An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI Cáin Bhrabús Corparáide) Ar Aghaidh (CUID III Dleachtanna Stampa)

27 1974

AN tACHT AIRGEADAIS, 1974

CUID II

Custaim agus Mál

Suimeanna beaga dleachta custam a tharscaoileadh.

1962, Uimh. 15 .

76. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, mura mó ná suim 50 pingin an dleacht custam ar na hearraí a allmhaireofar i gcoinsíneacht nó i mbeartán amháin an lú lá de Mheán Fómhair, 1974, nó dá éis sin, ar an dleacht sin a ríomh de réir na ndlíthe a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le dleachtanna custam, tarscaoilfear an dleacht.

(2) Ní dhéanfar na dleachtanna is inmhuirir ar thobac, biotáille agus fíon a tharscaoileadh faoin alt seo.

(3) Ní bhainfidh alt 7 den Acht Airgeadais, 1962 , le hearraí a allmhaireofar an lú lá de Mheán Fómhair, 1974, nó dá éis sin.

Leasú ar an Finance Act, 1920.

1918, c. 15.

77. —(1) San alt seo ciallaíonn “earraí lena mbaineann an t-alt seo”—

(a) na meascáin, na comhdhúile agus na hullmhóidí a luaitear in alt 4 (1) den Finance Act, 1918, a allmhaireofar an lú lá de Lúnasa, 1974, nó dá éis sin, agus a dtugann na Coimisinéirí Ioncaim d'aitheantas dóibh go n-úsáidtear chun críocha liachta iad, agus

(b) an bhiotáille a luaitear in alt 4 (2) den Finance Act, 1918, a dúradh, agus a úsáidfear an lú lá de Lúnasa, 1974, nó dá éis sin, ag monarú nó ag ullmhú aon airteagail a aithnítear amhlaidh nó chun críocha eolaíochta.

(2) Déanfar an Finance Act, 1920, a leasú, i leith earraí lena mbaineann an t-alt seo, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 4:

“4. Section 4 of the Finance Act, 1918 (which provides for the reduction and allowance of duty in respect of spirits used in medical preparations or for scientific purposes), shall apply to the duties on spirits imposed by this Act as it applies to duties on spirits imposed by that Act as though it were herein set out and expressly made applicable thereto, with the substitution for the sums specified in that section as the amount of reduction of duty or repayment of duty, of such sums as will relieve such spirits of the amount of duty payable thereon under this Act.”.

Leasú ar alt 21 den Acht Airgid, 1935 . 1935, Uimh. 28 .

78. —Leasaítear leis seo alt 21 den Acht Airgid, 1935 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (13):

“(13A) Féadfaidh aon oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chomhalta den Gharda Síochána, aon uair idir 8 a.m. agus 6 p.m. aon lá—

(a) dul isteach in aon áitreabh, seachas teaghais, agus é a iniúchadh, agus aon mhótarfheithicil a bheidh á húsáid aige i gcúrsa a dhualgas a thabhairt isteach san áitreabh sin,

(b) scrúdú a dhéanamh ar aon ola hidreacarbóin a bheidh ar aon mhótarfheithicil nó in aon mhótarfheithicil san áitreabh sin agus samplaí den ola sin a thógáil,

(c) an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle sin a cheistiú faoin ola sin, agus

(d) más ola hidreacarbóin an ola sin ar arb inmhuirir an dleacht custam sin nó an dleacht máil sin, cruthúnas a iarraidh ar an duine sin gur íocadh an dleacht sin ar an ola sin.”.

Leasú ar alt 5 den Acht Airgeadais, 1962 .

1932, Uimh. 20 .

1934, Uimh. 31 .

79. —Leasaítear leis seo alt 5 den Acht Airgeadais, 1962 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Beidh teideal ag gach monaróir ceadúnaithe tobac, an 11ú lá d'Aibreán, 1974, agus dá éis, lacáiste a fháil mar a leanas i leith tobac neamh-mhonaraithe a gheobhaidh sé agus ar a mbeidh an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , nó an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , íoctha:—

An Ráta Lacáiste

Maidir leis an gcainníocht a gheofar aon bhliain dar tosach an 11ú lá d'Aibreán—

mura mó í ná 50,000 lb

...

£0.45 an lb. ar gach lb. di

más mó í ná 50,000 lb.

...

...

£0.75 an lb. ar gach lb. den chéad 50,000 lb.”.

Orduithe a dhaingniú.

80. —Daingnítear leis seo na horduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

I.R. Uimh. 158 de 1973

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 207) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1973.

I.R. Uimh. 249 de 1973

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 208) (Beoir, Biotáille agus Tobac), 1973.

I.R. Uimh. 341 de 1973

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 212) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1973.