|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHéAD SCEIDEAL) |
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1973
[EN] | ||
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL | |
[EN] | Coinbhinsiún | |
[EN] | chun Cosc a Chur le hUrghabháil Neamhdhleathach Aerárthaí | |
[EN] | Réamhrá | |
[EN] | Tá NA STáIT is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo | |
[EN] | á BHREITHNIú DóIBH go ndéanann gníomhartha neamhdhleathacha lena ndéantar aerárthaí ar eitilt a urghabháil nó urlámhas a fheidhmiú orthu sábháilteacht daoine agus maoine a chur i gcontúirt, oibriú aersheirbhísí a mhórdhochrú agus muinín phobail an domhain i sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a lagú; | |
[EN] | á BHREITHNIú DóIBH gur ábhar mór imní é gníomhartha den sórt sin tarlú; | |
[EN] | á BHREITHNIú DóIBH go bhfuil géarghá, chun cosc a chur le gníomhartha den sórt sin, le bearta iomchuí a fhoráil chun ciontóirí a phionósú; | |
[EN] | TAR éIS COMHAONTú MAR A LEANAS: | |
Airteagal 1 | ||
[EN] | Aon duine ar bord aerárthaigh agus í ar eitilt: | |
[EN] | (a) a dhéanfaidh go neamhdhleathach, le forneart nó le bagairt fornirt, nó le himeaglú de chineál ar bith eile, seilbh a urghabháil ar an aerárthach sin nó urlámhas a fheidhmiú uirthi, nó a thabharfaidh faoi aon ghníomh den sórt sin a dhéanamh, nó | |
[EN] | (b) is cúlpháirtí do dhuine a dhéanfaidh aon ghníomh den sórt sin nó a thabharfaidh faoina dhéanamh | |
[EN] | beidh cion déanta aige (dá ngairtear “an cion” anseo feasta). | |
Airteagal 2 | ||
[EN] | Gabhann gach Stát Conarthach air féin dianphionóis a ghearradh mar gheall ar an gcion sin. | |
Airteagal 3 | ||
[EN] | 1. Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, measfar aerárthach a bheith ar eitilt aon tráth ón nóiméad a dhúntar a doirse seachtracha go léir tar éis bordála go dtí an nóiméad a osclaítear aon doras den sórt sin le haghaidh díbhordála. I gcás tuirlingthe éigin, measfar an eitilt a bheith ar bun go dtí go ngabhfaidh na húdaráis inniúla freagracht orthu féin i leith an aerárthaigh agus i leith daoine agus maoine ar bord. | |
[EN] | 2. Ní bhainfidh an Coinbhinsiún seo le haerárthaí a úsáidtear i seirbhísí míleata, custam nó póilíneachta. | |
[EN] | 3. Ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo ach amháin nuair is lasmuigh de chríoch Stát cláraitheachta an aerárthaigh ar ar bord uirthi a rinneadh an cion atá áit turgabhála nó áit tuirlingthe iarbhír an aerárthaigh sin; ní bhainfidh sé le hábhar ar ar eitilt idirnáisiúnta nó ar eitilt intíre don aerárthach. | |
[EN] | 4. Sna cásanna a luaitear in Airteagal 5, ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo más laistigh de chríoch an Stáit chéanna atá áit turgabhála agus áit tuirlingthe iarbhír an aerárthaigh ar ar bord uirthi a rinneadh an cion, i gcás inar ceann de na Stáit dá dtagraítear san Airteagal sin an Stát sin. | |
[EN] | 5. D'ainneoin míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 6, 7, 8 agus 10 cibé áit ina dturgabhálfaidh an t-aerárthach nó ina dtuirlingeoidh sí iarbhír, má fhaightear an ciontóir nó an ciontóir líomhnaithe i gcríoch aon Stáit seachas Stát cláraitheachta an aerárthaigh sin. | |
Airteagal 4 | ||
[EN] | 1. Déanfaidh gach Stát Conarthach cibé bearta is gá chun a dhlínse a bhunú ar an gcion agus ar aon ghníomh foréigin in aghaidh paisinéirí nó foirne a dhéanfaidh an ciontóir líomhnaithe i ndáil leis an gcion, sna cásanna seo a leanas: | |
[EN] | (a) nuair is ar bhord aerárthach atá cláraithe sa Stát sin a rinneadh an cion; | |
[EN] | (b) nuair is ina chríoch agus an ciontóir líomhnaithe fós ar bord a thuirlingeoidh an t-aerárthach ar ar bord uirthi a rinneadh an cion; | |
[EN] | (c) nuair is ar bhord aerárthach a léasaíodh gan foireann chun léasaí ar sa Stát sin atá a phríomh-áit ghnó nó, i gcás gan aon áit ghnó mar sin a bheith aige, a bhunáit chónaithe, a rinneadh an cion. | |
[EN] | 2. Mar an gcéanna déanfaidh gach Stát Conarthach cibé bearta is gá chun a dhlínse a bhunú ar an gcion i gcás an ciontóir líomhnaithe a bheith i láthar ina chríoch agus nach n-eiseachadfaidh sé é de bhun Airteagal 8 chun aon Stát dá luaitear i mír 1 den Airteagal seo. | |
[EN] | 3. Ní eisiann an Coinbhinsiún seo aon dlínse choiriúil a fheidhmítear de réir an dlí náisiúnta. | |
Airteagal 5 | ||
[EN] | Na Stáit Chonarthacha a bhunóidh comheagraíochtaí oibríochta aeriompair nó gníomhaireachtaí oibríochta idirnáisiúnta a bheidh ag oibriú aerárthaí a bheidh faoi réir a gcláraithe i gcomhar nó go hidirnáisiúnta, ainmneoidh siad, ar mhodh cuí, as a líon, i ndáil le gach aerárthach, an Stát díobh a fheidhmeoidh dlínse, agus ag a mbeidh airíona, an Stáit Chláraitheachta chun críche an Choinbhinsiúin seo agus tabharfaidh siad fógra ina thaobh sin don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, agus cuirfidh an Eagraíocht sin an fógra sin in iúl do gach Stát is Páirtí sa Choinbhinsiun seo. | |
Airteagal 6 | ||
[EN] | 1. Ar a bheith deimhin d'aon Stát Conarthach, a mbeidh an ciontóir nó an ciontóir líomhnaithe ina chríoch, go ndlíonn na himthosca sin, tógfaidh sé an duine sin i gcoimeád nó déanfaidh sé bearta eile lena chinntiú go mbeidh sé i láthair. Is mar a fhoráiltear i ndlí an Stáit sin a dhéanfar an coimeád agus na bearta eile ach ní leanfar díobh ach ar feadh cibé tréimhse is gá chun go bhféadfar aon imeachtaí coiriúla nó eiseachadta a thionscnamh. | |
[EN] | 2. Déanfaidh an Stát sin réamhfhiosrúchán láithreach faoi na fíorais. | |
[EN] | 3. Tabharfar cúnamh d'aon duine a bheidh i gcoimeád de bhun mhír 1 den Airteagal seo chun teagmháil a dhéanamh láithreach leis an ionadaí cuí is cóngaraí de chuid an Stáit dar náisiúnach é. | |
[EN] | 4. Tar éis do Stát a bheith tar éis duine a thógáil i gcoimeád de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh sé fógra láithreach do Stát cláraitheachta an aerárthaigh, don Stát a luaitear in Airteagal 4, mír 1 (c), don Stát dar náisiúnach an duine coinnithe agus, más cuí leis é, d'aon Stáit leasmhara eile, go bhfuil an duine sin i gcoimeád agus na himthosca a dhlíonn a choinneáil. Déanfaidh an Stát a dhéanfaidh an réamhfhiosrúchán a luaitear i mír 2 den Airteagal seo a chinneadh a thuairisciú go tapaidh do na Stáit sin agus cuirfidh sé in iúl an mbeartaíonn se dlínse a fheidhmiú. | |
Airteagal 7 | ||
[EN] | Beidh an Stát Conarthach ar ina chríoch a gheofar an ciontóir líomhnaithe, mura n-eiseachadfaidh sé é, faoi oibleagáid, gan eisceacht ar bith agus cibé acu ar ina chríoch nó nach ea a rinneadh an cion, an cás a chur faoi bhráid a údarás inniúil chun críche ionchúisimh. Déanfaidh na húdaráis sin a gcinneadh sa tslí chéanna ina ndéanfaidís i gcás aon ghnáthchion tromchúiseach faoi dhlí an Stáit sin. | |
Airteagal 8 | ||
[EN] | 1. Measfar an cion a bheith ar áireamh mar chion ineiseachadta in aon chonradh eiseachadta atá i bhfeidhm idir Stáit Chonarthacha. Gabhann na Stáit Chonarthacha orthu féin an cion sin a áireamh mar chion ineiseachadta i ngach conradh eiseachadta a dhéanfaidh siad le chéile. | |
[EN] | 2. Má fhaigheann Stát Conarthach a chuireann de choinníoll le heiseachadadh conradh a bheith ann iarratas ar eiseachdadh ó Stát Conarthach eile nach bhfuil aon chonradh eiseachadta aige leis, féadfaidh sé dá rogha féin a mheas gur bonn dlíthiúil le haghaidh eiseachadta i leith an chiona an Coinbhinsiún seo. Beidh an t-eiseachadadh faoi réir na gcoinníollacha eile a fhoráiltear le dlí an Stáit iarrtha. | |
[EN] | 3. I gcás Stáit Chonarthacha nach gcuireann de choinníoll le heiseachadadh conradh a bheith ann, féachfaidh siad ar an gcion mar chion ineiseachadta eatarthu féin faoi réir na gcoinníollacha a fhoráiltear le dlí an Stáit iarrtha. | |
[EN] | 4. Chun críocha eiseachadta idir Stáit Chonarthacha, déileálfar leis an gcion mar chion a rinneadh, ní amháin san áit inar tharla sé ach fairis sin i gcríocha na Stát a gceanglaítear orthu a ndlínse a bhunú de réir Airteagal 4, mír 1. | |
Airteagal 9 | ||
[EN] | 1. Nuair a bheidh aon ghníomh dá luaitear in Airteagal 1 (a) tar éis nó ar tí tarlú, déanfaidh Stáit Chonarthacha gach beart iomchuí chun urlámhas an aerárthaigh a thabhairt ar ais dá ceannasaí dleathach nó chun a urlámhas ar an aerárthach a chaomhnú. | |
[EN] | 2. Sna cásanna a shamhlaíonn an mhír sin roimhe seo, cuirfidh aon Stát Conarthach ina mbeidh an t-aerárthach nó a paisinéirí nó a foireann ar a ndeis do na paisinéirí agus don fhoireann leanúint dá dturas a luaithe is indéanta sin, agus tabharfaidh sé an t-aerárthach agus a lasta ar ais gan mhoill do na daoine ar dleathach dóibh seilbh a bheith acu orthu. | |
Airteagal 10 | ||
[EN] | 1. Tabharfaidh na Stáit Chonarthacha an oiread cúnaimh agus is féidir dá chéile i ndáil le himeachtaí coiriúla maidir leis an gcion agus na gníomhartha eile a luaitear in Airteagal 4. Is ag dlí an Stáit iarrtha a bheidh feidhm i ngach cás. | |
[EN] | 2. Ní bhainfidh forálacha mhír 1 den Airteagal seo le hoibleagáidí faoi aon chonradh eile, déthaobhach nó iltaobhach, a rialaíonn nó a rialóidh, go hiomlán nó go páirteach, comhchúnamh in ábhair choiriúla. | |
Airteagal 11 | ||
[EN] | Tabharfaidh gach Stát Conarthach de réir a dhlí náisiúnta aon fhaisnéis iomchuí a bheidh ina sheilbh do Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a luaithe is féidir i dtaobh na nithe seo a leanas: | |
[EN] | (a) imthosca an chiona; | |
[EN] | (b) an beart a rinneadh de bhun Airteagal 9; | |
[EN] | (c) na bearta a rinneadh maidir leis an gciontóir nó leis an gciontóir líomhnaithe, agus, go háirithe, an toradh a bhí ar aon imeachtaí eiseachadta nó imeachtaí dlíthiúla eile. | |
Airteagal 12 | ||
[EN] | 1. Déanfar aon díospóid idir dhá Stát Chonarthacha nó níos mó maidir le léiriú nó feidhmiú an Choinbhinsiúin seo nach féidir a shocrú trí iomairliú a chur chun eadrána ar cheann de na Stáit sin á iarraidh sin. Mura bhféadfaidh na Páirtithe, laistigh de shé mhí ón dáta a iarrfar an eadráin, comhaontú ar eagrú na headrána, féadfaidh aon Pháirtí díobh sin an díospóid a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta trí iarratas i gcomhréir le Reacht na Cúirte. | |
[EN] | 2. Féadfaidh gach Stát, le linn an Coinbhinsiún seo a shíniú nó aontú dó, a dhearbhú nach measann sé é féin a bheith faoi cheangal ag an mír sin roimhe seo. Ní bheidh na Stáit Chonarthacha eile faoi cheangal ag an mír sin roimhe seo maidir le haon Stát Conarthach a chuir coinníoll den sórt sin. | |
[EN] | 3. Féadfaidh aon Stát Conarthach a chuir coinníoll de réir na míre sin roimhe seo an coinníoll sin a tharraingt siar tráth ar bith trí fhógra chuig na Rialtais Taiscíochta. | |
Airteagal 13 | ||
[EN] | 1. Beidh an Coinbhinsiún seo ar ocsailt chun a shínithe sa Háig an 16 Nollaig, 1970, ag Stáit a bhi páirteach sa Chomhdháil Idirnáisiúnta um Aerdhlí a comóradh sa Háig ón 1 go dtí an 16 Nollaig, 1970 (dá ngairtear Comhdháil na Háige anseo feasta). Tar éis an 31 Nollaig, 1970, beidh an Coinbhinsiún ar oscailt do gach Stát chun a shínithe i Moscó, i Londain agus i Washington. Aon Stát nach síneoidh an Coinbhinsiún seo sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm de réir mhír 3 den Airteagal seo féadfaidh sé aontú dó tráth ar bith. | |
[EN] | 2. Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe ag Stáit a shínithe. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin agus na hionstraimí aontachais le Rialtas Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha, le Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus le Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus na Rialtais Taiscíochta a ghairtear leis seo de na Rialtais sin. | |
[EN] | 3. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bheidhm tríocha lá tar éis an dáta a dhéanfaidh deich Stát a shínigh an Coinbhinsiún seo agus a bhí páirteach i gComhdháil na Háige ionstraimí daingniúcháin a thaisceadh. | |
[EN] | 4. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm do Stáit eile ar an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir mhír 3 den Airteagal seo, nó tríocha lá tar éis an dáta a thaiscfidh siad a n-ionstraimí daingniúcháin nó aontachais, cibé acu is déanaí. | |
[EN] | 5. Cuirfidh na Rialtais Taiscíochta in iúl go tapaidh do na Stáit go léir a shínigh an Coinbhinsiún seo agus a d'aontaigh dó an dáta a rinneadh gach síniú, an dáta a taisceadh gach ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais, an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, agus fógraí eile. | |
[EN] | 6. A luaithe a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, cláróidh na Rialtais Taiscíochta é de bhun Airteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe agus de bhun Airteagal 83 den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (Chicago, 1944). | |
Airteagal 14 | ||
[EN] | 1. Féadfaidh aon Stát Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh trí fhógra scríofa chuig na Rialtais Taiscíochta. | |
[EN] | 2. Glacfaidh séanadh éifeacht sé mhí tar éis do na Rialtais Taiscíochta fógra a fháil. | |
[EN] | Dá FHIANú SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, agus iad údaraithe go cuí chuige sin ag a Rialtais, a lámh leis an gCoinbhinsiún seo. | |
[EN] | Arna dhéanamh sa Háig, an séú lá déag seo de Nollaig, míle naoi gcéad agus seachtó, i dtrí scríbhinn bhunaidh ar tarraingíodh suas gach ceann acu i gceithre théacs fhíordheimhneacha sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Rúisis agus sa Spáinnis. | |
(Sínithe thar ceann Stát áirithe anseo síos). |