An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1974) Ar Aghaidh (Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta, Forálacha maidir le Caillteanais Áirithe Feirme agus Srian le Liúntais Phearsanta)

27 1974

AN tACHT AIRGEADAIS, 1974

CUID I

Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide

Caibidil I

An Modh ar a Muirearófar Cáin Ioncaim do 1974-75 agus do Bhlianta dá éis sin

Leasú ar alt 1 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1967, Uimh. 6 .

1. —Leasaítear leis seo alt 1 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an míniú ar “ioncam inmheasúnaithe” a scriosadh.

(b) trí na mínithe seo a leanas a chur, faoi seach, in ionad na mínithe ar “an ráta caighdeánach cánach”, “cáin” agus “bliain mheasúnachta”, is é sin le rá:

“ciallaíonn ‘ráta caighdeánach’, i ndáil le cáin, an ráta cánach dá bhforáiltear le halt 3 (1) den Acht Airgeadais, 1974 ;”,

“ciallaíonn ‘cáin’ cáin ioncaim;”, agus

“ciallaíonn ‘bliain mheasúnachta’ bliain a ndéantar cáin ioncaim a fhorchur ina haghaidh le haon Acht a fhorchuireann dleachtanna cánach ioncaim;”,

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ciste árachais saoil coigríche”:

“ciallaíonn ‘ard-rátaí’, i ndáil le cáin, na rátaí cánach dá bhforáiltear le halt 3 (2) (c) den Acht Airgeadais, 1974 ;”,

(d) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “údarás rátúcháin”:

“ciallaíonn ‘ráta laghdaithe’, i ndáil le cáin, an ráta cánach dá bhforáiltear le halt 3 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1974 ;” agus

(e) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ioncam inchánach”:

“ciallaíonn ‘ioncam iomlán’ an t-ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas de réir forálacha an Achta seo;”.

Leasú ar alt 4 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

2. —Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “de réir aon ráta nó rátaí áirithe, déanfar, faoi réir forálacha an Achta seo, cáin de réir an ráta nó na rátaí sin, de réir mar is iomchuí” a chur in ionad “de réir aon ráta áirithe, déanfar, faoi réir forálacha an Achta seo, an cháin de réir an ráta sin” agus tá an t-alt sin 4, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

4. I gcás ina n-achtaíonn aon Acht go muirearófar cáin ioncaim d'aon bhliain de réir aon ráta nó rátaí áirithe, déanfar, faoi réir forálacha an Achta seo, cáin de réir an ráta nó na rátaí sin, de réir mar is iomchuí, a mhuirearú don bhliain sin maidir leis an maoin, na brabúis, nó na gnóchain go léir a thuairiscítear nó a áirítear faoi seach sna Sceidil atá sna hailt den Acht seo a dtugtar a n-uimhreacha thíos, is é sin le rá—

Sceideal C—Alt 47;

Sceideal D—Alt 52; agus

Sceideal E—Alt 109

agus is inchurtha chun feidhme faoi seach maidir leis na Sceidil sin de réir forálacha an Achta seo.

Cáin ioncaim a mhuirearú do 1974-75 agus do bhlianta dá éis sin.

3. —(1) Muirearófar cáin ioncaim don bhliain 1974-75 agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin agus, faoi réir fho-alt (2), muirearófar amhlaidh í de réir 35 faoin gcéad (dá ngairfear an ráta caighdeánach).

(2) I gcás inar pearsa aonair (seachas pearsa aonair a bheidh ag gníomhú i gcáil mhuiníneach nó ionadaíoch) aon duine ar a muirearófar cáin ioncaim don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, déanfar, faoi réir alt 5 (3), cáin a mhuirearú air—

(a) i leith cibé cion dá ioncam inchánach nach mó ná £1,550, de réir ráta 26 faoin gcéad (dá ngairfear an ráta laghdaithe),

(b) i leith cibé cion (más aon chion é) dá ioncam inchánach is mó ná £1,550 ach nach mó ná £4,350, de réir an ráta chaighdeánaigh, agus

(c) i leith cibé cion (más aon chion é) dá ioncam inchánach is mó ná £4,350, de réir na rátaí (dá ngairfear na hardrátaí) a shonraítear sa Tábla seo a leanas:

An Tábla

An chuid den bharrachas os cionn £4,350

An tArd-ráta

An chéad £2,000

50 faoin gcéad

An chéad £2,000 eile

65 faoin gcéad

An fuílleach

80 faoin gcéad

Cáin a mhuirearú ar ioncam as ar baineadh cáin.

1973, Uimh. 19 .

4. —I gcás ina mbeidh ioncam (dá ngairtear an t-ioncam iomchuí san alt seo)—

(a) a bhfuil cáin inbhainte as de bhua forálacha Sceideal C no Sceideal D, nó

(b) a bhfuil cáin inbhainte as de bhua alt 433, 434 nó 456 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó

(c) a áirítear, de bhua alt 525 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , amhail is dá mba ghlanmhéid íocaíochta bliantúla é ar baineadh cáin go cuí as a mór-mhéid faoi alt 434 den Acht sin,

le cur i gcuntas le linn ioncam iomlán pearsan aonair a bheith á ríomh d'aon bhliain mheasúnachta, ansin, chun an t-ioncam iomlán sin a mhuirearú i leith cánach de réir an ráta nó na rátaí cánach a mhuirearófar don bhliain mheasúnachta sin, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(d) measfar gurb ioncam is inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D an t-ioncam iomchuí agus muirearófar é dá réir sin;

(e) nuair a bheidh an méid cánach is iníoctha ar an ioncam iomlán sin á chinneadh tabharfar creidmheas sa cháin a baineadh as an ioncam iomchuí agus, faoi réir forálacha ailt 233 agus 525 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , is é méid an chreidmheasa sin méid na cánach a baineadh as an ioncam iomchuí:

Ar choinníoll, i gcás ina mbainfear cáin as díbhinn de réir ráta arna laghdú de bhua alt 363, 396 nó 410 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó alt 14 den Acht Airgeadais, 1973 , go ndéanfar cibé coigeartú is gá i méid an chreidmheasa le héifeacht a thabhairt don fhaoiseamh a fhoráiltear leis na hailt sin.

Forálacha maidir le cáin a mhuirearófar trí asbhaint.

5. —(1) Na forálacha sin de na hAchtanna Cánach Ioncaim a fhorálann go bhféadfar cáin a bhaint as aon íocaíocht de réir an ráta nó na rátaí cánach a bhí i bhfeidhm le linn na tréimhse ina raibh an íocaíocht ag faibhriú chun bheith dlite nó go bhféadfar an cháin is iomchuí do dhíbhinn a bhaint as an díbhinn sin beidh éifeacht acu amhail is dá bhforálfaidís go bhféadfar cáin a asbhaint nó go ndéanfar cáin a lamháil de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain ina dtiocfaidh an méid is iníoctha chun bheith dlite:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh an fo-alt seo difear d'asbhaint cánach de réir ráta is 1ú ná an ráta caighdeánach de bhua alt 363, 396 nó 410 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó alt 14 den Acht Airgeadais, 1973 .

(2) Le linn ioncam iomlán aon duine a bheith á mheas faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, measfar gur ioncam d'aon bhliain áirithe aon ioncam is inmhuirir i leith cánach i modh asbhainte de réir an ráta chaighdeánaigh a bheidh i bhfeidhm don bhliain sin, agus déanfar aon asbhaintí is inlamhála ar chuntas suimeanna is iníoctha faoi asbhaint cánach de réir an ráta chaighdeánaigh a bheidh i bhfeidhm d'aon bhliain áirithe as maoin nó brabúis an duine sin a lamháil mar asbhaintí i leith na bliana sin, d'ainneoin an t-ioncam nó na suimeanna, de réir mar a bheidh, d'fhaibhriú, go hiomlán nó go páirteach, roimh an mbliain sin nó dá héis.

(3) I gcás ceanglas a bheith ann duine a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach maidir le haon mhaoin, brabúis nó gnóchain as a ndéanann sé aon íocaíocht i leith aon úis bhliantúil, blianachta nó suime bliantúla eile, nó aon ríchíosa nó suime eile i leith paitinn a úsáid, is de réir an ráta chaighdeánaigh amháin a mhuirearófar é i leith na coda sin den mhaoin, de na brabúis nó de na gnóchain atá comhionann leis an íocaíocht sin agus is féidir a asbhaint le linn a ioncam iomlán a bheith a ríomh.

Faoisimh phearsanta.

6. —(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é a bheidh i méid na hasbhainte, in ionad na méide a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua na méide sa cholún sin (2).

AN TABLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le hasbhaint do 1973-74

An méid a bheidh le baint as an ioncam iomlán do 1974-75 agus do bhlianta dá éis sin

(1)

(2)

(3)

£

£

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 :

alt 138 (fear pósta)

..

..

..

494

800

(duine singil)

..

..

..

299

500

(ba intreach fir nó mná)

..

324

550

(banchéile ag obair)

..

..

104

nó, más 1ú é, trí cheathrú de mhéid ioncaim thuillte an bhanchéile

200

nó, más 1ú é, méid ioncaim thuillte an bhanchéile

ailt 139 agus 140 (coimeádaí tí)

..

100

140

alt 141 (leanbh)—faoi 11 bhliain

..

155

200

—11 bhliain nó os a chionn

..

..

170

200

alt 142 (gaol cleithiúnach)

..

..

60

80

An tAcht Airgeadais, 1969 :

alt 3 (coimeádaí tí ag tabhairt aire do

dhuine éagumasaithe)

..

..

100

140

An tAcht Airgeadais, 1971 :

alt 11 (dall)

..

..

..

..

100

140

(an bheirt chéile dall)

..

..

200

280

(2) Beidh éifeacht ag Cuid I den Chéad Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

Le súaar alt 142 den Acht Cánach Ionami, 1967.

7. —Leasaítear leis seo alt 142 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£489” a chur in ionad “£407” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ) sa dá áit ina bhfuil sé, trí “£80” a chur in ionad “£60” sa dá áit ina bhfuil sé, agus trí “£409” a chur in ionad “£347” (a cuireadh isteach leis an Airgeadais, 1973, a dúradh) agus tá an t-alt sin 142 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

142.—(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go gcothabhálann sé ar a chostas féin duine ar bith, is gaol dó féin nó dá bhanchéile agus atá éagumasach, mar gheall ar sheanaois nó easláinte ar é féin a chothabháil, nó a mháthair agus í ina baintreach nó máthair a bhanchéile agus í ina baintreach, cibé acu éagumasaithe di nó nach ea, agus is duine ar lú ná £489 sa bhliain a hioncam iomlán ó gach bunadh, beidh sé i dteideal asbhaint £80 i leith gach duine a chothabhálann sé amhlaidh agus déanfar a chomhionann d'asbhaint i gcás éilitheora a bhfuil air, mar gheall ar sheanaois nó easláinte, bheith ag brath ar sheirbhísí duine (is duine ar lú ná £489 sa bhliain a ioncam iomlán ó gach bunadh agus is mac nó iníon leis an éilitheoir) a chónaíonn leis nó léi agus a chothabhálann sé nó sí:

Ar choinníoll go mbeidh éifeacht ag gach ceann de na forálacha roimhe seo den fho-alt seo, i gcás inar mó ná £409 sa bhliain an t-ioncam iomlán ó gach bunadh atá ag an duine ar ina leith a bheidh an asbhaint le déanamh, ionann agus dá mba rud é, in ionad asbhaint £80 a shonrú, gur shonraigh sé asbhaint den méid sin arna laghdú méid na breise.

Liúntas aoise.

8. —(1) I gcás ina mbeidh pearsa aonair i dteideal asbhainte don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin faoi alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus go gcruthóidh sé go raibh sé, tráth ar bith i rith na bliana measúnachta sin, nó i gcás fear pósta a bhfuil a bhanchéile in aontíos leis, go raibh sé féin nó a bhanchéile cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn, beidh sé, i dteannta an liúntais a mbeidh sé ina theideal faoin alt sin 138 don bhliain mheasúnachta sin, i dteideal asbhainte—

(a) £50 i gcás inar fear pósta é a bhfuil a bhanchéile in aontíos leis, agus

(b) £25 in aon chás eile.

(2) Beidh feidhm maidir le hasbhaint faoin alt seo ag na forálacha sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim ag a bhfuil feidhm maidir le gach asbhaint a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

Leasú ar alt 152 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

9. —Leasaítear leis seo alt 152 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Ní rachaidh comhiomlán na bpréimheanna nó na suimeanna eile a dtabharfar faoiseamh ina leith do dhuine ar bith faoi ailt 143 agus 151 thar an séú cuid d'ioncam iomlán an duine nó £1,000, cibé acu is 1ú:

Ar choinníoll in aon chás inar mó ná £1,000 comhiomlán na bpréimheanna a íocadh ar pholasaithe árachais nó ar chonarthaí le haghaidh blianachtaí iarchurtha agus inar roimh an 3ú lá d'Aibreán, 1974, a rinneadh an t-árachas nó an conradh, go dtabharfar faoiseamh i leith na bpréimheanna sin nó na suimeanna eile sin faoi na hailt réamhráite ar neamhaird leis an srian £1,000 dá bhforáiltear san fho-alt seo.”.

Deireadh le muirearú forchánach.

10. —Ní mhuirearófar forcháin don bhliain 1974-75 ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

Leasuithe iarmhartacha.

11. —Beidh éifeacht ag Cuid II den Chéad Sceideal chun an Chaibidil seo a fhorlíonadh.

Tosach feidhme Chaibidil I.

12. —Beidh éifeacht ag forálacha na Caibidle seo maidir leis an mbliain 1974-75 agus blianta measúnachta dá éis sin agus, dá réir sin, ní tuigthe go ndéanann na leasuithe a dhéantar leis na forálacha sin agus leis an gCéad Sceideal agus an aisghairm a dhéantar le halt 86 agus a luaitear i gCuid I den Dara Sceideal difear do cháin do bhliain mheasúnachta roimhe sin ná do dhéanamh aon ní maidir le cáin do bhliain den sórt sin.