3 1974


Uimhir 3 de 1974


AN tACHT UM AN mBLIAIN AIRGEADAIS STÁTCHISTE AGUS ÁITIÚIL, 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT A FHORÁIL GO nDÉANFAR, LE hÉIFEACHT ÓN 1ú LÁ D'EANÁIR, 1975, TAGAIRTÍ ÁIRITHE REACHTÚLA AGUS EILE A BHAINEANN LEIS AN mBLIAIN AIRGEADAIS STÁTCHISTE NÓ LEIS AN mBLIAIN AIRGEADAIS ÁITIÚIL A FHORLÉIRIÚ, AGUS GO mBEIDH ÉIFEACHT LEO, MAR THAGAIRTÍ DO THRÉIMHSÍ AR CHOMHFHAD LEIS AN mBLIAIN FÉILIRE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [27 Feabhra, 1974]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “bliain féilire” tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lú lá d'Eanáir aon bhliain áirithe;

ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “ionstraim reachtúil” ordú, rialachán, riail, fodhlí, barántas, ceadúnas, deimhniú nó ionstraim eile dá samhail arna dhéanamh faoi chumhacht nó údarás a thugtar le reacht.

Tagairtí áirithe reachtúla agus eile do bhliain airgeadais nó do bhliain airgeadais áitiúil a bheith ina dtagairtí do thréimhsí ar chomhfhad le bliain féilire.

1889, c. 63.

1923, Uimh. 46 .

1937, Uimh. 38 .

2. —(1) Baineann an t-alt seo le haon reacht nó ionstraim reachtúil (cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a ritheadh, a rinneadh, a eisíodh nó a deonaíodh é) lena mbaineann alt 22 den Interpretation Act, 1889, mír (1) d'alt 5 den Acht Léiriúcháin, 1923 , nó mír 10 nó mír 16 den Sceideal a ghabhann leis an Acht Léiriúcháin, 1937 .

(2) I gcás ina bhfuil tagairt i reacht nó in ionstraim reachtúil lena mbaineann an t-alt seo—

(a) do bhliain airgeadais,

(b) do bhliain airgeadais áitiúil,

ansin, d'ainneoin aon achtacháin eile, forléireofar an tagairt agus beidh éifeacht aici, i ndáil le tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1974, mar thagairt do thréimhse ar chomhfhad le bliain féilire.

(3) Scoirfidh alt 22 den Interpretation Act, 1889, mír (1) d'alt 5 den Acht Léiriúcháin, 1923 , agus míreanna 10 agus 16 den Sceideal a ghabhann leis an Acht Léiriúcháin, 1937 , gach ceann acu, d'éifeacht a bheith acu ach amháin i ndáil le roimh an lú lá d'Eanáir, 1975.

(4) Tiocfaidh fo-alt (3) den alt seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1975.

Tagairtí do bhliain airgeadais nó do bhliain airgeadais áitiúil i reachtanna agus in ionstraimí reachtúla nach mbaineann alt 2 leo.

3. —(1) Baineann an t-alt seo le haon reacht nó ionstraim reachtúil (cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a ritheadh, a rinneadh, a eisíodh nó a deonaíodh é)—

(a) nach reacht ná ionstraim reachtúil lena mbaineann alt 2 den Acht seo, agus

(b) ina bhfuil tagairt nó an dá thagairt acu seo a leanas, is é sin, tagairt do bhliain airgeadais agus tagairt do bhliain airgeadais áitiúil, ar tagairtí iad a ndéanfaí, ar leith 6 fho-alt (2) den alt seo, gach ceann acu a fhorléiriú mar thagairt do thréimhse dhá mhí dhéag dar chríoch an 31ú lá de Mhárta aon bliain áirithe.

(2) Beidh éifeacht ag an bhforáil seo a leanas maidir le reacht nó ionstraim reachtúil lena mbaineann an t-alt seo, is é sin, forléireofar aon tagairt sa reacht nó san ionstraim reachtúil sin do bhliain airgeadais nó do bhliain airgeadais áitiúil agus beidh éifeacht aici, i ndáil le tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1974, mar thagairt do thréimhse ar chomhfhad le bliain féilire.

Eatramh.

4. —(1) Má áirítear nó más féidir a fhorléiriú go n-áirítear, in aon tagairt do bhliain airgeadais nó do bhliain airgeadais áitiúil in aon reacht nó in aon ionstraim reachtúil, de réir mar a bheidh, ar leith ón alt seo, tagairt don tréimhse ón lú lá d'Aibreán, 1974, go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1975, ansin, d'ainneoin aon ní in aon achta chán eile, forléireofar an tagairt sin agus beidh éifeacht aici mar thagairt don tréimhse ón lú lá d'Aibreán, 1974, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1974.

(2) Déanfar tagairt in aon reacht nó ionstraim reachtúil, de réir mar a bheidh, don tréimhse ón lú lá d'Aibreán, 1974, go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1975, a fhorléiriú agus beidh éifeacht aici amhail mar a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, más rud é, chun críocha an reachta nó na hionstraime reachtúla, gur tréimhse airgeadais nó chuntasaíochta nó tréimhse ar aon-dul le tréimhse airgeadais nó chuntasaíochta an tréimhse sin dá dtagraítear.

Cumhachtaí chun reachtanna agus ionstraimí reachtúla, etc., a leasú.

1946, Uimh. 24 .

5. —(1) I gcás tagairt d'aon ábhar nó ábhair acu seo a leanas a bheith in aon reacht nó ionstraim reachtúil (cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a ritheadh, a rinneadh, a eisíodh nó a deonaíodh é)—

(a) dáta nó tréimhse ama,

(b) íocaíochtaí, meastacháin nó cuntais a dhéanamh nó a ullmhú, aon ghníomh eile a dhéanamh nó aon cheanglas a chomhlíonadh,

(c) méid nó tráthchuid airgid,

(d) suim bhliantúil nó aon suim eile a bhaineann le tréimhse áirithe,

(e) teorainn ar mhéid airgid, ar airgead é a fhéadfar a chruinniú, a thobhach, a fháil ar iasacht nó a íoc de bhun reachta nó ionstraime reachtúla,

(f) luacháil,

(g) rátaí a chinneadh, a ghearradh, a thobhach, a bhailiú nó a ghnóthú,

(h) ráta, cionúireacht, céatadán, foirmle nó bonn eile ríomhaireachta,

(i) ábhar ar aon-dul le haon ábhar acu sin roimhe seo,

agus go mbaineann oibriú forála den Acht seo leis an ábhar dá dtagraítear, nó go ndéanann sé difear dó, go díreach nó go neamhdhíreach, féadfaidh an tAire, nó aon Aire Stáit eile, le toiliú an Aire, le hordú, an reacht nó an ionstraim reachtúil a oiriúnú, a mhodhnú nó a leasú ar dhóigh eile de réir mar is iomchuí leis ag féachaint don fhoráil sin.

(2) Féadfaidh an tAire, nó aon Aire Stáit eile le toiliú an Aire, a fhoráil le hordú go ndéanfar tagairt áirithe lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo in aon reacht nó ionstraim reachtúil, nó i reacht nó ionstraim reachtúil d'aicme shonraithe a fhorléiriú agus go mbeidh éifeacht aici faoi réir cibé oiriúnú, modhnú nó leasú eile is iomchuí ag féachaint don dóigh a mbaineann oibriú an Achta seo leis an ábhar dá dtagraítear nó don chaoi a ndéanann sé difear dó.

(3) D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, féadfaidh an tAire, nó aon Aire Stáit eile le toiliú an Aire, maidir le haon mhéid nó tráthchuid airgid nó suim lena mbaineann an fo-alt seo, socrú a dhéanamh le hordú d'aon cheann nó don dá cheann acu seo a leanas:

(a) go ndéanfar an méid, an tráthchuid nó an tsuim a athrú cibé cionúireacht a mheasfaidh an tAire Stáit a dhéanfaidh an t-ordú a bheith iomchuí ag féachaint d'alt 4 den Acht seo agus a shonróidh sé san ordú,

(b) go ndéanfar an méid, an tráthchuid nó an tsuim, nó cuid shonraithe den chéanna, a íoc nó go mbeidh sé tagtha chun bheith dlite é a íoc, cibé lá a bheidh sonraithe san ordú.

(4) Baineann fo-alt (3) den alt seo le méid nó tráthchuid airgid agus le suim bhliantúil nó aon suim eile a bhaineann le tréimhse áirithe, is é sin, méid, tráthchuid nó suim—

(a) a ndéanann oibriú alt 4 den Acht seo difear go díreach nó neamhdhíreach dá híoc, dá hoiread nó dá méid, agus

(b) is iníoctha faoi aon reacht nó ionstraim reachtúil nó faoi aon reacht nó ionstraim reachtúil d'aicme a shonraítear in ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo, agus

(c) is iníoctha ag duine, le duine nó ag duine agus le duine a shonraítear amhlaidh.

(5) D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, féadfaidh an tAire, nó aon Aire Stáit eile le toiliú an Aire, maidir le haon teorainn a thuairiscítear i mír (e) d'fho-alt (1) den alt seo dá ndéanann oibriú alt 4 den Acht seo difear go díreach nó go neamhdhíreach, a fhoráil le hordú go n-ísleofar an teorainn cibé cionúireacht a mheasfaidh an tAire Stáit a dhéanfaidh an t-ordú a bheith iomchuí ag féachaint don alt sin 4 agus a shonróidh sé san ordú.

(6) Ní dhéanfaidh leasú aon fhorála le hordú faoin alt seo dochar d'aon chumhacht a thugtar ar dhóigh seachas leis an alt seo an fhoráil sin a leasú nó a athrú.

(7) Faoi réir alt 8 (1) den Acht seo, féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith ag ordú faoin alt seo.

(8) San alt seo ciallaíonn “rátaí” aon ráta is féidir le húdarás rátúcháin a ghearradh de réir brí an Achta Rialtais Áitiúil, 1946 .

Orduithe.

6. —(1) Féadfaidh ordú faoin Acht seo cibé forálacha iarmhartacha, forlíontacha agus eatramhacha a bheith ann is cuí leis an Aire Stáit a dhéanfaidh an t-ordú.

(2) Féadfar ordú faoin Acht seo a leasú nó a chúlghairm le hordú ina dhiaidh sin.

(3) Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Orduithe a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

7. —Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo foilseofar é san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Cosaint.

8. —(1) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann athrú nó a thugann cumas athrú a dhéanamh ar ráta aon chánach ná a thugann cumas aon cháin a fhorchur, a thobhach nó a mhuirearú.

(2) Faoi réir fho-alt (1) den alt seo, aon ní a dhéanfaidh Aire Stáit, údarás áitiúil chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1971, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, an Coimisinéir Luachála nó aon duine eile a bunaíodh faoi reacht nó a rialaítear le reacht roimh an Acht seo a achtú agus in oirchill an tAcht seo a achtú, alt 2 (3) den Acht seo a theacht i ngníomh nó ordú a dhéanamh faoi alt 5 den Acht seo, beidh aige agus measfar go raibh aige i gcónaí an bhailíocht agus an éifeacht sin go léir (más ann) a bheadh aige dá mbeadh an tAcht seo nó an t-ordú, de réir mar is iomchuí, i bhfeidhm nuair a rinneadh an ní sin.

Gearrtheideal.

9. —Féadfar an tAcht um an mBliain Airgeadais Státchiste agus Áitiúil, 1974 , a ghairm den Acht seo.