30 1974


Uimhir 30 de 1974


AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA IASCAIGH MHARA, 1952 GO 1970. [24 Nollaig, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1970, Uimh. 8 .

1952, Uimh. 7 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1970 ;

ciallaíonn “an Bord” an Bord Iascaigh Mhara;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh Mhara, 1952 .

Méadú ar an teorainn le hairleacain chun an Bhoird.

2. —Déantar leis seo alt 18 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 1 d'Acht 1970, a leasú trí “cúig mhilliún déag punt” a chur in ionad “cúig mhilliún punt” i bhfo-alt (1), agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

An Tábla

(1) Chun a chumasú don Bhord a bhfeidhmeanna d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna (faoi réir na teorann nach mó aon tráth ná cúig mhilliún déag punt an méid iomlán (gan ús a áireamh) a bheidh gan íoc ina leith) a iarrfas an Bord ó am go ham d'airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

Méadú ar chumhachtaí an Bhoird airgead a fháil ar iasacht.

3. —Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 2 d'Acht 1970, trí “cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit)” a chur in ionad “pé suimeanna” agus “chaipitiúil nó caiteachais reatha” a chur in ionad “reatha chaipitiúil”, agus, dá réir sin, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin mar atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

An Tábla

22. Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a bheas ag teastáil uathu chun socrú a dhéanamh le haghaidh caiteachais chaipitiúil nó caiteachais reatha a thógáil ar iasacht.

An Stát do ráthú iasachtaí a gheobhaidh an Bord.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí príomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheobhaidh an Bord ar iasacht, seachas suimeanna arna n-airleacan ag an Aire Airgeadais faoi alt 18 (arna leasú) den Phríomh-Acht, nó go n-íocfar ús ar an airgead sin, nó go ndéanfar an phríomhshuim a aisíoc agus an t-ús a íoc, agus féadfaidh ráthaíocht go n-íocfar caiteachais theagmhasacha i ndáil leis na hiasachtaí sin a bheith sa ráthaíocht sin.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás ina ndearna an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(3) Déanfar an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ón Aire Airgeadais ó am go ham faoi chomhair suimeanna is iníoctha aige faoin alt seo a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(4) Déanfaidh an Bord airgead a d'íoc an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh sé) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste.

(5) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a cheanglaítear le fo-alt (4) den alt seo a aisíoc leis an Aire Airgeadais gan íoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an tsuim a bheidh amuigh amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(6) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (5) den alt seo chun an tsuim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Bord de bheith faoi dhliteanas ag an Aire Airgeadais i leith na suime sin agus aisíocfaidh an Bord an tsuim sin (mar aon le hús uirthi de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) leis an Aire sin cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(7) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is cuí leis an Aire Airgeadais an t-airgead a íocfaidh an Bord faoi fho-alt (4) nó (6) den alt seo.

(8) I gcás ráthaíochtaí a thabharfaidh an tAire Airgeadais in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(a) áireofar gach tagairt do phríomhshuim, gach tagairt d'ús agus na tagairtí do chaiteachais theagmhasacha i bhfo-alt (1) den alt seo mar thagairt agus tagairtí do choibhéis na príomhshuime iarbhír, an úis iarbhír agus na gcaiteachas teagmhasach iarbhír, faoi seach, in airgead reatha an Stáit, agus ríomhfar an choibhéis sin de réir chostas na príomhshuime iarbhír, an úis iarbhír nó na gcaiteachas teagmhasach iarbhír, de réir mar is iomchuí, in airgead reatha an Stáit,

(b) áireofar gach tagairt d'airgead i bhfo-ailt (3) go (6) den alt seo mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1974 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1974, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1970, agus den Acht seo le chéile.