14 1972


Uimhir 14 de 1972


ACHT CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA (LEASÚ), 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA CHISTE NA nIASACHTAÍ ÁITIÚLA, 1935 GO 1968. [12 Iúil, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasachtaí áitiúla.

1968, Uimh. 27 .

1935, Uimh. 16 .

1. —Aisghairtear leis seo alt 1 d'Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1968 , agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná sé chéad milliún punt iomlán an airgid a eiseofar as ciste na n-iasachtaí áitiúla i leith iasachtaí áitiúla i rith na tréimhse a luaitear in alt 4 (3) d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 .

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht Chiste na nIasachtaí Áitiúla (Leasú), 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1972, a ghairm d'Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1968, agus den Acht seo le chéile.