|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 24 de 1972 | ||
[EN] |
AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1972 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1971. | ||
[21 Samhain, 1972] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS : | ||
[EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1942” Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aois-liúntas), 1942 . |
[EN] |
Leasú ar alt 7 d'Acht 1942. |
2. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1942 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1970 ): |
[EN] | “(9) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘seirbhís roimh ré’, maidir le duine, seirbhís leanúnach ag an duine i bhfostaíocht faoin mBord suas go dtí deireadh mí iomlán deiridh na seirbhíse sin roimh dháta a ligthe isteach i scéim aoisliúntais na bhfostaithe coiteanna. | |
[EN] | (b) D'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, aon scéim (dá ngairtear scéim leasaitheach san fho-alt seo) do leasú scéim aoisliúntais na bhfostaithe coiteanna féadfaidh sí, maidir le haon sochar aoisliúntais, a shocrú go ndéanfaidh an Bord, má thagann duine nach raibh i seirbhís an Bhoird an 1ú lá d'Aibreán, 1943, chun bheith ina chomhalta ranníocach, chun críocha an tsochair sin. laistigh de thrí mhí tar éis an lae a dhaingneoidh an tAire an scéim leasaitheach, íocaíochtaí i leith seirbhís roimh ré an duine leis an gciste a bunaíodh chun críocha scéim aoisliúntais na bhfostaithe coiteanna, agus beidh an duine i dteideal leath, agus sin an méid, dá sheirbhís roimh ré a áireamh le haghaidh an tsochair aoisliúntais sin.” | |
[EN] |
Liúntais fhorlíontacha d'fhostaithe coiteanna áirithe. |
3. —Féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo, liúntas forlíontach ar feadh a shaoil a dheonú do dhuine agus a íoc le duine— |
[EN] | (a) lena mbaineann fo-alt (9) (a cuirtear isteach leis an Acht seo) d'alt 7 d'Acht 1942, | |
[EN] | (b) a íocfaidh leis an mBord ranníoc ar cóimhéid le 1 faoin gcéad den luach saothair a d'íoc an Bord leis in imeacht na dtrí bliana díreach sular scoir sé d'fhostaíocht faoin mBord, agus | |
[EN] | (c) atá ag fáil pinsin faoi scéim aoisliúntais na bhfostaithe coiteanna (de réir bhrí Acht 1942), | |
[EN] | is liúntas forlíontach ar comhionann a mhéid iomlán i dteannta méid bliantúil an phinsin réamhráite agus— | |
[EN] | (i) leath ráta bhliantúil an luach saothair a d'íoc an Bord leis an duine díreach sular scoir sé d'fhostaíocht faoin mBord, nó | |
[EN] | (ii) méid bliantúil an phinsin ab iníoctha leis an duine réamhráite dá ndéanfaí iomlán a sheirbhíse leanúnaí i bhfostaíocht faoin mBord a áireamh chuige sin, | |
[EN] | cibé acu is 1ú. | |
[EN] |
Muirir ar mhaoin an Bhoird a dhíchur agus aisghairm iarmhartach. |
4. —Díchuirtear leis seo aon mhuirear ar mhaoin de chuid an Bhoird a bunaíodh faoi na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1954, agus aisghairtear leis seo alt 16 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 , agus alt 15 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú) (Uimh. 2), 1934 , agus cibé méid d'alt 40 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 agus d'ailt 4 agus 6 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 a bhunaíonn muirear ar mhaoin de chuid an Bhoird nó a údaraíonn a bhunú. |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
5. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1972 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1972, a ghairm de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1971, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad i dteannta a chéile mar aon Acht amháin. |