|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 9 de 1974 | ||
[EN] |
AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1974 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUMAINN FHOIRGNÍOCHTA. [21 Bealtaine, 1974] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||
[EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1874 go 1942. | ||
[EN] |
Cumainn cónascadh agus fruiliúcháin cumann a aistriú. |
2. —(1) I gcás— | ||
[EN] | (a) dhá chumann nó níos mó do bheartú cónascadh agus bheith in aon chumann amháin (cibé acu a dhéanfaí nó nach ndéanfaí na cumainn nó a gcistí nó aon chuid acu a dhíscaoileadh nó a roinnt), nó | |||
[EN] | (b) cumann do bheartú a chuid fruiliúchán a aistriú go dtí cumann eile, | |||
[EN] | agus go n-aontófar air sin ag tromlach comhaltaí gach cumainn lena mbainfidh agus iad i láthair ag cruinnithe ginearálta a tionóladh faoi seach chun na críche sin, féadfaidh aon cheann de na cumainn lena mbainfidh a iarraidh ar an gCláraitheoir an cónascadh nó an t-aistriú a dhaingniú, agus— | |||
[EN] | (i) féadfaidh an Cláraitheoir, tar éis dó an t-iarratas agus aon agóidí nó uiríolla a dhéanfar chuige faoin alt seo a bhreithniú, an cónascadh nó an t-aistriú a dhaingniú nó diúltú é a dhaingniú, | |||
[EN] | (ii) má dhaingníonn an Cláraitheoir an cónascadh nó an t-aistriú, cláróidh sé é, agus air sin, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna, beidh sé bailí agus beidh éifeacht aige de réir téarmaí an bheartaithe a dúradh a bhaineann leis. | |||
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfaidh cumann iarratas faoin alt seo, cuirfidh sé faoi deara laistigh de 7 lá tar éis dáta an iarratais a dhéanamh go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin nó níos mó a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sna limistéir ina bhfuil ceannoifigí na gcumann lena mbainfidh an t-iarratas fógra ina mbeidh sonraí an iarratais agus ina ndéarfar go bhféadfar agóidí nó uiríolla maidir leis a dhéanamh i scríbhinn chun an Chláraitheora laistigh de cibé tréimhse, nach giorra ná 21 lá ó dháta an fhógra a fhoilsiú, a luafar san fhógra. | |||
[EN] | (3) Féadfar agóidí agus uiríolla maidir le hiarratas faoin alt seo a dhéanamh chun an Chláraitheora laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (2) maidir leis an iarratas agus déanfaidh an Cláraitheoir, sula gcinnfidh sé an t-iarratas a dhaingniú nó diúltú é a dhaingniú, aon agóid nó uiríolla maidir leis sin a dhéanfar go cuí faoin bhfo-alt seo a bhreithniú. | |||
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh cónascadh nó aistriú a dhaingneofar faoin alt seo dochar do cheart ar bith de chuid creidiúnaí aon chumainn lena mbainfidh. | |||
[EN] |
An tAire Airgeadais do ráthú iasachtaí a gheobhaidh cumainn. |
3. —(1) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais, más oiriúnach leis sin, a ráthú i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis go n-aisíocfaidh cumann go cuí príomhshuim aon airgid a fuair nó a gheobhaidh an cumann ar iasacht ó Bhanc Comhlachais idir an 18ú lá de Dheireadh Fómhair, 1973, agus an 30ú lá de Mheitheamh, 1974, nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús agus féadfaidh go mbeidh ar aon ráthaíocht den sórt sin ráthaíocht go n-íocfar costais theagmhasacha i ndáil leis an airgead sin a fháil ar iasacht. | ||
[EN] | (b) Ní rachaidh iomlán príomhshuime aon airgid a ndéanfar a aisíoc a ráthú faoin alt seo thar £6,000,000. | |||
[EN] | (2) I gcás ráthaíocht faoin bhforáil seo a bheith i bhfeidhm, déanfaidh an cumann ar ina leith a tugadh í cibé urrús a shonrófar san iarratas a thabhairt don Aire Airgeadais, má iarrann sé é, chun a áirithiú don Aire Airgeadais go n-aisíocfar aon airgead a dhlífidh sé a íoc nó a bheidh íoctha aige faoin ráthaíocht. | |||
[EN] | (3) Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina mbeidh na nithe seo a leanas leagtha amach maidir le gach ráthaíocht a tugadh faoin alt seo i rith na bliana sin nó a tugadh am ar bith roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana sin— | |||
[EN] | (a) sonraí na ráthaíochta, | |||
[EN] | (b) i gcás ina mbeidh aon íocaíocht déanta ag an Aire Airgeadais faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más aon mhéid é) a aisíocadh leis an Aire Airgeadais ar scór na híocaíochta, | |||
[EN] | (c) an méid príomhshuime lenar bhain an ráthaíocht agus a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin. | |||
[EN] | (4) Déanfar an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis. | |||
[EN] | (5) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh le haghaidh airleacan suimeanna as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh. | |||
[EN] | (6) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis na n-urrús uile a eisofar faoi fho-alt (5) den alt seo agus muirear agus íoc na gcostas a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |||
[EN] | (7) Aon airgead a íocfaidh an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo déanfaidh an cumann ar ina leith a tugadh an ráthaíocht é a aisíoc leis (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh sé) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste. | |||
[EN] | (8) I gcás ina mbeidh an t-airgead uile nó aon chuid den airgead is gá de réir fho-alt (7) den alt seo a aisíoc leis an Aire Airgeadais gan íoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |||
[EN] | (9) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (8) den alt seo chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an cumann lena mbainfidh de bheith faoi dhliteanas don Aire Airgeadais i leith an mhéid sin agus déanfaidh an cumann an méid sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire Airgeadais cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, beidh sé inghnóthaithe ón gcumann lena mbainfidh mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |||
[EN] | (10) Déanfar airgead a íocfaidh cumann faoi fho-alt (7) nó (9) den alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais. | |||
[EN] |
Alt 33 den Building Societies Act, 1874, agus alt 19 den Building Societies Act, 1894, a leasú. 1874. c. 42. 1894, c. 47. |
4. —(1) Leasaítear leis seo alt 33 den Building Societies Act, 1874, trí “a majority” a chur in ionad “three fourths” agus tá an t-alt sin 33, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | ||
| ||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 19 den Building Societies Act, 1894, trí “a majority” a chur in ionad “three fourths” agus tá an t-alt sin 19, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||
| ||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
5. —(1) Féadfar an tAcht Cumann Foirgníochta, 1974 , a ghairm den Acht seo. | ||
[EN] | (2) Déanfar na hAchtanna agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1874 go 1974, a ghairm díobh le chéile. |