12 1975


Uimhir 12 de 1975


AN tACHT UM CHÚIRT BHREITHIÚNAIS NA gCOMHPHOBAL EORPACH (MIONNÚ ÉITHIGH), 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEATHNÚ DLÍ COIRIÚIL AN STÁIT CHUIG AON DUINE A DHÉANFAIDH OS COMHAIR CHÚIRT BHREITHIÚNAIS NA gCOMHPHOBAL EORPACH AON RUD A MHIONNÚ IS EOL DO A BHEITH BRÉAGACH NÓ NACH gCREIDEANN SÉ A BHEITH FÍOR, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [24 Meitheamh, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mionnú éithigh a leathnú.

1. —Aon duine a dhéanfaidh os comhair Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach aon rud a mhionnú is eol dó a bheith bréagach nó nach gcreideann sé a bheith fíor beidh sé, cibé náisiúntacht atá aige, ciontach i mionnú éithigh.

Ionchúiseamh i gcionta.

2. —Féadfar imeachtaí i leith cion faoin Acht seo a thionscnamh in aon áit sa Stát agus féadfar, chun gach críche teagmhasaí, déileáil leis an gcion mar chion a rinneadh san áit sin.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht um Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach (Mionnú Eithigh), 1975 , a ghairm den Acht seo.