30 1971


Uimhir 30 de 1971


AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1971

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE LEASANNA FRITHDHÍLSE AGUS, GO hÁIRITHE, DO LEATHNÚ CEARTA FAOIN DLÍ SIN, LE hÉIFEACHT IN IMTHOSCA ÁIRITHE ÓN 3ú LÁ DE MHÁRTA, 1970, CHUN CLUB NÓ EAGRAÍOCHT A ÚSÁIDEANN TALAMH CHUN CRÍOCHA CAITHEAMH AIMSIRE ALLAMUIGH, DO LEASÚ DLÍ THIARNA TALÚN AGUS TIONÓNTA AR BHEALAÍ EILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [7 Nollaig, 1971]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :

Mínithe.

1958, Uimh. 2 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958 ;

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Chuarda;

tá le “léas spóirt” an bhrí a shanntar dó in alt 2;

tá le “spórt-chlub” an bhrí a shanntar dó in alt 2 agus, i gcás ina gceadaíonn an comhthéacs amhlaidh, forléireofar é mar ní ar a n-áirítear réamhtheachtaithe i dteideal an spórt-chlub.

Léasanna spóirt.

2. —(1) Beidh teideal ag club nó eagraíocht (dá ngairtear spórtchlub san Acht seo) a mbíonn spórt, cluiche nó caitheamh aimsire éigin allamuigh (dá ngairtear an spórt san alt seo) á sheoladh aige agus a bhfuil talamh á theachtadh aige faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear san Acht seo léas (dá ngairtear léas spóirt san Acht seo) a fháil ar an talamh.

(2) Is iad seo a leanas na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh:

(a) (i) an talamh a bheith á theachtadh d'fhonn an spórt a sheoladh faoi léas ar feadh téarma nach giorra ná bliain agus fiche,

(ii) an talamh a bheith á áitiú go leanúnach ag an spórt-chlub chun na críche sin ar feadh na tréimhse nach giorra ná bliain agus fiche díreach roimh dháta an iarratais ar léas spóirt, nó

(iii) an talamh a bheith go leanúnach i seilbh an spórt-chlub chun na críche sin ar feadh na tréimhse nach giorra ná bliain agus fiche díreach roimh dháta an iarratais ar léas spóirt,

(b) airgead a bheith caite ag an spórt-chlub—

(i) ar bhuan-fhoirgnimh nó buan-déanmhais a thógáil ar an talamh a úsáidtear i ndáil leis an talamh chun na críche sin,

(ii) ar aon bhuan-fhoirgnimh nó buan-déanmhais ar an talamh a úsáidtear amhlaidh a athfhoirgniú, a athrú, a athnuachan nó a oiriúnú d'fhonn iad a dhéanamh níos oiriúnaí chun na críche sin, nó

(iii) ar an talamh a fhorbairt, a fheabhsú nó a oiriúnú d'fhonn é a dhéanamh níos oiriúnaí chun na críche sin, agus

(c) nár lú an méid iomlán a caitheadh amhlaidh ná an tsuim is mó acu seo a leanas, eadhon, míle punt nó cúig oiread déag meán-mhéid bhliantúil aon chíosa nó suime eile a íocadh nó ab iníoctha i leith na talún sna cúig bliana díreach roimh dháta an iarratais ar léas spóirt, agus neamhaird a thabhairt ar aon phianchíos nó suim eile is iníoctha mar gheall ar aon sárú cúnaint, coinníll nó comhaontaithe agus ar aon chíos nó suim neamhghnách i leith tréimhse sonraithe nach faide ná cúig bliana.

(3) I gcás—

(a) talamh (dá ngairtear an talamh cáilitheach san alt seo) a bheith á theachtadh ag spórt-chlub in eastát ruílse nó de réir fho-alt (2) (a) agus é a bheith á theachtadh amhlaidh i gcomhlíonadh na gcoinníollacha a shonraítear i bhfo-ailt (2) (b) agus (2) (c) i dteannta talamh eile a úsáidtear go príomha chun na críche céanna,

(b) gan na coinníollacha sin a bheith á gcomhlíonadh i gcás na talún eile sin, agus

(c) an talamh eile sin—

(i) a bheith á theachtadh faoi léas ar feadh téarma nach giorra ná dhá bhliain déag,

(ii) a bheith á áitiú go leanúnach ag an spórt-chlub ar feadh tréimhse nach giorra ná dhá bhliain déag, nó

(iii) a bheith go leanúnach i seilbh an spórt-chlub ar feadh tréimhse nach giorra ná dhá bhliain déag,

beidh teideal ag an spórt-chlub léas spóirt a fháil ar an talamh eile sin más rud é nach mó achar na talún eile ná an ceathrú cuid d'achar iomlán na talún cáilithí agus na talún eile.

(4) Má scoireann an talamh cáilitheach de bheith á úsáid go príomha chun an spórt a sheoladh, beidh teideal ag léasóir an léasa spóirt a deonaíodh faoi fho-alt (3) an léas a fhoirceannadh ar fhógra trí mhí a thabhairt don léasaí.

(5) Aon airgead a bheidh caite—

(a) ar fhoirgnimh, déanmhais nó talamh a chothabháil, nó

(b) ar fhoirgnimh nó déanmhais a thógáil, a athfhoirgniú, a athrú, a athnuachan nó a oiriúnú, nó ar thalamh a fhorbairt, a fheabhsú nó a oiriúnú, contrártha d'aon chúnant, coinníoll nó comhaontú,

tabharfar neamhaird air chun críocha fho-alt (2).

(6) I gcás talamh a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2) a bheith á úsáid chun an spórt a sheoladh agus chun críche éigin eile, ní bheidh teideal ag an spórt-chlub léas a fháil ar an talamh sin faoin alt seo mura gcruthaítear don Chúirt gur chun críocha an spóirt a bhíonn an talamh á úsáid go príomha.

(7) Más rud é, ar an 3ú lá de Mhárta, 1970, go raibh talamh á theachtadh ag spórt-chlub de réir choinníollacha a thabharfadh teideal dó, faoi réir fhorálacha an Achta seo, léas spóirt a fháil dá mba rud é go raibh an tAcht seo i bhfeidhm an tráth sin, bainfidh forálacha an Achta seo leis an gclub, maille leis na modhnuithe is gá, d'ainneoin go mbeidh scortha dá leas, dá áitíocht nó dá sheilbh roimh dháta an Achta seo a rith, agus go háirithe—

(a) déanfar aon tagairt do neasléasóir nó do uasléasóir nó do thiarna talún nó do dhuine eile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don neasléasóir, don uasléasóir, don tiarna talún nó don duine eile amhail ar an 3ú lá de Mhárta, 1970, agus dá chomharbaí i dteideal,

(b) déanfar na coinníollacha a shonraítear i bhfomhíreanna (ii) agus (iii) d'fho-alt (2) (a) a fhorléiriú ionann agus dá mba thagairtí don 3ú lá de Mhárta, 1970, na tagairtí atá iontu do dháta an iarratais ar léas spóirt, agus

(c) ní bheidh an tráth chun léas spóirt a iarraidh níos déanaí ná trí mhí tar éis dáta an Achta seo a rith.

Iarratas ar léas spóirt a fháil.

3. —(1) Féadfaidh spórt-chlub iarratas a dhéanamh chun a neasléasóra ar léas spóirt ar an talamh a fháil—

(a) tráth nach luaithe ná cúig bliana déag roimh an léas a dhul in éag, agus

(b) tráth nach déanaí ná dáta an léasa a dhul in éag nó tráth nach déanaí ná deireadh trí mhí ó dháta seirbheála fógra ar an gclub ag a neasléasóir nó ag aon uasléasóir i dtaobh an léas a dhul in éag, cibé dáta acu sin is déanaí.

(2) Ní bailí don fhógra ach amháin i gcás é a sheirbheáil tráth nach luaithe ná trí mhí roimh dháta an léasa a dhul in éag.

(3) I gcás iarratas a dhéanamh ar léas spóirt roimh dhul in éag don léas faoina bhfuil an t-iarratasóir ag teachtadh, tosóidh an léas spóirt, i gcás ina ndeonófar é, ar dháta an léasa roimhe sin a dhul in éag nó cibé dáta eile ar a gcomhaontófar idir na páirtithe.

(4) I gcás iarratas a dhéanamh ar léas spóirt tar éis an léas roimhe sin a dhul in éag, tosóidh an léas spóirt, i gcás ina ndeonófar é, cibé dáta ar a gcomhaontófar idir na páirtithe nó, cheal comhaontaithe, ar dháta an iarratais.

(5) Spórt-chlub ag a bhfuil talamh á theachtadh ar shlí seachas faoi léas agus a bhfuil teideal aige léas spóirt a fháil féadfaidh sé léas spóirt ar an talamh a iarraidh tráth ar bith ar an tiarna talún nó ar an duine eile óna bhfuil an talamh á theachtadh aige agus tosóidh an léas spóirt, i gcás ina ndeonófar é, cibé dáta ar a gcomhaontófar idir na páirtithe nó, cheal comhaontaithe, ar dháta an iarratais.

Srianta le ceart chun léasa spóirt.

1963, Uimh. 28 .

4. —(1) Ní bheidh spórt-chlub i dteideal léas spóirt faoin Acht seo ar an talamh nó ar aon chuid den talamh a mbeidh an léas sin á lorg ina leith i gcás ina ndéanann an neasléasóir, aon uasléasóir, an tiarna talún nó an duine eile is páirtí riachtanach do dheonú an léasa a chruthú don Chúirt—

(a) go bhfuil an talamh á theachtadh aige in eastát ruílse nó go bhfuil leas i bhfrithdhílse aige nach giorra ná cúig bliana déag, agus

(b) (i) go dteastaíonn seilbh ghlan uaidh ar an talamh d'fhonn scéim forbartha maoine ar a n-áirítear an talamh sin a chur i gcrích agus go bhfuil sé tar éis cead pleanála a fháil faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , don scéim forbartha sin, agus

(ii) go bhfuil sé réasúnach go ndiúltófaí léas spóirt a thabhairt.

(2) Gabhann fo-alt (1), maidir le léas spóirt, ionad alt 15 (1) d'Acht 1958.

(3) Beidh feidhm ag alt 16 d'Acht 1958 (a dhéanann foráil i dtaobh cúiteamh i ndíshocraíocht) maidir le cás ina mbeadh spórtchlub, mura mbeadh forálacha fho-alt (1), i dteideal léasa spóirt.

Cúnaint faoi léas spóirt.

5. —(1) Beidh i léas spóirt cibé cúnaint agus coinníollacha ar a gcomhaontófar idir na páirtithe nó, cheal comhaontaithe, ar a gcinnfidh an Chúirt.

(2) Má shocraíonn an Chúirt cúnaint agus coinníollacha an léasa spóirt, cuirfear de dhliteanas ar an léasaí na rátaí uile i leith na talún a íoc agus árachú in aghaidh tine agus an t-áitreabh a choimeád i ndeisriocht.

(3) I gcás ina mbeidh spórt-chlub i dteideal léas spóirt faoin Acht seo agus go socróidh an Chúirt téarmaí an léasa sin, beidh na coinníollacha seo a leanas sa léas spóirt:

(a) go mbeidh méid an chíosa, ar iarratas ón léasóir chun na Cúirte, faoi réir a athbhreithnithe tráth ar bith tar éis ceithre bliana is fiche a bheith caite den téarma a deonaíodh leis an léas spóirt agus faoi réir athbhreithniú eile tráth ar bith tar éis cúig bliana is fiche a bheith caite ón gcéad athbhreithniú nó ó aon athbhreithniú ina dhiaidh sin, agus

(b) mura mbíonn an mhaoin a forléasadh leis an léas spóirt á húsáid le haghaidh nó i leith spóirt, cluiche nó caitheamh aimsire éigin allamuigh, go mbeidh teideal ag an léasóir an léas a fhoirceannadh ar fhógra trí mhí a thabhairt don léasaí.

Cíos faoi léas spóirt.

6. —(1) I gcás ina mbeidh an cíos faoi léas spóirt le cinneadh ag an gCúirt, socróidh an Chúirt cóir-chíos i leith léas a dheonú ar an maoin chun an spórt a sheoladh.

(2) Ag socrú an chíosa di tabharfaidh an Chúirt aird ar intinn ghinearálta an Achta seo maidir le spórt-chlubanna, is é sin spóirt, cluichí agus caitheamh aimsire allamuigh a chur chun cinn agus spásanna oscailte a shlánchoimeád ar mhaithe le leas an phobail agus, gan dochar do cibé cúrsaí eile is dóigh léi is iomchuí, féadfaidh sí an cíos nó an tsuim eile a bhí á íoc roimhe sin i leith na maoine ag an spórt-chlub agus aon chúnaint agus coinníollacha faoina raibh sé á íoc amhlaidh a chur san áireamh, ar an gcíos a bhí á íoc ag spórt-chlubanna eile den sórt céanna san áit chéanna nó in áit mar í, ar an gcuidiú a bheidh déanta ag an spórt-chlub le luachmhairiú na maoine, agus ar an bpraghas a bheidh íoctha ag aon duine is páirtí riachtanach i ndeonú an léasa agus é ag fáil a eastáit nó a leasa.

Feidhm Acht 1958.

7. —Faoi réir an Achta seo beidh éifeacht, maille leis na modhnuithe is gá, ag forálacha Acht 1958 chun críocha na bhforálacha roimhe seo den Acht seo ionann agus dá mba rud é, in Acht 1958, gur áiríodh léas spóirt i “léas frithdhílse” agus gur áiríodh i “léas” aon tionóntacht nó ceart úsáide eile, agus forléireofar focail agus abairtí gaolmhara dá réir sin.

Léasanna a mheastar a bheith ina léasanna foirgníochta.

8.—(1) I gcás ina ndearnadh léas a dheonú d'athnuachan léasa a chuaigh in éag nó a géilleadh roimh an 31ú lá de Mhárta, 1931, agus a bheadh, dá mba rud é go raibh Acht 1958 i bhfeidhm an tráth sin, ina léas foirgníochta nó ina léas dílseánaigh de réir bhrí an Achta sin agus go ndearnadh an léas athnuaite nó an léas nua sin, cibé acu é, a dheonú—

(a) don duine a bhí i dteideal leasa an léasaí faoin léas a d'éag nó a géilleadh, nó

(b) ar chíos ní ba lú ná luacháil inrátaithe na maoine ar dháta an léasa athnuaite nó an léasa nua a dheonú,

measfar gur léas foirgníochta de réir bhrí Acht 1958 an léas athnuaite nó an léas nua sin.

(2) Aisghairtear leis seo alt 10 d'Acht 1958.

Cearta léasaithe faoi léasanna éagtha áirithe.

9. —I gcás—

(a) léas a dhul in éag laistigh d'ocht mbliana roimh dháta an Achta seo a rith, agus

(b) an léasaí a bheith, ar an dáta sin, i seilbh na talún a áirítear sa léas éagtha faoi thionóntacht bhliantúil a thig as é a bheith intuigthe ó ghníomhartha na bpáirtithe, nó faoi thionóntacht reachtúil faoi na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, nó mar thionónta ar toil nó ar shlí eile, gan tionóntacht nua a bheith faighte ón léasóir aige nó gan leas an léasóra sa talamh a bheith faighte aige, agus

(c) gan teideal a bheith ag duine ar bith, díreach roimh an dáta sin, go ndeonófaí dó léas frithdhílse faoi Acht 1958,

beidh ag an léasaí, ar feadh an dá mhí dhéag díreach tar éis dáta an Achta seo a rith, na cearta céanna maidir le léas frithdhílse a fháil a bheadh aige laistigh de chúig bliana déag roimh dhul in éag don léas éagtha dá mba rud é go raibh an tAcht seo i bhfeidhm an t-am sin.

Leasú ar alt 4 den Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 .

1967, Uimh. 10 .

1960, Uimh. 42 .

10. —(1) Beidh ag alt 4 (3) den Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 , a chuireann teorainn ama le hiarratais faoi alt 8 den Acht Srianta Cíosa, 1960 , éifeacht, sa mhéid go ndéanann sé difear d'iarratais faoi fho-alt (1A) (a cuireadh isteach le halt 4 (1) den Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 ) den alt sin 8, ionann agus dá gcuirfí “tar éis bliain a bheith caite ó dháta an Achta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1971 , a rith” in ionad “tar éis dhá bhliain a bheith caite ó dháta an Achta seo a rith”.

(2) Beidh cíos a chinnfear faoi alt 8 (1A) den Acht Srianta Cíosa, 1960 , iníoctha le héifeacht ó dháta an chinnte.

Leasú ar alt 10 den Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 .

11. —(1) Measfar gan feidhm riamh a bheith ag alt 10 den Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 (a chuireann srian le sannadh teaghaisí rialaithe) maidir le teach a bhíonn á áitiú le haghaidh a chónaithe féin ag duine a theachtann é faoi léas is faide téarma ná bliain agus fiche.

(2) Leasaítear da réir sin alt 10 (1) den Acht sin, le héifeacht ó dháta an Achta sin a rith, trí “nó le teach a bhíonn á áitiú le haghaidh a chónaithe féin ag duine a theachtann é faoi léas is faide téarma ná bliain agus fiche” a chur isteach ann in ndiaidh “gairme”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

12. —(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 go 1967, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 go 1971, a ghairm díobh le chéile.