|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Cáin Bhrabús Corparáide) | Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1975
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil V Ilghnéitheach | |
[EN] |
Leasú ar alt 542 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
25. —Leasaítear leis seo alt 542 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3): |
[EN] | “(2) (a) Aon fhógra, foirm nó doiciméad eile atá, faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, le tabhairt do dhuine, le seirbheáil air, le cur chuige nó le seachadadh dó ag na Coimisinéirí Ioncaim nó ag cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim, féadfar an céanna a sheachadadh don duine nó a fhágáil— | |
[EN] | (i) i gcás inar cuideachta an duine, ag a hoifig chláraithe nó a háit ghnó, nó | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, ag gnáth-áit chónaí nó gnátháit ghnó an duine nó ag an áit chónaí nó an áit ghnó is déanaí is eol a bheith aige nó, más pearsa aonair an duine, ag a áit fostaíochta. | |
[EN] | (b) Féadfar aon fhógra, foirm nó doiciméad eile den sórt dá dtagraítear i mír (a) a sheirbheáil leis an bpost trína sheoladh— | |
[EN] | (i) i gcás inar cuideachta an duine, chuig an gcuideachta i gceachtar de na háiteanna a shonraítear i mír (a) (i), nó | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, chuig an duine in aon cheann de na háiteanna a shonraítear i mír (a) (ii). | |
[EN] | (c) Gan dochar do mhíreanna (a) agus (b) beidh feidhm ag forálacha alt 379 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , maidir le haon fhógra, foirm nó doiciméad den sórt dá dtagraítear san fho-alt seo a sheirbheáil ar chuideachta, sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm acu maidir le doiciméid a sheirbheáil faoin alt sin 379 ar chuideachta de réir brí an Achta sin. | |
[EN] | (d) San fho-alt seo ciallaíonn ‘cuideachta’ aon chomhlacht corpraithe.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 9 den Acht Airgeadais, 1968 . |
26. —Leasaítear leis seo alt 9 den Acht Airgeadais, 1968 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b): |
[EN] | “(b) le cáin is inghnóthaithe de bhua fógra faoi alt 8 a sheirbheálfar tar éis an 15ú lá d'Eanáir, 1975, ionann agus dá mba éard í an cháin cáin a dhligh an duine faoi na rialacháin a chur ar aghaidh in aghaidh na míosa cánach ioncaim deiridh den bhliain mheasúnachta lena mbaineann an fógra.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 35 den Acht Airgeadais, 1973 . |
27. —Leasaítear leis seo alt 35 den Acht Airgeadais, 1973 , maidir le hús is iníoctha an 12ú lá d'Fheabra, 1975, nó dá éis, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a): |
[EN] | “(aa) faoi alt 17 (6A) den Acht Airgeadais, 1970 ,”. | |
[EN] |
Us ar chánacha neamhíoctha. 1962, Uimh. 15 . 1972, Uimh. 22 . |
28. —(1) Baineann an t-alt seo le hús is inmhuirir— |
[EN] | (a) faoi alt 14 den Acht Airgeadais, 1962 , | |
[EN] | (b) faoi alt 129 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , | |
[EN] | (c) faoi alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a dúradh, | |
[EN] | (d) faoi alt 17 (6A) den Acht Airgeadais, 1970 , | |
[EN] | (e) faoi ailt 20 (2) agus 50 (2) den Acht Airgeadais, 1971 , agus | |
[EN] | (f) faoi alt 21 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 . | |
[EN] | (2) I gcás aon ús lena mbaineann an t-alt seo a bheith inmhuirir in aghaidh aon mhí dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis, nó in aghaidh aon choda de mhí den sórt sin, maidir le cáin a dlíodh a íoc nó a chur ar aghaidh roimh an dáta sin, nó air nó dá éis, beidh an t-ús sin inmhuirir de réir ráta 1.5 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó gach coda de mhí in ionad an ráta a shonraítear sna hailt sin agus beidh éifeacht ag na hailt sin ionann is dá mba gur cuireadh an ráta réamhráite in ionad na rátaí a shonraítear sna hailt sin. | |
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin, cáin bhrabús corparáide nó cáin bhreisluacha, de réir mar is iomchuí. | |
[EN] |
Coigeartú ar liúntais chaipitiúla faoi threoir cánach breisluacha. 1974, Uimh. 17 . |
29. —(1) Le linn aon asbhaint, liúntas nó faoiseamh a bheith á ríomh chun críocha— |
[EN] | (a) Codanna XIII go XVIII, go huile, den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , | |
[EN] | ||
[EN] | (c) an Achta Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974 , nó | |
[EN] | ||
[EN] | ní áireofar ar an gcostas a bhí ar dhuine maidir le haon innealra nó gléasra nó maidir le méid aon chaiteachais a thabhaigh sé aon mhéid atá ar áireamh ar an gcostas nó ar an gcaiteachas sin i ndáil le cáin bhreisluacha ar féidir le duine— | |
[EN] | (i) asbhaint a éileamh ina leith faoi alt 12 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 , nó | |
[EN] | (ii) aisíoc cánach breisluacha a éileamh ina leith faoi ordú faoi alt 20 (3) den Acht sin. | |
[EN] | (2) Le linn ríomh a bheith á dhéanamh, chun aon cheann de chríocha Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ar mhéid an airgid díola, árachais, tarrthálais nó cúitimh a bheidh le cur i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar liúntas cothromaíochta nó ar mhuirear cothromaíochta a bheidh le tabhairt do dhuine nó le cur ar dhuine, ní chuirfear i gcuntas an méid cánach breisluacha (más ann) is inmhuirir ar an duine i leith an airgid sin. | |
[EN] | (3) Aisghairtear leis seo alt 39 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 . | |
[EN] |
Ríchíosanna paitinne: forálacha mar fhorlíonadh ar alt 34 den Acht Airgeadais, 1973 . |
30. —(1) (a) I gcás inar as brabúis arbh éard iad ioncam dá ndearnadh neamhshuim de bhua alt 34 (2) den Acht Airgeadais, 1973 (dá ngairtear ioncam neamhshuime san alt seo), a íocadh cuid de dhíbhinn agus gur as brabúis eile a íocadh an chuid eile di, beidh feidhm ag ailt 456 agus 457 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá mba dhá dhíbhinn an díbhinn sin ar as brabúis arbh ioncam neamhshuime iad a íocadh ceann acu agus ar as brabúis eile a íocadh an ceann eile, |
[EN] | (b) ní dhéanfar an méid sin d'aon díbhinn a íocadh as ioncam neamhshuime a áireamh mar ioncam nó mar bhrabúis chun aon chríche de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó de na hachtacháin a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, | |
[EN] | (c) maidir le gach barántas, seic nó ordú arna tharraingt nó arna dhéanamh ag cuideachta le díbhinn a íoc is iníoctha go hiomlán nó go páirteach as ioncam neamhshuime, beidh feidhm ag alt 458 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh an ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí is gá a thabhairt ar leith ón alt seo (de réir mar is gá sa chás)— | |
[EN] | (i) gur íocaíocht díbhinne as ioncam neamhshuime iomlán na suime ar ina leith a tarraingíodh nó a rinneadh an barántas, an seic nó an t-ordú, nó | |
[EN] | (ii) gur íocaíocht as ioncam neamhshuime cuid den tsuim sin agus gur íocaíocht as ioncam eile cuid (a sonrófar, ar leithligh, a méid comhlán roimh aon asbhaint a dhéanamh i leith cánach ioncaim) den tsuim sin. | |
[EN] | (2) I gcás comhlacht corpraithe a bheith i dteideal faoi alt 456 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cáin a bhaint as aon díbhinn agus gur cuid de bhrabúis an chomhlachta chorpraithe díbhinn nach n-áirítear í go léir nó cuid di mar ioncam de bhua fho-alt (1) (b), measfar chun críocha an ailt seo gur brabúis in ionannas ioncaim neamhshuime an méid sin d'aon díbhinn is cuid de bhrabúis an chomhlachta chorpraithe agus nach n-áirítear mar ioncam. | |
[EN] |
Faoiseamh i leith méadú ar stoc-luachanna. 1920, c. 18. |
31. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta”, maidir le cuideachta, tréimhse chuntasaíochta arna cinneadh de réir forálacha alt 54 den Finance Act, 1920, dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1973, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1975; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe a chónaíonn sa Stát; | |
[EN] | ciallaíonn “trádáil” trádáil a sheoltar sa Stát agus arb éard í go hiomlán nó go formhór, le linn tréimhse cuntasaíochta, aon oibríocht trádála de na cineálacha seo seo a leanas— | |
[EN] | (a) monarú earraí, | |
[EN] | (b) seoladh oibríochtaí foirgníochta de réir brí alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 , | |
[EN] | (c) feirmeoireacht, nó | |
[EN] | (d) díol innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine a iompar de bhóthar) nó earraí le duine atá ag gabháil do thrádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór oibríochtaí trádála de chineál a shonraítear i mír (a), (b) nó (c) lena n-úsáid chun críocha na trádála sin; | |
[EN] | ciallaíonn “brabúis trádála”, maidir le haon trádáil, brabúis nó gnóchain na trádála arna ríomh de réir na rialacha is infheidhme maidir le Cás I de Sceideal D sula lamháiltear aon asbhaint faoi alt 64 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; | |
[EN] | tá le “stoc trádála”, maidir le haon trádáil, an bhrí chéanna atá leis in alt 62 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus le linn luach stoc trádála cuideachta aon tráth a bheith á chinneadh chun críocha asbhainte faoin alt seo a mhéid a bheidh, an tráth sin nó roimhe, aon íocaíochtaí ar cuntas faighte ag an gcuideachta i leith aon stoic thrádála, déanfar luach an stoic sin a laghdú dá réir sin. | |
[EN] | (2) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo— | |
[EN] | (a) má bhíonn cuideachta, i dtréimhse chuntasaíochta, ag seoladh trádála a mbeidh sí inmhuirir i leith cánach ioncaim maidir léi faoi Chás I de Sceideal D, agus | |
[EN] | (b) más mó luach stoc trádála na cuideachta i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta (dá ngairtear a “stocluach dúnta” san alt seo) ná luach a stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntasaíochta (dá ngairtear “a stocluach oscailte” san alt seo), | |
[EN] | beidh an chuideachta, nuair a bheidh a brabúis trádála á ríomh chun críocha cánach ioncaim, i dteideal asbhainte faoin alt seo faoi threoir méid na breise sin ionann is dá mba chaiteachas trádála a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta an asbhaint; agus sna forálacha seo a leanas den alt seo “méadú ar stocluach” a thugtar ar an mbreis sin. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht leis an Tríú Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh. | |
[EN] | (4) (a) In aon chás ina mbeidh cuideachta i dteideal asbhainte faoin alt seo, is é a bheidh san asbhaint sin suim ar cóimhéid lena méadú ar stocluach i dtréimhse chuntasaíochta lúide 20% dá brabúis trádála don tréimhse sin: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (i) nach mbeidh, in aon chás, méid na hasbhainte arna ríomh amhlaidh níos mó ná méid brabúis trádála na cuideachta don tréimhse sin, | |
[EN] | (ii) gurb éard iad brabúis trádála na cuideachta a bheidh le cur i gcuntas le linn asbhaint a bheith á ríomh na brabúis sin sula ndéanfar aon asbhaint faoin alt seo nó faoin Tríú Sceideal, agus | |
[EN] | (iii) nach mbeidh le haon asbhaint a lamhálfar faoi fhorálacha an ailt seo le linn brabúis trádála cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh éifeacht chun aon chríche de na hAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh 1974-75 nó níos déanaí ná 1975-76. | |
[EN] | (b) Déanfar cibé laghduithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach, de réir mar is gá in aon chás, chun éifeacht a thabhairt don alt seo. | |
[EN] | (5) Ní bheidh cuideachta i dteideal asbhainte faoin alt seo i leith measúnachta mura ndéanfaidh sí éileamh— | |
[EN] | (a) roimh an dáta a thiocfaidh an mheasúnacht chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte, nó | |
[EN] | (b) roimh dheireadh na tréimhse sé mhí dar tosach dáta an Achta seo a rith, | |
[EN] | cibé acu is déanaí. | |
[EN] | (6) I gcás ina ndéanfar suim a asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo mar chaiteachas le linn brabúis trádála do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, déileálfar ar an gcaoi chéanna leis an tsuim sin chun críocha cánach brabús corparáide. | |
[EN] |
Leasú ar alt 41 den Acht Airgeadais, 1974 . |
32. —Leasaítear leis seo alt 41 (7) den Acht Airgeadais, 1974 , amhail ar an agus ón 12ú lá d'Fheabhra, 1975, trí “alt 16 (3)” a chur in ionad “alt 16 (2)”. |
[EN] |
Míniú ar “liúntas caipitiúil”. |
33. —(1) Sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ciallaíonn “liúntas caipitiúil” aon liúntas (seachas liúntas nó asbhaint a bheidh le tabhairt nó le déanamh le linn brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh)— |
[EN] | (a) faoi Chodanna XIII go XVIII den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , | |
[EN] | (b) faoi alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 , | |
[EN] | (c) faoin Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974 , nó | |
[EN] | (d) faoi alt 22 den Acht Airgeadais, 1974 , | |
[EN] | agus déanfar “liúntais chaipitiúla” a fhorléiriú dá réir sin. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht le Cuid II den Chéad Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh. | |
[EN] |
Liúntas i leith foirgnimh nó déanmhais áirithe. |
34. —(1) Leasaítear leis seo alt 255 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c): |
[EN] | “(cc) chun diantáirgeadh bólachta, caorach, muc, éanlaithe clóis nó uibheacha i gcúrsa trádála seachas trádáil na feirmeoireachta de réir brí alt 13 den Acht Airgeadais, 1974 , nó”. | |
[EN] | (2) Maidir le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de bhua fho-alt (1), beidh éifeacht le Caibidil II de Chuid XV agus le Caibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is— | |
[EN] | (a) dá gcuirfí “leis an gcúigiú cuid” in ionad “leis an deichiú cuid” in alt 254 (1) den Acht sin, | |
[EN] | (b) dá gcuirfí “leis an deichiú cuid” in ionad “leis an gcaogadú cuid” in alt 264 (1) agus alt 266 (4) den Acht sin, | |
[EN] | (c) dá gcuirfí “an deichiú bliain” in ionad “an caogadú bliain” in alt 264 (3) agus “don deichiú bliain” in ionad “don chaogadú bliain” sa choinníoll a ghabhann le halt 265 (1) den Acht sin, | |
[EN] | (d) dá scriosfaí mír (a) den choinníoll a ghabhann le halt 266 (4) den Acht sin. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht leis na forálacha sin roimhe seo den alt seo maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, ach ní thabharfar aon liúntas faoi na Caibidlí sin de bhua an ailt seo— | |
[EN] | (a) in aghaidh aon bhliana measúnachta roimh an mbliain 1974-75, ná | |
[EN] | (b) faoi alt 254 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974. | |
[EN] |
Leasú ar achtacháin áirithe. |
35. —Tá gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid III den Chéad Sceideal leasaithe mar a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin le héifeacht ón 6ú lá d'Aibreán, 1974. |