9 1972


Uimhir 9 de 1972


AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1969 , DO THABHAIRT FAOISIMH Ó RÁTAÍ I LEITH ÁITRIBH ÁIRITHE ARNA SOLÁTHAR DO GHNÓTHAIS TIONSCAIL, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [13 Meitheamh, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1969, Uimh. 32 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás Forbartha Tionscail;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969 .

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht trí “£200,000,000” a chur in ionad “£100,000,000” gach áit a bhfuil sé.

Rátaí a loghadh.

3. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, más cuí leo, dhá thrian de ráta is intobhaigh acu i leith áitreabh lena mbaineann an t-alt seo a loghadh.

(2) Beidh éifeacht ag an loghadh, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, maidir leis an gcéad bhliain airgeadais áitiúil i ndiaidh na bliana inar críochnaíodh soláthar an áitribh don ghnóthas tionscail agus maidir le gach ceann de na chéad naoi mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.

(3) Má dheimhníonn an tÚdarás, in aon bhliain airgeadais áitiúil, nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh an t-áitreabh, ní bheidh éifeacht ag an loghadh maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil sin.

(4) Ní dheonófar loghadh níos mó ná uair amháin i leith an áitribh chéanna.

(5) I gcás gan luacháil ar leith a bheith ar áitreabh faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón Údarás, cibé cuid is cuí leis de luacháil inrátaithe na maoine ar cuid di an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh.

(6) Is feidhmeanna forcoimeádta chun críocha na n Achta um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, na cumhachtaí a thugtar d'údarás áitiúil leis an alt seo.

(7) Baineann an t-alt seo le háitreabh—

(a) ar dheimhnigh an tÚdarás gur tar éis tosach feidhme an Phríomh-Achta, agus gur le haghaidh gnóthais tionscail, a sholáthraigh an tÚdarás é nó a soláthraíodh é trí bhíthin deontas arna thabhairt ag an Údarás, agus

(b) atá i limistéar ar dearbhaíodh tráth an áitribh a sholáthar, le hordú faoi alt 6 (1) (c) den Phríomh-Acht, gur limistéar ainmnithe é.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 agus 1972, a ghairm díobh le chéile.