An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim) Ar Aghaidh (CUID II Dleachtanna Báis)

19 1972

AN tACHT AIRGEADAIS, 1972

Caibidil II

Scéimeanna Pinsean Gairme

Léiriú agus forlíontach.

13. —(1) Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “riarthóir”, maidir le scéim sochar scoir, an duine nó na daoine ag a bhfuil bainistí na scéime, agus measfar an duine a luaitear in alt 15 (2) (c) a bheith ar áireamh sna tagairtí do riarthóir scéime;

ciallaíonn “scéim cheadaithe” scéim sochar scoir arna ceadú de thuras na huaire ag na Coimisinéirí chun críocha na Caibidle seo;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí Ioncaim;

folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe nó aon chomhlacht neamhchorpraithe daoine seachas comhpháirtíocht;

folaíonn “stiúrthóir”, maidir le cuideachta—

(a) i gcás cuideachta a bhfuil a gnóthaí á mbainistí ag bord stiúrthóirí nó ag comhlacht dá shamhail sin, comhalta den bhord sin nó den chomhlacht dá shamhail sin,

(b) i gcás cuideachta a bhfuil a gnóthaí á mbainistí ag stiúrthóir aonair nó ag duine dá shamhail sin, an stiúrthóir nó an duine sin,

(c) i gcás cuideachta a bhfuil a gnóthaí á mbainistí ag na comhaltaí féin, comhalta den chuideachta sin,

agus folaíonn sé duine atá le bheith ina stiúrthóir nó a bhí ina stiúrthóir;

folaíonn “fostaí”—

(a) maidir le cuideachta, aon oifigeach don chuideachta, aon stiúrthóir ar an gcuideachta agus aon duine eile a ghlacann páirt i mbainistí gnóthaí na cuideachta, agus

(b) maidir le fostóir ar bith, duine atá le bheith ina fhostaí nó a bhí ina fhostaí,

agus forléireofar “fostóir” agus focail ghaolmhara eile dá réir sin;

tá le “scéim cheadaithe dhíolmhaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 16;

ciallaíonn “luach saothair deiridh” meánmhéid luach saothair bhliantúil na dtrí bliana deiridh seirbhíse;

ciallaíonn “gnáth-scairchaipiteal”, maidir le cuideachta, an méid iomlán atá eisithe de scairchaipiteal na cuideachta (cibé ainm a thugtar air), seachas caipiteal a bhfuil ceart ag a shealbhóirí chun díbhinne de réir ráta shocair nó de réir ráta a athraíonn de réir an ráta cánach ioncaim, ach nach bhfuil aon cheart eile acu chun scair i mbrabúis na cuideachta;

folaíonn “pinsean” blianacht;

ciallaíonn “stiúrthóir dílseánaigh” stiúrthóir cuideachta arb é an t-úinéir tairbhiúil é ar bhreis agus 15 faoin gcéad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta nó a bhfuil urlámh aige, go díreach nó trí bhíthin cuideachtaí eile nó ar aon slí indíreach eile, ar bhreis agus 15 faoin gcéad den ghnáth-scairchaipiteal sin;

ciallaíonn “fostaí dílseánaigh”, maidir le cuideachta, fostaí arb é an t-úinéir tairbhiúil é ar bhreis agus 15 faoin gcéad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta, nó a bhfuil urlámh aige, go díreach nó trí bhíthin cuideachtaí eile, nó ar aon slí indíreach eile, ar bhreis agus 15 faoin gcéad den ghnáth-scairchaipiteal sin;

ciallaíonn “sochair iomchuí” aon phinsean, cnapshuim, aisce nó sochar eile den tsamhail sin a tugadh nó atá le tabhairt ar scor nó ar bhás nó in oirchill scoir, nó, i ndáil le seirbhís roimhe sin, tar éis scoir nó báis, nó a bheidh le tabhairt ar aon athrú do theacht ar chineál seirbhíse an fhostaí a bheidh i gceist nó in oirchill aon athraithe den sórt sin nó i ndáil leis, ach ní fholaíonn sé aon sochar atá le tabhairt d'aon toisc de bhíthin bás nó míchumas duine de dheasca tionóisc a tharla de dhroim nó i gcúrsa a oifige nó a fhostaíochta agus dá bhíthin sin amháin;

ciallaíonn “seirbhís” seirbhís mar fhostaí an fhostóra a bheidh i gceist agus forléireofar focail eile, lena n-áirítear “scor”, dá réir sin;

ciallaíonn “scéim reachtúil” scéim sochar scoir a bunaíodh le haon achtachán nó faoi aon achtachán.

(2) Aon tagairt sa Chaibidil seo do sholáthar sochar iomchuí, nó pinsin, do fhostaithe fostóra folaíonn sé tagairt do sholáthar an chéanna trí bhíthin conartha idir an riarthóir nó an fostaí agus tríú duine.

(3) Chun críocha na mínithe i bhfo-alt (1) ar “stiúrthóir dílseánaigh” agus ar “fhostaí dílseánaigh” measfar, maidir le gnáthscairchaipiteal atá ar úinéireacht nó faoi urláimh mar atá ráite sna mínithe ag duine is céile nó is leanbh naín le stiúrthóir nó le fostaí, nó ag iontaobhaí iontaobhais ar mhaithe le duine nó le daoine arb é nó iad nó lena n-áirítear aon duine nó aon stiúrthóir nó aon fhostaí den sórt sin, gur ag an stiúrthóir sin nó ag an bhfostaí sin agus nach ag aon duine eile atá sé ar úinéireacht nó faoi urláimh.

(4) Beidh d'éifeacht ag an gCéad Sceideal gur forlíonadh ar an gCaibidil seo é agus forléireofar an Sceideal sin agus an Chaibidil seo mar aon ní amháin.

Míniú ar scéim sochar scoir.

14. —(1) Sa chaibidil seo, ciallaíonn “scéim sochar scoir”, faoi réir forálacha an ailt seo, scéim chun sochair a sholáthar arb éard iad nó a n-áirítear leo na sochair iomchuí, ach ní fholaíonn sé aon scéim faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1971, a sholáthraíonn na sochair sin.

(2) Folaíonn tagairtí sa Chaibidil seo do scéim tagairtí do ghníomhas, do chomhaontú, do shraith chomhaontuithe nó do chomhshocraíochtaí eile a dhéanann soláthar le haghaidh na sochar iomchuí d'ainneoin gan baint a bheith aige nó aici nó acu ach amháin—

(a) le líon beag fostaithe, nó le fostaí aonair, nó

(b) le híoc pinsin a thosóidh díreach ar na comhshocraíochtaí a dhéanamh.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí a mheas, más cuí leo é, maidir le scéim sochar scoir a bhaineann le fostaithe de dhá aicme nó de dhá chineál éagsúla nó níos mó gurb éard i, chun críocha na Caibidle seo, dhá scéim sochar scoir ar leithligh nó níos mó a bhaineann faoi seach le cibé ceann nó níos mó de na haicmí nó de na cineálacha fostaithe sin is cuí leis na Coimisinéirí.

(4) Chun críocha an ailt seo, agus críocha aon fhorála eile den Chaibidil seo—

(a) féadfar a mheas gur le haicmí nó le cineálacha éagsúla a bhaineann fostaithe má bhíonn siad fostaithe ag fostóirí éagsúla, agus

(b) féadfar gur fostaí aonair, nó aon líon fostaithe dá laghad, a bheidh in aicme áirithe nó i gcineál áirithe fostaithe.

Coinníollacha le scéimeanna a cheadú agus ceadú roghnach.

15. —(1) Faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo, déanfaidh na Coimisinéirí aon scéim sochar scoir a cheadú chun críocha na Caibidle seo má chomhlíonann sí na coinníollacha forordaithe go léir, is é sin le rá, na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (2), agus na coinníollacha maidir le sochair atá leagtha amach i bhfo-alt (3).

(2) Is iad seo na coinníollacha a dúradh—

(a) go bhfuil an scéim bunaithe bona fide d'aon toisc chun sochair iomchuí a sholáthar i leith seirbhíse mar fhostaí, ar sochair iad is iníoctha leis an bhfostaí nó le baintreach, le leanaí, le cleithiúnaithe nó le hionadaithe pearsanta an fhostaí,

(b) go bhfuil an scéim aitheanta ag an bhfostóir agus ag na fostaithe lena mbaineann sí, agus gur tugadh do gach fostaí atá ina chomhalta den scéim nó a bhfuil ceart aige bheith ina chomhalta di sonraí i scríbhinn faoi na sainghnéithe uile den scéim a bhaineann leis féin,

(c) go bhfuil duine ina chónaí sa Stát a bheidh freagrach i gcomhlíonadh na ndualgas go léir a chuirtear ar riarthóir na scéime faoin gCaibidil seo,

(d) go bhfuil an fostóir ina ranníocóir leis an scéim,

(e) go bhfuil an scéim á bunú i ndáil le trádáil nó le gnóthas éigin atá á sheoladh sa Stát ag duine a chónaíonn sa Stát,

(f) nach ndéanfar, i gcás gur cuideachta an fostóir, seirbhís duine ar bith, cibé cáil ina ndearna sé í, a rinne sé agus é ina stiúrthóir dílseánaigh ar an gcuideachta nó ina fhostaí dílseánaigh aici, a chur san áireamh chun críche ar bith de chríocha na scéime,

(g) nach bhféadfar aon suim a íoc, le linn don scéim a bheith ar marthain nó dá éis sin, ar mhodh aisíoc ranníocaí fostaí faoin scéim.

(3) Is iad seo na coinníollacha a dúradh maidir le sochair—

(a) gurb é atá in aon sochar d'fhostaí pinsean ar scor dó ag aois sonraithe nach luaithe ná 60 (nó, más bean an fostaí, 55) agus nach déanaí ná 70, nó ar scor roimhe sin mar gheall ar éagumas, nach mó ná an seascadú cuid de luach saothair deiridh an fhostaí in aghaidh gach bliana seirbhíse suas go dtí uasmhéid 40 bliana,

(b) gurb é a bheidh in aon phinsean d'aon bhaintreach fostaí a éagfaidh roimh scor dó pinsean is iníoctha ar a bhás de mhéid nach mó ná dhá thrian aon phinsean nó phinsin a b'fhéidir, de réir an choinníll i mír (a), a shoiáthar don fhostaí ar scor dó ar an aois sonraithe a shlánú dá leanadh sé ag fónamh go dtí gur shlánaigh sé an aois sin de réir ráta bhliantúil luach saothair is ionann agus a luach saothair deiridh,

(c) nach mbeidh aon chnapshuimeanna a sholáthrófar d'aon bhaintreach, leanaí, cleithiúnaithe nó ionadaithe pearsanta fostaí a éagfaidh roimh scor dó níos mó, san iomlán, na ceithre oiread luach saothair deiridh an fhostaí.

(d) gurb é a bheidh in aon sochar d'aon bhaintreach fostaí is iníoctha ar a bhás tar éis scor dó pinsean a thabharfaidh nach mó an tsuim is iníoctha leis an mbaintreach ná dhá thrian aon phinsin nó aon phinsean a b'iníoctha leis an bhfostaí,

(e) nach mbeidh aon phinsin do leanaí nó do chleithiúnaithe fostaí a éagfaidh roimh scor dó nó ar a bhás tar éis scor dó níos mó, san iomlán, ná leath an phinsin a shonraítear i mír (b) nó (d), de réir mar a bheidh,

(f) nach féidir aon phinsean a ghéilleadh, a iomalartú ná a shannadh, go hiomlán ná go páirteach, ach amháin a mhéid a cheadaíonn an scéim d'fhostaí ar scor dó, trína phinsean a iomalartú, cnapshuim nó cnapshuimeanna a fháil nach mó san iomlán ná trí ochtódú a luach saothair deiridh in aghaidh gach bliana seirbhíse suas go dtí 40 ar a mhéid,

(g) nach bhfuil aon sochair eile iníoctha faoin scéim.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí, más cuí leo, ag féachaint d'fhíorais cáis ar leith, agus faoi réir cibé coinníollacha, más aon choinníollacha iad, is cuí leo a chur ag gabháil leis an gceadú scéim sochar scoir a cheadú chun críocha na Caibidle seo d'ainneoin nach gcomhlíonann sí ceann nó níos mó ná ceann de na coinníollacha forordaithe. Féadfaidh na Coimisinéirí, go háirithe, scéim a cheadú de bhua an fho-ailt seo—

(a) a sháraíonn na teorainneacha a forchuireadh leis na coinníollacha forordaithe maidir le sochar i leith seirbhíse is lú ná daichead bliain, nó

(b) a cheadaíonn go mbeidh sochair iníoctha ar scor laistigh de dheich mbliana ón aois sonraithe nó ar bheith éagumasaithe roimhe sin, nó

(c) a fhorálann go ndéanfar, i dteagmhais áirithe, ranníocaí na bhfostaithe a thabhairt ar ais agus go n-íocfar ús (más aon ús é) ar na rannaíocaí, nó

(d) a bhaineann le trádáil nó le gnóthas nach seoltar ach go páirteach sa Stát agus sin ag duine nach gcónaíonn sa Stát.

Ag feidhmiú an fho-ailt seo dóibh maidir le scéim láithreach feidhmeoidh na Coimisinéirí a rogha, sna cásanna ina ndealraítear dóibh gur cuí sin—

(i) chun go gcaomhnófar sochair a tuilleadh nó cearta a d'éirigh as an tseirbhís roimh an gceadú faoin gCaibidil seo nó roimh thosach feidhme alt 18, cibé acu is túisce, agus

(ii) chun go gcaomhnófar aon chearta chun sochar báis-satseirbhís a tugadh le rialacha de chuid na scéime a bhí i bhfeidhm an 19ú lá d'Aibreán, 1972.

(5) Más é tuairim na gCoimisinéirí ó na fíorais maidir le haon scéim nó lena riaradh nach ceart dóibh feasta leanúint den scéim a cheadú féadfaidh siad tráth ar bith le fógra i scríbhinn don riarthóir a gecadú a tharraingt siar ar cibé foras agus ó cibé dáta a shonrófar san fhógra.

(6) I gcás athrú a bheith déanta ar scéim sochar scoir, ní bheidh feidhm tar éis dáta an athraithe ag aon cheadú a tugadh maidir leis an scéim roimh an athrú mura mbeidh an t-athrú ceadaithe ag na Coimisinéirí.

(7) Chun a chinntiú cibé acu a chomhlíonann scéim sochar scoir na coinníollacha ceadaithe nó a leanann sí dá gcomhlíonadh, a mhéid a bhaineann an scéim le haicme nó le cineál áirithe fostaithe, breithneofar an scéim sin in éineacht le haon scéim nó scéimeanna sochar scoir eile a bhaineann le fostaithe den aicme nó den chineál sin, agus, má bhíonn na coinníollacha sin comhlíonta i gcás an dá scéim sin nó i gcás na scéimeanna sin go léir le chéile, measfar iad a bheith comhlíonta i gcás gach scéim ar leith acu ach taobh amuigh de sin ní mheasfar na coinníollacha sin a bheith comhlíonta i gcás ceann ar bith acu.

(8) Ní thabharfar aon cheadú maidir le haon tréimhse roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1972.

Scéimeanna ceadaithe áirithe: díolúine agus faoiseamh.

16. —(1) Tá éifeacht ag an alt seo—

(a) maidir le haon scéim cheadaithe a dtaispeántar chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur faoi iontaobhais do-chúlghairthe a bunaíodh í, nó

(b) maidir le haon scéim cheadaithe eile a n-ordóidh na Coimisinéirí, ag féachaint dóibh d'aon imthosca ar leith, go mbeidh feidhm ag an alt seo maidir léi,

agus gairfear “scéim cheadaithe dhíolmhaithe” sa Chaibidil seo d'aon scéim atá faoi réim mhír (a) nó mhír (b) de thuras na huaire.

(2) Lamhálfar díolúine ó cháin ioncaim, ar éileamh chuige sin a bheith déanta, i leith ioncam ó infheistíochtaí nó ó thaiscí scéime, más ioncam é, nó a mhéid a bheidh na Coimisinéirí sásta gur ioncam é, ó infheistíochtaí nó ó thaiscí a shealbhaítear chun críocha na scéime.

(3) Lamhálfar díolúine ó cháin ioncaim, ar éileamh chuige sin a bheith déanta, i leith coimisiún frithgheallta má chuirtear na coimisiúin frithgheallta chun feidhme, nó a mhéid a bheidh na Coimisinéirí sásta go gcuirfear chun feidhme iad, chun críocha na scéime, agus a mbeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, cáin inmhuirir ina leith ar iontaobhaithe na scéime faoi Chás IV de Sceideal D.

(4) Aon suim a bheidh íoctha ag fostóir ar mhodh ranníoca faoin scéim, lamhálfar, chun críocha Chás I nó Chás II de Sceideal D agus forálacha alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bhaineann le costais bainistí, í a asbhaint mar chostas nó mar chostas bainistí a tabhaíodh sa bhliain inar íocadh an tsuim:

Ar choinníoll—

(a) nach mó méid na ranníocaí fostóra is féidir a asbhaint amhlaidh ná an méid a ranníoc sé faoin scéim i leith fostaithe i dtrádáil nó i ngnóthas a bhfuil cáin ioncaim inmheasúnaithe ar an bhfostóir i leith na mbrabús aisti nó as,

(b) go measfar, chun críocha an fho-ailt seo, maidir le suim nár íocadh ar mhodh gnáth-ranníoca bhliantúil, de réir mar a ordóidh na Coimisinéirí, gur costas í a tabhaíodh sa bhliain inar íocadh an tsuim, nó gur costas í is féidir a chur i leith cibé líon blianta is cuí leis na Coimisinéirí.

(5) (a) Aon ghnáth-ranníoc bliantúil a d'íoc fostaí faoin scéim ceadófar, nuair a bheidh cáin á measúnú faoi Sceideal E, í a asbhaint mar chostas a tabhaíodh sa bhliain inar íocadh an ranníoc.

(b) Aon ranníoc nach gnáth-ranníoc bliantúil a d'íoc nó a d'iompair fostaí faoin scéim, féadfar, de réir mar is cuí leis na Coimisinéirí—

(i) a mheas, maidir leis an mbliain inar íocadh é, gur gnáth-ranníoc bliantúil é a íocadh sa bhliain sin, nó

(ii) é a chionroinnt ar cibé blianta a ordóidh na Coimisinéirí agus measfar, maidir le méid an ranníoca a chuirfear mar sin i leith aon bhliana, gur gnáth ranníoc bliantúil é a íocadh sa bhliain sin.

(c) Ní bheidh méid comhiomlán aon ranníocaí (gnáth ranníocaí bliantúla nó ranníocaí a measfar gur gnáthranníocaí bliantúla iad) a cheadófar a asbhaint in aon bhliain níos mó ná 15 faoin gcéad den luach saothar don bhliain sin maidir leis an oifig nó leis an bhfostaíocht ar ina leith a íoctar na ranníocaí.

(6) Ní thabharfar faoiseamh faoi alt 143 nó 151 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith aon íocaíocht ar féidir liúntas a lamháil ina leith faoi fho-alt (5).

(7) Níl éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le hioncam a éireoidh nó le ranníocaí a íocadh tráth inar scéim cheadaithe dhíolmhaithe an scéim.

Scéimeanna reachtúla áirithe: díolúine agus faoiseamb.

17. —(1) Tá éifeacht ag an alt seo maidir le haon scéim reachtúil arna bunú faoi reacht poiblí.

(2) (a) Aon ghnáth-ranníoc bliantúil a d'íoc aon oifigeach nó aon fhostaí faoin scéim, lamhálfar, nuair a bheidh cáin á measúnú faoi Sceideal E, é a asbhaint mar chostas a tabhaíodh sa bhliain inar íocadh an ranníoc.

(b) Aon ranníoc, nach gnáth-ranníoc bliantúil, a d'íoc nó a d'iompar aon oifigeach nó aon fhostaí faoin scéim, féadfar, de réir mar is rogha leis na Coimisinéirí—

(i) a mheas, maidir leis an mbliain inar íocadh é, gur gnáth-ranníoc bliantúil é a íocadh sa bhliain sin, nó

(ii) é a chionroinnt ar cibé blianta a ordóidh na Coimisinéirí agus measfar, maidir le méid an ranníoca a chuirfear mar sin i leith aon bhliana, gur gnáth-ranníoc bliantúil é a íocadh sa bhliain sin.

(c) Ní bheidh méid comhiomlán aon ranníocaí (gnáth-ranníocaí bliantúla nó ranníocaí a measfar gur gnáth-ranníocaí bliantúla iad) a cheadófar a asbhaint in aon bhliain níos mó ná 15 faoin gcéad den luach saothair don bhliain áirithe sin maidir leis an oifig nó leis an bhfostaíocht ar ina leith a íoctar na ranníocaí.

(3) Ní thabharfar faoiseamh faoi alt 143 nó 151 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith aon íocaíocht ar féidir liúntas a lamháil ina leith faoi fho-alt (2).

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1973.

Muirear i leith cánach maidir le sochair iomchuí áirithe a sholáthrófar d'fhostaithe.

18. —(1) Faoi réir forálacha na Caibidle seo, i gcás, de bhun scéim sochar scoir, go n-íocfaidh an fostóir, bliain mheasúnachta ar bith, suim d'fhonn aon sochair iomchuí a sholáthar le haghaidh aon fhostaí de chuid an fhostóra sin, ansin (cibé acu atá nó nach bhfuil faibhriú na sochar sin ag brath ar aon teagmhas)—

(a) maidir leis an tsuim a íocadh, mura bhfuil sí inmhuirir thairis sin i leith cánach ioncaim mar ioncam leis an bhfostaí, measfar, chun gach críche de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim, gur ioncam leis an bhfostaí sin don bhliain mheasúnachta sin í, agus go bhfuil sí inmheasúnaithe i leith cánach faoi Sceideal E, agus

(b) i gcás gur faoi árachas nó conradh den chineál atá luaite in alt 143 nó 151 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a dhéantar an íocaíocht, tabharfar faoiseamh don fhostaí sin, mura mbeidh faoiseamh inlamháilte thairis sin, faoin alt sin 143 nó 151 i leith na híocaíochta a mhéid, más aon mhéid é, a bheadh an faoiseamh sin inlamháilte dó dá mba eisean a dhéanfadh an íocaíocht agus dá mba leis-sean a dhéanfaí an t-árachas nó an conradh faoina ndéantar an íocaíocht.

(2) Faoi réir forálacha na Caibidle seo, i gcás—

(a) nach é atá sna himthosca ina bhfuil aon sochair iomchuí faoi scéim sochar scoir le faibhriú imthosca de chineál a thabharfaidh go mbeidh na sochair inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim mar dhíolaíochtaí de chuid an fhostaí a bhfuil na sochair iníoctha ina leith, agus

(b) nach bhfuil soláthar na sochar sin urraithe, nó lán-urraithe, tríd an bhfostóir d'íoc suimeanna chun na sochair sin a sholáthar,

ansin (cibé acu atá nó nach bhfuil faibhriú na sochar ag brath ar aon teagmhas), measfar chun gach críche de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim gur ioncam leis an bhfostaí don bhliain nó do na blianta measúnachta a shonraítear i bhfo-alt (3) agus is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E suim is comhionann leis an gcostas, arna mheas de réir an fho-ailt sin (3), a bhaineann le hurrú an tsoláthair ag tríú duine le haghaidh na sochar no, de réir mar a bheidh, le haghaidh na sochar a mhéid nach bhfuil siad urraithe cheana féin trí na suimeanna sin a luaitear i bhfo-alt (1) a íoc.

(3) Déanfar an costas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a mheas—

(a) mar shuim bhliantúil is iníoctha i ngach bliain mheasúnachta a mbeidh, lena linn, an scéim atá i gceist i ngníomh nó an fostaí ag fónamh, suas go dtí an bhliain mheasúnachta, agus an bhliain sin a áireamh, ina bhfaibhreoidh na sochair nó ina mbeidh deireadh le haon dóchúlacht go bhfaibhreoidh siad choíche, nó

(b) mar shuim aonair is iníoctha sa bhliain mheasúnachta ar lá di an dáta a fuair an fostaí na cearta chun na sochar iomchuí, nó an dáta a fuair sé an ceart chun aon mhéadaithe ar na sochair iomchuí,

cibé acu is oiriúnaí in imthosca an cháis.

(4) I gcás go n-íocfaidh an fostóir aon suim mar a luaitear i bhfo-alt (1) i leith níos mó ná fostaí amháin, déanfar, chun críche an fho-ailt sin, an tsuim a íocadh amhlaidh a chionroinnt ar na fostaithe sin faoi threoir na suimeanna éagsúla nárbh fholáir a íoc chun na sochair ar leithligh a urrú a bheadh le soláthar dóibh faoi seach, agus measfar, chun na críche sin, an chuid den tsuim a cionroinneadh ar gach duine díobh a bheith íoctha ar leithligh i leith an duine sin díobh.

(5) Aon tagairt san alt seo do sholáthar sochar iomchuí le haghaidh fostaí folaíonn sí tagairt do sholáthar sochar is iníoctha le banchéile nó le baintreach, le leanaí, le cleithiúnaithe nó le hionadaithe pearsanta an fhostaí sin.

(6) Leasaítear leis seo alt 2 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(cc) aon íocaíocht is inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal E de bhua alt 18 den Acht Airgeadais, 1972 ;”.

(7) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) maidir le scéim a thiocfaidh chun bheith ann tráth ar bith ar an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó tar éis an lae sin, ach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó a thiocfaidh nó a tháinig chun bheith ann roimh an 6ú lá sin d'Aibreán, 1974, agus is ábhar d'athrú (seachas athrú ar dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim gur athrú é nach mbaineann le hábhar) tráth tar éis an dáta sin ach roimh an 6ú lá sin d'Aibreán, 1980, an tráth sin, agus

(b) maidir le haon scéim eile, an 6ú lá sin d'Aibreán, 1980.

Eisceachtaí ó mhuirear i leith cánach faoi alt 18.

19. —(1) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ná ag fo-alt (2) d'alt 18 i gcás gurb é atá sa scéim sochar scoir atá i gceist—

(a) scéim cheadaithe, nó

(b) scéim reachtúil, nó

(c) scéim a bhunaigh Rialtas lasmuigh den Stát chun sochar a chuid fostaithe nó go príomha chun sochar a chuid fostaithe.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ná ag fo-alt (2) d'alt 18 maidir le haon bhliain mheasúnachta ina dtarlaíonn, taobh amuigh de na fo-ailt sin, nach mbeidh an fostaí inmheasúnaithe, faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, i leith cánach ioncaim maidir le díolaíochtaí a fhostaíochta nó go mbeidh sé inmheasúnaithe amhlaidh maidir leo sin ar fhoras an mhéid a fuair sé sa Stát.

(3) I gcás, maidir le haon sochair iomchuí a sholáthar d'fhostaí, gur measadh suim a bheith ina hioncam dá chuid de bhua fho-alt (1) nó fho-alt (2) d'alt 18, agus go gcruthóidh an fostaí ina dhiaidh sin chun sástacht na gCoimisinéirí nach ndearnadh aon íocaíocht i leith nó in ionad na sochar agus go bhfuil teagmhas éigin tarlaithe nach ndéanfar dá bhíthin aon íocaíocht den sórt sin, agus go ndéanfaidh sé iarratas ar fhaoiseamh faoin bhfo-alt seo laistigh de shé bliana ón tráth a tharla an teagmhas sin, tabharfaidh na Coimisinéirí faoiseamh i leith cánach ar an tsuim sin trí aisíoc nó ar shlí eile de réir mar is cuí; agus má shásaíonn an fostaí na Coimisinéirí mar a dúradh roimhe seo maidir le cuid áirithe ar leith de na sochair, ach ní maidir leo go léir, féadfaidh na Coimisinéirí cibé faoiseamh a thabhairt is dóigh leo a bheith cóir réasúnach.

Pinsin a mhuirearú i leith cánach faoi Sceideal E.

20. —(1) Faoi réir fho-alt (2), muirearófar cáin faoi Sceideal E ar gach pinsean a íoctar faoi aon scéim a bheidh ceadaithe nó á breithniú lena ceadú faoin gCaibidil seo agus beidh feidhm dá réir sin ag Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) Maidir le haon scéim atá ceadaithe nó á breithniú lena ceadú faoin gCaibidil seo, féadfaidh na Coimisinéirí a ordú go ndéanfar, go dtí cibé dáta a shonróidh siad, pinsin faoin scéim a mhuirearú i leith cánach mar íocaíochtaí bliantúla faoi Chás III de Sceideal D, agus beidh cáin inasbhainte dá réir sin faoi Chuid XXVII den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

Muirearú i leith cánach ar ranníocaí fostaí a aisíoctar.

21. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, muirearófar cáin faoin alt seo ar aon aisíoc a tugadh d'fhostaí i rith a shaoil ar aon ranníocaí (lena n-áirítear ús ar ranníocaí, más ann) más amhlaidh a dhéanfar an íocaíocht—

(a) faoi scéim atá nó a bhí tráth ar bith ina scéim cheadaithe dhíolmhaithe, nó

(b) faoi scéim reachtúil arna bunú faoi reacht poiblí.

(2) I gcás aon íocaíocht a bheith inmhuirir i leith cánach faoin alt seo, déanfar cáin ioncaim a mhuirearú ar riarthóir na scéime faoi Chás IV de Sceideal D, agus faoi réir fho-alt (3), is é ráta na cánach 10 faoin gcéad.

(3) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais an ráta cánach faoi fho-alt (2) a mhéadú nó a laghdú ó am go ham le hordú.

(b) Déanfar gach ordú faoi mhír (a) a leagan faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is feidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá agus fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

(4) Is ar an tsuim a íocadh a mhuirearófar an cháin nó, má cheadaíonn rialacha na scéime iomchuí dá riarthóir an cháin a asbhaint roimh an íocaíocht, is ar an tsuim sular asbhaineadh an cháin a mhuirearófar í, agus ní áireofar mar ioncam chun aon chríche eile de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim an tsuim is inmhuirir amhlaidh i leith cánach.

(5) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (a) maidir le ranníoc a dhéanfar tar éis don scéim scor de bheith ina scéim cheadaithe dhíolmhaithe (mura dtiocfaidh sí arís chun bheith ina scéim cheadaithe dhíolmhaithe).

(b) Ní bhainfidh fo-alt (1) (b) le haon íocaíocht a rinneadh nó a dhéanfar roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1973.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás gur lasmuigh den Stát a rinneadh fostaíocht an fhostaí.

(7) San alt seo agus in alt 22, maidir le scéim reachtúil, folaíonn “fostaí” oifigeach.

Muirearú i leith cánach: an pinsean iomlán a iomalartú in imthosca speisialta.

22. —(1) I gcás go mbeidh—

(a) i scéim atá nó a bhí tráth ar bith ina scéim cheadaithe, nó

(b) i scéim reachtúil a bunaíodh faoi reacht poiblí,

riail a cheadaíonn, in imthosca speisialta, íocaíocht mar iomalairt ar phinsean iomlán fostaí agus go ndéanfar aon phinsean a iomalartú, go hiomlán nó go neamhiomlán, faoin riail, muirearófar cáin ar an méid ar mó an tsuim a bheidh le fáil ná—

(i) an tsuim is mó a bheadh le fáil mar iomalairt ar aon chuid den phinsean dá mba go raibh riail sa scéim á fhoráil nár cheart gur mhó luach comhiomlán na sochar iomchuí a b'iníoctha le fostai ar scor dó nó dá éis sin, gan aon phinsean a áireamh nach raibh in-iomalairte, ná trí ochtódú a luach saothair deiridh in aghaidh gach bliana seirbhíse suas go dtí 40 ar a mhéid, nó

(ii) an tsuim is mó a bheadh le fáil mar iomalairt ar aon chuid den phinsean faoi aon riail de chuid na scéime ag údarú iomalairt chuid den phinsean (ach ní é go léir) nó a bheadh le fáil amhlaidh mura mbeadh na himthosca sin,

cibé acu a thabharfaidh an méid is lú is inmhuirir i leith cánach.

(2) I gcás aon suim a bheith inmhuirir i leith cánach faoin alt seo, muirearófar cáin i leith na suime sin ar riarthóir na scéime i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D, agus beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 21 mar atá feidhm acu maidir le cáin is inmhuirir faoin alt sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás gur lasmuigh den Stát a rinneadh fostaíocht an fhostaí.

(4) Nuair a bheidh fomhír (i) nó (ii) d'fho-alt (1) á feidhmiú—

(a) cuirfear na nithe céanna san áireamh, lena n-áirítear forálacha aon Scéime iomchuí eile, a chuirfeadh na Coimisinéirí san áireamh ag feidhmiú alt 15 dóibh, agus

(b) i gcás go bhfuil scortha ag an scéim de bheith ina scéim cheadaithe, ní chuirfear san áireamh ach rialacha na Scéime ar dháta an scoir.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (b) maidir le haon íocaíocht a rinneadh nó a dhéanfar roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1973.

Muirearú i leith cánach: aisíocaíochtaí leis an bhfostóir.

23. —(1) I gcás go ndéanfar aon íocaíocht le fostóir nó go dtiocfaidh sí chun bheith dlite dó as cistí atá nó a bhí á sealbhú chun críocha scéime atá nó a bhí aon tráth ina scéim cheadaithe dhíolmhaithe, ansin—

(a) más le trádáil nó gairm a sheolann an fostóir a bhaineann an scéim, déileálfar leis an íocaíocht chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim mar fháltas ón trádáil nó ón ngairm sin is infhaighte nuair a bhíonn an íocaíocht dlite nó ar an lá deiridh ar a seolann an fostóir an trádáil nó an ghairm, cibé acu is túisce,

(b) más rud é nach le trádáil ná le gairm den sórt sin a bhaineann an scéim, muirearófar cáin ar an bhfostóir i leith méid na híocaíochta faoi Chás IV de Sceideal D, ach ní dhéanfar sin ach i gcoibhneas lena mhéid is ionann an íocaíocht agus ranníocaí ón bhfostóir faoin scéim a b'inlamháilte mar asbhaintí chun críocha cánach.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le híocaíocht a bhí dlite sular tháinig an scéim chun bheith ina scéim cheadaithe dhíolmhaithe.

(3) Folaíonn tagairtí sa scéim seo d'aon íocaiocht tagairtí d'aon aistriú sócmhainní nó d'aistriú eile airgeadluacha.

Leasú ar scéimeanna.

24. —(1) Baineann an t-alt seo le haon leasú ar scéim sochar scoir a bheartaítear i ndáil le hiarratas ar cheadú na gCoimisinéirí chun críocha na Caibidle seo is leasú atá riachtanach chun a chinntiú go dtabharfar ceadú amhlaidh, nó atá ceaptha chun na sochair faoin scéim a mhéadú suas go dtí na teorainneacha is oiriúnach i scéim dá n-iarrtar ceadú.

(2) Ní bheidh foráil, cibé slí ina sonrófar í, atá ceaptha chun bac a chur le haon leasú ar scéim a rachadh chun dochair dá ceadú faoi alt 222 nó 229 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ina cosc ar aon leasú lena mbaineann an t-alt seo.

(3) I gcás scéim nach bhfuil aon chumhacht leasaithe inti, féadfaidh riarathóir na scéime, le toiliú comhaltaí uile na scéime agus an fhostóra (nó gach duine de na fostóirí) aon leasú lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh sa scéim.

Faoiseamh i leith íocaíochtaí áirithe.

25. —(1) Leasaítear leis seo, le héifeacht ón 6ú lá d'Aibreán, 1968, alt 223 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “ar éag dóibh, lena n-ionadaithe pearsanta dlíthiúla, lena mbaintreacha, lena leanaí nó lena gcleithiúnaithe” a chur in ionad “lena n-ionadaithe pearsanta dlíthiúla ar éag dóibh” i bhfo-alt (1).

(2) I gcás go ndearnadh nó go ndéanfar, an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, ranníoc nach gnáth-ranníoc bliantúil a íoc faoi aon scéim a bhfuil éifeacht maidir léi ag alt 223 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna leasú le fo-alt (1), féadfar faoiseamh a thabhairt i leith na híocaíochta de réir forálacha alt 17 (2).

(3) I gcás go ndearnadh nó go ndéanfar, an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, ranníoc nach gnáth-ranníoc bliantúil a íoc le ciste nó le scéim atá ceadaithe faoi alt 222 nó 229 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , féadfar faoiseamh a thabhairt i leith na híocaíochta de réir forálacha alt 16 (5).