|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) | Ar Aghaidh (CUID III Na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1972, a Leasú) |
AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1973
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1968, a Leasú. | |
[EN] |
Léiriú agus comhlua (Cuid II). |
3. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 . |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1973, a ghairm de na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1968, agus den Chuid seo den Acht seo le chéile. | |
[EN] |
Alt 3 den Phríomh-Acht leasú. |
4. —(1) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 3 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 4 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960 , agus le halt 3 d'Acht 1968: |
[EN] | “(1) Is é liúntas a bheidh le híoc le gach comhalta de Dháil Éireann faoin Acht seo liúntas de réir ráta £3,416 sa bhliain is iníoctha go míosúil. | |
[EN] | (2) Is é liúntas a bheidh le híoc le gach comhalta de Sheanad Éireann faoin Acht seo liúntas de réir ráta £2,023 sa bhliain is iníoctha go míosúil.”. | |
[EN] | (2) Measfar an t-alt seo a theacht i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1973. | |
[EN] |
Méadú ar na liúntais a bheidh le híoc faoin bPríomh-Acht. |
5. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach sa Phríomh-Acht i ndiaidh alt 3: |
[EN] | “3A. (1) Féadfaidh an Rialtas, aon uair is cuí leo é, ceann de na nithe seo nó an dá cheann acu a mhéadú le hordú, is é sin, an liúntas do gach comhalta de Dháil Éireann agus an liúntas do gach comhalta de Sheanad Éireann, is iníoctha faoi alt 3 den Acht seo. | |
[EN] | (2) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith ag ordú faoin alt seo má bhíonn sé sin sainráite ann. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh sí tar éis an dréacht a leagan faoina bráid, rún a rith ag dícheadú an dréachta, ní dhéanfar an t-ordú.”. |