An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim) Ar Aghaidh (CUID III Dleachtanna Báis)

23 1971

AN tACHT AIRGEADAIS, 1971

CUID II

Custaim agus Mál

Beoir.

1969, Uimh. 21 .

1933, Uimh. 15 .

27. —(1) In ionad an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 34 (1) den Acht Airgeadais, 1969 , muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a ghrúdófar sa Stát an 29ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis sin, dleacht máil de réir £29.167 ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle, caoga is cúig ghrád.

(2) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 34 (2) den Acht Airgeadais, 1969 , déanfar, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Aibreán, 1971, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon chineál a allmhaireofar isteach sa Stát de réir £29.192 ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.

(3) Lamhálfar agus íocfar i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stórais beoir a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, aistarraingt, arna ríomh de réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, de réir £29.18 ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle, caoga is cúig ghrád a saindlúis bhunaidh.

(4) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó le fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (3) den alt seo, nach míle, caoga is cúig ghrád saindlús na beorach, athrófar an dleacht nó an aistarraingt sin go coibhneasach.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 , maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo.

Biotáille.

1920, c. 18.

I.R. Uimh. 132 de 1966.

1919, c. 32.

1926, Uimh. 35 .

28. —(1) Leasófar an Finance Act, 1920, amhail ar an 29ú lá de d'Aibreán, 1971, agus ón lá sin amach, tríd an ábhar atá i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, in ionad an ábhair a cuireadh isteach sa Chuid sin den Chéad Sceideal sin le halt 35 den Acht Airgeadais, 1969 , agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 3 (1) den Finance Act, 1920.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille dá ngairtear fuiscí a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur i dTuaisceart Éireann a monaraíodh í go hiomlán agus gurb é an driogaire a bhuidéalaigh agus a choinsínigh í.

(b) Déanfar na dleachtanna custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 29ú lá d'Aibreán, 1971, agus ón lá sin amach, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir £15.373 an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.

(c) Déantar leis seo alt 35 (2) den Acht Airgeadais, 1969 , a aisghairm amhail ar an 29ú lá d'Aibreán, 1971, agus ón lá sin amach.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille, seachas biotáille a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur sa Ríocht Aontaithe a monaraíodh í agus gurb as sin a coinsíníodh í agus gur monaraíodh ansin í as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 22.08 nó faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 22.09 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 159) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1966.

(b) Leanfar de na dleachtanna custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 29ú lá d'Aibreán, 1971, agus ón lá sin amach, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.

(c) Ní bhainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo.

(d) Déantar leis seo alt 35 (3) den Acht Airgeadais, 1969 , a aisghairm amhail ar an 29ú lá d'Aibreán, 1971, agus ón lá sin amach.

(e) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “an Ríocht Aontaithe” An Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.

(4) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 3 (2) den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an 29ú lá d'Aibreán, 1971, agus ón lá sin amach, de réir £15.385 an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir, de bhua alt 28 (1) den Acht Airgeadais, 1970 .

(5) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise ná ón dleacht máil bhreise i leith bíotáille neamhaibidh a fhorchuirtear le halt 9 den Acht Airgid, 1926 , ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

Rialú custam ar dhaoine ag teacht isteach sa Stát nó ag dul amach as an Stát.

1947, Uimh. 5 .

29. —(1) Nuair a bheidh duine ag teacht isteach sa Stát déanfaidh sé, i cibé áit agus ar cibé dóigh a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, aon ní a bheidh de bhagáiste aige nó a bheidh tugtha leis aige agus a bheidh faoi réir aon dleachta nó cánach ar é a allmhairiú a dhearbhú don oifigeach cuí custam agus máil.

(2) Nuair a bheidh duine ag teacht isteach sa Stát freagróidh sé cibé ceisteanna a chuirfear chuige, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, ag aon oifigeach custam agus máil maidir lena bhagáiste agus aon ní a bheidh ann nó a bheidh tugtha aige leis agus tabharfaidh sé an bagáiste sin agus aon ní den sórt sin ar aird lena scrúdú má iarrann an t-oifigeach air é.

(3) Aon duine a mhainneoidh aon ní a dhearbhú nó aon bhagáiste nó ní a thabhairt ar aird mar a cheanglaítear leis an alt seo dlífear pionós ar cóimhéid le trí oiread luach an ní nó an bhagáiste, ar a n-áirítear aon dleacht is inmhuirir ar an gcéanna, nár dearbhaíodh nó nár tugadh ar aird, de réir mar a bheidh, nó £100 cibé acu is mó, a chur air; agus dlífear aon ní a fhorghéilleadh ar arb inmhuirir dleacht nó cáin agus a gheofar i bhfolach nó nach ndearbhófar.

(4) Déanfar tagairtí do dhaoine ag teacht isteach sa Stát a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dhaoine ag teacht ón aerfort (de réir brí an Achta Aerphort Neamhchustam, 1947) isteach in aon chuid eile den Stát.