An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1973) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL)

29 1973

AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1973

AN CHéAD SCEIDEAL

Coinbhinsiún

um Chionta agus Gníomhartha áirithe Eile a Dhéantar ar Bord Aerárthaí

Tá NA STáIT is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo

TAR éIS COMHAONTú mar a leanas:

Caibidil I—Réim an Choinbhinsiúin

Airteagal 1

1. Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le:

(a) cionta in aghaidh dlí phionósaigh;

(b) gníomhartha, cibé acu is cionta iad nó nach ea, a d'fhéadfadh bheith ina gcontúirt nó is contúirt do shábháilteacht an aerárthaigh nó daoine nó maoine inti nó is contúirt do dhea-ord agus araíonacht ar bord.

2. Ach amháin mar a fhoráiltear i gCaibidil III, beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo i leith cionta nó gníomhartha arna ndéanamh ag duine ar bhord aon aerárthaigh atá cláraithe i Stát Conarthach, le linn don aerárthach sin a bheith ar eitilt nó ar uachtar na mara móire nó aon limistéir eile lasmuigh de chríoch aon Stáit.

3. Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, meastar aerárthach a bheith ar eitilt ón nóiméad a fheidhmítear cumhacht le turgabháil go dtí an nóiméad a chríochnaíonn an rúid tuirlingthe.

4. Ní bhainfidh an Coinbhinsiún seo le haerárthaí a úsáidtear i seirbhísí míleata, custam nó póilíneachta.

Airteagal 2

Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 4 agus, ach amháin nuair a dhlífidh sábháilteacht an aerárthaigh nó daoine nó maoine ar bord é, ní fhorléireofar aon fhoráil atá sa Choinbhinsiún seo mar fhoráil a údaraíonn nó a cheanglaíonn aon ghníomh a dhéanamh i leith cionta in aghaidh dlíthe pionósacha de chineál polaitiúil nó dlíthe atá bunaithe ar idirdhealú cine nó creidimh.

Caibidil II—Dlínse

Airteagal 3

1. Tá Stát cláraitheachta an aerárthaigh inniúil ar dhlínse a fheidhmiú ar chionta agus ar ghníomhartha a dhéantar ar bord.

2. Déanfaidh gach Stát Conarthach cibé bearta is gá chun a dhlínse mar Stát cláraitheachta ar chionta a dhéantar ar bhord aerárthaigh atá cláraithe sa Stát sin.

3. Ní eisiann an Coinbhinsiún seo aon dlínse choiriúil a fheidhmítear de réir dlí náisiúnta.

Airteagal 4

Ní fhéadfaidh Stát Conarthach nach é an Stát cláraitheachta é cur isteach ar aerárthach agus í ar eitilt d'fhonn a dhlínse choiriúil a fheidhmiú ar chion a rinneadh ar bord ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) éifeacht a bheith ag an gcion ar chríoch an Stáit sin;

(b) gur náisiúnach nó buanchónaitheoir de chuid an Stáit sin a rinne an cion nó gur ina choinne a rinneadh é;

(c) gur cion é in aghaidh slándáil an Stáit sin;

(d) gurb é atá sa chion sárú ar aon rialacha nó rialacháin atá i bhfeidhm sa Stát sin i ndáil le heitilt nó le hinliú aerárthaí;

(e) gur gá dlínse a fheidhmiú chun a áirithiú go n-urramófar aon oibleagáid de chuid an Stáit sin faoi chomhaontú iltaobhach idirnáisiúnta.

Caibidil III—Cumhachtaí Ceannasaí Aerárthaigh

Airteagal 5

1. Ní bhainfidh forálacha na Caibidle seo le cionta ná le gníomhartha a bheidh déanta ag duine, nó a bheidh duine ar tí a dhéanamh, ar bhord aerárthaigh agus í ar eitilt in aerspás an Stáit chláraitheachta nó os cionn na mara móire nó aon limistéir eile lasmuigh de chríoch aon Stáit mura i Stát seachas an Stát cláraitheachta don phointe deireanach turgabhála nó don chéad phointe eile a mbeartaítear tuirlingt ann, nó go eitleoidh an t-aerárthach ina dhiaidh sin in aerspás Stáit seachas aerspás an Stáit chláraitheachta agus an duine sin fós ar bord.

2. D'ainneoin forálacha Airteagal 1, mír 3, measfar chun críocha na Caibidle seo aerárthach a bheith ar eitilt aon tráth ón nóiméad a dhúntar a doirse seachtracha go léir tar éis bordála go dtí an nóiméad a osclaítear aon doras den sórt sin le haghaidh díbhordála. I gcás tuirlingthe éigin, leanfaidh forálacha na Caibidle seo d'fheidhm a bheith acu i ndáil le cionta agus gníomhartha ar bord go dtí go ngabhfaidh údaráis inniúla Stáit freagracht orthu féin i leith an aerárthaigh agus i leith na ndaoine agus na maoine ar bord.

Airteagal 6

1. Féadfaidh ceannasaí an aerárthaigh, nuair a bheidh foras réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil duine tar éis nó ar tí cion nó gníomh a shamhlaítear in Airteagal 1, mír 1, a dhéanamh ar bhord an aerárthaigh, cibé bearta is gá agus is réasúnach, lena n-áirítear srian, a fheidhmiú ar an duine sin:

(a) chun sábháilteacht an aerárthaigh, nó daoine nó maoine inti, a chosaint; nó

(b) chun dea-ord agus araíonacht a choimeád ar bord; nó

(c) chun go bhféadfaidh sé an duine sin a sheachadadh d'údaráis inniúla nó é a chur ó bhord de réir forálacha na Caibidle seo.

(2) Féadfaidh ceannasaí an aerárthaigh a cheangal ar chomhaltaí eile den fhoireann nó a údarú dóibh cúnamh a thabhairt agus féadfaidh sé a iarraidh ar phaisinéirí nó a údarú dóibh cúnamh a thabhairt ach ní chuirfidh sé de cheangal orthu cúnamh a thabhairt chun aon duine a shrianadh atá sé i dteideal a shrianadh. Féadfaidh aon chomhalta den fhoireann nó aon phaisinéir, freisin, bearta réasúnacha coisc a dhéanamh gan údarás den sórt sin nuair a bheidh foras réasúnach aige a chreidiúint gur gá an gníomh sin a dhéanamh láithreach le sábháilteacht an aerárthaigh nó daoine nó maoine inti a chosaint.

Airteagal 7

1. Ní leanfar thar aon phointe ina dtuirlingeoidh an t-aerárthach de bhearta srianta a fheidhmeofar ar dhuine de réir Airteagal 6 mura rud é:

(a) gur i gcríoch Stáit neamh-Chonarthaigh don phointe sin agus go ndiúltóidh údaráis an Stáit sin cead a thabhairt an duine sin a chur ó bhord nó gur feidhmíodh na bearta sin de réir Airteagal 6, mír 1 (c), le go bhféadfaí é a sheachadadh d'údaráis inniúla;

(b) gur tuirlingt éigin a dhéanfaidh an t-aerárthach agus nach mbeidh ar chumas cheannasaí an aerárthaigh an duine sin a sheachadadh d'údaráis inniúla; nó

(c) go n-aontóidh an duine sin le hiompar ar aghaidh faoi shrian.

2. Tabharfaidh ceannasaí an aerárthaigh, a luaithe is indéanta é, agus más féidir é roimh thuirlingt i gcríoch Stáit agus duine ar bord a bheidh curtha faoi shrian de réir forálacha Airteagal 6, fógra d'údaráis an Stáit sin go bhfuil duine ar bord faoi shrian agus ag insint na gcúiseanna atá leis an srianadh sin.

Airteagal 8

1. Féadfaidh ceannasaí an aerárthaigh, a mhéid is gá é chun críche fhomhír (a) nó (b) de mhír 1 d'Airteagal 6, aon duine a mbeidh foras réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil sé tar éis nó ar tí gníomh a áirítear in Airteagal 1, mír 1 (b), a dhéanamh ar bhord an aerárthaigh a chur ó bhord i gríoch aon Stáit ina dtuirlingeoidh an t-aerárthach.

2. Tuairisceoidh ceannasaí an aerárthaigh d'údaráis an Stáit ina gcuirfidh sé aon duine ó bhord de bhun an Airteagail seo go bhfuil an duine sin curtha ó bhord aige agus na cúiseanna lena chur ó bhord.

Airteagal 9

1. Féadfaidh ceannasaí an aerárthaigh aon duine a sheachadadh d'údaráis inniúla aon Stáit Chonarthaigh a dtuirlingeoidh an t-aerárthach ina chríoch a mbeidh foras réasúnach aige a chreidiúint gníomh a bheith déanta aige ar bhord an aerárthaigh arb é a thuairim gur cion tromchúiseach é de réir dlí pionósach Stát cláraitheachta an aerárthaigh.

2. Tabharfaidh ceannasaí an aerárthaigh, a luaithe is indéanta é, agus más féidir é roimh thuirlingt i gcríoch Stáit Chonarthaigh agus duine ar bord a bheartaíonn ceannasaí an aerárthaigh a sheachadadh de réir na míre sin roimhe seo, fógra d'údaráis an Stáit sin go mbeartaíonn sé an duine sin a sheachadadh agus ag insint na gcúiseanna atá leis sin.

3. Tabharfaidh ceannasaí an aerárthaigh do na húdaráis dá seachadfar aon duine faoi amhras ciona de réir forálacha an Airteagail seo fianaise agus faisnéis a bheidh, faoi dhlí Stát cláraitheachta an aerárthaigh, go dleathach ina sheilbh.

Airteagal 10

Ní bhreithneofar ceannasaí an aerárthaigh, aon chomhalta eile den fhoireann, aon phaisinéir, úinéir nó oibritheoir an aerárthaigh ná an duine a ndearnadh an eitilt thar a cheann, freagrach i leith aon bhearta a rinneadh de réir an Choinbhinsiúin seo in aon imeacht i ngeall ar an gcóir a cuireadh ar an duine ar feidhmíodh na bearta sin ina choinne.

Caibidil IV—Aerárthach a Urghabháil go Neamhdhleathach

Airteagal 11

1. Nuair a bheidh duine ar bord tar éis gníomh toirmisc, urghabhála nó feidhmiú éagórach ar urlámhas aerárthaigh agus í ar eitilt a dhéanamh go neamhdhleathach le forneart nó le bagairt fornirt nó nuair a bheifear ar tí gníomh den sórt sin a dhéanamh, déanfaidh na Stáit Chonarthacha gach beart iomchuí chun urlámhas an aerárthaigh a thabhairt ar ais dá ceannasaí dleathach nó chun a urlámhas ar an aerárthach a chaomhnú.

2. Sna cásanna a luaitear sa mhír sin roimhe seo, tabharfaidh an Stát Conarthach ina dtuirlingeoidh an t-aerárthach cead dá paisinéirí agus dá foireann leanúint dá dturas a luaithe is indéanta sin, agus tabharfaidh sé an t-aerárthach agus a lasta ar ais do na daoine ar dleathach dóibh seilbh a bheith acu orthu.

Caibidil V—Cumhachtaí agus Dualgais Stát

Airteagal 12

Ceadóidh aon Stát Conarthach do cheannasaí aerárthach atá cláraithe i Stát Conarthach eile aon duine a chur ó bhord de bhun Airteagal 8, mír 1.

Airteagal 13

1. Glacfaidh aon Stát Conarthach seachadadh aon duine a sheachadfaidh ceannasaí an aerárthaigh de bhun Airteagal 9, mír 1.

2. Ar a bheith deimhin d'aon Stát Conarthach go ndlíonn na himthosca sin, tógfaidh sé i gcoimeád nó déanfaidh sé bearta eile lena chinntiú go mbeidh i láthair aon duine a mbeifear in amhras gníomh a shamhlaítear in Airteagal 11, mír 1, a bheith déanta aige agus freisin aon duine a mbeidh a sheachadadh glactha aige. Is mar a fhoráiltear i ndlí an Stáit sin a dhéanfar an coimeád agus na bearta eile ach ní leanfar díobh ach ar feadh cibé tréimhse is gá le réasún chun go bhféadfar aon imeachtaí coiriúla nó eiseachadta a thionscnamh.

3. Tabharfar d'aon duine a bheidh i gcoimeád de bhun na míre sin roimhe seo cúnamh chun teagmháil a dhéanamh láithreach leis an ionadaí cuí is cóngaraí de chuid an Stáit dar náisiúnach é.

4. Déanfaidh aon Stát Conarthach, dá seachadfar duine de bhun Airteagal 9, mír 1, nó a dtuirlingeoidh aerárthach ina chríoch tar éis gníomh a shamhlaítear in Airteagal 11, mír 1, a bheith déanta, réamfhiosrúchán láithreach faoi na fíorais.

5. Tar éis do Stát a bheith tar éis duine a thógáil i gcoimeád de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh sé fógra láithreach do Stát cláraitheachta an aerárthaigh agus don Stát dar náisiúnach an duine coinnithe agus, más cuí leis, d'aon Stát leasmhar eile, go bhfuil an duine sin i gcoimeád agus na himthosca a dhlíonn a choinneáil. Déanfaidh an Stát a dhéanfaidh an réamhfhiosrúchán a luaitear i mír 4 den Airteagal seo a chinneadh a thuairisciú go tapaidh do na Stáit sin agus cuirfidh sé in iúl an mbeartaíonn sé dlínse a fheidhmiú.

Airteagal 14

1. Nuair a bheidh aon duine curtha ó bhord de réir Airteagal 8, mír 1, nó seachadta de réir Airteagal 9, mír 1, nó tar éis dul ó bhord tar éis gníomh a shamhlaítear in Airteagal 11, mír 1, a dhéanamh, agus nuair nach féidir leis an duine sin nó nach mian leis leanúint dá thuras agus go ndiúltaíonn an Stát tuirlingthe é a ligean isteach, féadfaidh an Stát sin, mura náisiúnach nó buanchónaitheoir de chuid an Stáit sin an duine sin, é a chur ar ais go dtí críoch an Stáit dar náisiúnach nó buanchónaitheoir é nó go dtí críoch an Stáit inar thosaigh sé a aerthuras.

2. Ní mheasfar gur ligean isteach i gcríoch an Stáit Chonarthaigh lena mbaineann, chun críche a dhlí maidir le daoine teacht isteach nó a ligean isteach sa Stát sin, cur ó bhord, ná seachadadh, ná tógáil i gcoimeád ná bearta eile a shamhlaítear in Airteagal 13, mír 2, ná aischur an duine a bheidh i gceist, agus ní dhéanfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo difear do dhlí de chuid Stáit Chonarthaigh a bhaineann le daoine a ionnarbadh as a chríoch.

Airteagal 15

1. Gan dochar d'Airteagal 14, aon duine a bheidh curtha ó bhord de réir Airteagal 8, mír 1, nó seachadta de réir Airteagal 9, mír 1, nó a bheidh tar éis dul ó bhord tar éis gníomh a shamhlaítear in Airteagal 11, mír 1, a dhéanamh, agus ar mian leis leanúint dá thuras, féadfaidh sé, a luaithe is indéanta é, dul ar aghaidh go dtí aon cheann cúrsa is rogha leis mura gceanglóidh dlí an Stáit tuirlingthe air bheith i láthair le haghaidh imeachtaí eiseachadta nó coiriúla.

2. Gan dochar dá dhlí maidir le daoine teacht isteach agus a ligean isteach ina chríoch agus maidir le daoine a eiseachadadh agus a ionnarbadh as a chríoch, cuirfidh Stát Conarthach ar cuireadh duine ó bhord ina chríoch de réir Airteagal 8, mír 1, nó ar seachadadh duine ina chríoch de réir Airteagal 9, mír 1, nó ar tháinig duine ó bhord ina chríoch agus amhras air gníomh a shamhlaítear in Airteagal 11, mír 1, a bheith déanta aige, cóir ar an duine sin nach 1ú córtas dá chosaint agus dá shlándáil ná an chóir a chuirtear ar náisiúnaigh de chuid Stáit Chonarthaigh ina samhail de theagmhais.

Caibidil VI—Forálacha Eile

Airteagal 16

1. Déileálfar chun críocha eiseachadta le cionta a dhéantar ar aerárthaí atá cláraithe i Stát Conarthach amhail is dá mba chionta iad a rinneadh, ní amháin san áit inar tharla siad, ach fós i gcríoch Stát cláraitheachta na n-aerárthaí.

2. Gan dochar d'fhorálacha na míre sin roimhe seo, ní mheasfar go mbunaíonn aon ní sa Choinbhinsiún seo oibleagáid eiseachadadh a dheonú.

Airteagal 17

Le linn aon bhearta fiosraithe nó gabhála a bheith á ndéanamh nó le linn dlínse a bheith á feidhmiú ar shlí eile ag na Stáit Chonarthacha i ndáil le haon chion a rinneadh ar bord aerárthaigh, tabharfaidh siad aird chuí ar shábháilteacht agus leasanna eile na haerloingseoireachta agus gníomhóidh siad sa chaoi nach gcuirfear moill gan ghá ar an aerárthach, ar na paisinéirí, ar an bhfoireann ná ar an lasta.

Airteagal 18

Má bhunaíonn Stáit Chonarthacha comheagraíochtaí oibríochta aeriompair nó gníomhaireachtaí oibríochta idirnáisiúnta a bheidh ag oibriú aerárthaí nach mbeidh cláraithe in aon Stát áirithe, déanfaidh na Stáit sin, de réir imthosca an cháis, Stát as a líon a ainmniú a áireofar, chun críocha an Choinbhinsiúin seo, mar Stát cláraitheachta agus tabharfaidh siad fógra ina thaobh sin don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus cuirfidh an Eagraíocht sin an fógra sin i bhfios do na Stáit go léir is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo.

Caibidil VII—Clásail Chríochnaitheacha

Airteagal 19

Féadfar, go dtí an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir forálacha Airteagal 21, é a shíniú thar ceann aon Stát is Comhalta de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon cheann de na Sainghníomhaireachtaí ar an dáta sin.

Airteagal 20

1. Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe ag Stáit a shínithe de réir a nósanna imeachta bunreachtúla.

2. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.

Airteagal 21

1. A luaithe a bheidh dhá cheann déag de na Stáit a shínigh an Coinbhinsiún seo tar éis a n-ionstraimí daingniúcháin a thaisceadh, tiocfaidh sé i bhfeidhm eatarthu an nóchadú lá tar éis dáta an dóú hionstraim déag daingniúcháin a thaisceadh. Tiocfaidh sé i bhfeidhm do gach Stát a dhaingneoidh é dá éis sin an nóchadú lá tar éis a ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh.

2. A luaithe a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, cláróidh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta é le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 22

1. Féadfaidh aon Stát is Comhalta de na Náisiún Aontaithe nó d'aon cheann de na Sainghníomhaireachtaí aontú don Choinbhinsiún seo tar éis dó teacht i bhfeidhm.

2. Aontóidh Stát trí ionstraim aontachais a thaisceadh leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus glacfaidh an t-aontachas sin éifeacht an nóchadú lá tar éis dáta an taiscthe sin.

Airteagal 23

1. Féadfaidh aon Stát Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh trí fhógra a bheidh dírithe chuig an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.

2. Glacfaidh séanadh éifeacht sé mhí tar éis don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta an fógra séanta a fháil.

Airteagal 24

1. Déanfar aon díospóid idir dhá Stát Chonarthacha nó níos mó maidir le léiriú nó feidhmiú an Choinbhinsiúin seo nach féidir a shocrú trí iomairliú a chur chun eadrána ar cheann de na Stáit sin á iarraidh sin. Mura bhféadfaidh na Páirtithe, laistigh de shé mhí ón dáta a iarrfar an eadráin, comhaontú ar eagrú na headrána, féadfaidh aon Pháirtí díobh sin an díospóid a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta trí iarratas i gcomhréir le Reacht na Cúirte.

2. Féadfaidh gach Stát, le linn an Coinbhinsiún seo a shíniú nó a dhaingniú nó aontú dó, a dhearbhú nach measann sé é féin a bheith faoi cheangal ag an mír sin roimhe seo. Ní bheidh na Stáit Chonarthacha eile faoi cheangal ag an mír sin roimhe seo maidir le haon Stát Conarthach a chuir coinníoll den sórt sin.

3. Féadfaidh aon Stát Conarthach a chuir coinníoll de réir na míre sin roimhe seo an coinníoll sin a tharraingt siar tráth ar bith trí fhógra chuig an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.

Airteagal 25

Ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 24 ní fhéadfar aon choinníoll a chur maidir leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 26

Tabharfaidh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta fógra do na Stáit go léir is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon cheann de na Sainghníomhaireachtaí i dtaobh na nithe seo a leanas:

(a) aon síniú a cuireadh leis an gCoinbhinsiún seo agus dáta an tsínithe sin;

(b) aon ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a taisceadh agus an dáta a taisceadh é;

(c) an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir Airteagal 21, mír 1;

(d) aon fhógra séanta a fháil agus an dáta a fuarthas é; agus

(e) aon dearbhú nó fógra a rinneadh faoi Airteagal 24 a fháil agus an dáta a fuarthas é.

Dá FHIANú SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, agus iad údaraithe go cuí, a lámh leis an gCoinbhinsiún seo.

ARNA DHéANAMH i dTóiceo an ceathrú lá déag de Mheán Fómhair Míle Naoi gCéad Seasca a Trí i dtrí théacs fhíordheimhneacha a tarraingíodh suas sa Bhéarla, sa Fhraincis agus sa Spáinnis.

Taiscfear an Coinbhinsiún seo leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus, de réir Airteagal 19, coimeádfaidh an Eagraíocht sin ar oscailt chun a shínithe é agus cuirfidh an Eagraíocht sin cóipeanna deimhnithe de go dtí na Stáit go léir is Comhaltaí de na Náisiún Aontaithe nó d'aon Sainghníomhaireacht.

(Sínithe thar ceann Stát áirithe anseo síos).