10 1975


Uimhir 10 de 1975


AN tACHT UM CHISTE COMHSHÓITE NA gCEADÚNAS SRIANTA, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I LEITH DIÚSCAIRT SHÓCMHAINNÍ CHISTE COMHSHÓITE NA gCEADÚNAS SRIANTA. [23 Meitheamh, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Diúscairt Chiste Comhshóite na gCeadúnas Srianta.

1960, Uimh. 18 .

1. —Déanfar sócmhainní Chiste Comhshóite na gCeadúnas Srianta (a bunaíodh le halt 27 den Acht Deocha Meisciúla, 1960 ) a dhiúscairt ar cibé modh agus chun cibé críche de na críocha seo a leanas, is é sin, alcólacht a fháithmheas, a chóireáil agus a chosc agus críocha a bhaineann leis na críocha sin, a chinnfidh an tAire Sláinte ó am ga ham tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Dlí agus Cirt.

Aisghairm.

2. —Aisghairtear leis seo alt 27 (7) (b) den Acht Deocha Meisciúla, 1960 .

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht um Chiste Comhshóite na gCeadúnas Srianta, 1975 , a ghairm den Acht seo.