1 Rialacha Ríomha) |
AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL, 1975
[EN] | ||
[EN] |
CUID VIII Ilghnéitheach agus Forlíontach | |
[EN] |
Faoiseamh é chánachas dúbailte. |
38. —(1) Chun faoiseamh ó chánachas dúbailte a thabhairt i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil arna muirearú faoi dhlí aon tíre lasmuigh den Stát, in ionad na dtagairtí d'ioncam in alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus i Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht sin, mar atá feidhm acu chun críocha cánach ioncaim, cuirfear tagairtí do ghnóchain chaipitiúla agus in ionad na dtagairtí do cháin ioncaim cuirfear tagairtí do cháin ghnóchan caipitiúil, agus ciallóidh siad, de réir mar a éileoidh an comhthéacs, cáin arna muirearú faoi dhlí an Stáit nó cáin arna muirearú faoi dhlí tíre lasmuigh den Stát. |
[EN] | (2) A mhéid a fhéadfar de bhua an ailt seo cáin ghnóchan caipitiúil arna muirearú faoi dhlí tíre lasmuigh den Stát a chur i gcuntas faoi na forálacha sin den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna bhfeidhmiú leis an alt seo, ní chuirfear an cháin sin i gcuntas, cibé acu a thabharfar nó nach dtabharfar faoiseamh ina leith de bhua an ailt seo, chun críocha na bhforálacha sin amhail mar atá feidhm acu ar leith ón alt seo. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag alt 361 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (nochtadh eolais chun críocha cánachais dúbailte) maidir le cáin ghnóchan caipitiúil mar atá feidhm aige maidir le cáin ioncaim. | |
[EN] |
Diúscairtí chun an Stáit, chun carthanas agus chun comhlachtaí eile. |
39. —(1) I gcás sócmhainn a dhiúscairt ar shlí seachas faoi mhargán ar neamhthuilleamaí— |
[EN] | (a) chun an Stáit, | |
[EN] | (b) chun carthanais, nó | |
[EN] | (c) chun aon cheann de na comhlachtaí lena mbaineann alt 28 (3) den Acht Airgid, 1931 (fundúireachtaí náisiúnta agus comhlachtaí poiblí eile), | |
[EN] | ní bheidh feidhm ag alt 9 (ina meastar an chomaoin a bheith ar cóimhéid leis an margadhluach), ach más diúscairt í gan aon chomaoin nó ar chomaoin nach mó ná na suimeanna is inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 de Sceideal 1, ansin— | |
[EN] | (i) measfar chun críocha an Achta seo gur diúscraíodh agus go bhfuarthas ar chomaoin a d'áirithigh nár fhaibhrigh gnóchan ná caillteanas as an diúscairt, agus | |
[EN] | (ii) i gcás, tar éis na diúscartha, go ndiúscróidh an duine a fuair an tsócmhainn faoin diúscairt an tsócmhainn, déileálfar chun críocha an Achta seo le fáil na sócmhainne ag an duine a rinne an diúscairt is luaithe mar fháil ag an duine a rinne an diúscairt is déanaí. | |
[EN] | (2) I gcás ina measfar, faoi fho-alt (3) nó (5) d'alt 15, aon sócmhainní nó codanna d'aon sócmhainní is cuid de mhaoin shocraithe a bheith diúscartha agus faighte ar ais ag an iontaobhaí, agus— | |
[EN] | (a) i gcás na sócmhainní a mheastar a bheith diúscartha faoi alt 15 (3) a fháil ar ais thar ceann an Stáit, nó thar ceann carthanais nó thar ceann comhlacht lena mbaineann an t-alt sin 28 (3); nó | |
[EN] | (b) na sócmhainní a meastar iad nó codanna díobh a bheith diúscartha agus faighte ar ais faoi alt 15 (5) a bheith ar teachtadh chun críocha an Stáit, chun críocha carthanais nó chun críocha comhlacht lena mbaineann an t-alt sin 28 (3); | |
[EN] | ansin, mura mbeidh aon chomaoin faighte ag aon duine as aon idirbheart nó i ndáil le haon idirbheart a mbeidh an Stát, an carthanas nó an comhlacht eile tagtha i dteideal amhlaidh nó a mbeidh na sócmhainní ar teachtadh amhlaidh dá bhua, déileálfar, chun críocha an Achta seo, le diúscairt agus le fáil na sócmhainní a mbeidh an Stát, an carthanas nó an comhlacht eile tagtha ina dteideal amhlaidh nó le diúscairt agus le fáil na sócmhainní a theachtar mar a luaitear i mír (b) mar dhiúscairt nó mar fháil ar chomaoin a d'áirithigh nár fhaibhrigh gnóchan ná caillteanas as an diúscairt. | |
[EN] |
Sócmhainní le daoine dóc-mhainneacha. 1887, c. 57. |
40. —(1) I ndáil le sócmhainní a bheidh ar teachtadh ag duine mar iontaobhaí nó mar shannaí i bhféimheacht nó faoi ghníomhas comhshocraíochta, beidh feidhm ag an Acht seo amhail is dá mbeadh na sócmhainní dílsithe don fhéimheach nó don fhéichiúnaí agus gur ghníomhartha de chuid an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí gníomhartha an iontaobhaí nó an tsannaí i ndáil leis na sócmhainní (agus déanfar neamhshuim dá réir sin de shócmhainní a fuair sé ón bhféimheach nó ón bhféichiúnaí nó a dhiúscair sé chuig an bhféimheach nó chuig an bhféichiúnaí), agus beidh cáin i leith aon ghnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh chuig aon iontaobhaí nó chuig aon sannaí den sórt sin inmheasúnaithe air agus inghnóthaithe uaidh. |
[EN] | (2) Déileálfar, chun críocha an Achta seo, le sócmhainní a bhí ar teachtadh ag iontaobhaí nó sannaí i bhféimheacht nó faoi ghníomhas comhshocraíochta tráth bais an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí mar shócmhainní a bhí ar teachtadh ag ionadaí pearsanta an éagaigh agus— | |
[EN] | (a) ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) tar éis an bháis, agus | |
[EN] | (b) beidh feidhm ag alt 14 (1) (faoina meastar sócmhainní a d'aistrigh ar bhás a bheith faighte ag na daoine chun ar chineachaigh siad) ionann is dá mb'éard iad aon sócmhainní a bhí ar teachtadh ag iontaobhaí nó sannaí i bhféimheacht nó faoi ghníomhas comhshocraíochta ar bhás an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí sócmhainní a bhí ar chumas an éagaigh a dhiúscairt agus a chineachaigh ansin chuig an iontaobhaí nó chuig an sannaí amhail is dá mba ionadaí pearsanta é. | |
[EN] | (3) Chun críocha an Achta seo measfar gur sócmhainní a bhí ar teachtadh ag ionadaí pearsanta de chuid an éagaigh sócmhainní a dhílsigh d'iontaobhaí i bhféimheacht tar éis bás an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (1). | |
[EN] | (4) San alt seo ciallaíonn “gníomhas comhshocraíochta” gníomhas comhshocraíochta lena mbaineann an Deeds of Arrangement Act, 1887. | |
[EN] |
Leachtú cuideachtaí. |
41. —I gcás sócmhainní cuideachta a bheith dílsithe do leachtaitheoir faoi alt 230 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó ar shlí eile, beidh feidhm ag an alt seo amhail is dá mbeadh na sócmhainní dílsithe don chuideachta agus gur ghníomhartha de chuid na cuideachta gníomhartha an leachtaitheora i ndáil leis na sócmhainní (agus déanfar neamhshuim dá réir sin de shócmhainní a fuair sé ón gcuideachta nó a dhiúscair sé chuig an gcuideachta). |
[EN] |
Cistí sa chúirt. |
42. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “cistí sa chúirt” aon airgead (agus infheistíochtaí in ionannas an airgid sin), blianachtaí, stoic, scaireanna nó urrúis eile atá i gcuntas nó le cur i gcuntas an Chuntasóra i leabhair Bhanc na hÉireann nó aon chuideachta, agus folaíonn sé boscaí agus éifeachtaí eile; | |
[EN] | ciallaíonn “an Cuntasóir” an Cuntasóir atá ag gabháil leis an gcúirt nó ionadaí dó arna cheapadh ag an Aire Dlí agus Cirt; | |
[EN] | ciallaíonn “cúirt” an Ard-Chúirt, ach amháin nuair is tagairt don Chúirt Chuarda an tagairt. | |
[EN] | (2) Chun críocha alt 8 (3) measfar cistí sa chúirt a bheith ar teachtadh ag an gCuntasóir mar ainmnitheach do na daoine a bhfuil teideal acu chun na gcistí nó leas acu iontu, nó de réir mar a bheidh dá n-iontaobhaithe. | |
[EN] | (3) I gcás cistí sa chúirt chun sochair cuntais i leabhair an Chuntasóra a infheistiú, nó a réadú tar éis a n-infheistithe, ní dhéanfaidh modh infheistithe nó réadaithe infheistíochtaí ag an gCuntasóir difear don cheist sócmhainn in ionannas cistí sa chúirt chun sochair an chuntais sin a bheith faighte nó, cibé acu é, diúscartha chun críocha an Achta seo, agus, go háirithe, beidh sócmhainní faighte nó diúscartha chun na gcríocha sin d'ainneoin cistí sa chúirt chun sochair cuntais i leabhair an Chuntasóra, nó cistí a infheistíodh amhlaidh, a infheistiú nó a réadú trí infheistiú i gcuntas amháin a fhritháireamh, i gcuntais an Chuntasóra, in aghaidh réadú infheistíochtaí i gcuntas eile. | |
[EN] | (4) Bainfidh an t-alt seo, modhnaithe mar is gá, le cistí sa Chúirt Chuarda mar a bhaineann le cistí sa chúirt. | |
[EN] |
Gnóchain neamh-intarchurtha. |
43. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “gnóchain áirithe” gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as sócmhainní lasmuigh den Stát a dhiúscairt, arb é a méid an méid (dá ngairtear an méid sin san alt seo) ar a ríomhfar cáin de réir an Achta seo nó atá ar áireamh ann. | |
[EN] | (2) Faoi réir fho-ailt (3), (4) agus (5), beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo i gcás cáin ghnóchan caipitiúil a bheith muirearaithe le measúnacht don bhliain inar fhaibhrigh na gnóchain áirithe agus nár íocadh an cháin. | |
[EN] | (3) In aon chás ina dtabharfar, ar an dáta nó tar éis an dáta ar ar tháinig an cháin ghnóchan caipitiúil chun bheith iníoctha, cruthúnas do na Coimisinéirí Ioncaim a dheimhneoidh dóibh nach féidir, mar gheall ar reachtaíocht sa tír inar fhaibhrigh siad nó mar gheall ar ghníomh feidhme ag rialtas na tíre sin, gnóchain áirithe a tharchur chun an Stáit, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim déileáil, chun críocha bailiúcháin, leis an measúnacht amhail is dá mba nach raibh na gnóchain áirithe ar áireamh sa mhéid sin, ach beidh deireadh leis an déileáil sin a luaithe a scoirfidh na Coimisinéirí Ioncaim de bheith deimhneach mar a dúradh. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha an ailt seo, cibé faisnéis a mheasfaidh siad a bheith riachtanach a iarraidh. | |
[EN] | (5) Aon duine a bheidh mí-shásta le cinneadh ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (3), féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a | |
thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de lá is fiche tar éis an cinneadh a chur in iúl do, a iarraidh go gcuirfí an t-ábhar faoi bhráid na gCoimisinéirí Achomhairc, amhail is dá mba achomharc in aghaidh measúnachta é agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , modhnaithe mar is gá, a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le sonrú cáis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí. | ||
[EN] |
Comaoin a bheidh dlite tar éis tráth na diúscartha. |
44. —(1) I gcás an chomaoin, nó cuid den chomaoin, a cuireadh i gcuntas le linn gnóchan inmhuirearaithe a bheith á ríomh a bheith iníoctha ina tráthchodanna thar thréimhse dar tosach tráth nach luaithe ná tráth na diúscartha, ar tréimhse í is faide ná ocht mí dhéag, ansin, má dheimhníonn an duine a rinne an diúscairt do na Coimisinéirí Ioncaim go mbainfeadh cruatan míchuí dó mura mbeadh sin, féadfar, más rogha leis, an cháin ar ghnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as an diúscairt a íoc i cibé tráthchodanna a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim thar thréimhse nach faide ná cúig bliana agus dar críoch tráth nach déanaí ná an tráth is iníoctha an ceann deiridh de na tráthchodanna chéadluaite. |
[EN] | (2) Le linn gnóchan inmhuirearaithe a bheith á ríomh, cuirfear an chomaoin i leith na diúscartha i gcuntas gan aon lascaine mar gheall ar an gceart a iarchur chun aon chuid di a fháil agus gan aird ar aon fhiontar go mbeadh aon chuid den chomaoin neamhinghnóthaithe ná ar an gceart aon chuid den chomaoin a fháil a bheith teagmhasach: | |
[EN] | Ar choinníoll má shuitear chun sástacht an chigire nach inghnóthaithe aon chuid áirithe den chomaoin a cuireadh i gcuntas amhlaidh, go ndéanfar cibé coigeartú, mar urscaoileadh nó aisíoc cánach nó eile, is gá sa chás. | |
[EN] |
Luach as sócmhainní a aistriú. |
45. —(1) Gan dochar do ghinearáltacht forálacha an Achta seo maidir le hidirbhearta is diúscairt sócmhainní, aon idirbheart a ndéileálfar leis faoin alt seo mar dhiúscairt sócmhainne déileálfar leis amhlaidh (mar aon lena chomhréir d'fháil ar leas sa tsócmhainn) d'ainneoin gan comaoin a bheith i gceist agus, ar an toimhde go raibh na páirtithe san idirbheart ar neamhthuilleamaí le chéile, a mhéid a d'fhéadfadh an páirtí a rinne an diúscairt comaoin nó comaoin bhreise a fháil as an diúscairt, déileálfar leis an idirbheart mar idirbheart nach ar neamhthuilleamaí a rinneadh é, agus déileálfar leis an gcomaoin a d'fhéadfaí a fháil amhlaidh, i dteannta na comaoine a d'aistrigh iarbhír, mar mhargadhluach a bhfuarthas. |
[EN] | (2) (a) Má dhéanann duine a bhfuil cuideachta faoina rialú a rialú a fheidhmiú ar dhóigh go n-aistreoidh luach as scaireanna atá sa chuideachta aige féin nó ag duine a bhfuil baint aige leis, nó as cearta thar an gcuideachta is infheidhmithe aige féin nó ag duine a bhfuil baint aige leis, agus go n-aistreoidh sé isteach i scaireanna eile sa chuideachta nó i gcearta eile thar an gcuideachta, is ionann feidhmiú an rialaithe sin aige agus diúscairt na scaireanna nó na gcearta as ar aistrigh an luach ag an duine ar leis na scaireanna sin nó arbh infheidhmithe na cumhachtaí sin aige. | |
[EN] | (b) Folaíonn tagairtí i mír (a) do dhuine tagairtí do dhá dhuine nó níos mó a bhfuil baint acu le chéile. | |
[EN] | (3) Más rud é, tar éis idirbheart as a dtiocfaidh úinéir talún nó aon chineál eile maoine chun bheith ina léasaí ar an maoin, go ndéanfar aon choigeartú ar na cearta agus ar na dliteanais faoin léas (cibé acu a bheidh deonú léasa nua i gceist nó nach mbeidh) a bheidh, tríd is tríd, fabhrach don léasóir, is ionann é sin agus an léasaí do dhiúscairt leasa sa mhaoin. | |
[EN] | (4) Má bhíonn sócmhainn faoi réir ceart nó srian de chineál ar bith, is éard é múchadh nó aisghairm an chirt nó an tsriain, go hiomlán nó go páirteach, ag an duine ag a bhfuil teideal é sin a dhéanamh, diúscairt an chirt nó an tsriain aige. | |
[EN] |
Fiacha. |
46. —(1) I gcás ina rachaidh duine i bhfiach ag duine eile (is é sin, an creidiúnaí bunaidh) in airgead reatha na hÉireann nó in airgead reatha éigin eile, ní fhaibhreoidh aon ghnóchan inmhuirearaithe chuig an gcreidiúnaí sin ná chuig a ionadaí pearsanta ná a leagáidí as an bhfiach a dhiúscairt: |
[EN] | Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás an fhéich ar urrús mar a mhínítear i mír 3 de Sceideal 2 (comhshó urrús). | |
[EN] | (2) Faoi réir forálacha na míre sin 3 agus mhír 4 de Sceideal 2 (cónascadh cuideachtaí), agus faoi réir an fho-ailt sin roimhe seo, measfar gurb ionann fiach nó cuid de a shásamh (lena n-áirítear fiach ar urrús mar a mhínítear sa mhír sin 3) agus an fiach nó an chuid sin a dhiúscairt ag an gcreidiúnaí tráth an fiach nó an chuid sin a shásamh. | |
[EN] | (3) I gcás creidiúnaí d'fháil maoin de shásamh ina fhiach nó i gcuid de, ansin faoi réir forálacha na míre sin 3 agus 4 ní mheasfar an mhaoin a bheith diúscartha ag an bhféichiúnaí ná faighte ag an gcreidiúnaí ar chomaoin ba mhó ná a margadhluach an tráth a fuair an creidiúnaí í; ach más rud é faoi fho-alt (1) (agus in gcás nach mbaineann ceachtar de na míreanna sin 3 nó 4 leis) nach mbeidh aon ghnóchan inmhuirearaithe le faibhriú as diúscairt an fhéich ag an gcreidiúnaí (is é sin, an creidiúnaí bunaidh), agus go bhfaibhreoidh gnóchan inmhuirearaithe chuige ar é diúscairt na maoine, déanfar méid an ghnóchain inmhuirearaithe a laghdú (i gcás inar gá) ionas nach mó é ná an gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhreodh dá mba ar chomaoin ar cóimhéid leis an bhfiach nó leis an gcuid sin de a fuair sé an mhaoin. | |
[EN] | (4) Ní caillteanas inlamhála caillteanas a d'fhaibhrigh ar fhiach a dhiúscairt a fuair an duine a rinne an diúscairt ón gcreidiúnaí bunaidh nó óna ionadaí pearsanta nó óna leagáidí tráth a raibh baint ag an gcreidiúnaí nó ag a ionadaí pearsanta nó ag a leagáidí leis an duine a rinne an diúscairt, agus a fuarthas amhlaidh go díreach nó trí cheannach amháin nó níos mó nó trí dhaoine a raibh baint ag gach duine acu leis an duine a rinne an diúscairt. | |
[EN] | (5) I gcás inar iontaobhaí an creidiúnaí bunaidh agus inar maoin shocraithe an fiach arna bhunú, beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (4) amhail is dá gcuirfí in ionad na dtagairtí d'ionadaí pearsanta nó do leagáidí an chreidiúnaí bunaidh tagairtí d'aon duine a thiocfaidh chun teideal iomlán a bheith aige, amhail in aghaidh an iontaobhaí, chun an fhéich ar scor dó de bheith ina mhaoin shocraithe, agus d'ionadaí pearsanta nó do leagáidí an duine sin. | |
[EN] | (6) Ní bhainfidh an t-alt seo le fiach a bheidh dlite de bhanc i gcás nach in airgead reatha na hÉireann ná i sterling don fhiach sin agus arb ionannas dó suim chun creidmheasa duine i gcuntas sa bhanc murab ionannas é d'airgead reatha a fuair an sealbhóir le haghaidh caiteachais phearsanta lasmuigh den Stát aige féin nó ag a theaghlach nó ag a chleithiúnaithe (lena n-áirítear caiteachas ag cothabháil aon áite cónaí lasmuigh den Stát). | |
[EN] |
Roghanna. |
47. —(1) Gan dochar d'fhorálacha alt 8, is ionann deonú rogha, lena n-áirítear— |
[EN] | (a) deonú rogha i gcás ina gcuireann an deontóir de cheangal air féin sócmhainn nach dá chuid féin a dhíol, agus, mar gheall ar an rogha a thréigean, nach dtarlóidh go mbeidh sí dá chuid féin aige choíche, agus | |
[EN] | (b) deonú rogha i gcás ina gcuireann an deontóir de cheangal air féin sócmhainn a cheannach, ach, mar gheall ar an rogha a thréigean, nach bhfaighidh sé, | |
[EN] | agus diúscairt sócmhainne (is é sin, diúscairt na rogha), ach sin faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo maidir le déileáil le deonú rogha mar chuid d'idirbheart is mó ná sin. | |
[EN] | (2) Má fheidhmítear rogha déileálfar mar idirbheart amháin le deonú na rogha agus leis an idirbheart a rinne an deontóir ag comhalladh a oibleagáidí faoin rogha agus dá réir sin— | |
[EN] | (a) má chuireann an rogha de cheangal ar an deontóir díol, is cuid de chomhaoin an díola comaoin na rogha, agus | |
[EN] | (b) má chuireann an rogha de cheangal ar an deontóir ceannach, bainfear comaoin na rogha as an gcostas fála a thabhaigh an deontóir ag ceannach de bhun a oibleagáidí faoin rogha. | |
[EN] | (3) Ní hionann feidhmiú nó tréigean rogha ag an duine a bheidh i dteideal í a fheidhmiú de thuras na huaire agus diúscairt sócmhainne ag an duine sin, ach má fheidhmítear rogha, ansin, déileálfar mar idirbheart amháin le fáil na rogha (cibé acu is go díreach ón deontóir é nó nach ea) agus leis an idirbheart a rinne an duine a d'fheidhmigh an rogha ag feidhmiú a chearta faoin rogha agus dá réir sin— | |
[EN] | (a) má chuireann an rogha de cheangal ar an deontóir díol, is cuid de chostas na sócmhainne a díoladh a fháil costas na rogha a fháil, agus | |
[EN] | (b) má chuireann an rogha de cheangal ar an deontóir ceannach, déileálfar le costas na rogha mar chostas a bhain le diúscairt na sócmhainne a cheannaigh deontóir na rogha. | |
[EN] | (4) I ndáil le rogha a dhiúscairt ar mhodh aistrithe is rogha a chuireann de cheangal ar an deontóir scaireanna nó urrúis a bhfuil margadhluach luaite dóibh ar stocmhargadh sa Stát nó in áit eile a dhíol nó a cheannach, measfar gurb éard í an rogha sócmhainn chnaoiteach a éagann nuair a éagann an ceart an rogha a fheidhmiú, nó nuair a chailleann an rogha a luach, cibé acu is luaithe a tharlaíonn, ach sin gan dochar do na forálacha i Sceideal 1 a bhaineann le sócmhainní chnaoiteacha a fheidhmiú maidir le roghanna de chineálacha eile. | |
[EN] | (5) I gcás rogha a dhiúscairt nó a thréigean is rogha chun sócmhainní a fháil is infheidhmithe ag duine a bheartaíonn iad a úsáid, má fhaightear iad, chun críocha trádála a sheolann sé nó a thosóidh sé a sheoladh laistigh de dhá bhliain tar éis dó an rogha a fháil, ansin— | |
[EN] | (a) má thréigtear an rogha, is diúscairt sócmhainne (is é sin, an rogha) an tréigean, d'ainneoin fho-alt (3), agus | |
[EN] | (b) ní bheidh feidhm ag mír 9 de Sceideal 1 (srian le caiteachas inlamhála ar shócmhainn chnaoiteach). | |
[EN] | (6) (a) I gcás ina ndiúscraítear nó ina dtréigtear rogha suibscríobh le haghaidh scaireanna i gcuideachta is rogha de chineál a luaitear, agus a ndéileáiltear inti mar a dhéileáiltear i scaireanna, tráth na diúscartha nó an tréigin, ar stocmhargadh sa Stát nó in áit eile, ansin— | |
[EN] | (i) má thréigtear an rogha, is diúscairt sócmhainne (is é sin, an rogha) an tréigean, d'ainneoin fho-alt (3), agus | |
[EN] | (ii) ní bheidh feidhm ag mír 9 de Sceideal 1 (srian le caiteachas inlamhála ar shócmhainn chnaoiteach) ná ag fo-alt (4). | |
[EN] | (b) I gcás ina ndéileáiltear i rogha a luaitear i mír (a) laistigh de thrí mhí tar éis d'aon atheagrú, laghdú, comhshó nó cónascadh lena mbaineann míreanna 2, 3, 4 nó 5 de Sceideal 2 a theacht in éifeacht (nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn) maidir leis an gcuideachta a thug an rogha, measfar, chun críocha na míreanna sin 2, 3, 4 nó 5, gurb é an rogha na scaireanna a d'fhéadfaí a fháil tríd an rogha a fheidhmiú agus beidh feidhm ag alt 49 (3) lena margadhluach a chinneadh. | |
[EN] | (7) I gcás rogha a bhaineann le scaireanna nó urrúis, beidh feidhm ag an alt seo faoi réir forálacha mhír 13 de Sceideal 1 agus, dá réir sin, féadfar, i ndáil leis an deontóir nó i ndáil leis an duine atá i dteideal an rogha a fheidhmiú, a mheas gur rogha í a bhaineann le cuid de shealbhán scaireanna nó urrús mar a mhínítear sa mhír sin 13. | |
[EN] | (8) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le rogha a chuireann de cheangal ar an deontóir díol agus ceannach ionann is dá mba dhá rogha ar leithligh í agus leath na comaoine a bheith curtha i leith gach rogha díobh. | |
[EN] | (9) San alt seo folaíonn tagairtí do rogha tagairtí do rogha a chuireann de cheangal ar an deontóir léas a dheonú ar phréimh, nó idirbheart eile a dhéanamh nach díol, agus déanfar tagairtí do dhíol agus do cheannach de bhun rogha a fhorléiriú dá réir sin. | |
[EN] | (10) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le héarlais fhorghéillte airgid cheannaigh nó airgid chomaoine eile i ndáil le ceannach nó le hidirbheart eile a beartaíodh agus nach ndearnadh mar atá feidhm aige i ndáil le comaoin i leith rogha a chuireann de cheangal ar dheontóir díol agus nach bhfeidhmítear. | |
[EN] |
Suíomh sócmhainní. |
48. —Déanfar suíomh aon sócmhainní dá sonraítear san alt seo a chinneadh, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le halt 4, de réir na bhforálacha seo a leanas: |
[EN] | (a) is é is suíomh do chearta nó do leasanna (seachas i modh urrúis) i maoin dho-chorraithe nó thairsti suíomh na maoine do-chorraithe, | |
[EN] | (b) faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, is é is suíomh do chearta nó do leasanna (seachas i modh urrúis) i maoin sho-chorraithe inláimhsithe nó thairsti suíomh na maoine so-chorraithe inláimhsithe, | |
[EN] | (c) faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, is sa Stát atá suíomh féich, urraithe nó neamhurraithe, más sa Stát a chónaíonn an creidiúnaí agus ar an gcoinníoll sin amháin, | |
[EN] | (d) scaireanna nó urrúis a d'eisigh aon údarás bardasach nó rialtasach, nó aon chomhlacht a bhunaigh údarás den sórt sin, is i dtír an údaráis sin atá siad suite, | |
[EN] | (e) faoi réir mhír (d), is san áit a bhfuil scaireanna nó urrúis cláraithe atá siad suite agus, má tá siad cláraithe i níos mó ná clár amháin, is san áit a bhfuil an príomh-chlár suite atá siad suite, | |
[EN] | (f) is sa Stát atá long nó aerárthach suite má tá cónaí sa Stát ar an úinéir agus ar an gcoinníoll sin amháin, agus is sa Stát atá leas nó ceart i long nó in aerárthach nó tharstu suite má tá cónaí sa Stát ar an duine atá i dteideal an leasa nó an chirt agus ar an gcoinníoll sin amháin, | |
[EN] | (g) is é is suíomh do cháilmheas mar shócmhainn trádála, gnó nó gairme an áit a seoltar an trádáil, an gnó nó an ghairm, | |
[EN] | (h) is é is suíomh do phaitinní, do thrádmharcanna agus do dhearthaí an áit a bhfuil siad cláraithe agus má tá siad cláraithe i níos mó ná clár amháin, an áit a bhfuil gach clár suite agus is sa Stát atá cóipcheart, díolúintí, cearta agus ceadúnais aon ábhar cóipchirt, paitinn, trádmharc nó dearadh a úsáid suite i gcás iad féin, nó aon chearta a dhíorthaíonn uathu, a bheith infheidhmithe sa Stát, agus | |
[EN] | (i) is é is suíomh do fhiach breithiúnais an áit a bhfuil an breithiúnas taifeadta. | |
[EN] |
Luacháil |
49. —(1) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas, ciallaíonn “margadhluach” san Acht seo, i ndáil le haon sócmhainní, an praghas a d'fhéadfaí bheith ag súil le réasún a gheofaí ar na sócmhainní sin ar iad a dhíol ar an margadh oscailte. |
[EN] | (2) Le linn margadhluach aon sócmhainní a bheith á mheas ní dhéanfar aon laghdú sa mheastachán mar gheall ar an meastachán a dhéanamh ar an toimhde go bhfuil na sócmhainní go léir le cur ar an margadh an t-aon tráth amháin. | |
[EN] | (3) Is mar a leanas a bheidh margadhluach scaireanna nó urrúis a luaitear ar stocmhargadh sa Stát nó sa Ríocht Aontaithe, ach amháin sa chás nach leor iontu féin mar gheall ar dhálaí speisialta na praghsanna a luaitear mar thomhas cuí ar an margadhluach— | |
[EN] | (a) i ndáil le scaireanna nó urrúis a bheidh liostaithe i Liosta Oifigiúil Stocmhargadh na hÉireann— | |
[EN] | (i) an praghas a thaispeántar sa liosta sin an uair dheireanach a taifeadadh margáin sna scaireanna nó sna hurrúis (an praghas roimhe sin), nó | |
[EN] | (ii) i gcás margáin, seachas margáin a rinneadh ar phraghsanna speisialta, a bheith taifeadta sa liosta sin don dáta iomchuí, an praghas ar ar taifeadadh na margáin amhlaidh, nó má taifeadadh amhlaidh níos mó ná praghas amháin den sórt sin, praghas leathshlí idir an praghas is airde agus an praghas is ísle de na praghsanna sin, | |
[EN] | agus an méid faoi fhomhír (i) a ghlacadh más lú é ná an méid faoi fhomhír (ii) nó i gcás nár taifeadadh aon ghnó den sórt sin ar an dáta iomchuí, agus an méid faoi fhomhír (ii) a ghlacadh más lú é ná an méid faoi fhomhír (i), agus | |
[EN] | (b) i ndáil le scaireanna nó urrúis a bheidh liostaithe i Liosta Oifigiúil Laethúil an Stocmhargaidh— | |
[EN] | (i) an praghas is lú den dá phraghas a thaispeántar sna luachaintí do na scaireanna nó na hurrúis ar an dáta iomchuí móide ceathrú na difríochta idir an dá fhigiúr sin, nó | |
[EN] | (ii) i gcás margáin, seachas margáin a rinneadh ar phraghsanna speisialta, a bheith taifeadta sa liosta sin don dáta iomchuí, an praghas ar ar taifeadadh na margáin amhlaidh, nó má taifeadadh amhlaidh níos mó ná praghas amháin den sórt sin, praghas leathshlí idir an praghas is airde agus an praghas is ísle de na praghsanna sin, | |
[EN] | agus an méid faoi fhomhír (i) a ghlacadh más lú é ná an méid faoi fhomhír (ii) nó i gcás nár taifeadadh aon mhargáin den sórt sin don dáta iomchuí, agus an méid faoi fhomhír (ii) a ghlacadh más lú é ná an méid faoi fhomhír (i): | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (a) i gcás na scaireanna nó na hurrúis a bheith liostaithe sa dá Liosta Oifigiúil sin don dáta iomchuí, gurb é an méid is lú den dá mhéid mar a bheidh cinnte faoi mhír (a) agus faoi mhír (b) a ghlacfar; | |
[EN] | (b) nach mbainfidh an fo-alt seo le scaireanna ná le hurrúis a bhfuil margadh níos gníomhaí dóibh ar stocmhargadh éigin eile; agus | |
[EN] | (c) má bhíonn an stocmhargadh iomchuí, nó ceann de na stocmhargaidh iomchuí, dúnta ar an dáta iomchuí, go gcinnfear an margadhluach faoi threoir an dáta is deireanaí roimhe sin nó an dáta is luaithe dá éis sin a bheidh sé ar oscailt, cibé dáta acu is ísle margadhluach. | |
[EN] | (4) I gcás scaireanna agus urrúis gan a bheith luaite ar stocmhargadh an tráth a bheidh a margadhluach le cinneadh de bhua fho-alt (1), toimhdeofar, chun críocha an chinnte sin, go bhfuil ar fáil ar an margadh oscailte a shamhlaítear chun críocha an fho-ailt sin (1), d'aon duine a mbeidh beartaithe aige an tsócmhainn áirithe sin a cheannach an fhaisnéis go léir a bheadh ag teastáil ó dhuine stuama a mbeadh beartaithe aige an tsócmhainn a cheannach dá mbeadh beartaithe aige í a cheannach ó dhíoltóir toilteanach trí chonradh príobháideach agus ar neamhthuilleamaí. | |
[EN] | (5) San Acht seo ciallóidh “margadhluach”, i ndáil le haon chearta le sealbhóirí aonad in aon iontaobhas aonad (lena n-áirítear aon iontaobhas aonad a bunaíodh go dleathach lasmuigh den Stát) a bhfoilsíonn bainisteoirí an iontaobhais a phraghsanna ceannaigh agus díola go rialta, cóimhéid an phraghais cheannaigh (is é sin, an praghas is ísle) a foilsíodh amhlaidh ar an dáta iomchuí, nó murar foilsíodh aon phraghas ar an dáta sin, ar an dáta is deireanaí roimhe sin. | |
[EN] | (6) Má thagann agus a mhéid a tiocfaidh luach aon scaireanna nó urrúis i gcuideachta a chónaíonn sa Stát, seachas scaireanna nó urrúis a luaitear ar stocmhargadh, i gceist in aon achomharc in aghaidh measúnacht i leith cánach gnóchan caipitiúil nó in aghaidh cinneadh ar éileamh faoin Acht seo, déanfar an cheist sin a chinneadh mar a dhéantar i gcás achomharc in aghaidh measúnacht a rinneadh ar an gcuideachta. | |
(7) Maidir le sócmhainn de chineál a bhfuil a díol faoi réir srianta a fhorchuirtear faoin Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 , sa dóigh nach mbeidh cuid dá n-íocfaidh an ceannaitheoir inchoimeádta ag an díoltóir, beidh an margadhluach, arna ríomh faoin alt seo, faoi réir cibé coigeartú is iomchuí ag féachaint don difríocht idir an méid is iníoctha ag ceannaitheoir agus an méid is infhaighte ag díoltóir. | ||
[EN] |
Leathnú ar Achtanna áirithe. 1890, c. 21. |
50. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , trí “agus cáin ghnóchan caipitiúil” a chur isteach roimh “ach ní fholuíonn sé aon cháin ná diúite eile”. |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 39 den Inland Revenue Regulations Act, 1890, trí “caiptal gains tax” a chur isteach roimh “stamp duties”. | |
[EN] |
Forlíontach. |
51. —(1) Beidh éifeacht, chun críocha an Achta seo, le Sceideal 1 (ríomh), Sceideal 2 (cuideachtaí agus scairshealbhóirí), Sceideal 3 (léasanna), agus Sceideal 4 (riarachán). |
[EN] | (2) A mhéid a cheanglaíonn forálacha an Achta seo arna modhnú le Cuid II de Sceideal 1 gnóchan a ríomh faoi threoir teagmhais a tharla roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, beidh ag na forálacha sin go léir, lena n-áirítear Cuid I de Sceideal 1 agus Sceidil 2 agus 3 agus na forálacha a shocraíonn méid na comaoine a mheastar a bheith tugtha ar shócmhainn a dhiúscairt nó a fháil, feidhm ach amháin a mhéid a eisiafar go sainráite iad. |