31 1971


Uimhir 31 de 1971


AN tACHT UM CHUMAINN TIONSCAIL AGUS SOLÁTHAIR (LEASÚ), 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN INDUSTRIAL AND PROVIDENT SOCIETIES ACT, 1893. [7 Nollaig, 1971]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar an Industrial and Provident Societies Act, 1893.

1893, c. 39.

1. —Beidh éifeacht ag an Industrial and Provident Societies Act, 1893, maidir le cónascadh dhá chumann chláraithe nó níos mó a bhfuil ar chuspóirí gach cumainn acu im, uachtar nó aon táirge eile déiríochta a mhonarú agus atá ag gabháil don mhonarú sin, amhail is dá scriosfaí “of not less than three fourths” in alt 51 (a).

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Chumainn Tionscail agus Soláthair (Leasú), 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1966, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile agus féadfar na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1971, a ghairm díobh le chéile.