23 1972


Uimhir 23 de 1972


ACHT AN REIFRINN (LEASÚ), 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA AN REIFRINN, 1942 GO 1972. [11 Samhain, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Reifrinn bhunreachta maidir leis an mBille um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1972, agus leis an mBille um an gCúigiú Leasú ar an mBunreacht, 1972.

1963, Uimh. 19 .

1942, Uimh. 8 .

1. —I reifreann bunreachta maidir leis an mBille um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1972, agus i reifreann bunreachta maidir leis an mBille um an gCúigiú Leasú ar an mBunreacht, 1972—

(a) bedh an ráiteas atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an alt seo i gcárta vótaíochta a chuirfear amach faoi alt 64 (1) den Acht Toghcháin, 1963 ,

(b) cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar cárta vótaíochta freisin chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus ar liosta na bpostvótálaithe don dáilcheantar sin,

(c) gach cárta vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo—

(i) luafaidh sé gur do phostvótálaí é agus dá réir sin ní luafaidh sé an uimhir ná an áit dá dtagraítear san alt sin 64 (1),

(ii) beidh an ráiteas ann dá dtagraítear i mír (a) den alt seo, agus

(iii) cuirfear é leis an bpost chuig an toghthóir, an tráth céanna a chuirfear a pháipéar ballóide chuige, agus é dírithe chuige ag an seoladh a bheidh ar an gclúdach ina gcuirfear an páipéar ballóide chuige,

(d) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) den alt sin 64 maidir le cártaí vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo.

(e) cuirfidh oifigeach ceannais cóipeanna den ráiteas dá dtagraítear i mír (a) den alt seo ar taispeáint ina stáisiún vótaíochta agus i maighne a stáisiúin vótaíochta:

Ar choinníoll nach mbeidh aon reifreann ó bhail dlí mar gheall ar aon mhainneachtain cóipeanna den sórt sin a chur ar taispeáint in aon stáisiún vótaíochta nó i maighne aon stáisiúin vótaíochta,

(f) le linn Riail 18 (a cuireadh isteach leis an Acht Toghcháin, 1963 ) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942 , a bheith á feidhmiú cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (5)—

“(5)  (a) Má bhíonn páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an vótálaí tríd an togra a bheidh luaite sa pháipéar ballóide a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide agus a fhiafraí den vótálaí ‘Cé acu a thoilíonn tú nó nach dtoilíonn tú le dlí a dhéanamh den Bhille sin?’ agus déanfaidh sé ansin, mura cás é lena mbaineann fomhír (b) den mhír seo, an páipéar ballóide a mharcáil de réir freagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.

(b) Mura dtuigfidh an vótálaí brí na ceiste sin déanfaidh an t-oifigeach ceannais mar a leanas:—

(1) léifidh sé amach don vótálaí an ráiteas sin ar an togra is ábhar don reifreann atá leagtha amach i mír 1 den Fhoscríbhinn a ghabhann le halt 1 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1972 ,

(ii) fiafróidh sé ansin den vótálaí ‘Cé acu is mian leat a dhéanamh—vótáil i bhfabhar an togra chun an Bunreacht a leasú? nó vótáil i gcoinne an togra chun an Bunreacht a leasú?’, agus

(iii) marcálfaidh sé an páipéar ballóide ansin de réir freagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.”

FOSCRÍBHINN

1. Féadfaidh tú vótáil sna Reifrinn ar dhá thogra:—

AN PÁIPÉAR BALLÓIDE UAINE

An Bille um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1972: is é atá beartaithe leis an mBille sin an aois vótála íosta i dtoghcháin don Dáil agus don Uachtarán agus i Reifrinn a laghdú ó 21 bliain d'aois go dtí 18 mbliana d'aois.

AN PÁIPÉAR BALLÓIDE BÁN

An Bille um an gCúigiú Leasú ar an mBunreacht, 1972: is é atá beartaithe leis an mBille sin fo-ailt 2° agus 3° d'Airteagal 44.1 den Bhunreacht a scriosadh. Is iad seo a leanas na fo-ailt sin:

2° Admhuigheann an Stát an chéim fá leith atá ag an Naomh-Eaglais Chatoiliceach Aspalda Rómhánach ós í is caomhnaidhe don Chreideamh atá ag árd-urmhór na saoránach.

3° Admhuigheann an Stát, fairis sin, Eaglais na hÉireann, an Eaglais Phresbitéarach i nÉirinn, an Eaglais Mhetoidisteach i nÉirinn, Creideamh-Chumann na gCarad i nÉirinn, mar aon leis na Pobail Iúdacha agus na haicmí eile creidimh atá i nÉirinn lá an Bunreacht so do theacht i ngníomh.

Má thoilítear leis an togra, is mar seo a leanas a bheidh Airteagal 44:

Creideamh.

Airteagal 44.

1. Admhuigheann an Stát go bhfuil ag dul do Dhia na nUilechumhacht é d'adhradh le hómós go poiblidhe. Beidh urraim ag an Stát dá ainm, agus bhéarfaidh oirmhidin agus onóir do Chreideamh.

2.1° Ráthuighthear do gach saoránach saoirse choinsiais is saorchead admhála is cleachttha creidimh, ach gan san do dhul chun dochair don ord phoiblidhe ná don mhóráltacht phoiblidhe.

2° Ráthuigheann an Stát gan aon chóras creidimh do mhaoiniú.

3° Ní cead don Stát neach do chur fá mhí-chumas ar bith ná aon idirdhealú do dhéanamh mar gheall ar chreideamh nó admháil chreidimh nó céim i gcúrsaíbh creidimh.

4° Reachtaidheacht le n-a gcuirtear congnamh Stáit ar fagháil do scolaibh ní cead idirdhealú do dhéanamh innti idir scolaibh atá fá bhainistighe aicmí creidimh seachas a chéile ná í do dhéanamh dochair do cheart aon leinbh chun scoil a gheibheann airgead poiblidhe d'fhreastal gan teagasc creidimh sa scoil sin d'fhreastal.

5° Tá sé de cheart ag gach aicme chreidimh a ngnóthaí féin do bhainistighe, agus maoin, idir sho-aistrighthe agus do-aistrighthe, do bheith dá gcuid féin aca, agus í d'fhagháil agus do riaradh, agus fondúireachta chun crícheanna creidimh is carthannachta do chothabháil.

6° Ní cead maoin aon aicme creidimh ná aon fhondúireachta oideachais do bhaint díobh ach amháin le haghaidh oibreacha riachtanacha chun áise poiblide, agus san tar éis cúiteamh d'íoc leo.

2. MÁ THOILÍONN tú leis an togra atá sa Bhille lena mbaineann an páipéar ballóide, cuir X os coinne an fhocail TÁ ar an bpáipéar.

3. MURA dTOILÍONN tú leis an togra atá sa Bhille lena mbaineann an páipéar ballóide, cuir X os coinne an fhocail NÍL ar an bpáipéar.

4. Is féidir cóipeanna de na Billí a iniúchadh saor in aisce agus iad a cheannach ar dhá phingin go leith an ceann in aon Phost-Oifig.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar Acht an Reifrinn (Leasú), 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folófar an tAcht seo sa chomhlua, Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1972.

(3) Forléireofar an tAcht seo agus Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1972, mar aon ní amháin.