An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CEARDCHUMANN, 1975)

4 1975

AN tACHT CEARDCHUMANN, 1975

AN SCEIDEAL

Forálacha d'Fhorlíonadh alt 10

Alt 10 (8).

1. Ar ghearán a dhéanamh faoi alt 10 féadfaidh an Cláraitheoir—

(a) a cheangal ar an ngearánach nó ar aon oifigeach don cheardchumann freastal agus féadfaidh sé, ar iarratas ón ngearánach nó ó aon oifigeach den sórt sin, a cheangal ar aon duine freastal mar fhinné;

(b) a cheangal aon doiciméid a bhaineann leis na hábhair a gearánadh a thabhairt ar aird;

(c) daoine a chur faoi mhionn agus dearbhaisc a ghlacadh agus a cheangal ar an ngearánach, ar aon oifigeach don cheardchumann nó ar aon duine a bheidh ag freastal mar fhinné dul faoi cheistiú faoi mhionn nó faoi dhearbhasc;

(d) cibé follasú i dtaobh doiciméad nó eile, nó cibé iniúchadh doiciméad, a d'fhéadfadh an Ard-Chúirt a dheonú, a dheonú don ghearánach nó d'aon oifigeach don cheardchumann;

(e) a ordú go ndéanfar na caiteachais go léir, nó aon chuid de na caiteachais, a bhain le héisteacht an ghearáin, arna ndeimhniú aige, a íoc as cistí an cheardchumainn nó ag an ngearánach; agus

(f) a ordú don cheardchumann go n-íocfaidh sé leis an ngearánach as cistí an chumainn, nó don ghearánach go n-íocfaidh sé leis an gcumann, suim shonraithe i leith na gcostas a thabhaigh an gearánach nó an cumann (de réir mar a bheidh) nó méid fómhasta na gcostas sin.

2. Duine a gcuirfear de cheangal air, ar aon duine á iarraidh sin, freastal os comhair an Chláraitheora mar fhinné in imeachtaí maidir le gearán faoi alt 10, beidh sé i dteideal go n-íocfaidh an duine ar ar iarratas uaidh a cuireadh an ceangal sin air—

(a) cibé suim i leith cailleadh ama agus costais taistil a bheadh sé i dteideal a fháil tar éis toghairm a sheirbheáil air freastal mar fhinné san Ard-Chuirt, agus

(b) má fhreastalaíonn sé go cuí, suim ar aon-mhéid le haon liúntais eile a bheadh sé i dteideal a fháil dá bhfreastalódh sé mar fhinné in imeachtaí san Ard-Chúirt.

3. (1) Faoi réir fhomhír (2) den mhír seo, má mhainníonn nó má dhiúltaíonn aon duine gan chúis réasúnach déanamh de réir foréilimh ón gCláraitheoir faoi mhír 1 (a) go 1 (c) den Sceideal seo nó de réir aon ordú ón gCláraitheoir de bhun mhír 1 (d) den Sceideal seo, dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná caoga punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) Ní chiontófar duine i gcion faoin mír seo i ngeall ar é do mhainniú nó do dhiúltú déanamh de réir foréilimh freastal mar fhinné os comhair an Chláraitheora mura mbeidh aon suim a bheidh sé i dteideal a fháil faoi mhír 2 (a) den Sceideal seo íoctha nó tairgthe.

(3) Aon chostais a ordóidh ordú faoi mhír 1 (f) den Sceideal seo a fhómhas féadfar iad a fhómhas san Ard-Chúirt de réir an scála a fhorordaítear le rialacha na cúirte sin maidir le himeachtaí sa chúirt sin de réir mar a ordóidh an t-ordú nó, mura mbeidh aon ordú tugtha san ordú, de réir mar a ordóidh an chúirt sin.

(4) Aon suim is iníoctha de bhua ordú faoi mhír 1 (e) nó 1 (f) den Sceideal seo beidh sí, má ordaíonn an Ard-Chúirt é, inghnóthaithe trí fhorghníomhú arna eisiúint as an gcúirt sin nó, d'eile, ionann is dá mba iníoctha í faoi ordú ón gcúirt sin.