An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Cáin Bhrabús Corparáide) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

19 1973

An tACHT AIRGEADAIS, 1973

Caibidil IV

Forálacha frithsheachanta agus pionóis

Athrú ar úinéireacht cuideachta: caillteanais trádála a dhícheadú agus liúntais chaipitiúla a shrianadh.

1964, Uimh. 15 .

39. —(1) Má tharlaíonn athrú iomchuí ar úinéireacht cuideachta—

(a) ní thabharfar aon fhaoiseamh faoi alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caillteanas a tabhaíodh i dtrádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta aon bhliain mheasúnachta a chríochnaigh sular athraíodh an úinéireacht, tríd an gcaillteanas sin a bhaint as, nó a fhritháireamh in aghaidh, méid na mbrabús nó na ngnóchan ar a ndéanfar an chuideachta a mheasúnú i leith cánach ioncaim faoi Sceideal D i ndáil leis an trádáil sin d'aon bhliain mheasúnachta a thosóidh tar éis an athrú úinéireachta sin;-

(b) chun críocha alt 241 (3), 244 (7), 245 (6), 248, 252, 254 (5), 295 nó 305 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní dhéanfar méid na liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt nuair a bheifear ag muirearú na mbrabús nó na ngnóchan as trádáil a bheidh á seoladh ag an gcuideachta aon bhliain mheasúnsachta a chríochnóidh roimh an athrú úinéireachta a chur le méid na liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt nuair a bheifear ag muirearú na mbrabús nó na ngnóchan as an trádáil sin d'aon bhliain mheasúnachta a thosóidh tar éis an athrú úinéireachta sin ná ní mheasfar gurb éard é méid na liúntas caipitiúil sin ná gur cuid den mhéid sin é;

(c) ní thabharfar aon fhaoiseamh faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1964 , i leith caillteanas a bhain don chuideachta i dtréimhse chuntasaíochta a thosóidh roimh an athrú úinéireachta, tríd an gcaillteanas sin a bhaint as brabúis nó a fhritháireamh in aghaidh brabúis a thiocfaidh chun na cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh tar éis an athrú úinéireachta sin.

(2)  (a) Baineann an fo-alt seo le haon chuideachta a dtarlóidh athrú iomchuí ar a húinéireacht, agus a mbainfidh caillteanas di sa bhliain mheasúnachta ina dtarlóidh an t-athrú úinéireachta.

(b) I gcás cuideachta lena mbaineann an fo-alt seo—

(i) déanfar méid an chaillteanais a bhainfidh don chuideachta an bhliain mheasúnachta ina dtarlóidh an t-athrú úinéireachta a chionroinnt ar an mbonn a shonraítear in alt 107 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus an caillteanas roimh athrú a ghairfear san fho-alt seo den mhéid a chionroinnfear i leith na coda sin den bhliain mheasúnachta roimh an athrú úinéireachta, agus an caillteanas iar-athrú a ghairfear san fho-alt seo den mhéid a chionroinnfear i leith na coda sin den bhliain mheasúnachta tar éis an athrú úinéireachta,

(ii) déanfar méid aon ioncaim, as ar baineadh cáin ioncaim, de chuid na cuideachta don bhliain mheasúnachta sin a chionroinnt faoi threoir an dáta ar a bhfuair an chuideachta an t-ioncam sin, agus an t-ioncam cáinghearrtha roimh athrú a ghairfear san fho-alt seo den mhéid a fuarthas sa chuid sin den bhliain sin roimh an athrú úinéireachta agus an t-ioncam cáinghearrtha iar-athrú a ghairfear san fho-alt seo den mhéid den ioncam sin a fuarthas sa chuid sin den bhliain sin tar éis an athrú úinéireachta,

(iii) déanfar méid aon ioncaim don bhliain sin, seachas an t-ioncam sin dá dtagraítear i bhfomhír (ii), a chionroinnt ar an mbonn a shonraítear in alt 107 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus an t-ioncam roimh athrú a ghairfear san fho-alt seo den mhéid a chionroinnfear i leith na coda sin den bhliain sin roimh an athrú úinéireachta agus an t-ioncam iarathrú a ghairfear san fho-alt seo den mhéid a chionroinnfear i leith na coda sin den bhliain sin tar éis an athrú úinéireachta.

(c) I gcás ina n-éileoidh cuideachta lena mbaineann an fo-alt seo faoiseamh faoi alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith na bliana measúnachta ina dtarlóidh an t-athrú úinéireachta, ní rachaidh méid aon fhaoisimh a bheidh le tabhairt faoin alt sin 307 don bhliain mheasúnachta sin thar a suim seo a leanas :

(i) méid an fhaoisimh a thabharfaí i leith na bliana measúnachta sin dá mba rud é nach raibh sa chaillteanas a bhain don chuideachta an bhliain mheasúnachta sin ach méid an chaillteanais roimh athrú agus nach raibh in ioncam na cuideachta don bhliain mheasúnachta sin ach méid an ioncaim cháinghearrtha roimh athrú mar aon le méid an ioncaim roimh athrú;

agus

(ii) méid an fhaoisimh a thabharfaí dá mba rud é nach raibh sa chaillteanas a bhain don chuideachta an bhliain mheasúnachta sin ach méid an chaillteanais iar-athrú agus nach raibh in ioncam na cuideachta don bhliain mheasúnachta sin ach méid an ioncaim cháinghearrtha iar-athrú mar aon le méid an ioncaim iar-athrú.

(d) Ní chuirfear i gcuntas, chun críocha alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon chaillteanas roimh athrú, nach mbeidh faoiseamh tugtha, nó tugtha go hiomlán, ina leith faoi aon fhoráil sna hAchtanna Cánach Ioncaim arna modhnú leis an bhfo-alt seo.

(3) Más rud é, le linn brabúis nó gnóchain as trádáil atá á seoladh ag cuideachta, a dtarlóidh athrú iomchuí ar a húinéireacht, a bheith á muirearú don bhliain mheasúnachta ina dtarlóidh an t-athrú úinéireachta, go mbeidh liúntais chaipitiúla le tabhairt, áireofar—

(a) cibé cion d'aon asbhaint a bheidh le déanamh faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus is inchurtha i leith na coda sin den bhliain mheasúnachta roimh an athrú úinéireachta, agus

(b) cibé cion d'aon liúntais chaipitiúla a bheidh le tabhairt faoi aon fhoráil seachas an t-alt sin 241 a dúradh, agus ar liúntais chaipitiúla iad i leith caiteachas a tabhaíodh roimh an athrú úinéireachta,

mar mhéid liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt i leith bliain mheasúnachta a chríochnaigh roimh an athrú úinéireachta.

(4)  (a) I gcás ina ndearnadh an faoiseamh i leith caillteanais nó méid na liúntas caipitiúil a tugadh i leith cuideachta ar tharla athrú iomhchuí ar a húinéireacht a shrianadh faoin alt seo, ansin, d'ainneoin alt 304 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nuair a bheidh forálacha Chuid XVI den Acht sin i dtaobh muirir chothromaíochta á bhfeidhmiú i leith na cuideachta faoi threoir aon teagmhais tar éis an athrú úinéireachta, déanfar neamhshuim d'aon liúntais chaipitiúla a bheidh le tabhairt i leith na cuideachta d'aon bhliain mheasúnachta a chríochnaigh roimh an athrú úinéireachta mura rud é gur leor na brabúis nó na gnóchain don bhliain mheasúnachta sin nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin a chríochnaigh roimh an athrú úinéireachta chun éifeacht a thabhairt do na liúntais.

(b) Nuair a bheidh mír (a) á feidhmiú measfar feidhm a bheith á baint as aon bhrabúis nó gnóchain chun éifeacht a thabhairt d'aon liúntais chaipitiúla den sórt sin i dtosaíocht ar iad a fhritháireamh in aghaidh caillteanais nach inchurtha i leith na liúntas sin.

(5) Nuair a bheidh fo-alt (1) (c) á fheidhmiú maidir leis an tréimhse chuntasaíochta inar tharla an t-athrú iomchuí ar úinéireacht cuideachta, áireofar mar dhá thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid a chríochnaigh leis an athrú úinéireachta, agus an chuid a thosaigh dá éis sin, agus déanfar brabúis nó caillteanais na tréimhse cuntasaíochta a chionroinnt ar an dá chuid. Is ar bhonn ama a dhéanfar an chionroinnt de réir fad faoi seach na gcodanna sin ach más dealraitheach go n-oibreodh an modh sin go míréasúnach nó go héagórach úsáidfear cibé modh eile is dealraitheach a bheith cóir réasúnach.

(6)  (a) Chun críocha an ailt seo measfar gur tharla athrú iomchuí ar úinéireacht cuideachta más rud é—

(i) in aon tréimhse trí bliana gur tharla athrú ar úinéireacht na cuideachta agus mórathrú ar chineál nó ar sheoladh thrádáil de chuid na cuideachta, cibé acu is i gcomhthráth leis an athrú úinéireachta nó roimhe nó dá éis a tharla an mórathrú sin, nó

(ii) gur tharla athrú ar úinéireacht na cuideachta aon tráth tar éis scála gníomhaíochtaí i dtrádáil de chuid na cuideachta dul i laghad nó i léig, agus roimh aon mhórbhorradh teacht ar an trádáil.

(b) I mír (a) folaíonn “mórathrú ar chineál nó ar sheoladh thrádáil”—

(i) mórathrú ar an gcineál maoine a ndéileáiltear inti, nó ar na seirbhísí nó ar na saoráidí a sholáthraítear, sa trádáil, nó

(ii) mórathrú ar chustaiméirí, ar chóracha díola nó ar mhargaí na trádála,

agus beidh feidhm ag an alt seo fiú más as próis leanúnach a thosaigh lasmuigh den tréimhse trí bliana a luaitear i mír (a) (i) a tháinig an t-athrú.

(c) Beidh éifeacht ag an gCúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

(7) San alt seo agus sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

ciallaíonn “liúntais chaipitiúla” liúntais, seachas liúntais a bheidh le tabhairt le linn brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh, faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó faoi Chuid XIV, XV, XVI nó XVII den Acht sin;

ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe.

(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo más roimh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, a tharla an t-athrú úinéireachta agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) (a) (i) má críochnaíodh an mórathrú i gcineál nó i seoladh na trádála roimh an dáta sin; ach, ar shlite eile, beidh éifeacht ag an alt seo faoi threoir toscaí agus teagmhais roimh an dáta sin agus, fairis sin, faoi threoir toscaí agus teagmhais níos deireanaí.

Srian le liúntais chothromaíochta ar fhoirgnimh agus déanmhais tionscail a dhíol.

1968, Uimh. 7 .

40. —(1) Beidh éifeacht ag an alt seo—

(a) má dhíoltar an leas iomchuí i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas faoi réir íosleasa; agus

(b) go mbeadh, ar leith ón alt seo, liúntas cothromaíochta faoi alt 265 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le tabhairt de bhua an díola, don duine nó chun sochair don duine (dá ngairtear an duine iomchuí san alt seo) a bhí i dteideal an leasa iomchuí díreach roimh an díol; agus

(c)      (i) go mbeidh baint ag an duine iomchuí, ag an duine a ndíolfar an leas iomchuí leis agus ag deontaí an íosleasa, nó aon bheirt acu, lena chéile de réir brí fho-alt (6), nó

(ii) gur dealraitheach, maidir leis an díol nó le deonú an íosleasa, nó maidir le hidirbhearta lena n-áirítear an díol nó an deonú, gurb é an t-aon sochar nó an príomhshochar a mheasfaí, murach an t-alt seo, a d'fhaibhreodh do na páirtithe nó d'aon pháirtí díobh liúntas nó asbhaint a fháil faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) Chun críocha an ailt sin 265, measfar maidir le glanfháltas an duine iomchuí as an díol—

(a) é a bheith méadaithe de mhéid is comhionann le haon phréimh is infhaighte aige as an íosleas a dheonú; agus

(b) i gcás nach iníoctha aon chíos, nó aon chíos tráchtála, i leith an íosleasa, gurb é a suim seo a leanas é—

(i) méid na bhfáltas sin dá mba go raibh cíos tráchtála iníoctha agus gur díoladh an leas iomchuí ar an margadh oscailte, agus

(ii) aon mhéid a bheidh le cur leis faoi mhír (a);

ach ní mheasfar, de bhua an fho-ailt seo, gur mó glanfháltais an díola ná cibé méid a áiritheoidh nach mbeidh aon liúntas cothromaíochta le tabhairt.

(3) I gcás ina n-oibreoidh fo-alt (2), maidir le díol, chun liúntas cothromaíochta a dhiúltú nó a laghdú i leith aon chaiteachais, déanfar iarmhar an chaiteachais sin díreach tar éis an díola a ríomh chun críocha na Caibidle sin I amhail is dá mba gur tugadh an liúntas cothromaíochta sin, nó, de réir mar a bheidh, nár laghdaíodh é.

(4) I gcás ina ndéanfar na téarmaí ar ar deonaíodh íosleas a athrú roimh an leas iomchuí a dhíol, áireofar aon chomaoin chaipitiúil i leith an athraithe, chun críocha an ailt seo, mar phréimh chun an leas a dheonú, agus déanfar an cheist i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil cíos iníoctha i leith an leasa, agus, má tá, cad é an cíos é, a chinneadh faoi threoir na dtéarmaí mar a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an díol.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “íosleas” aon leas san fhoirgneamh nó sa déanmhas lena mbaineann nó aon cheart thar an bhfoirgneamh nó thar an déanmhas sin, cibé acu is é an duine iomchuí féin nó duine éigin eile a dheonaigh é;

folaíonn “préimh” aon chomaoin chaipitiúil ach amháin cibé cion d'aon suim a bheidh ar comhréir le haon mhéid cíosa nó brabús a bheidh le ríomh faoi threoir na suime sin faoi alt 83 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “comaoin chaipitiúil” comaoin ar suim chaipitiúil í nó ar suim chaipitiúil a bheadh inti dá mba i bhfoirm íocaíochta airgid di;

folaíonn “cíos” aon chomaoin nach comaoin chaipitiúil;

ciallaíonn “cíos tráchtála” cibe cíos a mheasfaí le réasún a éileofaí i leith an íosleasa áirithe, ag féachaint d'aon phréimh is iníoctha as an leas a dheonú, dá mba idirbheart gan tuilleamaí an t-idirbheart.

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar baint a bheith ag daoine lena chéile dá measfaí baint a bheith acu lena chéile chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

(7) Forléireofar an t-alt seo amhail is dá mba alt é a bhí i gCaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus beidh feidhm aige in aon chás inar díoladh nó ina ndíolfar an leas iomchuí an 3ú lá d'Iúil, 1973, nó dá éis.

Leasú ar alt 117 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

41. —Leasaítear leis seo alt 117 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis :

“(7) Má thabhaíonn duine a bhfuil baint aige le comhlacht corpraithe caiteachas, ar chaiteachas é den chineál a luaitear i mír (a) d'fho-alt (1) dá mba é an comhlacht corpraithe a thabhaigh é, measfar, chun críocha an ailt seo, gurbh é an comhlacht corpraithe a thabhaigh an caiteachas agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha fho-alt (1) maidir le haon duine, ar stiúrthóir nó fostaí é de chuid an chomhlachta chorpraithe, ar ina leith a tabhaíodh an caiteachas.

(8) Measfar baint a bheith ag duine le comhlacht corpraithe chun críocha fho-alt (7), más duine é—

(a) is iontaobhaí ar chomhshocraíocht de réir brí alt 447, a rinne an comhlacht corpraithe, nó

(b) is comhlacht corpraithe,

agus go measfaí baint a bheith ag an duine sin leis an gcomhlacht corpraithe chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .”.

Alt 121 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , do scor.

42. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 121 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1973-74 ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

Leasú ar alt 128 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

43. —Leasaítear leis seo alt 128 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “nó cáin a sheoladh chun an Bhailitheora” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “doiciméid eile a thabhairt ar aird”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an fho-ailt sin :

“(1A) Más comhlacht daoine an duine a luaitear i bhfo-alt (1), dlífear pionós ar leithligh £20 a chur ar an rúnaí.”.

Leasú ar alt 335 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1896, c. 25.

44. —Leasaítear leis seo alt 335 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis :

“(2) Ní bheidh cara-chumann cláraithe i dteideal díolúine ó cháin faoin alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta, is é sin, an bhliain 1973-74 nó aon bhliain dá éis sin, má chinneann na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha teidil chun díolúine don bhliain sin, nach gcomhlíonann an cumann na coinníollacha seo a leanas :

(a) gur d'aontoisc chun aon cheann nó gach ceann de na críocha atá leagtha amach in alt 8 (1) den Friendly Societies Act, 1896, a bunaíodh é agus nach chun buntáiste cánach a fháil; agus

(b) go raibh sé, ó bunaíodh é, ag gabháil go heisiatach do ghníomhaíochtaí le haghaidh na gcríocha dar bunaíodh é amhlaidh agus nach raibh sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí trádála, seachas i modh árachais i leith comhaltaí, d'fhonn brabúis a dhéanamh.

(3) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh faoin alt seo ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le cara-chumann cláraithe, breithneoidh siad aon fhianaise a chuirfidh an cumann faoina mbráid maidir leis an ábhar.

(4) In aon chás inarb éagóir le cara-chumann cinneadh ó na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt seo maidir leis an gcumann, beidh an cumann i dteideal achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc in aghaidh chinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim agus déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh amhail is dá mba achomharc é in gcoinne measúnacht i leith cánach ioncaim agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha an Achta Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le hachomharc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí.”.

Leasú ar alt 413 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

45. —Leasaítear leis seo alt 413 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£100” a chur in ionad “£50”.

Leasú ar alt 503 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

46. —Leasaítear leis seo alt 503 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “nó, i gcás calaoise, £1,000,” a chur isteach i ndiaidh “£500,” i mír (a) (i) (I).