36 1971


Uimhir 36 de 1971


ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924 GO 1961, AGUS ACHTANNA NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961 GO 1968, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA CÚIRTEANNA. [15 Nollaig, 1971]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1924, Uimh. 10 .

1936, Uimh. 48 .

1953, Uimh. 32 .

1961, Uimh. 39 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1924” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ;

ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ;

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1953 ;

ciallaíonn “Acht 1961” Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Cuarda.

1870, c. 28.

2. —(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1961—

(a) trí “£5,000” a chur in ionad “£2,000” gach áit a bhfuil sé i gcolún (3),

(b) trí “£2,000” a chur in ionad “£600” agus “£1,000” gach áit a bhfuil siad sa cholún sin (3),

(c) trí “£1,000” a chur in ionad “£300” sa cholún sin (3) ag uimhir thagartha 14, agus

(d) trí “£100” a chur in ionad “£60” gach áit a bhfuil sé sa cholún sin (3).

(2) Leasaítear leis seo an Cúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 1961 trí “do dhá mhíle punt” a chur in ionad “do shé chéad punt” i gcolún (3) os coinne lua an Attorneys' and Solicitors' Act, 1870, i gcolún (2).

(3) Leasaítear leis seo alt 22 (2) d'Acht 1961 trí “cúig mhíle punt” a chur in ionad “dhá mhíle punt” agus trí “trí chéad punt” a chur in ionad “céad punt”.

(4) Leasaítear leis seo Acht 1936—

(a) trí “dhá mhíle punt” a chur in ionad “sé chéad punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1953) in alt 20, agus

(b) trí “dhá mhíle punt” a chur in ionad “sé chéad punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1953) in alt 23.

Leathnú ar dhlínse Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí.

3. —An dlínse i gcúiseanna aimiréalachta a tugadh do Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí le halt 23 d'Acht 1961, beidh sí infheidhme ag an gCúirt sin in aon chás nach mó an t-éileamh ná £2,000.

Leathnú ar dhlínse na hArd-Chúirte faoin Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871.

1871, c. 22.

4. —Leasaítear leis seo alt 68 den Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, trí “five thousand pounds” a chur in ionad “two thousand pounds” agus trí “three hundred pounds” a chur in ionad “one hundred pounds”.

Teorainn le méid costas gearánaí i gcaingne áirithe Ard-Chúirte.

5. —Leasaítear leis seo alt 12 d'Acht 1936 trí “míle punt” a chur in ionad “dhá chéad punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1953) gach áit a bhfuil sé, trí “dhá mhíle punt” a chur in ionad “sé chéad punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1953) gach áit a bhfuil sé agus trí “dhá chéad agus caoga punt” a chur in ionad “caoga punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1953) gach áit a bhfuil sé.

Deireadh a chur le giúiréithe i gcásanna sibhialta sa Chúirt Chuarda.

1965, Uimh. 27 .

6. —D'ainneoin alt 94 d'Acht 1924 nó alt 44 den Acht Comharbais, 1965 , ní dhéanfar caingean shibhialta sa Chúirt Chuarda ná ceist fíorais ná saincheist a éireoidh sa chaingean ná ceist fíorais a éireoidh in aon imeachtaí sa Chúirt Chuarda faoin Acht Comharbais, 1965 , a thriail ag giúiré.

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Dúiche i gcásanna áirithe.

7. —Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1924—

(a) trí na clásail seo a leanas a chur in ionad chlásail (i) go (iv) de mhír A:

“(i) i gconradh, sárú conartha, tort (ach amháin béadchaint, leabhal, caidreamh collaí, meabhlú, clúmhilleadh teidil, ionchúiseamh mailíseach agus príosúnú neamhdhleathach) agus in éilimh ar dhamáistí nach mbaineann le conradh, mura mó an t-éileamh ná £250:

Ar choinníoll nach n-oibreoidh cinneadh ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche i gcás ina bhfuil teideal chun talún i saincheist mar urbhac ná mar urchosc ar agra in aon chúirt maidir leis an talamh sin;

(ii) in eisiachtain i leith neamhíoc cíosa nó i leith rósheilbhe in aon aicme tionóntachta nach mó an cíos uirthi ná suim is comhionann, nó a d'fhéadfadh a bheith comhionann, le £315 sa bhliain;

(iii) in imeachtaí ar agra an Stáit nó aon údaráis Stáit (de réir brí Acht 1961) nó aon oifigigh don Stát chun aon suim a ghnóthú nach mó ná £250 atá dlite don Stát nó inghnóthaithe ag an Stát nó thar a cheann, cibé acu ar mhodh pionóis, féich nó eile, agus d'ainneoin aon achtacháin atá i bhfeidhm faoi láthair lena gceanglaítear agra a dhéanamh i leith na suime sin san Ard-Chúirt nó in aon uaschúirt eile;”,

agus

(b) trí “£250” a chur in ionad “£50” i gclásal (v) (a cuireadh isteach le halt 52 d'Acht 1936).

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Dúiche i gcásanna míchoinneála.

8. —Leasaítear leis seo alt 33 (3) d'Acht 1961 trí “£250” a chur in ionad “£50”.

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Dúiche faoi na hAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960.

1960, Uimh. 15 .

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 19 den Acht Fruilcheannaigh (Leasú), 1960 , trí “dhá chéad agus caoga punt” a chur in ionad “céad punt” i bhfo-ailt (1) agus (2).

(2) Leasaítear leis seo alt 33 (4) (a) d'Acht 1961 trí “dhá chéad agus caoga punt” a chur in ionad “céad punt”.

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Dúiche in idirphléadáil ag foshirriaim.

1926, Uimh. 18 .

10. —Leasaítear leis seo alt 22 (1) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , trí “dhá chéad agus caoga punt” a chur in ionad “caoga punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1953).

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Dúiche faoin Acht Srianta Cíosa, 1960 .

1960, Uimh. 42 .

11. —Leasaítear leis seo alt 50 (b) den Acht Srianta Cíosa, 1960

(a) trí “£25” a chur in ionad “£10” i bhfomhír (i), agus

(b) trí “£315” a chur in ionad “£53” i bhfomhír (ii).

Leathnú ar dhlínse na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche faoin Acht um Dhílseánaigh Óstán, 1963 .

1963, Uimh. 7 .

12. —Leasaítear leis seo alt 10 den Acht um Dhílseánaigh Óstán, 1963

(a) trí “£2,000” a chur in ionad “£1,000” i bhfo-alt (1), agus

(b) trí “£250” a chur in ionad “£100” i bhfo-alt (2).

An Chúirt Dúiche a bheith ina cúirt taifid.

13. —Beidh an Chúirt Dúiche ina cúirt taifid.

Fianaise maidir le cinneadh i gcásanna dlínse achomaire.

14. —In aon imeachtaí dlíthiúla ní thabharfar aird ar aon taifead (seachas ordú a dhéanfar, nuair a bheidh gá le hordú, a tharraingt suas ag cléireach na cúirte dúiche agus a shíniú ag breitheamh nó cóip d'ordú den sórt sin arna dheimhniú de réir rialacha na cúirte) maidir le cinneadh ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche in aon chás dlínse achomaire.

Cumhacht breithimh déileáil le cásanna práinneacha dlínse achomaire in aon chuid dá dhúiche.

15. —(1) Aon uair is dóigh leis an Aire gur mhaith an rud é cionta achomaire d'aon chineál sonraithe a thriail nó a dhiúscairt go luath ag an gCúirt Dúiche, féadfaidh sé é sin a dhearbhú le hordú agus beidh éifeacht ag forálacha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo maidir le cionta achomaire d'aon chineál a bheidh sonraithe amhlaidh in ordú faoin alt seo.

(2) Breitheamh den Chúirt Dúiche a ndearnadh ina dhúiche aon chion de chineál atá sonraithe in ordú faoin alt seo—

(a) beidh dlínse aige chun déileáil leis an gcás in aon cheantar cúirte ina dhúiche, agus

(b) féadfaidh sé suí den Chúirt Dúiche a thionól ina dhúiche chun déileáil leis an gcion áit nó tráth nach bhfuil ceaptha de thuras na huaire chun cásanna dlínse achomaire a éisteacht.

(3) Féadfar a ordú i dtoghairm a eiseofar i leith cion atá sonraithe in ordú faoin alt seo go láithreoidh an duine atá ainmnithe sa toghairm ag aon suí (lena n-áirítear suí den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) den alt seo) den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche ina ndearnadh an cion agus féadfar í a sheirbheáil go pearsanta tráth ar bith nach déanaí ná dhá lá glan roimh an suí.

(4) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú le hordú.

(5) Déanfar ordú faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Leasú ar alt 26 d'Acht 1953.

16. —Leasaítear leis seo alt 26 d'Acht 1953 trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (f):

“(g) tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na Cúirte Dúiche, áit oiriúnach nó áiteanna oiriúnacha i ngach ceantar cúirte dúiche a bhunaítear nó a athraítear faoin alt seo nó laistigh de mhíle ó theorainn an cheantair sin, agus cibé laethanta agus tráthanna oiriúnacha áirithe agus cibé méid díobh, a cheapadh chun an Chúirt Dúiche a thionól d'fhonn an gnó dar socraíodh an ceantar a dhéanamh don cheantar sin,

(h) ainm a shannadh d'aon dúiche chúirte dúiche nó d'aon cheantar cúirte dúiche nó ainm dúiche nó ceantair den sórt sin a athrú,

(i) ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.”.

Ceart éisteachta d'aturnaetha.

1954, Uimh. 36 .

17. —Beidh ceart éisteachta in aon chúirt ag aturnae atá ag gníomhú do pháirtí i gcaingean, in agra, in ábhar nó in imeachtaí coiriúla sa chúirt sin agus ag aturnae atá cáilithe chun cleachtadh (de réir brí an Achta Aturnaethe, 1954 ) agus atá ag gníomhú mar chúntóir dó.

Íocaiochtaí seachtainiúla faoin Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886.

1886, c.52.

18. —(1) Is é a bheidh sa tsuim sheachtainiúil is iníoctha faoi mhír (1) d'alt 1 den Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886, ag fearchéile lena bhanchéile, cibé suim le haghaidh a cothabhála is dóigh leis an gcúirt a bheith de réir a acmhainne agus de réir aon acmhainn atá ag an mbanchéile mar aon le cibé suim le haghaidh cothabháil aon linbh leis an bhfearchéile agus leis an mbanchéile is leanbh atá á chothabháil agus á chothú go hiomlán nó go páirteach ag an mbanchéile go dtí go slánóidh an leanbh sin 16 bliana is dóigh leis an gcúirt a bheith de réir acmhainn an fhearchéile agus acmhainn (más ann) an linbh agus méid an chothaithe agus na cothabhála atá an leanbh a fháil ón mbanchéile.

(2) Áireofar ar an gcumhacht suim sheachtainiúil a athrú is iníoctha faoin alt sin 1 cumhacht chun an tsuim a athrú—

(a) ar a chruthú go ndearnadh athrú ar mhéid acmhainn linbh, a bhfuil cuid den tsuim iníoctha i leith a chothaithe, ó rinneadh an t-ordú bunaidh ag cinneadh na suime sin nó aon ordú ina dhiaidh sin á hathrú, agus

(b) d'éagmais an chruthúnais i dtaobh an athrú acmhainne dá dtagraítear san alt sin 1 más faoi ordú a rinneadh roimh an Acht seo a rith atá an tsuim iníoctha.

(3) Ní bheidh éifeacht ag mír (2) den alt sin 1 maidir le haon chuid de shuim sheachtainiúil faoin alt sin 1 is iníoctha nó a bheadh iníoctha chun leanbh a chothú.

(4) (a) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, beidh dlínse ag an Ard-Chúirt, i gcomhthráth leis an gCúirt Dúiche, imeachtaí a éisteacht agus a chinneadh faoi ailt 1 agus 2 den Married Women (Maintenance in case of Desertion) Act, 1886, a dúradh.

(b) Beidh foráil sna rialacha cúirte lena ndéanfar imeachtaí san Ard-Chúirt faoi na hailt sin 1 agus 2 a stiúradh ar bhealach achomair.

(c) Is faoi rogha na cúirte a bheidh costais imeachtaí san Ard-Chúirt faoi na hailt sin 1 agus 2.

(5) (a) Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Dúiche ordú a dhéanamh faoin alt sin 1 nó 2 chun suim sheachtainiúil a íoc ar le banchéile a chothú níos mó ná £15 di nó ar le leanbh a chothú níos mó ná £5 di.

(b) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann dlínse don Chúirt Dúiche ordú a dhéanamh faoin alt sin 1 nó 2 in aon ábhar a bhfuil ordú déanta ina leith ag an Ard-Chúirt faoi cheachtar de na hailt sin.

(6) San alt seo folaíonn “leanbh leis an bhfearchéile agus leis an mbanchéile”—

(a) leanbh dlisteanach nó leanbh neamhdhlisteanach leis an bhfearchéile nó leis an mbanchéile, agus

(b) leanbh a d'uchtaigh an fearchéile agus an banchéile nó ceachtar acu faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964,

is leanbh a bhí, díreach sular thréig an fearchéile an banchéile, á chothú agus á chothabháil go hiomlán nó go páirteach ag an bhfearchéile agus ag an mbanchéile.

Íocaíochtaí faoi Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 .

1930, Uimh. 17 .

19. —(1) Leasaítear leis seo Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930

(a) trí “caoga punt” a chur in ionad “cúig púint” in alt 3 (1) (a),

(b) trí “nach mó ná fiche scilling” in alt 3 (1) (b) a scriosadh, agus

(c) trí “caoga punt” a chur in ionad “cúig púint” in alt 7.

(2) (a) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, beidh dlínse ag an Ard-Chúirt, i gcomhthráth leis an gCúirt Dúiche, imeachtaí a éisteacht agus a chinneadh faoi Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , a dúradh agus beidh feidhm ag an Acht sin, fara aon mhodhnuithe agus oiriúnuithe is gá, maidir le haon imeachtaí den sórt sin san Ard-Chúirt, nó ar achomharc ón gcúirt sin, sa Chúirt Uachtarach.

(b) Beidh foráil sna rialacha cúirte lena ndéanfar imeachtaí san Ard-Chúirt faoin Acht sin a stiúradh ar bhealach achomair.

(3) (a) Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Dúiche ordú a dhéanamh faoin Acht sin chun suim sheachtainiúil is mó ná £5 a íoc le cothabháil agus oideachas linbh.

(b) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann dlínse don Chúirt Dúiche ordú a dhéanamh faoin Acht sin in aon ábhar a bhfuil ordú déanta ina leith ag an Ard-Chúirt faoin Acht sin.

Leasú ar alt 2 den Acht Dlisteanais, 1931 .

1931, Uimh. 13 .

1868, c. 20.

20. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Dlisteanais, 1931 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Duine a éilíonn gur duine dlisteanaithe atá nó a bhí in aon leanbh leis, féadfaidh sé, cibé acu atá nó nach bhfuil sainchónaí sa Stát ar an leanbh agus cibé acu atá nó nach bhfuil an leanbh ina ghéillsineach Briotanach de réir dúchais de réir brí an Legitimacy Declaration Act (Ireland), 1868, imeachtaí a thionscnamh faoin Acht sin ag lorg foraithne gur leanbh dlisteanach lena thuismitheoirí an leanbh agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht sin.

(1B) Is i ndlísheomra a éistfear imeachtaí a thionscnófar de bhua an ailt seo.”.

Leasú ar alt 22 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 .

1961, Uimh. 39 .

21. —Leasaítear leis seo alt 22 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):

“(8)  (a) Féadfaidh aon pháirtí leasmhar a iarraidh tráth ar bith ar an mbreitheamh den Chúirt Chuarda a mbeidh caingean a tionscnaíodh sa chúirt sin nó achomharc ón gCúirt Dúiche ar feitheamh os a chomhair an chaingean nó an t-achomharc a chur ar aghaidh go dtí an Ard-Chúirt agus air sin, más caingean nó achomharc é atá oiriúnach chun a thriailte san Ard-Chúirt agus go ndealraíonn sé gurb í an Ard-Chúirt an binse is mó is iomchuí sna himthosca, féadfaidh an breitheamh sin an chaingean nó an t-achomharc a chur ar aghaidh go dtí an Ard-Chúirt ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh costas nó eile a fheicfear dó a bheith cóir, agus beidh ábhar achomhairc ann faoi alt 38 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, i gcoinne chinneadh an bhreithimh ag géilleadh nó ag diúltú d'aon iarratas den sórt sin.

(b) Féadfaidh aon pháirtí leasmhar a iarraidh tráth ar bith ar bhreitheamh den Chúirt Dúiche a mbeidh caingean a tionscnaíodh sa chúirt sin ar feitheamh os a chomhair an chaingean a chur ar aghaidh go dtí an Chúirt Chuarda nó go dtí an Ard-Chúirt agus air sin, más caingean í atá oiriúnach chun a triailte sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt, de réir mar a bheidh, agus go ndealraíonn sé gurb í an Chúirt Chuarda nó an Ard-Chúirt, de réir mar a bheidh, an binse is mó is iomchuí sna himthosca, féadfaidh an breitheamh sin an chaingean sin a chur ar aghaidh go dtí an Chúirt Chuarda nó go dtí an Ard-Chúirt, de réir mar a bheidh, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh costas nó eile a fheicfear dó a bheith cóir, agus beidh ábhar achomhairc ann faoi alt 84 d'Acht 1924, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, i gcoinne chinneadh an bhreithimh ag géilleadh nó ag diúltú d'aon iarratas den sórt sin.”.

Doiciméid Chúirte Cuarda agus Chúirte Dúiche a sheirbheáil leis an bpost.

1964, Uimh. 11 .

1926, Uimh. 27 .

22. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht na gCúirteanna, 1964

(a) trí “nó imeachtaí faoi na hAchtanna Freastal Scoile, 1926 agus 1936” a scriosadh agus trí “aon doiciméid eile maidir leis na himeachtaí sin is fógra, ordú nó toghairm fhinné” a chur in ionad “toghairm fhinné maidir leis na himeachtaí sin” i bhfo-alt (1), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le seirbheáil aon doiciméid Chúirte Cuarda nó aon doiciméid Chúirte Dúiche in aon cheantar aon uair nach mbeidh agus fad nach mbeidh aon seirbheálaí toghairme arna shannadh don cheantar sin, le haghaidh seirbheáil an doiciméid sin ag an gCláraitheoir Contae don chontae ina bhfuil an ceantar.”

(2) Leasaítear leis seo alt 44 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Déanfaidh an Cláraitheoir Contae gach seirbheálaí toghairme den sórt sin a shannadh do cibé ceantar dá bhfónann an oifig chúirte cuarda lena mbaineann an seirbheálaí toghairme agus i leith cibé doiciméad a shonróidh an Cláraitheoir Contae agus beidh gach seirbheálaí toghairme a shannfar amhlaidh inniúil ar aon doiciméad a shonrófar mar a dúradh a sheirbheáil laistigh den cheantar dar sannadh amhlaidh é.”.

Doiciméid uaschúirte a sheirbheáil leis an bpost.

23. —(1) Féadfar doiciméad uaschúirte a sheirbheáil tríd an doiciméad nó cóip de (mar is iomchuí) a fhágáil in áit chónaithe nó in áit ghnó, sa Stát an duine a bheidh le seirbheáil nó in áit ghnó, sa Stát, an aturnae (más ann) a bheidh ag gníomhú dó sna himeachtaí lena mbaineann an doiciméad, nó tríd an doiciméad nó cóip de (mar is iomchuí) a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha go dtí áit chónaithe nó áit ghnó, sa Stát, an duine sin nó go dtí áit ghnó, sa Stát, an aturnae sin.

(2) San alt seo ciallaíonn “doiciméad uaschúirte” aon doiciméad a bhfuil foráil déanta le haghaidh nó i leith a sheirbheála in aon rialacha arna ndéanamh ag Coiste Rialacha na nUaschúirteanna ach nach gá seirbheáil phearsanta ina chás.

Aisghairm.

1842, c. 24.

1940, Uimh. 23 .

1951, Uimh. 2 .

24. —Aisghairtear leis seo an chéad choinníoll a ghabhann le halt 70 agus alt 72 den Dublin Police Act, 1842, mír (a) d'alt 7 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , alt 21 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 , alt 65 den Acht Aturnaethe, 1954 , “de bhua an Achta seo” in alt 14 (2) agus alt 60 d'Acht 1961.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

25. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1971, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1968, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1968, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

(4) Tiocfaidh ailt 2 go 12 den Acht seo i ngníomh an lú lá de Mhárta, 1972, ach ní bheidh feidhm acu maidir le himeachtaí in aon chúirt a bheidh tionscanta roimh an lá sin.

(5) Tiocfaidh alt 14 den Acht seo i ngníomh an lú lá de Mhárta, 1972.