32 1971


Uimhir 32 de 1971


AN tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ALT 2 DEN ACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1958 . [8 Nollaig, 1971]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :

Leasú ar alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958 .

1958, Uimh. 17 .

1964, Uimh. 19 .

1970, Uimh. 3 .

1. —(1) Déantar leis seo alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958 , arna leasú le halt 1 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1964 , agus le halt 1 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1970 , a leasú tuilleadh tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfaidh comhairle contae, an bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1972, agus gach bliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, ranníoc faoin bhfo-alt seo le coiste talmhaíochta an chontae nach lú ná an fáltas ó ráta pingin nua sa phunt an bhliain airgeadais áitiúil roimhe sin sa limistéar arb é an contae é gan aon cheantar uirbeach ann (más ann) a áireamh agus nach mó ná cúig oiread déag an fháltais sin.”.

(2) Na gníomhartha agus na nithe go léir a rinne comhairle contae roimh an lú lá d'Aibreán, 1972, maidir le haon ráta a ghearradh don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lá sin beidh siad chomh bailí éifeachtach agus dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh na gníomhartha nó na nithe sin.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1971, a ghairm de na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1970, agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1972.