6 1973


Uimhir 6 de 1973


AN tACHT DÉANTÓIREACHTA SIÚCRA (LEASÚ), 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA DÉANTÓIREACHTA SIÚCRA, 1933 AGUS 1962.

[27 Meitheamh, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1962, Uimh. 37 .

1933, Uimh. 31 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht Déantóireachta Siúcra (Leasú), 1962 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Déantóireachta Siúicre, 1933 .

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad fho-alt (1):

“(1) Aon uair a bheartóidh an Chuideachta aon bhintiúir a eisiúint féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ráthú go n-íocfaidh an Chuideachta go cuí de réir téarmaí na mbintiúr sin an phríomhshuim agus an t-ús ar an gcéanna a ráthaíodh leis na bintiúir sin, i cibé foirm agus modh agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) is cuí leis, agus féadfar ráthaíocht go n-íocfar costais theagmhasacha i ndáil le bintiúr a áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) An tagairt do phríomhshuim agus an tagairt d'ús i bhfo-alt (1) den alt seo measfar gur tagairt í do mhéid is comhionann in airgead reatha an Stáit leis an bpríomhshuim iarbhír agus leis an ús iarbhír, faoi seach, agus an méid comhionann sin a ríomh de réir chostas na príomhshuime iarbhír nó an úis iarbhír, de réir mar is iomchuí, in airgead reatha an Stáit.”.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) trí “de shé mhí” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “de nócha lá”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déanfar an clár comhardaithe agus an cuntas sochair agus dochair a bheidh le tabhairt mar a dúradh a tharraingt suas i cibé slí a ordóidh an tAire, agus beidh sa chlár comhardaithe sin coimriú ar chaipiteal, sócmhainní agus dliteanais na Cuideachta, mar aon le cibé sonraí a thaispeánfaidh cén sórt iad na sóchmhainní agus na dliteanais sin agus an tslí inar cinneadh luach na sócmhainní.”.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 3:

“3. Forálfar le hAirteagail Chomhlachais na Cuideachta—

(a) go mbeidh ar an gCuideachta cibé líon stiúrthóirí, gan dul thar dheichniúr, a chinnfidh an tAire ó am go ham;

(b) gurb é an tAire a ainmneoidh tromlach na stiúrthóirí (arb é an tromlach is lú é in aon chás áirithe);

(c) go mbeidh cumhacht ag an gCuideachta chun críocha na Cuideachta airgead (lena n-áirítear airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a chruinniú trí bhíthin bintiúr, ach sin faoi réir an méid seo a leanas:—

(i) ní rachaidh an méid a chruinneofar amhlaidh tráth ar bith thar scairchaipiteal láníoctha na Cuideachta,

(ii) ní fheidhmeofar an chumhacht sin gan toiliú an Aire, agus

(iii) maidir le hairgead a chruinneofar trí bhíthin bintiúr in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, is é an ráta iomlaoide an ráta iomlaoide de thuras na huaire don airgead reatha sin agus d'airgead reatha an Stáit;

(d) nach mbeidh duine incheaptha mar iniúchóir ar an gCuideachta mura mbeidh ceadú an Aire tugtha le hainmniú an duine sin don oifig mar iniúchóir ar an gCuideachta.”.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1962.

5. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1962 trí “go dtí deich milliún punt san iomlán arna roinnt ina dheich milliún scair” a chur in ionad “go dtí cúig mhilliún punt san iomlán arna roinnt ina chúig mhilliún scair”.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1962.

6. —Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1962 trí “ocht milliún cúig chéad míle punt” a chur in ionad “trí mhilliún cúig chéad míle punt”.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1962.

7. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1962—

(a) trí “(lena n-áirítear iasacht in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit)” a chur isteach i ndiaidh “iasacht” i bhfo-alt (1) (a),

(b) trí “agus féadfar ráthaíocht go n-íocfar costais theagmhasacha i ndáil leis an iasacht a áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin” a chur isteach i ndiaidh “agus an t-ús sin a íoc”,

agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Maidir le ráthaíochtaí arna dtabhairt ag an Aire Airgeadais in airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha ar Stáit—

(i) gach ceann de na tagairtí do phríomhshuim agus gach ceann de na tagairtí d'ús i bhfo-alt (2) den alt seo measfar gur tagairt í do mhéid is comhionann in airgead reatha an Stáit leis an bpríomhshuim iarbhír agus leis an ús iarbhír, faoi seach, agus an méid comhionann sin a ríomh de réir chostas na príomhshuime iarbhír nó an úis iarbhír, de réir mar is iomchuí, in airgead reatha an Stáit,

(ii) gach ceann de na tagairtí do phríomhshuim i bhfo-alt (4) den alt seo agus i mír (b) d'alt 7 den Acht seo measfar gur tagairt í do mhéid is comhionann in airgead reatha an Stáit leis an bpríomhshuim iarbhír, agus an méid comhionann sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide de thuras na huaire don airgead reatha sin agus d'airgead reatha an Stáit,

(iii) gach ceann de na tagairtí d'airgead i bhfo-alt (3) agus i bhfo-ailt (5) go (7) den alt seo agus i bhfo-alt (1) d'alt 6 den Acht seo measfar gur tagairt í do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.”.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1962.

8. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1962 trí “thar dheich milliún punt” a chur in ionad “thar chúig mhilliún punt”.

Leasú ar alt 10 d'Acht 1962.

9. —Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1962 trí “i gcás inarb í an Chuideachta nó” a chur isteach roimh “inar fo-chuideachta cheadaithe” i bhfo-alt (3).

Alt 10 (2) d'Acht 1962 a aisghairm.

10. —Aisghairtear leis seo alt 10 (2) d'Acht 1962.

Stiúrthóirí, oifigigh agus seirbhísigh na Cuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

11. —(1) Má ainmnítear stiúrthóir de chuid na Cuideachta mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

(2) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht na Cuideachta do theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse dar tosach an dáta a thiocfaidh sé chun bheith i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, suí sa Teach sin agus dar críoch dáta a scortha de bheith ina Chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, an dáta a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin nó a scoirfidh sé den fhostaíocht sin nó a fhoirceannfaidh an Chuideachta an fhostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an Chuideachta aon tuarastal ná pá, de réir mar a bheidh, in aghaidh na tréimhse sin leis, ná ní bheidh sé i dteideal sin a fháil ón gCuideachta.

(3) Duine ag a mbeidh de thuras na huaire teideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fhad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

Athrú ar mheabhrán comhlachais agus ar airteagail chomhlachais na Cuideachta.

1963, Uimh. 33 .

12. —Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , chun meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú d'fhonn iad a chur ar comhréir leis na hAchtanna Déantóireachta Siúcra, 1933 go 1973.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

13. —(1) Féadfar an tAcht Déantóireachta Siúcra (Leasú), 1973 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Déantóireachta Siúcra, 1933 go 1973, a ghairm de na hAchtanna Déantóireachta Siúcra, 1933 agus 1962, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar i dteannta a chéile iad mar aon Acht amháin.