An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) Ar Aghaidh (CUID IV Ilghnéitheach)

27 1974

AN tACHT AIRGEADAIS, 1974

CUID III

Dleachtanna Stampa

Leasú ar alt 65 den Acht Airgeadais, 1973 .

81. —(1) Leasaítear leis seo alt 65 den Acht Airgeadais, 1973 , tríd an méid seo a leanas a chur leis:

“Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo ach amháin i leith tógáil, athrú nó méadú foirgnimh atá sa limistéar arb é contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath agus contae Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear buirg Dhún Laoghaire, é.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1974, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí.

Ordú a chúlghairm. I.R. Uimh. 273 de 1973.

82. —Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 210) (Dleacht Stampa ar Ionstraimí Áirithe), 1973, amhail ar an agus ón lú lá de Lúnasa, 1974, nó dáta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí.

Athrú ar na dleachtanna stampa ar stoic agus urrúis inmhargaidh a thíolacadh agus a aistriú de dhroim díola.

83. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh tíolacadh aon stoc nó aon urrús inmhargaidh nó a n-aistriú de dhroim díola, in ionad a bheith inmhuirir le dleacht stampa de réir na rátaí a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, inmhuirir leis an dleacht sin de réir na rátaí seo a leanas:

Mura mó ná £5 méid nó luach na comaoine i leith

an díola

...

...

...

...

...

...

...

10p

Más mó ná £5 ach nach mó ná £100 é:—

Ar gach £10 nó cuid de £10 den mhéid nó den

luach sin

...

...

...

...

...

...

20p

Más mó ná £100 ach nach mó ná £300 é:—

Ar gach £20 nó cuid de £20 den mhéid nó den luach

sin

...

...

...

...

...

...

...

40p

Más mó ná £300 é:—

Ar gach £50 nó cuid de £50 den mhéid nó den luach

sin

...

...

...

...

...

...

...

£1

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le haon tíolacadh nó aistriú ar aon stoc nó ar aon urrús inmhargaidh a eisíodh nó a rinneadh, roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin, ag aon chomhlacht corpraithe a corpraíodh sa Stát nó ag aon chomhlacht daoine a foirmíodh sa Stát nó thar ceann aon chomhlachta den sórt sin, ná

(b) maidir le haon tíolacadh nó aistriú ar aon stoc atá cláraithe i mbrainschlár a chothabháiltear sa Stát ag comhlacht corpraithe a corpraíodh lasmuigh den Stát, mura féidir, de réir an dlí atá i bhfeidhm san áit a bhfuil an comhlacht corpraithe sin corpraithe, an tíolacas nó an t-aistriú a chlárú ach sa bhrainschlár amháin,

agus, ina ionad sin in aon chás den sórt sin, is í an dleacht stampa is inmhuirir an dleacht stampa ab inmhuirir dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1974, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí.