An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 1 Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide) Ar Aghaidh (Caibidil III Cáin Bhrabús Corparáide)

19 1973

An tACHT AIRGEADAIS, 1973

Caibidil II

Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide

Muirearú i leith cánach a chur i mbaint le brabúis agus ioncam as gníomhaíochtaí a sheoltar agus fostaíochtaí a fheidhmítear ar an Scairbh Ilchríochach.

1968, Uimh. 14 .

1960, Uimh. 7 .

33. —(1) San alt seo agus sa Tríú Sceideal—

(a) ciallaíonn “gníomhaíochtaí taiscealaíochta nó saothraithe” gníomhaíochtaí a sheoltar i ndáil le taiscealadh nó saothrú na coda sin de ghrinneall agus d'fho-ithir na farraige agus a n-ábhair mhaoine nádúrtha atá sa Stát nó i limistéar ainmnithe;

(b) ciallaíonn “cearta taiscealaíochta nó saothraithe” cearta chun sócmhainní a bheidh le cur ar fáil trí ghníomhaíochtaí taiscealaíochta nó saothraithe nó chun leasanna sna sócmhainní sin nó chun tairbhe na sócmhainní sin;

(c) ciallaíonn “limistéar ainmnithe” limistéar atá ainmnithe le hordú faoi alt 2 den Acht um an Scairbh Ilchríochach, 1968 ;

(d) ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin nó cáin bhrabús corparáide, de réir mar is iomchuí, agus ciallaíonn “chun críocha cánach” chun críocha aon cheann de na cánacha sin.

(2) Aon bhrabúis nó gnóchain as gníomhaíochtaí taiscealaíochta nó saothraithe a sheoltar i limistéar ainmnithe nó as cearta taiscealaíochta nó saothraithe áireofar iad chun críocha cánach mar bhrabúis nó gnóchain as gníomhaíochtaí nó maoin sa Stáit.

(3) Aon bhrabúis nó gnóchain a thagann chun aon duine nach bhfuil cónaí air sa Stát as gníomhaíochtaí taiscealaíochta nó saothraithe a sheoltar sa Stát nó i limistéar ainmnithe nó as cearta taiscealaíochta nó saothraithe áireofar iad chun críocha cánach mar bhrabúis nó gnóchain as trádáil a sheolann an duine sin sa Stát trí bhrainse nó gníomhaireacht.

(4) I gcás gníomhaíochtaí taiscealaíochta nó saothraithe a bheith á seoladh ag duine thar ceann sealbhóir ceadúnais a deonaíodh faoin Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960 , measfar, chun críche aon mheasúnachta i leith cánach, gur gníomhaire don duine sin an sealbhóir ceadúnais sin.

(5) Aon díolaíochtaí as oifig nó fostaíocht i leith dualgais a rinneadh i limistéar ainmnithe i ndáil le gníomhaíochtaí taiscealaíochta nó saothraithe áireofar iad chun críocha cánach mar dhíolaíochtaí i leith dualgais a rinneadh sa Stát.

(6) Beidh éifeacht ag an alt seo chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) don bhliain 1973-74 agus do bhlianta measúnachta dá éis sin, agus chun críocha cánach brabús corparáide i leith aon bhrabúis a tháinig nó a thiocfaidh an 1ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis.

(7) Beidh éifeacht ag an Tríú Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

Díolúine ó cháin ar ioncam as ríchíosanna paitinne.

1964, Uimh. 12 .

34. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “paitinn cháilitheach” paitinn ar sa Stát a rinneadh ina leith an taighde, an phleanáil, an phróiseáil, an turgnamh, an tástáil, an seiftiú, an dearadh, an fhorbairt nó aon ghníomhaíocht eile den sórt sin ba réamhshaothar i leith an aireagáin is ábhar don phaitinn;

ciallaíonn “ioncam as paitinn cháilitheach” aon ríchíos nó aon suim eile a íoctar as úsáid aireagán lena mbaineann an phaitinn cháilitheach agus folaíonn sé aon suim a íoctar as ceadúnas a dheonú chun cearta a fheidhmiú faoin bpaitinn sin;

ciallaíonn “cónaitheoir sa Stát” aon duine a bhfuil cónaí air sa Stát chun críocha cánach ioncaim agus nach bhfuil cónaí air in aon áit eile; áireofar gur cónaitheoir sa Stát cuideachta más sa Stát a bhainistítear agus a rialaítear í.

(2) Cónaitheoir sa Stát a dhéanfaidh éileamh chuige sin agus a chuirfidh tuairisceán ar fáil san fhoirm fhorordaithe i dtaobh a ioncam iomlán as gach bunadh, arna mheas de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, beidh sé i dteideal go ndéanfar neamhshuim, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, agus na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, d'aon ioncam a tháinig nó a thiocfaidh chuige as paitinn cháilitheach an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis.

(3) Más rud é, faoi alt 92 d'Acht na bPaitinní, 1964 , nó faoi aon fhorálacha comhréire i ndlí aon tíre eile, go mbeidh aireagán is ábhar do phaitinn á dhéanamh, á úsáid, á fheidhmiú nó á dhíol ag an Stát nó le haghaidh seirbhís an Stáit nó ag rialtas na tíre lena mbaineann nó le haghaidh seirbhís an rialtais sin, beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo ionann is dá mba gur de bhun ceadúnas a rinneadh, a úsáideadh, a feidhmíodh, nó a díoladh an t-aireagán sin agus gur ioncam as paitinn cháilitheach aon suimeanna a íocadh ina leith sin.

(4) Má bhíonn, de bhun an ailt seo, neamhshuim le déanamh d'aon ioncam a tháinig nó a thiocfaidh chun duine, ní áireofar an duine sin, de bhíthin na neamhshuime sin, mar dhuine a scoir de sheilbh a bheith aige ar bhunadh amháin go hiomlán de réir brí alt 75 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(5) D'fhonn teacht ar an méid ioncaim a mbeidh neamhshuim le déanamh de faoin alt seo chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé cionroinnt is gá a dhéanamh ar fháltais agus ar chaiteachais.

(6) Féadfar an faoiseamh a fhoráiltear san alt seo a thabhairt trí aisíoc nó i slí eile.

(7) Beidh feidhm ag forálacha Sceideal 4 agus mhír IX de Sceideal 18 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le díolúintí ó cháin faoin alt seo.

Ús ar chánacha agus ar dhleachtanna neamhíoctha.

1891, c. 39.

1972, Uimh. 22 .

35. —Aon ús is iníoctha—

(a) faoi alt 15 den Stamp Act, 1891, agus faoi fho-ailt (2) agus (3) d'alt 69 den Acht seo,

(b) faoi alt 129 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó

(c) faoi alt 21 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 ,

beidh sé iníoctha gan aon asbhaint cánach ioncaim agus ní lamhálfar é le linn aon ioncam, brabúis nó caillteanais a bheith á ríomh chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim, nó na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide.