An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tACHT AIRGEADAIS, 1973) Ar Aghaidh (Caibidil II Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide)

19 1973

An tACHT AIRGEADAIS, 1973

CUID 1

Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 129 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1967, Uimh. 6 .

1. —(1) Leasaítear leis seo alt 129 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an méid seo a leanas a chur leis:

“Ar choinníoll, más lú ná £5 méid an úis arna ríomh amhlaidh, gur £5 an méid úis is iníoctha.”.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) maidir le hús is inmhuirir d'aon mhí dar tosach dáta an Achta seo a rith nó dáta dá éis sin, nó d'aon chuid de mhí mar sin, ar cháin a ndlíonn nó ar dhligh an fostóir í a tharchur ar an dáta sin nó roimhe nó dá éis.

Leasú ar alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

2. —Leasaítear leis seo alt 138 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£104” a chur in ionad “£74”.

Leasú ar alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1969, Uimh. 21 .

3. Leasaítear leis seo alt 141 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969 ):

“(1A) Is í an asbhaint dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a)  (i) i gcás leanbh lena mbaineann mír (a) den fho-alt sin agus a gcruthóidh an t-éilitheoir go raibh sé os cionn 11 bhliain d'aois i dtosach na bliana measúnachta, £170, agus i gcás aon linbh eile den sórt sin, £155, nó

(ii) i gcás leanbh lena mbaineann mír (aa) den fho-alt sin agus a gcruthóidh an t-éilitheoir go raibh sé os cionn 11 bhliain d'aois i dtosach na bliana measúnachta, £220, agus i gcás aon linbh eile den sórt sin, £205;

(b) i gcás leanbh lena mbaineann fo-alt (1) (b) (i), £170;

(c) i gcás leanbh lena mbaineann fo-alt (1) (b) (ii) agus a gcothabhálann an t-éilitheoir é go hiomlán nó go páirteach ar a chostas féin, £220 mura lú ná £220 an méid a chaith an t-éilitheoir sa bhliain mheasúnachta ag cothabháil an linbh, agus, i gcás inar lú ná £220 an méid a caitheadh amhlaidh, an méid sin:

Ar choinníoll—

(i) gur asbhaint in ionad, agus nach asbhaint i dteannta, aon asbhaint i mbeadh teideal ag an éilitheoir chuici i leith an linbh faoi alt 142 aon asbhaint faoi fho-alt (1) (b) (ii); agus

(ii) nach mbeidh an t-éilitheoir i dteideal níos mó ná asbhaint amháin faoi fho-alt (1) i leith an linbh chéanna.”.

(2) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A)—

“(1AA) I gcás ina mbeidh nó ina mbeadh an t-éilitheoir i dteideal, tar éis iarratas a dhéanamh go cuí, liúntas leanaí a fháil ar feadh na bliana measúnachta i leith níos mó ná leanbh amháin, déanfar an asbhaint a bheidh le tabhairt faoi fho-ailt (1) agus (2)—

(i) a laghdú £15 i gcás leanbh amháin den sórt sin, agus

(ii) a laghdú £23 an duine i gcás aon leanaí den sórt sin de bhreis ar leanbh amháin.

(1AAA) Más rud é, don bhliain 1973-74 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, gur mó ná £2,500 ioncam iomlán an éilitheora don bhliain mheasúnachta iomchuí ó gach bunadh, arna ríomh de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, agus go mbeidh nó go mbeadh an t-éilitheoir i dteideal, tar éis iarratas a dhéanamh go cuí, liúntas leanaí a fháil ar feadh na bliana measúnachta i leith aon linbh, déanfar aon asbhaint a bheidh le tabhairt faoin alt seo i leith an linbh sin, i dteannta aon laghdú a bheidh le déanamh de bhua fho-alt (1AA), a laghdú £42 don bhliain 1973-74 agus £50 d'aon bhliain dá éis sin:

Ar choinníoll go mbeidh éilitheoir a mbeidh méadú ar an méid cánach ioncaim a bheidh le híoc aige de dhroim forálacha an fho-ailt seo i dteideal go ndéanfaí an méid sin a laghdú go dtí suim is comhionann le cóimhéid na suimeanna seo a leanas, is é sin le rá, méid na cánach a bheadh le híoc dá mba £2,500, ach nár mhó ná sin, a ioncam iomlán, agus méid a ioncaim

iomláin de bhreis ar £2,500.”.

(3) tríd an míniú seo a leanas ar “liúntas leanaí” a chur in ionad an mhínithe i bhfo-alt (1B):

“ciallaíonn ‘liúntas leanaí’ liúntas faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1970, agus aon Acht iardain ar féidir na hAchtanna sin a lua ina theannta.”.

(4) Beidh éifeacht ag alt 523 (1) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá mba nár achtaíodh alt 141 (1AAA) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ).

Leasú ar alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1972, Uimh. 19 .

4. —Leasaítear leis seo alt 142 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£407” a chur in ionad “£355” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ) sa dá áit ina bhfuil an tsuim sin, agus trí “£347” a chur in ionad “£295” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 , a dúradh).

Leasú ar alt 154 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

5. —Chun críocha alt 154 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní chuirfear i gcuntas aon cháin a íocfar i leith ioncam do bhliain mheasúnachta a thosóidh tar éis na bliana 1972-73 ná aon fhaoiseamh a mbeadh duine ina theideal do bhliain mheasúnachta den sórt sin sna himthosca a luaitear san alt sin.

Leasú ar alt 211 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

6. —Leasaítear leis seo alt 211 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí fho-alt (4) a scriosadh.

Leasú ar alt 229 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

7. —Amhail ar an 6ú lá d'Aibreán, 1972, agus dá éis, leasaítear leis seo alt 229 (1) (i) den Acht Cáanach Ioncaim, 1967, trí na focail ó “cibé suim acu seo a leanas” go dtí deireadh na míre a scriosadh agus “méid is comhionann le ceithre oiread luach saothair deiridh an duine sin” a chur ina n-ionad.

Srian le halt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

8. —(1) Ní bhainfidh alt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le haon chaiteachas arna thabhú an 24ú lá d'Iúil, 1973, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1975, ag ceannach loinge nua.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le caiteachas arna thabhú faoi chonradh a rinneadh roimh an 24ú lá d'Iúil, 1973.

Leasú ar alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1975” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1973” i bhfo-alt (4) (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ).

(2) I gcás éileamh a dhéanamh ag duine an 3ú lá d'Iúil, 1973, nó dá éis, ar liúntas tosaigh faoi alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , d'aon bhliain mheasúnachta i leith innealra nó gléasra, ní rachaidh aon liúntas a thabharfar don duine sin faoin alt sin thar cibé suim a bheidh, tar éis í a chur—

(a) le méid aon asbhainte i leith an innealra nó an ghléasra a bheidh lamháilte don duine sin faoi alt 241 den Acht sin don bhliain mheasúnachta sin, agus

(b) le comhiomlán aon asbhaintí a bheidh lamháilte don duine sin i leith an innealra nó an ghléasra faoi na hailt sin 241 agus 251 do bhlianta measúnachta roimhe sin,

comhionann le dearbhmhéid an chaiteachais a thabhaigh sé ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin.

Leasú ar alt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1971, Uimh. 23 .

10. —Leasaítear leis seo alt 254 (2) den Acht Cáanach Ioncaim, 1967, trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1975” a cur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1973” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 ).

Leasú ar alt 272 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

11. —(1) Leasaítear leis seo alt 272 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) I gcás inar mó comhiomlán na liúntas tosaigh agus na liúntas caithimh agus cuimilte a bheidh tugtha d'aon duine i leith aon innealra nó gléasra ná dearbhméid an chaiteachais a thabhaigh sé ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin, áireofar méid an bharrachais sin (dá ngairtear méid an bharrachais san fho-alt seo), ar theagmhas lena mbaineann míreanna (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1) tarlú, mar íocaíocht ar cóimhéid le suim a fuair an duine sin ar scór airgead díola, árachais, tarrthálais nó cúitimh, agus cuirfear é le haon airgead eile a fuarthas i leith an innealra nó an ghléasra sin agus gearrfar muirear cothromaíochta, agus is í suim ar a ngearrfar an muirear sin suim is comhionann—

(a) le méid an bharrachais sin i gcás gan aon airgead díola, árachais, tarrthálais nó cúitimh a bheith ann, nó

(b) le comhiomlán an airgid sin agus méid an bharrachais sin i gcás airgead díola, árachais, tarrthálais nó cúitimh a bheith ann.

(5A) I gcás, maidir le haon innealra nó gléasra, aon teagmhas tarlú lena mbaineann mír ar bith de mhíreanna (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1) agus teagmhas eile tarlú lena mbaineann aon mhír acu sin, cuirfear i gcuntas in aon liúntas cothromaíochta a thabharfar do dhuine, nó in aon mhuirear cothromaíochta a ghearrfar air, de bhua an teagmhas is déanaí acu tarlú, aon liúntas cothromaíochta a tugadh don duine sin nó aon mhuirear cothromaíochta a gearradh air roimhe sin i leith an chaiteachais a thabhaigh sé ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin.”.

(2) Beidh éifeacht, maidir le haon innealra nó gléasra, ag an alt seo i gcás an teagmhas is cúis leis an muirear cothromaíochta i leith an innealra nó an ghléasra sin tarlú an 3ú lá d'Iúil, 1973, nó dá éis.

Leasú ar alt 336 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

12. —Leasaítear leis seo alt 336 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£450” a chur in ionad “£350” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 ).

Leasú ar alt 357 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

13. —Beidh éifeacht ag alt 357 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le haon díbhinn a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis, amhail is dá mba gur cuireadh “a rialaíonn, go díreach nó go neamhdhíreach, cuid nach 1ú ná deich faoin gcéad den chumhacht vótála sa chéad chuideachta” in ionad “arb í is úinéir tairbhiúil, go díreach nó go neamhdhíreach, ar chuid nach lú ná trí cheathrú de ghnáth-scairchaipiteal na céad chuideachta”.

Leasú ar alt 387 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

14. —Leasaítear leis seo alt 387 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis—

“(4) (a) Más rud é, faoi alt 456, go mbeidh comhlacht corpraithe i dteideal cáin ioncaim a bhaint as aon díbhinn, nach díbhinn lena mbaineann fo-alt (2) nó (3), ní dhéanfar in aon chás cáin a asbhaint de réir ráta is mó ná an ráta cánach ioncaim arna laghdú d'aon fhaoiseamh ón gcáin sin a thabharfar faoi réim nó de bhua na Caibidle seo, agus beidh feidhm ag forálacha alt 457 dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá.

(b) An ráta cánach ioncaim ar a mbeidh aon aisíoc cánach d'aon bhliain mheasúnachta le déanamh beidh sé faoi réir cibé coigeartuithe is cuí i gcásanna ina dtugtar faoiseamh faoi réim nó de bhua na Caibidle seo.

(c) Más rud é, de bhua mhír (a), gur de réir ráta laghdaithe a bhainfear cáin ioncaim as díbhinn, is é méid a bheidh le háireamh i leith na díbhinne in aon tuairisceán chun críche forchánach méid a mbeidh an chomhréir chéanna idir é agus méid na díbhinne is a bheidh idir an ráta cánach ioncaim arna bhaint as agus an ráta a údarófaí a asbhaint dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo.”.

Leasú ar alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

15. —Leasaítear leis seo alt 439 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ii):

“(iia) is iníoctha le haon chomhlacht daoine lena mbaineann forálacha alt 20 den Acht Airgeadais, 1973 , agus is iníoctha amhlaidh go ceann tréimhse a bhfuil nó a bhféadfadh go mbeadh fad trí bliana nó níos mó inti, nó”.

Leasú ar alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 .

16. —Leasaítear leis seo alt 22 (2) den Acht Airgeadais, 1971 , trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1975” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1973”.

Leasú ar alt 26 den Acht Airgeadais, 1971 .

17. —Leasaítear leis seo alt 26 (1) den Acht Airgeadais, 1971 , trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1975” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1973”.

Leasú ar alt 21 den Acht Airgeadais, 1972 .

18. —Leasaítear leis seo alt 21 den Airgeadais, 1972—

(a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (2):

“Ar choinníoll, i gcás aon aisíoca faoi scéim reachtúil a bunaíodh faoi reacht poiblí, go mbeidh riarthóir na scéime i dteideal an cháin is inmhuirir i leith an aisíoca sin a bhaint as méid an aisíoca”, agus

(b) trí “má bhíonn an riarthóir i dteideal faoi rialacha na scéime iomchuí nó ar shlí eile” a chur in ionad “má cheadaíonn rialacha na scéime iomchuí do riarthóir” i bhfo-alt (4).

Íocaíochtaí i leith leanaí tailidimíde.

19. —(1) Déanfar neamhshuim chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim d'ioncam lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Bainfidh an t-alt seo le haon ioncam arb éard é íocaíochtaí ón bhforas dá ngairtear Hilfswerk für behinderte Kinder le haon duine, nó i leith aon duine, atá faoi chithréim i ngeall ar easláine is féidir a chur i mbaint le máthair an duine sin do chaitheamh ullmhóidí ina raibh tailidimíd le linn di bheith torrthach.

Comhlachtaí chun Dearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine a shaothrú agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint a fheidhmiú.

20. —Más rud é maidir le haon chomhlacht daoine ag a bhfuil stádas comhairleach le hEagraíocht na Náisiún Aontaithe nó le Comhairle na hEorpa—

(a) gurb é a aon-aidhm nó a phríomh-aidhm urramú na bhforálacha i nDearbhú Uile-Choitheann Cearta an Duine a shaothrú nó an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint a fheidhmiú, nó iad araon, agus

(b) go gcoisceann a rialacha nó a bhunreacht air aon chuid dá mhaoin a íoc nó a aistriú go díreach nó go neamhdhíreach, ach amháin ar leor-chomhaoin luachmhar, chun aon chomhaltaí dá chuid i modh díbhinne, bronntanais, roinnte, bónais nó ar shlí ar bith eile i modh brabúis,

lamhálfar, i gcás an chomhlachta sin, ar éileamh a dhéanamh chuige sin ar na Coimisinéirí Ioncaim, cibé díolúine ó cháin ioncaim a bheidh le lamháil faoi alt 333 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i gcás comhlacht daoine ar chun críocha carthanúla amháin a bunaíodh é agus ar chun críocha carthanúla agus chun na gcríocha sin amháin a úsáidtear a ioncam go léir.

Íocaíochtaí le hollscoileanna.

21. —(1) I gcás ina ndéanfaidh duine a sheolann trádáil nó gairm—

(a) aon suim a íoc le hollscoil Éireannach an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis, chun a chur ar chumas na hollscoile sin taighde a dhéanamh ar ábhair fhormheasta nó iad a theagasc, agus

(b) nach ioncam lena mbaineann alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an tsuim a íocadh amhlaidh,

déanfar an tsuim a íocadh amhlaidh, murab inasbhainte amhlaidh ar slí eile í, a asbhaint mar chaiteachas nuair a bheifear ag ríomh na mbrabús nó na ngnóchan as trádáil nó as gairm an duine sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “ábhair fhormheasta”—

(a) caidreamh tionscail,

(b) margú, agus

(c) aon ábhar eile arna fhormheas ag an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo.

Cáin ioncaim a ghnóthú.

1968, Uimh. 33 .

22. —Bainfidh alt 131 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le gnóthú—

(a) aon mhéid cánach a measadh faoi alt 7 den Acht Airgeadais, 1968 , agus

(b) aon mhéid cánach a measadh faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1968 , a dúradh, nó aon iarmhéid cánach a measadh amhlaidh ach atá fós gan íoc,

ionann is dá mb'éard é an méid a measadh amhlaidh nó an iarmhéid cánach a measadh amhlaidh ach atá fós gan íoc méid cánach a dlíodh faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus aon rialacháin faoin gcéanna, de dhuine a thugann díolaíochtaí a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Polasaithe árachais saoil.

1936, Uimh. 45 .

23. —(1) Baineann an t-alt seo le haon pholasaí árachais saoil arna dhéanamh ar shaol duine faoi bhun sé bliana is caoga d'aois arb éard é polasaí dearlaice de réir brí fho-alt (2) agus a eiseofar nó a eisíodh i leith árachas a rinneadh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis :

Ar choinníoll go n-áireofar chun críocha an ailt seo polasaí árachais saoil a eisíodh i leith árachas a rinneadh roimh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, mar pholasaí a eisíodh i leith árachas a rinneadh tar éis an dáta sin má athraíodh é ar an dáta sin nó dá éis d'fhonn méadú a dhéanamh ar na sochair a urraíodh nó téarma an árachais a shíneadh.

(2) San alt seo agus sa Chéad Sceideal ciallaíonn “polasaí dearlaice” polasaí árachais saoil a urraíonn suim chaipitiúil is iníoctha ar dhuine maireachtáil go ceann téarma shonraithe nó d'fháil bháis roimhe sin, nó ar é d'fháil bháis nó a bheith míchumasaithe roimhe sin, ach ní fholaíonn sé polasaí a eisíodh i gcúrsa gnó árachais tionscail, de réir brí alt 3 den Acht Árachais, 1936 .

(3) Ní dheonófar faoiseamh ó cháin ioncaim faoi alt 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith na bpréimheanna is iníoctha ar pholasaí dearlaice ach amháin nuair is polasaí cáilitheach an polasaí sin de réir an Chéad Sceidil sin.

Caiteachais fialachta gnó.

24. —(1) Beidh éifeacht ag alt 61 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a mhéid a bhaineann le caiteachais a tabhaíodh ag soláthar fialachta gnó, amhail is dá mba gur cuireadh “go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas” in ionad “go hiomlán agus go heisiatach”.

(2) Nuair a bheifear ag ríomh aon chaiteachais bhainistí a bhféadfar faoiseamh a éileamh ina leith faoi alt 214 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní áireofar caiteachais a tabhaíodh ag soláthar fialachta gnó, ach amháin sa mhéid gur chun críocha gnó, go hiomlan, go heisiatach agus de riachtanas, a leagadh amach nó a caitheadh iad.

(3) Chun críocha alt 241, Chaibidil III de Chuid XIV, Chaibidlí I agus III de Chuid XV agus Chaibidlí II agus V de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 , déanfar úsáid aon sócmhainne chun fialacht ghnó a sholáthar, ach amháin sa mhéid gur úsáideadh an tsócmhainn chun fialacht ghnó a sholáthar ar chun críocha trádála, go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas, a leagadh amach nó a caitheadh na caiteachais a tabhaíodh á sholáthar, a áireamh mar úsáid ar shlí seachas chun críocha trádála.

(4) Sna caiteachais lena mbaineann fo-alt (1) áireofar, i gcás aon duine, aon suim a d'íoc sé le comhalta dá fhoireann, nó aon suim a d'íoc sé thar ceann an chomhalta sin, nó a chuir sé faoina réir, d'fhonn caiteachais a íoc a thabhaigh an duine sin nó a bheidh le tabhú aige ag soláthar fialachta gnó.

(5) Chun críocha an ailt seo ciallaionn “fialacht ghnó” fialacht (lena n-áirítear aon chineál oinigh) a sholáthraíonn duine, nó comhalta dá fhoireann, i ndáil le trádáil a sheolann an duine sin, ach ní fholaíonn sé aon ní a sholáthraíonn sé do chomhaltaí bona fide dá fhoireann mura dtéann a sholáthar dóibh sin lena sholáthar do dhaoine eile freisin.

(6) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le soláthar bronntanais díreach mar atá feidhm aige maidir le soláthar fialachta.

(7) San alt seo—

folaíonn tagairt do chaiteachais a tabhaíodh, nó d'úsáid sócmhainne, chun fialacht a sholáthar, tagairt do chaiteachais a tabhaíodh, nó d'úsáid sócmhainne, chun aon ní a ghabhann leis sin a sholáthar;

folaíonn tagairt do thrádáil tagairt do ghnó nó do ghairm;

aon tagairt do chomhaltaí d'fhoireann duine is tagairt í do dhaoine atá ar fostú ag an duine sin, stiúrthóirí cuideachta nó daoine atá i mbun bainistí na cuideachta agus chun na críche sin measfar gur daoine iad atá ar fostú aici.

(8) Bainfidh fo-ailt (1) agus (2) le caiteachais a tabhaíodh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, nó dá éis, agus bainfidh fo-alt (3) le húsáid ar an dáta sin nó dá éis.

Liúntais chaipitiúla do ghluaisteáin a chosnaíonn thar £2,500.

25. —(1) Maidir le feithicil lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht ag alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá mba rud é, chun críocha fho-alt (7) den alt sin, gur £2,500 dearbhchostas na feithicle, i gcás gur mhó ná an tsuim sin an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle, agus, i gcás ina mbeadh asbhaint, a lamhálfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, faoin alt sin 241, le laghdú de bhua an fho-ailt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim d'asbhaint a lamháil faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don asbhaint sin arna laghdú faoin bhfo-alt seo.

(2) Maidir le feithicil lena mbaineann an t-alt seo, ní bheidh sna hasbhaintí faoin alt sin 241 a bheidh le cur i gcuntas chun críocha Chaibidlí II agus V de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le linn méid an chaiteachais a bheidh fós gan lamháil aon tráth áirithe a bheith á ríomh, ach amháin na hasbhaintí a ríomhfar de réir forálacha fho-alt (1), agus beidh £2,500 de theorainn leis an méid a chuirfear i gcuntas de chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle.

(3) Más mó ná £2,500 an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar feithicil lena mbaineann an t-alt seo, déanfar aon liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta a ríomh, i gcás ina mbeidh airgead díola, árachais, tarrthálais nó cúitimh i gceist, ionann is dá ndéanfaí méid an airgid sin (nó, más rud é, de dhroim aon fhoráil eile sna hAchtanna Cánach Ioncaim seachas an fo-alt seo, gur méid éigin eile an méid a bheidh le háireamh mar mhéid an airgid sin, an méid eile sin) a laghdú de réir na comhréire idir £2,500 agus dearbhmhéid an chaiteachais sin.

(4) Más rud é, i gcás inar mó ná £2,500 an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar feithicil lena mbaineann an t-alt seo—

(a) go ndíolfaidh an duine a sholáthair an fheithicil (dá ngairtear an réamhúinéir anseo feasta) an fheithicil agus gur díol lena mbaineann alt 299 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an díol, nó

(b) go ndíolfaidh an réamhúinéir an fheithicil nó go dtabharfaidh sé uaidh í sa chaoi go mbeidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 277 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó ag an bhfo-alt sin arna chur chun feidhme le fo-alt (5) den alt sin, maidir leis an gceannaitheoir nó leis an deontaí, nó

(c) de dhroim duine a theacht i gcomharbas ag seoladh trádáil nó gairm an réamhúinéara, go mbeidh éifeacht ag alt 300 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

ansin, maidir leis an gceannaitheoir, an deontaí nó an comharba, áireofar, chun críocha an ailt sin 277, 299 nó 300, an praghas a rachadh an fheithicil dá ndíolfaí ar an margadh oscailte í, nó an caiteachas a thabhaigh an réamhúinéir ag soláthar na feithicle, mar phraghas nó mar chaiteachas arna laghdú de réir na comhréire idir £2,500 agus dearbhmhéid an chaiteachais sin; agus le linn fo-alt 3 a bheith á fheidhmiú i leith an cheannaitheora, an deontaí nó an chomharba, déanfar tagairtí don chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle a fhorléiriú mar thagairtí don chaiteachas a thabhaigh an réamhúinéir amhlaidh :

Ar choinníoll, i gcás éifeacht a bheith ag an bhfo-alt seo ar aon ócáid áirithe maidir leis an bhfeithicil, agus mura ndearnadh aon díol nó bronnadh ar an bhfeithicil ó shin seachas díol nó bronnadh lena mbaineann ceachtar de na hailt sin 277 agus 299, ansin, maidir le gach duine lena mbaineann, leanfaidh comhshamhail na n-iarmhairtí faoin bhfo-alt seo maidir le díol, bronnadh nó comharbas faoi mhíreanna (a) go (c) a tharlóidh ar aon ócáid dá éis sin ionann is dá mba rud é gur thabhaigh an duine, arb é an réamhúinéir é maidir leis an díol, an bronnadh nó an comharbas sin, caiteachas ag soláthar na feithicle ar cóimhéid leis an gcaiteachas a tabhaíodh amhlaidh ag an duine ba réamhúinéir ar an ócáid chéadluaite.

(5) Le linn alt 273 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheith á fheidhmiú maidir le cás inarb í an fheithicil an gléasra nua dá dtagraítear san alt sin, déanfar neamhshuim den caiteachas sa mhéid gur mó é ná £2,500, ach is foráil í seo gan dochar d'fheidhmiú na bhfo-alt sin roimhe seo maidir leis an bhfeithicil.

(6) I gcás inar mó ná £2,500 an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar feithicle ach faoin alt 303 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , go bhfuil aon chuid de le háireamh mar chaiteachas nár thabhaigh duine, ní foláir an méid (faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo) a bheidh le háireamh chun críocha Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar chaiteachas a thabhaigh an duine sin a laghdú de réir na comhréire idir £2,500 agus an caiteachas caipitiúil sin a tabhaíodh ag soláthar na feithicle.

Teorainn le liúntas athnuachana do gluaisteáin.

26. —D'fhonn a chinneadh cad é an méid (más ann) is incheadaithe—

(a) a asbhaint le linn brabúis nó gnóchain is inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal D a bheith á ríomh, nó

(b) a asbhaint as díolaíochtaí is inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal E, nó

(c) a chur i gcuntas chun críocha éileamh ar chaiteachais bhainistí faoi alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

i leith caiteachais chaipitiúil, is é sin caiteachas os cionn £2,500, a tabhaíodh ag soláthar feithicil lena mbaineann an t-alt seo, déanfar neamhshuim chun gach críche den bharrachas os cionn £2,500; ach más rud é nuair a bheidh athsholáthar á dhéanamh ar an bhfeithicil sin go mbeidh aon mhéid incheadaithe mar a dúradh i leith caiteachas caipitiúil ar aon fheithicil eile, ní foláir aon asbhaint a bheidh le déanamh, nuair a bheidh an méid sin is deireanaí atá luaite á chinneadh, i leith luach nó fáltas díola na feithicle ar soláthraíodh feithicil ina háit, nó a bheidh le déanamh i slí éigin eile ina leith sin, a laghdú go dtí an chomhréir idir £2,500 agus costas na feithicle ar soláthraíodh feithicil ina háit.

Teorainn le hasbhaintí, etc., i leith fruiliú gluaisteán.

27. —Más rud é, ar leith ón alt seo, go gceadófaí méid aon chaiteachais ag fruiliú (ar shlí seachas trí fhruilcheannach) feithicle lena mbaineann an t-alt seo a asbhaint nó a chur i gcuntas mar a luaitear in alt 26, agus gur mhó ná £2,500 praghas miondíola na feithicle tráth a déanta, déanfar an méid sin a laghdú de réir na comhréire idir £2,500 agus an praghas sin.

Gluaisteáin: forálacha i dtaobh fruilcheannaigh, etc.

28. —(1) I gcás feithicil lena mbaineann an t-alt seo, is é sin feithicil ar mó ná £2,500 a praghas miondíola tráth an chonartha atá i gceist, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas.

(2) I gcás duine a thabhaigh caiteachas caipitiúil ag soláthar feithicil lena mbaineann an t-alt seo faoi chonradh a d'fhoráil go mbeidh sé nó go bhféadfadh sé bheith ina úinéir ar an bhfeithicil ar an gconradh a chomhlíonadh, do scor de bheith i dteideal sochar an chonartha gan teacht chun bheith ina úinéir ar an bhfeithicil, fágfar an caiteachas sin, sa mhéid go mbaineann sé leis an bhfeithicil, as cuntas chun críocha alt 241 agus Chaibidlí II agus V de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus an méid (más ann) is incheadaithe mar a luaitear in alt 26 á chinneadh.

(3) I gcás éifeacht a bheith ag fo-alt (2), déanfar na híocaíochtaí go léir a rinneadh faoin gconradh a áireamh chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear go háirithe críocha alt 27) mar chaiteachas a tabhaíodh ag fruiliú na feithicle ar shlí seachas trí fhruilcheannach.

(4) Más faoi chonradh fruilcheannaigh a thógfaidh an duine a bheidh ag soláthar na feithicle í, ansin nuair a bheidh na híocaíochtaí faoin gconradh á gcionroinnt idir an caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar na feithicle agus aon chaiteachas eile, áireofar mar chaiteachas caipitiúil den sórt sin cibé cion de na híocaíochtaí sin a bheidh comhionann leis an bpraghas ab inmhuirir tráth déanta an chonartha, ar an duine a bheadh ag soláthar na feithicle dá mbeadh sé á fáil ar glandíol.

Gluaisteáin : forálacha i gcás fruilitheoir a theacht chun bheith ina úinéir.

29. —Má thagann duine a rinne feithicil lena mbaineann alt 27 a fhruiliú (ar shlí seachas trí fhruilcheannach) chun beith ina úinéir ar an bhfeithicil sin dá éis sin, agus gur mhó ná £2,500 praghas miondíola na feithicle tráth a déanta, ansin, chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim (agus go háirithe ailt 25 agus 27)—

(a) déanfar cibé cion de chomhiomlán na n-íocaíochtaí i leith fruiliú na feithicle agus aon íocaíocht chun í a fháil nach mó ná praghas miondíola na feithicle tráth a déanta a áireamh mar chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar na feithicle, agus mar chaiteachas a tabhaíodh nuair a thosaigh an fruiliú, agus

(b) déanfar na híocaíochtaí a bheidh le háireamh mar chaiteachas ar fhruiliú na feithicle a laghdú go rátúil ionas go mbeidh an comhiomlán ar aon mhéid leis an iarmhéid.

Forálacha forlíontacha a bhaineann le hailt 25 go 29.

30. —(1) Faoi réir an chéad fho-ailt eile ina dhiaidh seo, is iad na feithiclí lena mbaineann ailt 25 go 29 feithiclí bóthair inneallghluaiste atá déanta nó oiriúnaithe chun paisinéirí a iompar, seachas feithiclí de chineál nach n-úsáidtear go coitianta mar fheithicil phríobháideach agus atá neamhoiriúnach lena n-úsáid amhlaidh.

(2) Ní bheidh feidhm ag ailt 25 go 27 ná ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 28 ná ag alt 29 sa chás ina mbeidh feithicil arna soláthar nó, de réir mar a bheidh, ar fruiliú, go hiomlán nó go formhór lena fruiliú chuig daoine den phobal, nó chun daoine den phobal a iompar, i ngnáthchúrsa trádála.

(3) Ní bheidh feidhm ag aon cheann de na forálacha atá in ailt 25 agus 26 nó i bhfo-ailt (2) agus (3) d'alt 28 agus in alt 29 maidir le feithicil a sholáthróidh duine ar monaróir é a dhéanann feithiclí dá luaitear i bhfo-alt (1), nó a dhéanann páirteanna nó gabhálais do na feithiclí sin, má shuíonn sé gur d'aontoisc chun tástáil a dhéanamh ar an bhfeithicil nó ar pháirteanna nó ar ghabhálais d'feithiclí den sórt sin a soláthraíodh an céanna:

Ar choinníoll, má bhaineann sé úsáid as an bhfeithicil sin go forleathan ar mhodh nach bhfreastalaíonn don chuspóir sin agus don chuspóir sin amháin, sa tréimhse cúig bliana dar tosach an t-am a soláthraíodh an fheithicil, go measfar nach raibh éifeacht ag an bhfo-alt seo i leith na feithicle sin.

(4) (a) Déanfar gach measúnacht bhreise agus gach coigeartú breise ar mheasúnachtaí (lena n-áirítear measúnachtaí agus coigeartuithe ar mheasúnachtaí i leith cánach brabús corparáide) is gá chun éifeacht a thabhairt d'fho-ailt (2) agus (3) d'alt 28, d'alt 29 agus d'fho-alt (3), agus féadfar aon mheasúnachtaí breise den sórt sin nó aon choigeartuithe breise den sórt sin ar mheasúnachtaí a dhéanamh tráth ar bith.

(b) I gcás bás duine a bheadh, murach gur éag sé, inmhuirir i leith cánach d'aon bhliain faoi fhorálacha fho-ailt (2) agus (3) d'alt 28, alt 29 agus fho-alt (3), déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó ar a riarthóirí agus beidh sí ina fiach a bheidh dlite agus iníoctha as a eastát.

(5) ní fholaíonn na tagairtí atá in ailt 25 go 27 do chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag fruiliú feithicle tagairtí do chaiteachas a tabhaíodh roimh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, ná do chaiteachas a tabhaíodh faoi chonradh a rinneadh roimh an lá sin i gcás—

(a) an caiteachas a thabhú laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an lae sin, nó

(b) gur conradh fruilcheannaigh é nó chun ceannach i dtráthchodanna,

agus ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 28 ná ag alt 29 más roimh an lá sin a rinneadh an conradh.

(6) Déanfar an t-alt seo agus ailt 25 go 29 agus Cuid XIII agus Caibidlí II agus V de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a fhorléiriú mar aon ní amháin, ach amháin in alt 26 go ndéanfar “caiteachas caipitiúil” a fhorléiriú ar neamhaird le halt 303 (1) den Acht sin.

Cáin ioncaim ar dhíbhinní áirithe.

31. —Faoi réir forálacha ailt 76 agus 77 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna modhnú le Cuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, má bhíonn cáin ioncaim inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D i leith ioncam is díbhinn, de réir brí Airteagal 1 den Chomhaontú atá leagtha amach sa Dara Sceideal, is é sin díbhinn arna híoc an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis, ach tráth nach déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1975, áireofar san ioncam a bheidh inmhuirir i leith cánach ioncaim amhlaidh méid an chreidmheasa cánach a bhfuil foráil a íoca san Airteagal sin 1.

Daingniú ar chomhaontú maidir le cánachas dúbailte.

32. —Daingnítear leis seo an comhaontú atá leagtha amach sa Dara Sceideal, a rinneadh an 2ú lá de Bhealtaine, 1973, idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe ag leasú an chomhaontaithe a rinneadh an 14ú lá d'Aibreán, 1926, agus atá leagtha amach i gCuid I de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna leasú leis an gcomhaontú a rinneadh an 25ú lá d'Aibreán, 1928, agus atá leagtha amach sa Chuid sin, agus, faoi réir a dhaingnithe ag Parlaimint na Ríochta Aontaithe, beidh éifeacht aige dá réir sin.