An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1971) Ar Aghaidh (CUID II Ceadúnú agus Maoirseacht Banc)

24 1971

ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1971

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1964, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, a ghairm díobh le chéile.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Acht seo, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú faoin alt seo.

Mínithe.

1927, Uimh. 32 .

1942, Uimh. 22 .

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Airgid Reatha, 1927 ;

ciallaíonn “Acht 1942” Acht an Bhainc Cheannais, 1942 ;

ciallaíonn “an Banc” Banc Ceannais na hÉireann;

ciallaíonn “ceadúnas baincéara” ceadúnas arna eisiúint faoi alt 47 d'Acht 1942, agus déanfar aon tagairt in aon reacht nó in aon ionstraim faoi reacht do cheadúnas baincéara a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do cheadúnas;

ciallaíonn “gnó baincéireachta”—

(a) gnó ag glacadh taiscí is iníoctha ar éileamh nó ar fhógra nó ar dháta socair todhchaí nó ar dháta todhchaí is inchinnte, ach gan áireamh a dhéanamh ar thaiscí arna dtaisceadh le trádálaí ó dhaoine i bhfostaíocht faoi ina ghnó trádála nó óna chustaiméirí i ngnáthchúrsa a ghnó trádála agus taiscí nó tráthchodanna i leith earraí a ligean nó a dhíol faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó faoi chomhaontú díola chreidmheasa, nó

(b) an gnó réamhráite agus aon ghnó eile is gnách a bheith á sheoladh ag banc,

agus forléireofar dá réir sin “baincéireacht” agus focail ghaolmhara dó;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta arna corprú sa Stát nó lasmuigh den Stát agus folaíonn sé Banc na hÉireann;

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;

tá le “ciste ginearálta”, “buillean óir”, “eisiúint” “nóta dlíthairgthe” agus “ciste nótaí dlíthairgthe” na bríonna céanna atá le “ciste ginearálta”, “builleon óir”, “tabhairt amach”, “nóta dlí-thairgthe” agus “ciste nótaí dlí-thairgthe” in Acht 1927;

ciallaíonn “sealbhóir”, maidir le ceadúnas, an duine dar deonaíodh an ceadúnas;

ciallaíonn “cuideachta iontaobhais infheistíochta” cuideachta arb é a príomh-ghnó a cistí a infheistiú in urrúis;

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a deonaíodh faoi alt 9 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “urrúis”—

(a) scaireanna i scairchaipiteal aon chomhlachta chorpraithe nó stoc de chuid aon chomhlachta chorpraithe nó bintiúir, stoc bintiúra nó bannaí de chuid aon chomhlachta chorpraithe, cibé acu is muirear nó nach muirear iad ar shócmhainní na cuideachta, nó cearta nó leasanna (tuairiscithe mar aonaid nó ar shlí eile) in aon scaireanna, stoc, bintiúir, stoc bintiúra nó bannaí den sórt sin,

(b) urrúis de chuid an Rialtais nó rialtais aon tíre nó críche lasmuigh den Stát, nó

(c) cearta (iarbhír nó teagmhasach) i leith airgead a tugadh ar iasacht d'aon chumann tionscail agus coigiltis, d'aon chara-chumann nó do aon chumann foirgníochta nó atá i dtaisce le haon chumann den sórt sin,

agus folaíonn sé cearta nó leasanna (tuairiscithe mar aonaid nó ar shlí eile) is féidir a fháil faoi aon scéim iontaobhais aonad ar urrúis den sórt a luaitear i mír (a), (b) nó (c) den mhíniú seo an mhaoin go léir atá de thuras na huaire faoi réir aon iontaobhais nó aon chomhshocraíocht eile a bunaíodh nó a rinneadh de bhun na scéime;

ciallaíonn “scéim iontaobhais aonad” aon chomhshocraíochtaí arna ndéanamh le haghaidh, nó ag a bhfuil d'éifeacht, saoráidí a sholáthar chun an pobal a bheith páirteach, mar thairbhithe faoi iontaobhas nó ar shlí eile, i mbrabúis nó ioncam ó urrúis, nó ó aon mhaoin eile ar aon chor, a fháil, a shealbhú, a bhainistí nó a dhiúscairt agus déanfar tagairt san Acht seo do bhainisteoir faoi scéim aonaid iontaobhais a fhorléiriú mar thagairt don duine dá bhfuil na cumhachtaí bainistí dílsithe a bhaineann leis an maoin atá de thuras na huaire faoi réir aon iontaobhas nó comhshocraíocht eile arna bhunú nó arna dhéanamh de bhun na scéime.

Caiteachais.

3. —Íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

4. —Déanfar gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.

Aisghairm.

5. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Foráil idirlinne.

6. —Aon cheadúnas baincéara a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo leanfaidh sé i bhfeidhm ar feadh na tréimhse ón tosach feidhme sin—

(a) go dtí an dáta ar a ndeonófar ceadúnas do shealbhóir an cheadúnais baincéara,

(b) go dtí an 31ú lá de Nollaig díreach tar éis an tosach feidhme sin, nó

(c) má chúlghairtear an ceadúnas baincéara, go dtí dáta na cúlghairme,

cibé acu is túisce, agus beidh feidhm ag forálacha an Achta seo i gcaitheamh na tréimhse réamhráite maidir leis an sealbhóir agus leis an gceadúnas baincéara ionann is dá mba shealbhóir ceadúnais an sealbhóir agus dá mba cheadúnas baincéara an ceadúnas.