Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

13 1975


Uimhir 13 de 1975


AN tACHT LEITHREASA, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN 31ú LÁ DE MHÁRTA, 1973, AGUS DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [9 Iúil, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Deontas as an bPríomh-Chiste

£10 a eisiúint as an bPríomh-Chiste le haghaidh na bliana 1972-73.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim deich bpunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1973

Deontais a Leithreasú

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £1,093,673,020, a leithreasú.

1965, Uimh. 26 .

1891, c 24.

2. —(1) Na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , agus leis an Acht seo chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán míle nócha is trí mhilliún, sé chéad seachtó is trí mhíle, agus fiche punt agus atá comhdhéanta den tsuim deich bpunt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1973, den tsuim deich bpunt le haghaidh seirbhíse na tréimhse ón lú lá d'Aibreán, 1974, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1974, agus den tsuim míle nócha is trí mhilliún, sé chéad seachtó is trí mhíle punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim nócha is naoi milliún, seacht gcéad fiche is cúig mhíle, trí chéad fiche is ocht bpunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-igcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1975 , a ghairm den Acht seo.