An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Leasú Achtachán)

27 1974

AN tACHT AIRGEADAIS, 1974

CUID IV

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

84. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1973” alt 91 den Acht Airgeadais, 1973 ;

ciallaíonn “an ceathrú blianacht bhreise is fiche” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt,

(b) na tagairtí san alt seo don bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1974, is tagairtí iad don tréimhse dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1974, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1974.

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais a chríochnóidh an 31ú lá de Nollaig, 1974, beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1973, faoi réir fho-alt (8) den alt seo, ach “£5,315,286” a chur in ionad “£5,452,955”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1973, faoi réir fho-alt (8) den alt seo, ach “£3,355,284” a chur in ionad “£3,510,185”.

(4) Déanfar suim £4,373,032 chun fuascailt a dhéanamh ar iasachtaí, agus ús ar na hiasachtaí sin, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil, faoi réir fho-alt (8) den alt seo, ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais a chríochnóidh an 31ú lá de Nollaig, 1974.

(5) Íocfar an ceathrú blianacht bhreise is fiche isteach sa Chuntas i cibé slí agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den cheathrú blianacht bhreise is fiche nach mó ná £2,815,015 in aon bhliain airgeadais áirithe a úsáid, faoi réir fho-alt (8) den alt seo, chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an cheathrú blianacht bhreise is fiche a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

(8) I gcás ina ndéanfar, de bhua an ailt seo nó aon achtacháin eile, blianacht chun fuascailt a dhéanamh ar iasachtaí, agus ús ar na hiasachtaí sin, i leith seirbhísí caipitiúla a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis agus go bhféadfar méid den bhlianacht sin a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc, ansin—

(a) ní dhéanfar ach trí cheathrú den bhlianacht sin a mhuirearú amhlaidh, agus ní fhéadfar ach trí cheathrú den mhéid sin a úsáid amhlaidh, sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1974, agus

(b) déanfar ceathrú den bhlianacht sin a mhuirearú amhlaidh, agus féadfar ceathrú den mhéid sin a úsáid amhlaidh, sa bhliain airgeadais díreach i ndiaidh na bliana airgeadais deireanaí ina ndéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, an bhlianacht sin a mhuirearú,

agus forléireofar an t-alt seo agus an t-achtachán agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

Leasú ar an Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 .

1927, Uimh. 7 .

85. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927

(a) trí “Dáil Éireann” a chur in ionad “an Coiste um Airgead” in alt 2,

(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 4:

“4.—Scoirifidh rún faoin Acht seo d'éifeacht reachtúil a bheith aige nuair a tharlóidh cibé ceann de na nithe seo a leanas is túisce a tharlóidh, is é sin le rá:

(a) mura ndéanfaidh Dáil Éireann Bille ina mbeidh forálacha sa chéill chéanna (modhnaithe nó gan mhodhnú) leis an rún a léamh an dara huair laistigh den fhiche lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis do Dháil Éireann an rún a rith;

(b) má dhiúltaíonn Dáil Éireann do na forálacha sin den Bhille sin le linn don Bhille a bheith ag gabháil tríd an Oireachtas;

(c) Acht den Oireachtas a theacht i ngníomh agus forálacha ann sa chéill chéanna (modhnaithe nó gan mhodhnú) leis an rún;

(d) tréimhse ceithre mhí a bheith caite ón dáta a déarfaidh an rún a bheidh sé le teacht in éifeacht nó, mura mbeidh aon dáta den sórt sin ráite, ó thráth an rúin a rith ag Dáil Éireann.”,

(c) trí fho-alt (2) d'alt 5 a scriosadh, agus

(d) trí “Dáil Éireann” a chur in ionad “an Coiste um Airgead” in alt 6 (1) (a),

agus tá na hailt sin 2 agus 6 (1) (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

AN TABLA

2.—Pé uair a rithfidh Dáil Éireann rún (dá ngairmtear san Acht so rún fén Acht so) le na mbeartuítear—

(a) cáin nua atá luaidhte sa rún d'fhorchur, nó

(b) buan-cháin áirithe do bhí i bhfeidhm díreach roimh dheire na bliana airgeadais roimhe sin do mhéadú, do laigheadú, nó d'atharú ar aon tslí eile, nó deire do chur léi, nó

(c) cáin shealadach áirithe do bhí i bhfeidhm díreach roimh dheire na bliana airgeadais roimhe sin d'athnuachaint (pe'ca do réir an ráta chéanna é nó do réir ráta eile agus pe'ca atharófar nó ná hatharófar í) ó dháta a dul in éag go rialta nó ó dháta is luatha ná san nó do chur as feidhm ar dháta a dul in éag go rialta,

agus go ndeirtear sa rún go bhfuil sé oiriúnach ar mhaithe leis an bpuiblíocht éifeacht reachtúil do bheith ag an rún fé fhorálacha an Achta so, beidh ag an rún, fé réir forálacha an Achta so, éifeacht reachtúil fé is dá mbeadh sé in Acht den Oireachtas.

(1) (a) go ndéanfar, mura rithfidh Dáil Éireann laistigh de dhá mhí tar éis dul in éag don cháin rún fén Acht so ag athnuachaint na cánach (tar éis atharú nó gan atharú do dhéanamh), méid na híocaíochta nó na lascaine sin d'aisíoc nó do dhéanamh suas ar bheith caithte don dá mhí sin, agus

Aisghairm.

86. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1974.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

87. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

1891, c. 39.

88. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1974 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim, lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhrabús corparáide) a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar an Chuid sin II, a mhéid a bhaineann sí de dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Forléirofar Cuid III den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráiteach i gCuid I den Acht seo, measfar gur tháinig an Chuid sin i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1974.

(6) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.