An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM SHUBSTAINTÍ CONTÚIRTEACHA, 1972) Ar Aghaidh (CUID II Pléascaigh)

10 1972

AN tACHT UM SHUBSTAINTÍ CONTÚIRTEACHA, 1972

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

1946, Uimh. 9 .

1894, c. 60.

2. —(1) San Acht seo—

folaíonn “iompróir” gach duine a iompraíonn earraí nó paisinéirí ar luaíocht de thalamh nó d'uisce;

ciallaíonn “pléascach aicmithe” pléascach atá aicmithe le hordú faoi alt 9 (2);

tá le “pléascach” an bhrí a thugtar dó le halt 9 (1);

ciallaíonn “údarás cuain”, maidir le cuan atá faoi urláimh Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, na Coimisinéirí sin agus, maidir le haon chuan eile, tá an bhrí chéanna leis agus atá san Acht Cuanta, 1946 ;

ciallaíonn “cigire” cigire arna cheapadh faoin Acht seo;

ciallaíonn “ionstraim” ordú, rialachán, riail, fodhlí, ceadúnas nó doiciméad eile;

ciallaíonn “ceadúnaithe” ceadúnaithe faoin Acht seo;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó comhairle cheantair uirbigh;

folaíonn “monarú” aon phróis lena ndéantar pléascach a athrú nó a bhriseadh nó déileáil leis ar shlí eile;

ciallaíonn “máistir”, maidir le soitheach, gach duine (ach amháin píolóta) a mbeidh ceannas nó cúram an tsoithigh air;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

folaíonn “peitriliam” peitriliam amh, ola a dhéantar as peitriliam nó gual nó scealla nó móin nó as substaintí biotúmanacha eile agus codánra eile de pheitriliam;

tá le “biotáille pheitriliam” an bhrí a thugtar dó le halt 20;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin;

ciallaíonn “rialacháin” rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

tá le “long” an bhrí chéanna atá le “ship” sa Merchant Shipping Act, 1894;

folaíonn “substaint” ábhar i bhfoirm ar bith, soladach, leachtach nó gásach;

tá le “soitheach” an bhrí chéanna atá le “vessel” sa Merchant Shipping Act, 1894.

(2) Is é an t-údarás áitiúil nó an t-údarás cuain is cuí chun críocha an Achta seo—

(a) laistigh de theorainneacha chuan údaráis chuain—an t-údarás cuain;

(b) in aon limistéar eile—

(i) i gceantar uirbeach—comhairle an cheantair uirbigh;

(ii) i gcontae-bhuirg nó i mbuirg eile—bardas na buirge;

(iii) i gcontae (gan buirg ná ceantar uirbeach a áireamh)— comhairle an chontae.

Orduithe agus rialacháin a thíolacadh.

3. —Déanfar gach ordú agus gach rialachán a dhéanfar faoi aon Chuid ina dhiaidh seo den Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an ionstraim sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na hionstraime, beidh an ionstraim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ionstraim.

Orduithe a chúlghairm agus a leasú.

4. —Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a rinneadh faoi aon Chuid ina dhiaidh seo den Acht seo a chúlghairm nó a leasú.

Díolúine do na Fórsaí Cosanta.

5. —Ní bhaineann an tAcht seo leis na Fórsaí Cosanta ná le substaintí a shealbhaítear ná le háitribh a áitítear thar ceann an Aire Cosanta chun críocha cosanta sibhialta, ach baineann sé faoina réir sin leis na substaintí go léir a shealbhaítear nó leis na háitribh go léir a áitítear thar ceann an Stáit.

Caiteachais.

6. —Déanfar an caiteachas a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm agus eisceadh.

1883, c. 3.

1875, c. 17.

7. —(1) Déantar leis seo gach ceann de na hAchtanna dá dtagraítear sa Sceideal a aisghairm a mhéid atá luaite ann.

(2) Ní bhainfidh aon aisghairm a dhéanann an tAcht seo leis an bhfeidhmiú a dhéantar le halt 8 (1) den Explosive Substances Act, 1883, ar ailt 73, 74, 75, 89 agus 96 den Explosives Act, 1875, agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin 8 (1) amhail agus dá mbeadh an Explosives Act, 1875, i bhfeidhm i gcónaí.

Orduithe rialacháin, fodhlíthe agus ceadúnais a choimeád i bhfeidhm.

8. —Gach ionstraim a rinneadh nó a eisíodh faoi achtachán aisghairthe agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh sí i bhfeidhm, faoi réir aon fhorála eile den Acht seo, amhail is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh nó a eisíodh í.