25 1974


Uimhir 25 de 1974


AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHUR TOGHCHÁIN ÁIRITHE DE BHUN AN ACHTA IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959 , AR ATHLÓ. [30 Iúil, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1959, Uimh. 14 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 .

Toghcháin coimeádaithe áirithe a chur ar athló.

2. —(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1964, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) maidir leis na toghcháin coimeádaithe de bhun ailt 22 agus 27 den Phríomh-Acht a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, le déanamh sa bhliain 1974, déanfar iad ina ionad sin sa bhliain 1975 nó cibé bliain is deireanaí ná sin a shocróidh an tAire le hordú más cuí leis sin a dhéanamh,

(b) maidir leis na toghcháin coimeádaithe de bhun na n-alt sin, seachas na toghcháin a luaitear i mír (a) den fho-alt seo, déanfar iad gach cúigiú bliain chomhleanúnach i ndiaidh na bliana ina ndéanfar na toghcháin a luaitear amhlaidh, agus

(c) forléireofar bliain toghcháin de réir mhíreanna (a) agus (b) den fho-alt seo.

(2) Aon uair a bheartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh, cuirfidh an tAire faoi deara dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú), 1974 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1974, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1964, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.