|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Frithsheachaint) | Ar Aghaidh (Caibidil VI Cáin Bhrabús Corparáide) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1974
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Caibidil V Cáin Ioncaim agus Cáin Bhrabús Corparáide | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Stiúrthóirí dílseánaigh agus fostaithe dílseánaigh mar chomhaltaí de scéimeanna sochair scoir ceadaithe. |
64. —(1) Scoirfidh alt 15 (2) (f) den Acht Airgeadais, 1972 , agus an coinníoll atá le mír 4 de Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , d'éifeacht a bheith acu. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo Cuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1972 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 4: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “4. Ní dhéanfaidh aisghairm Chaibidil II de Chuid XII den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , leis an Acht Airgeadais, 1972 , difear d'alt 235 (7) ná d'alt 316 (2) den Acht Cánach Ioncaim 1967, d'alt 3 (1) (b) (ii) den Acht Airgeadais, 1968 , ná d'aon achtachán eile ina bhfuil tagairt don Chaibidil sin nó d'aon chuid di.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 235 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
65. —Leasaítear leis seo alt 235 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) trí “nó faoi chonradh a bheidh ceadaithe de thuras na huaire faoi alt 235A” a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) i ndiaidh “ina sheanaois”, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na coda d'fho-alt (2) ó dheireadh mhír (e) go dtí deireadh an fho-ailt: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “agus a bhfuil foráil ann á áirithiú nach féidir aon bhlianacht is iníoctha faoi a ghéilleadh, a iomalartú ná a shannadh go hiomlán ná go páirteach: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll go bhféadfaidh an conradh a fhoráil go n-íocfar leis an bpearsa aonair an tráth a bheidh an bhlianacht iníoctha i gcéaduair, ach tráth nach luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1974, cnapshuim mar iomalartú ar chuid den bhlianacht nach mó ná an ceathrú cuid de luach na blianachta má roghnaíonn an phearsa aonair, an tráth a thiocfaidh an bhlianacht chun bheith iníoctha leis i gcéaduair nó roimhe sin, go n-íocfar an chnapshuim leis.”, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh mhír (c): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(cc) más slí bheatha í slí bheatha na pearsan aonair ar gnáth le daoine scor di tar éis seachtó bliain d'aois a shlánú, go dtosóidh an bhlianacht tar éis dó an aois sin a shlánú (ach nach dtosóidh tar éis dó ochtó bliain d'aois a shlánú):”, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4)— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) “nó faoi chuid de scéim iontaobhais” a chur isteach i ndiaidh “faoi scéim iontaobhais”, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) “nó an chuid réamhráite den scéim” a chur isteach i ndiaidh “an scéim”, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) “nó faoi chuid de scéim” a chur isteach i ndiaidh “faoi scéim”, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus tá an mhír sin (b) agus fo-ailt (2), (3) agus (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | féadfar faoiseamh ó cháin a thabhairt i leith na préimhe cáilithí faoi alt 236. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (3), ní cheadóidh na Coimisinéiri Ioncaim conradh mura dóigh leo go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas, is é sin, go ndearna an phearsa aonair é le duine a sheolann go dleathach sa Stát gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaol daoine, agus ar conradh é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) nach bhforálann go n-íocfaidh an duine sin i rith saoil na pearsan aonair aon suim ach amháin suimeanna is iníoctha ar mhodh blianachta leis an bpearsa aonair, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) nach bhforálann go mbeidh an bhlianacht is iníoctha leis an bpearsa aonair le tosú sula slánóidh sé seasca bliain d'aois nó tar éis dó seachtó bliain d'aois a shlánú, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) nach bhforálann go n-íocfaidh an duine sin aon suimeanna eile ach amháin suimeanna is iníoctha ar mhodh blianachta le baintreach nó le baintreach fir na pearsan aonair agus aon suimeanna a bheidh, mura mbeidh aon bhlianacht iníoctha leis an bpearsa aonair nó le baintreach nó le baintreach fir, iníoctha le hionadaithe pearsanta na pearsan aonair trí phréimheanna a thabhairt ar ais, trí ús réasúnach ar phréimheanna nó trí bhónais as brabúis, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) nach bhforálann gur suim níos mó in aghaidh na bliana an bhlianacht is iníoctha, más iníoctha í, le baintreach nó baintreach fir na pearsan aonair, ná an tsuim bhliantúil a íocadh nó is iníoctha leis an bpearsa aonair, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) nach bhforálann go n-íocfar aon bhlianacht ar shlí seachas ar feadh saoil an bhlianachtóra, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus a bhfuil foráil ann á áirithiú nach féidir aon bhlianacht is iníoctha faoi a ghéilleadh, a iomalartú ná a shannadh go hiomlán ná go páirteach: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll go bhféadfaidh an conradh a fhoráil go n-íocfar leis an bpearsa aonair an tráth a bheidh an bhlianacht iníoctha i gcéaduair, ach tráth nach luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1974, cnapshuim mar iomalartú ar chuid den bhlianacht nach mó ná an ceathrú cuid de luach na blianachta má roghnaíonn an phearsa aonair, an tráth a thiocfaidh an bhlianacht chun bheith iníoctha leis i gcéaduair nó roimhe sin, go n-íocfar an chnapshuim leis. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, agus faoi réir aon choinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur, conradh a chomhlíonann thairis sin na coinníollacha sin roimhe seo a cheadú, d'ainneoin go ndéanann foráil a bheith sa chonradh i leith aon ní nó nithe acu seo a leanas: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) go n-íocfar blianacht, tar éis bháis na pearsan aonair, le cleithiúnaí seachas baintreach nó baintreach fir na pearsan, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go n-íocfar leis an bpearsa aonair blianacht a thosóidh sula slánóidh sé seasca bliain d'aois, má bhíonn an bhlianacht iníoctha ar é a theacht, de dheasca éalainge aigne nó coirp, chun bheith neamhinniúil go buan ar a shlí bheatha féin nó aon slí bheatha dá samhail, a mbeidh sé oilte nó oiriúnach chuici, a bheith ar siúl aige; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) más slí bheatha í slí bheatha na pearsan aonair ar gnáth le daoine scor di sula mbíonn seasca bliain d'aois slán acu, go dtosóidh an bhlianacht sula mbeidh an aois sin slán aige (ach nach dtosóidh sula mbeidh caoga bliain d'aois slán aige); | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (cc) Más slí bheatha í slí bheatha na pearsan aonair ar gnáth le daoine scor di tar éis seachtó bliain d'aois a shlánú, go dtosóidh an bhlianacht tar éis dó an aois sin a shlánú (ach nach dtosóidh tar éis dó ochtó bliain d'aois a shlánú); | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) go leanfaidh an bhlianacht is iníoctha le duine ar bith de bheith iníoctha ar feadh téarma chinnte (nach sia ná deich mbliana) d'ainneoin é d'fháil bháis laistigh den téarma sin, nó go bhforceannfaidh an bhlianacht is iníoctha le haon duine, nó go bhfionrófar í, ar phósadh (nó ar athphósadh) don duine nó i gcúinsí eile; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) i gcás blianacht atá le leanúint i bhfeidhm ar feadh tearma chinnte, chun an bhlianacht a bheith insannaithe le huacht, agus i gcás aon duine d'fháil bháis agus teideal aige chuici, í a bheith insannaithe ag a ionadaithe pearsanta i ndáileadh a eastáit chun éifeacht a thabhairt do dhiúscairt tiomnach nó do chearta na ndaoine ag a mbeidh teideal ar dhíthiomnacht nó do leithreasú uirthi chun leagáide nó scaire nó leasa san eastát. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le ranníoc faoi scéim iontaobhais nó faoi chuid de scéim iontaobhais a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim mar atá feidhm acu maidir le préimh faoi chonradh blianachta a ceadaíodh amhlaidh, faoi réir an mhodhnaithe go gcuirfear, in ionad an choinníll maidir leis an duine lena bhfuil an conradh déanta, coinníoll— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) gur faoi dhlíthe an Stáit a bunaíodh, agus gur sa Stát a riartar, an scéim nó an chuid réamhráite den scéim, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) gur bunaíodh an scéim nó an chuid réamhráite den scéim ar mhaithe le pearsana aonair a bhíonn ag gabhail do shlí bheatha áirithe, nó ag a bhfuil baint le slí bheatha áirithe (nó an ceann seo nó an ceann siúd de ghrúpa slite beatha), agus chun blianachtaí scoir a sholáthar dóibh, i dteannta nó d'éagmais foshochar dá dteaghlaigh nó dá gcleithiúnaithe, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) go bhfuil an scéim nó an chuid réamhráite den scéim bunaithe amhlaidh faoi iontaobhais neamh-inchúlghairthe ag comhlacht daoine arb iad formhór na bpearsana aonair iad, nó a ionadaíonn formhór na bpearsana aonair, den sórt sin atá sa Stát, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus faoi réir na n-oiriúnuithe is gá ar thagairtí eile don chonradh nó don duine lena bhfuil an conradh déanta; agus lamhálfar díolúine ó cháin ioncaim i leith ioncaim ó infheistíochtaí nó ó thaiscí aon chiste a cothabháladh chun na críche a dúradh faoi scéim nó faoi chuid de scéim a bhí ceadaithe de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Conarthaí le haghaidh cleithiúnaithe nó le haghaidh árachais saoil a cheadú. |
66. —Leasaítear leis seo Caibidil III de Chuid XII den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 235: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “235A.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim conradh a rinne pearsa aonair le duine a sheolann go dleathach sa Stát gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaoil daoine a cheadú chun críocha na Caibidle seo más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) gurb é an príomh-shochar a urraítear leis an gconradh blianacht a sholáthar do bhanchéile nó d'fhearchéile na pearsan aonair nó d'aon chleithiúnaí nó cleithiúnaithe de chuid na pearsan aonair, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) gurb é an t-aon sochar a urraítear leis an gconradh cnapshuim a sholáthar, ar an bpearsa aonair d'fháil bháis roimh 70 bliain d'aois (nó aon aois is sine ná sin a bheidh ceadaithe faoi alt 235 (3) (cc)), a shlánú, ar cnapshuim í is iníoctha lena ionadaithe pearsanta. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim conradh a dhéanfaidh pearsa aonair le duine den sórt a dúradh faoi fho-alt (1) (a) mura léir leo go gcomhlíonann an conradh sin na coinníollacha seo a leanas, is é sin le rá— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) go bhfuil aon bhlianacht is iníoctha le baintreach nó fearchéile nó cleithiúnaí na pearsan aonair le tosú ar an bpearsa aonair d'fháil bháis, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go bhfuil aon bhlianacht is iníoctha faoin gconradh leis an bpearsa aonair le tosú tráth éigin tar éis don phearsa aonair 60 bliain d'aois a shlánú, agus, mura blianacht í blianacht na pearsan aonair atá le tosú ar bhás duine lenarbh iníoctha blianacht faoin gconradh dá maireadh an duine sin níos faide ná an phearsa aonair, agus nach féidir léi tosú tar éis an tráth a shlánóidh an phearsa aonair 70 bliain d'aois, nó aon aois is sine ná sin a bheidh ceadaithe faoi alt 235 (3) (cc), | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) nach bhforálann an conradh go n-íocfaidh an duine sin aon suim, seachas aon bhlianacht is iníoctha le banchéile nó le fearchéile nó cleithiúnaí na pearsan aonair nó leis an bpearsa aonair ach amháin, i gcás nach dtiocfaidh aon bhlianacht chun bheith iníoctha faoin gconradh, aon suimeanna is iníoctha le hionadaithe pearsanta na pearsan aonair ar mhodh préimheanna a aisíoc, ar mhodh úis réasúnaigh ar phréimheanna nó ar mhodh bónas as brabúis, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) nach bhforálann an conradh go n-íocfar aon bhlianacht ach amháin le beo an bhlianachtóra, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) go bhforálann an conradh nach féidir aon bhlianacht is iníoctha faoi a ghéilleadh, a iomalartú ná a shannadh go hiomlán nó go páirteach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, agus faoi réir aon choinníollacha is cuí leo a fhorchur, conradh a cheadú faoi fho-alt (1) (a) d'ainneoin nach dealraitheach dóibh go gcomhlíonann sé na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2) ar dhóigh nó ar dhóigheanna áirithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Ní bhainfidh fo-alt (2) ná fo-alt (3) d'alt 235 le ceadú conartha faoin alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim scéim iontaobhais nó cuid de scéim iontaobhais a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d'alt 235 (4) ar dhóigh eile a cheadú d'ainneoin gurb í príomhchuspóir an chéanna blianachtaí a sholáthar do bhanchéilí, d'fhearchéilí agus do chleithiúnaithe na bpearsana aonair, nó cnapshuimeanna a sholáthar is iníoctha le hionadaithe pearsanta na bpearsana aonair ar bhás a fháil agus— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an gceadú sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) bainfidh forálacha na Caibidile seo leis an scéim nó leis an gcuid den scéim ar í a bheith ceadaithe amhlaidh mar a bhaineann siad le conradh a cheadaítear faoin alt seo, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) bainfidh an díolúine ó cháin ioncaim a fhoráiltear in alt 235 (4) leis an scéim nó leis an gcuid den scéim arna ceadú amhlaidh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa Chaibidil seo, beidh ar áireamh in aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do chonradh, do scéim nó do chuid de scéim a bheidh ceadaithe faoi alt 235 tagairt do chonradh, do scéim nó do chuid de scéim a bheidh ceadaithe faoin alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Ní dhéanfaidh ceadú faoin alt seo difear d'fhaoiseamh do bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus ar Sceideal 5 a ghabhann leis an Acht sin. |
67. —(1) Leasaítear leis seo alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(1) I gcás ina mbeidh faoiseamh le tabhairt faoin alt seo maidir le haon phréimh cháilitheach a bheidh íoctha ag pearsa aonair, déanfar, faoi réir forálacha an ailt seo, méid na préimhe sin a asbhaint as a thuilleamh iomchuí, nó a fhritháireamh i gcoinne a thuillimh iomchuí, don bhliain mheasúnachta a íocadh an phréimh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (1A) Faoi réir forálacha an ailt seo agus Sceideal 5, an méid a fhéadfar a asbhaint nó a fhritháireamh aon bhliain mheasúnachta (cibé acu i leith préimhe cáilithí amháin nó níos mó agus cibé acu a áirítear nó nach n-áirítear préimheanna maidir le conradh a ceadaíodh faoi alt 235A)— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ní bheidh sé níos mó ná suim £1,500, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ní bheidh sé níos mó ná 15 faoin gcéad de ghlantuilleamh iomchuí na pearsan aonair don bhliain sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus is préimheanna cáilitheacha i leith conarthaí a ceadaíodh faoi alt 235A a bheidh, a mhéid is féidir é, sa mhéid a asbhainfear. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (IB) Faoi réir forálacha an ailt seo, an méid a fhéadfar a asbhaint nó a fhritháireamh in aon bhliain mheasúnachta maidir le préimheanna cáilitheacha arna n-íoc faoi chonradh a ceadaíodh faoi alt 235A (cibé acu i leith préimhe amháin den sórt sin nó níos mó)— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ní bheidh sé níos mó ná suim £500, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ní bheidh sé níos mó ná 5 faoin gcéad de ghlantuilleamh iomchuí na pearsan aonair don bhliain sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (1C) I gcás inar i leith coda den bhliain a bheidh an coinníoll in alt 235 (1) (a) comhlíonta, ansin, cuirfear in ionad na suimeanna £1,500 agus £500 a luaitear i bhfo-ailt (1A) agus (1B) suimeanna a mbeidh idir iad faoi seach agus £1,500 agus £500 an chomhréir chéanna a bheidh idir an chuid sin agus an bhliain iomlán. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Más rud é in aon bhliain mheasúnachta go ndéanfaí laghdú nó laghdú níos mó faoin alt seo ar thuilleamh iomchuí pearsan aonair mura mbeadh cúis amháin nó an dá chúis acu seo a leanas, is é sin— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) neamhdhóthanacht glanthuillimh iomchuí, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) oibriú fho-alt (1B) (b) (maidir le préimh cháilitheach arna híoc faoi chonradh a ceadaíodh faoi alt 235A), | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | déanfar méid an laghdaithe a dhéanfaí mura mbeadh na cúiseanna sin, lúide méid aon laghdaithe a dhéanfar an bhliain sin, a thabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain díreach ina dhiaidh sin, agus áireofar, chun críocha faoisimh faoin alt seo, gurb é méid préimhe cáilithí é a íocadh an bhliain díreach ina dhiaidh sin a dúradh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2A) Mura ndéanfar agus a mhéid nach ndéanfar méid a tugadh ar aghaidh uair amháin faoi fho-alt (2) (agus ar áiríodh gurb é méid préimhe cáilithí é a íocadh an bhliain díreach ina dhiaidh sin a dúradh) a bhaint as glantuilleamh iomchuí na pearsan aonair nó a fhritháireamh in aghaidh an ghlantuillimh sin don bhliain mheasúnachta sin, tabharfar ar aghaidh arís é go dtí an bhliain ina dhiaidh sin arís (agus áireofar gurb é méid préimhe cáilithí é a íocadh an bhliain sin), agus mar sin de do bhlianta dá éis sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2B) Beidh éifeacht ag forálacha an fho-ailt seo chun a chinneadh an mbeidh, agus cá mhéad a bheidh, méid a tugadh ar aghaidh faoi fho-alt (2) le háireamh mar mhéid a íocadh faoi chonradh pearsan aonair, nó d'eile, faoi chonradh a ceadaíodh faoi alt 235A. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Déanfar aon chuid den mhéid a thabharfar ar aghaidh agus is inchurtha i leith préimhe cáilithí a íocadh faoi chonradh a ceadaíodh faoi alt 235A a áireamh chun críocha na Caibidle seo, nuair a thabharfar ar aghaidh den chéad uair é nó aon uair eile dá éis sin, mar mhéid préimhe cáilithí a íocadh faoi chonradh a ceadaíodh amhlaidh. Déanfar iarmhéid (más ann) na méide a áireamh, nuair a thabharfar ar aghaidh mar sin é, mar phréimh cháilitheach a íocadh faoi chonradh pearsan aonair. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | San fho-alt seo ciallaíonn ‘conradh pearsan aonair’ conradh blianachta ceadaithe seachas ceann a ceadaíodh faoi alt 235A. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2C) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2), (2A) agus (2B) maidir le méideanna a tugadh ar aghaidh ó bhlianta roimh an mbliain 1974-75 agus maidir le blianta dá éis sin freisin.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo tuilleadh alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (10): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(11) I gcás measúnacht iomchuí i leith cánach a theacht chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte ar dháta tar éis an 5ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain mheasúnachta lena mbaineann sí, féadfar préimh cháilitheach a íocadh— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i ndiaidh na bliana measúnachta sin, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tráth nár dhéanaí ná sé mhí tar éis an dáta sin, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | a áireamh chun críocha an ailt seo, má roghnaíonn an phearsa aonair é tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta sin, mar phréimh a íocadh sa bhliain mheasúnachta (agus ní sa bhliain a íocadh í): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) más mó méid na préimhe sin, mar aon le haon phréimheanna cáilitheacha a d'íoc sé an bhliain lena mbaineann an mheasúnacht (nó a áirítear a bheith íoctha amhlaidh de bhua aon rogha roimhe sin faoin bhfo-alt seo), ná uasmhéid an laghdaithe is mó is féidir a dhéanamh faoin alt seo ar a thuilleamh iomchuí don bhliain sin, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) más mó méid na préimhe sin féin ná an méadú ar an uasmhéid sin a leanann as an ioncam ar a ndéantar an mheasúnacht a chur i gcuntas, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ansin ní bheidh aon éifeacht ag an rogha maidir leis an mbreis. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | San fho-alt seo ciallaíonn ‘measúnacht iomchuí i leith cánach’ measúnacht ar thuilleamh iomchuí na pearsan aonair.”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Leasaítear leis seo Sceideal 5 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 1: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “1. Faoi réir na míreanna seo a leanas, beidh, i gcás pearsa aonair is sealbhóir oifige nó fostaíochta inphinsin. éifeacht ag fo-ailt (1A) agus (1C) d'alt 236 ach tagairtí do £1,500 lúide 15 faoin gcéad dá dhíolaíochtaí inphinsin don bhliain mheasúnachta a chur in ionad na dtagairtí do £1,500.”, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (b) de mhír 2: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(b) má chomhlíontar an coinníoll tráth den sórt sin agus go gcomhlíontar freisin é tráth i rith na coda eile den bhliain, beidh feidhm ag mír l ach go gcuirfear in ionad 15 faoin gcéad cibé cionúireacht is lú ná sin a bheidh cóir.”, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 4— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “4. Faoi réir mhír 5, beidh éifeacht, i gcás pearsa aonair a rugadh am a shonraítear sa chéad cholún den Tábla atá leagtha amach thíos, ag alt 236 (1A) agus (1C) agus ag Cuid I den Sceideal seo, ach go gcuirfear in ionad na dtagairtí do £1,500 agus do 15 faoin gcéad tagairtí faoi seach don tsuim sin agus don chéatadán sin a shonraítear dá chás sa dara colún agus sa tríú colún den Tábla. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Onnmhairiú earrai áirithe. |
68. —(1) San alt seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an Bord” An Bord Bainne Co-operative Limited; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún Muc agus Bagúin; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “táirge bainne” im, im meidhg, uachtar, cáis, bainne comhdhlúite, bainne triomaithe nó púdaraithe, bainne bearrtha triomaithe nó púdaraithe, meadhg triomaithe nó púdaraithe, bruscar seacláide, cáiséin, im-ola, lachtós, agus aon táirge eile a dhéantar go hiomlán nó go formhór as bainne nó as fotháirge bainne agus atá ceadaithe chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “táirge muiceola” bagún agus slisneacha bagúin lena n-áirítear liamhás, conablaigh muc agus taobhanna muc agus slisneacha díobh, saill mhuice neamhleáite agus táirgí muiceola cannaithe; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “na hachtacháin iomchuí” Chuid III den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, agus Caibidil IV de Chuid XXV dent Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) comhlacht corpraithe do tháirgeadh táirge muiceola agus dá dhíol leis an gCoimisiún, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) an Coimisiún d'onnmhairiú an táirge sin as an Stát, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | roimh an Acht seo a rith nó dá éis, beidh feidhm ag na hachtacháin iomchuí amhail is dá mba é an comhlacht corpraithe a d'onnmhairigh an táirge sin as an Stát, agus aon mhéid is infhaighte ag an gcomhlacht corpraithe as an táirge sin a dhíol leis an gCoimisiún measfar chun críocha na n-achtachán iomchuí gur méid é is infhaighte as earraí a onnmhairíodh amhlaidh a dhíol. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) I gcás— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) comhlacht corpraithe do mhonarú táirge bainne agus dá dhíol leis an mBord, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) an Bord d'onnmhairiú an táirge sin as an Stát, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | roimh an Acht seo a rith nó dá éis, beidh feidhm ag na hachtacháin iomchuí amhail is dá mba é an comhlacht corpraithe a d'onnmhairigh an táirge sin as an Stát, agus aon mhéid is infhaighte ag an gcomhlacht corpraithe as an táirge sin a dhíol leis an mBord measfar chun críocha na n-achtachán iomchuí gur méid é is infhaighte as earraí a onnmhairíodh amhlaidh a dhíol. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 429 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
69. —Leasaítear leis seo alt 429 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 )— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) “nó má athraítear í trí éifeacht a thabhairt do chomhaontú faoi fho-alt (6)” a chur isteach i ndiaidh “an mheasúnacht”, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) “nó an éifeacht a thugtar don chomhaontú faoi fho-alt (6)” a chur isteach i ndiaidh “ar an achomharc”, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(6) Más rud é, tar éis iarratas go ndéanfadh breitheamh den Chúirt Chuarda achomharc a athéisteacht de réir fho-alt (1), go ndéanfar comhaontú de réir brí fhomhíreanna (b), (c) agus (e) d'alt 416 (3) idir an cigire agus an t-achomharcóir maidir leis an measúnacht, tabharfaidh an cigire éifeacht don chomhaontú agus, air sin, más é a bheidh sa chomhaontú go seasfaidh an mheasúnacht nó go leasófar í, beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna ag an measúnacht nó ag an measúnacht leasaithe, de réir mar a bheidh, a bheadh aici dá mba mheasúnacht í nár tugadh aon fhógra achomhairc ina taobh.” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus tá an coinníoll sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 489 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
70. —Leasaítear leis seo alt 489 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “(lena n-áirítear, maidir leis na nithe a luaitear i míreanna (c) agus (d) den fho-alt seo, an Bailitheoir)” a scriosadh agus tá an t-alt sin 489 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deireadh le cáin a ioc trí stampaí. |
71. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag na hachtacháin seo a leanas, is é sin le rá— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) alt 130 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus aon rialacháin a rinneadh faoi; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) an méid sin d'aon rialacháin a rinneadh faoi alt 127 den Acht sin agus a bhaineann le leabhair stampaí; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) ailt 7 (3) agus 8 (3) agus an coinníoll a ghabhann le halt 9 (a) den Acht Airgeadais, 1968 , | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | maidir le cáin don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Daoine áirithe a chlárú mar fhostóirí agus ceanglas fógraí a chur ar aghaidh. I.R. Uimh. 28 de 1960 . |
72. —(1) I gcás cúis a bheith ag na Coimisinéirí Ioncaim a chreidiúint go ndlíonn duine áirithe fógra a chur chucu faoi Rialachán 8 de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960, agus nach bhfuil sin déanta aige, féadfaidh siad a ainm agus a sheoladh a chlárú sa chlár a choimeádtar agus a chothabháiltear faoi mhír (4) den Rialachán sin 8 (dá ngairtear an clár san alt seo) agus fógra a sheirbheáil air á rá go bhfuil sé cláraithe amhlaidh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) ar dhuine, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) má éilíonn an duine nach ndlíonn sé an fógra réamhráite a chur ar aghaidh, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag ó seirbheáladh an fógra faoi fho-alt (1), a cheangal an t-éileamh a tharchur chun na gCoimisinéirí Achomhairc agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte cinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc ar an éileamh, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) mura gceanglaítear éileamh den sórt sin a tharchur laistigh den am a shonraítear i mír (a) nó má cheanglaítear an t-éileamh sin a tharchur agus go ndéanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc cinneadh in aghaidh an achomharcóra, measfar, chun críocha na Rialachán réamhráite, gur fostóir a chuir fógra ar aghaidh faoi mhír (1) den Rialachán sin 8 an duine, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) má cheanglaítear éileamh a tharchur agus go ndéanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc cinneadh i bhfabhar an achomharcóra, bainfidh na Coimisinéirí Ioncaim a ainm agus a sheoladh den chlár air sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) (a) I gcás nach mbeidh duine a bhfuil a ainm agus a sheoladh cláraithe sa chlár faoi dhliteanas, faoi Rialachán 31 de na rialacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1), aon mhéid cánach a sheoladh chuig an mBailitheoir do mhí chánach ioncaim, déanfaidh sé, laistigh den tréimhse naoi lá ó dheireadh na míosa sin, dearbhú sa chéill sin i bhfoirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus cuirfidh sé an fhoirm sin chuig an mBailitheoir, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás duine a bhfuil a ainm agus a sheoladh cláraithe sa chlár do scor de bheith ag íoc díolaíochtaí lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cuirfidh sé é sin in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den thréimhse ceithre lá dhéag ón dáta a scoir sé de bheith ag íoc na ndíolaíochaí sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Beidh feidhm ag forálacha alt 128 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i gcás fo-alt (3) a fhágáil gan chomhlíonadh díreach mar atá feidhm acu i gcás rialacháin faoi Chaibidil IV den Acht sin a fhágáil gan chomhlíonadh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Cóipeanna de rátaí a thabhairt do chigire agus luachálacha a thabhairt ar aird dó. |
73. —(1) Ionas go measúnófar an cháin is inmhuirir faoi Sceideal D, déanfaidh an rúnaí, an cléireach, nó an duine a bheidh ag gníomhú sa cháil sin, d'údarás rátúcháin, nuair a cheanglóidh an cigire le fógra air é, cóipeanna dílse den ráta contae nó den ráta bardasach is deireanaí a rinne an t-údarás dá limistéar rátúcháin nó d'aon chuid den limistéar sin a chur chuige laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le haon duine den sórt sin costais na gcóipeanna sin go léir a dhéanamh nach mó ná ráta £1 in aghaidh gach céad rátaíocht. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Déanfaidh gach duine, ar aon chigire, nó ar aon oifigeach eile a bheidh ag gníomhú ag cur na nAchtanna Cánach Ioncaim i bhfeidhm, á iarraidh sin air, aon suirbhé nó luacháil nó taifead ar a measúnaítear, ar a ndéantar nó ar a mbailítear na rátaí d'aon limistéar rátúcháin, nó d'aon chuid den chéanna, nó aon ráta nó measúnacht a rinneadh faoi aon Acht a bhaineann leis an ráta contae nó leis an ráta bardasach, a bheidh ina choimeád nó ina sheilbh a thabhairt, a luaithe is féidir, ar aird don chigire sin nó don oifigeach sin, de réir mar is iomchuí, agus a cheadú dó an céanna a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a thógáil as, gan aon íocaíocht. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) San alt seo ciallaíonn “údarás rátúcháin”— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) bardas contae-bhuirge nó buirge eile, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) comhairle contae, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) comhairle ceantair uirbigh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Leasaítear leis seo Sceideal 15 ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1974 , alt 73” a chur isteach i gcolún 2 de. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Liúntas gualmhianaigh imeallaigh. |
74. —(1) San alt seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “na hAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide” Cuid V den Finance Act, 1920, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú na Coda sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “gualmhianach imeallach” gualmhianach sa Stát atá á oibriú chun gual a tháirgeadh agus a dtabharfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála deimhniú ina leith á rá gur deimhin leis má chuirtear na brabúis a fuarthas nó a gheofar as oibriú an mhianaigh sin faoi mhuirear cánach de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim agus na nAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, ach gan forálacha an ailt seo a áireamh, gur dócha nach leanfar den mhianach a oibriú. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, a ordú, maidir le gualmhianach imeallach, go ndéanfar an cháin is inmhuirir ar bhrabúis an mhianaigh sin d'aon bhliain mheasúnachta áirithe nó d'aon tréimhse chuntasaíochta áirithe a laghdú go dtí cibé suim (lena n-áirítear nialas) a shonróidh sé. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) I gcás duine a bheith ag seoladh trádála ag oibriú gualmhianaigh a dtabharfaidh an tAire Airgeadais ordú ina leith faoi fho-alt 2 maidir le bliain mheasúnachta nó tréimhse chuntasaíochta, tabharfar liúntas mar asbhaint le linn brabúis na trádála sin a bheith á muirearú i leith cánach don bhliain mheasúnachta sin agus mar asbhaint le linn brabúis na trádála sin a bheith á ríomh chun críocha cánach brabús corparáide don tréimhse chuntasaíochta sin agus beidh sa liúntas cibé méid nó méideanna a áiritheoidh go mbeidh an cháin a mhuirearófar i leith brabúis na trádála sin ar cóimhéid leis an tsuim a bheidh sonraithe ag an Aire sin. |