16 1975


Uimhir 16 de 1975


AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1969 AGUS 1972. [21 Iúil, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1969, Uimh. 32 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969 .

Leasú ar alt 38 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 38 den Phríomh-Acht trí ná fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (4):

“(3) Ní rachaidh an méid iomlán airgid a íocfar ina dheontais faoin alt seo i leith gnóthais tionscail thar £850,000.

(4) D'ainneoin aon ní san alt seo féadfaidh an Rialtas, maidir le gnóthas tionscail áirithe, a cheadú don Údarás deontais is mó ná £850,000 a thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo, ach sin ar choinníoll nach rachfar i ngach cás den sórt sin thar na teorainneacha céatadáin a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.”

Leasú ar alt 42 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 42:

“42—(1) Ní rachaidh an méid iomlán airgid a dheonófar faoi alt nó ailt acu seo a leanas den Acht seo, is é sin ailt 33, 34, 35 agus 46, do ghnóthas tionscail áirithe nó ina leith thar £850,000.

(2) D'ainneoin aon ní san alt seo féadfaidh an Rialtas, maidir le gnóthas tionscail áirithe, a cheadú deontas nó deontais is mó ná £850,000 a thabhairt faoi cheann amháin nó níos mó de na hailt sin den Acht seo, ach sin ar choinníoll nach rachfar i ngach cás den sórt sin thar na teorainneacha céatadáin a shonraítear in ailt 33 (2), 34 (2), 35 (2) agus 35 (4) den Acht seo (de réir mar is iomchuí).”

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 agus 1972, agus an tAcht seo mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1975, a ghairm díobh le chéile.