An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1971) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

23 1971

AN tACHT AIRGEADAIS, 1971

CUID I

Cáin Ioncaim

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1971-72.

1967, Uimh. 6 .

1. —(1) Muirearófar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1971, de réir 35 faoin gcéad.

(2) Muirearófar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1971, i leith ioncaim aon aonaí ar mó a iomlán ó gach foinse ná comhiomlán—

(a) £2,500, agus

(b) méid aon asbhaintí a bhfuil teideal ag an aonaí chucu don bhliain sin faoi alt 523 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

agus muirearófar amhlaidh í i leith an bharrachais de réir na rátaí seo a leanas, is é sin le rá:

ar gach punt den chéad £2,000

den bharrachas

...

...

...

...

...

15 faoin gcéad

ar gach punt den chéad £2,000

eile den bharrachas

...

...

...

...

30 faoin gcéad

ar gach punt den chuid eile

den bharrachas

...

...

...

...

45 faoin gcéad

Deireadh le halt 2 den Acht Airgeadais, 1970 .

1970, Uimh. 14 .

2. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 2 den Acht Airgeadais, 1970 , maidir leis an mbliain 1971-72 ná maidir le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

Leasú ar alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

3. —Maidir le trádáil nó gairm a mbuanscoirfear di sa bhliain 1972-73 nó aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, beidh éifeacht ag alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá gcuirfí na fomhíreanna seo a leanas in ionad fhomhír (ii) d'fho-alt (5) (a) den alt sin 58:

“(ii) más mó comhiomlán na mbrabús nó na ngnóchan (más ann) na mblianta dar críoch an 5ú lá d'Aibreán gach bliain den dá bhliain roimh an mbliain mheasúnachta a tharlóidh an buanscor ná comhiomlán na méideanna ar muirearaíodh an duine ina leith in aghaidh gach bliana den dá bhliain sin roimhe sin, nó ná comhiomlán na méideanna a muirearófaí é ina leith amhlaidh dá mba nach lamhálfaí aon asbhaint nó fritháireamh mar a dúradh, muirearófar é ina ionad sin, in aghaidh gach bliana den dá bhliain roimhe sin a dúradh, ach faoi réir aon asbhainte nó fritháirimh den sórt sin, i leith mhéid brabús nó gnóchan na bliana dar críoch an 5ú lá d'Aibreán na bliana sin;

(iii) i gcás cáin a mhuirearú ar dhuine ar shlí seachas de réir fhomhír (ii), aisíocfar aon cháin a ró-íocadh, nó féadfar measúnacht bhreise a dhéanamh air, de réir mar is gá sa chás.”.

Cáin a mhuirearú ar shuimeanna a cuireadh d'íoc iasachtaí áirithe lasmuigh den Stát.

4. —(1) Chun críocha alt 76 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanfar aon ioncam ó urrúis agus sealúchais in aon áit lasmuigh den Stát a rinne duine ar a bhfuil gnáthchónaí sa Stát a chur chun íoc as nó de chabhair chun íoc as—

(a) aon fhiach i leith airgead a tugadh ar iasacht dó sa Stát nó i leith ús ar airgead a tugadh ar iasacht dó amhlaidh, nó

(b) aon fhiach i leith airgead a tugadh ar iasacht dó lasmuigh den Stát agus a fuarthas sa Stát nó a tugadh chun an Stáit, nó

(c) aon fhiach a tabhaíodh chun aon fhiach lena mbaineann mír (a) nó (b) a íoc go hiomlán nó go páirteach,

a áireamh mar ioncam a fuair sé sa Stát agus a fuair sé amhlaidh ó íocaíochtaí ab iníoctha sa Stát.

(2) I gcás, duine ar a bhfuil gnáthchónaí sa Stát d'fháil airgid sa Stát nó do thabhairt airgid chun an Stáit arb airgead é a tugadh ar iasacht dó lasmuigh den Stát, ach go mbeidh an fiach i leith an airgid sin íoctha go hiomlán nó go páirteach sula ndéanfaidh sé sin, beidh feidhm ag fo-alt (1) ionann is dá mba sular íocadh amhlaidh an fiach a fuarthas an t-airgead sa Stát nó a tugadh an t-airgead chun an Stáit, ach amháin go ndéanfar aon suimeanna a n-áireofar iad de bhua an fho-ailt sin mar shuimeanna a fuarthas sa Stát a áireamh mar shuimeanna a fuarthas amhlaidh tráth an airgid a fuarthas ar iasacht amhlaidh a fháil iarbhír sa Stát nó a thabhairt iarbhír chun an Stáit.

(3) I gcás duine a bheith i bhfiacha i leith airgead a tugadh ar iasacht dó, déanfar ioncam a bheidh curtha chun feidhme aige ar shlí go mbeidh an t-airgead nó an mhaoin in ionannas don ioncam ar teachtadh ag an iasachtóir thar ceann nó ar cuntas an duine sin chun an fiach a íoc nó a laghdú trí fhritháireamh nó ar shlí eile a áireamh mar ioncam a bheidh curtha chun feidhme ag an duine sin chun nó mar chabhair chun an fiach sin a íoc má bhíonn, faoi aon chomhshocraíocht idir an duine sin agus an t-iasachtóir, an méid a bheidh an duine sin i bhféichiúnas de thuras na huaire ag an iasachtóir, nó an tráth a bheidh sé le haisíoc go hiomlán nó go páirteach, ag braith ar aon slí go díreach nó go neamhdhíreach ar an méid nó ar an luach a bheidh ar teachtadh ag an iasachtóir mar a dúradh.

(4) Chun críocha an ailt seo—

(a) i gcás fiach i leith airgead a tugadh ar iasacht, measfar, a mhéid a bheidh an t-airgead sin curtha chun feidme chun nó mar chabhair chun fiach eile a íoc, gur fiach é a tabhaíodh chun an fiach eile sin a íoc, agus aon fhiach a tabhaíodh chun fiach lena mbaineann mír (c) d'fho-alt (1) a íoc go hiomlán nó go páirteach déileálfar leis féin mar fhiach lena mbaineann an mhír sin, agus

(b) folaíonn “iasachtóir”, maidir le haon airgead a tugadh ar iasacht, an duine atá de thuras na huaire i dteideal aisíocaíochta.

(5) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo maidir le hioncam a cuireadh chun feidhme chun nó mar chabhair chun íoc as fiach i leith airgead a tugadh ar iasacht roimh an 28ú lá d'Aibreán, 1971, nó as fiach a tabhaíodh chun íoc go hiomlán nó go páirteach as aon fhiach den sórt sin, mura tar éis deireadh na bliana 1971-72 a cuireadh chun feidhme amhlaidh é.

Costas cláraithe trádmharcanna a lamháil mar asbhaint.

5. —D'ainneoin aon ní in alt 61 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanfar, nuair a bheidh méid brabús nó gnóchan aon trádála á ríomh, aon táillí a íocadh nó caiteachais a tabhaíodh chun clárú trádmhairc nó athnuachan ar chlárú trádmhairc a fháil chun críocha na trádála a lamháil mar chaiteachais.

Leasú ar alt 134 Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

6. —Leasaítear leis seo alt 134 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “£250” a chur in ionad “£225” i mír (a) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1970 ), agus

(b) trí “£150” a chur in ionad “£125” i mír (b) den choinníoll sin.

Leasú ar alt 135 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

7. —Leasaítear leis seo alt 135 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “£600” a chur in ionad “£500” sa dá áit ina bhfuil sé, agus “£150” a chur in ionad “£125”, i mír (d) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1970 ) a ghabhann le fo-alt (1); agus

(b) trí “£1,000” a chur in ionad “£900” sa dá áit ina bhfuil sé, agus “£250” a chur in ionad “£225”, sa dá áit ina bhfuil sé, i mír (e) den choinníoll sin.

Leasú ar alt 136 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

8. —Leasaítear leis seo alt 136 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “£600” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1970 ) gach áit ina bhfuil sé, agus

(b) trí “£150” a chur in ionad “£125” sa choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1970 ) a ghabhann le fo-alt (2).

Leasú ar alt 139 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1967, Uimh. 17 .

9. —Leasaítear leis seo alt 139 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach in ndiaidh fho-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1967 ):

“(6) Beidh feidhm freisin ag an alt seo i gcás éilitheora is bean neamhphósta a bheidh, i gcaitheamh na bliana measúnachta ar fad, i bhfostaíocht lánaimsire nó fruilithe go lánaimsire le trádáil nó gairm éigin mar atá feidhm aige i gcás éilitheora is baintreach fir, ach amháin go bhfágfar ‘dá bhanchéile éagtha’ agus ‘ná lena bhanchéile éagtha’ ar lár as fo-alt (1).”

Leasú ar alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

10. —Leasaítear leis seo alt 142 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£303” a chur in ionad “£282” sa dá áit ina bhfuil sé agus trí “£243” a chur in ionad “£222”.

Faoiseamh do dhaill.

11. —(1) San alt seo ciallaíonn “dall” duine nach mó ná 6/60 géire a radhairc lárnaigh sa tsúil is fearr aige faoi lionsaí ceartúcháin nó ar mó ná 6/60 géire a radhairc lárnaigh sa tsúil is fearr aige nó sa dá shúil aige ach go bhfuil teorainn ag gabháil leis sin sna réimsí radhairc arb amhlaidh di nach mó ná 20 céim an uille a ghabhann an lárlíne is faide sa réimse radhairc.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon aonaí a dhéanfaidh éileamh chuige, a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán, agus a chruthóidh, sa tslí a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim—

(a) gur fear pósta é a raibh a bhanchéile ina cónaí leis an bhliain mheasúnachta agus gur dhall duine díobh an bhliain go léir nó aon chuid di, agus nár dhall an duine eile aon tráth in imeacht na bliana, nó

(b) gur dhall eisean, nárbh fhear pósta den sórt sin, an bhliain go léir nó aon chuid di,

beidh sé, le linn méid a ioncaim inchánaigh a bheith á ríomh, i dteideal go mbainfear £100 as a ioncam inmheasúnaithe.

(3) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon aonaí a dhéanfaidh éileamh chuige, a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán agus a chruthóidh, sa tslí a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim—

(a) gur fear pósta é a raibh a bhanchéile ina cónaí leis an bhliain mheasúnachta, agus

(b) gur dhall gach duine acu an bhliain go léir nó aon chuid di,

beidh sé, le linn méid a ioncaim inchánaigh a bheith á ríomh, i dteideal go mbainfear £200 as a ioncam inmheasúnaithe.

(4) Beidh feidhm maidir le hasbhaint faoin alt seo ag na forálacha sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim ag a bhfuil feidhm maidir le gach asbhaint a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(5) Leasaítear leis seo alt 153 (1) (d) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “agus le halt 11 den Acht Airgeadais, 1971 ” a chur isteach i ndiaidh “1969”.

(6) Leasaítear leis seo alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1971, trí “nó faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1971 ” a chur isteach i ndeireadh fho-alt (6).

(7) Leasaítear leis seo alt 497 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “Airgeadais, 1969, nó faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1971 ” a chur in ionad “Airgeadais, 1967”.

(8) Leasaítear leis seo alt 523 den Acht Airgeadais, 1967, trí “agus 142, alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 , agus alt 11 den Acht Airgeadais, 1971 ,” a chur in ionad “142 agus alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 ” i bhfo-alt 1 (a).

Leasú ar alt 224 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

12. —Leasaítear leis seo alt 224 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “, pinsean scoir, pinsean seanaoise (ranníocach) agus deontas báis” a chur in ionad “agus pinsean seanaoise (ranníocach)” i bhfo-alt (2),

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3)—

“(bb) maidir le haon ranníoc a bheidh íoctha ag duine ar tar éis dó cúig bliana is caoga d'aois a shlánú a chuaigh sé faoi árachas chun críche pinsin scoir, nach ndéanfar aon asbhaint ná fritháireamh a lamháil i leith na coda de a íocadh i leith pinsin scoir;”, agus

(c) trí “seachas deontas báis” a chur isteach i ndiaidh “seo” i bhfo-alt (4).

Leasú ar alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1968, Uimh. 33 .

13. —Leasaítear leis seo alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1973”, a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1971” i bhfo-alt (4) (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1968 ).

Leasú ar alt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

14. —Leasaítear leis seo alt 254 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1973” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1971” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1968 ).

Leasú ar alt 336 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

15. —Leasaítear leis seo alt 336 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “£350” a chur in ionad “£250”.

Leasú ar ailt 443 agus 444 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

16. —(1) Maidir le híocaíocht lena mbaineann an t-alt seo—

(a) leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 443 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(i) trí “, nó go mbeidh sé iníoctha,” agus “, nó carnaithe” a scriosadh,

(ii) trí “tráth an íoca sin” a chur in ionad “i dtosach na bliana sin”, agus

(iii) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:

“Ar choinníoll—

(a) go measfar chun críocha na Caibidle seo, ach faoi réir alt 444, ioncam a thiocfaidh chun bheith nó ar dóigh dó teacht chun bheith, nó a dtiocfaidh sócmhainní in ionannas dó nó ar dóigh dóibh teacht chun bheith, de bhua nó de dhroim socraíocht lena mbaineann an Chaibidil seo, iníoctha le leanbh, nó iníoctha nó inchurtha chun feidhme chun sochair do leanbh leis an socraitheoir san am le teacht (cibé acu ar choinníoll a chomhalladh é, nó de thoradh chumhacht nó díscréid a tugadh d'aon duine a fheidhmiú, nó ar shlí eile) a bheith íoctha leis an leanbh sin nó chun sochair don leanbh sin, agus

(b) aon ioncam a ndéileálfar leis mar a dúradh agus nach gceanglaíonn an socraíocht é a dháileadh, an tráth a ndéileálfar amhlaidh leis, d'aon leanbh nó leanaí áirithe leis an socraitheoir go measfar é a bheith íoctha ina scaireanna comhionanna le gach duine de na leanaí nó chun sochair do gach duine de na leanaí a dtiocfaidh an t-ioncam nó sócmhainní in ionannas don ioncam, nó ar dóigh don ioncam nó do na sócmhainní sin, teacht chun bheith iníoctha leo nó le haon duine díobh, nó inchurtha chun feidhme maidir leo nó maidir le haon duine díobh, nó chun sochair dóibh nó d'aon duine díobh.”;

(b) leasaítear leis seo fo-alt (4) den alt sin 443—

(i) trí “is iníoctha leis an leanbh sin nó atá carnaithe” a scriosadh, agus

(ii) trí “, is iníoctha, nó a charnaigh” a scriosadh as mír (a);

(c) leasaítear leis seo alt 444 den Acht Cánach Ioncaim, 1970—

(i) trí “(is leanbh faoi bhun bhliain agus fiche agus gan phósadh i dtosach na bliana sin)” a scriosadh as mír (a), agus

(ii) trí “tráth an íoca” a chur in ionad “i dtosach na bliana sin” i mír (b).

(2) Déanfar an tagairt i mír (b) den alt sin 444 do shuim eile a íocadh le leanbh, nó chun sochair do leanbh, a bhí, i dtosach na bliana measúnachta a íocadh í, faoi bhun bliain agus fiche d'aois agus gan phósadh a fhorléiriú, maidir le híoc lena mbaineann an t-alt seo a dhéanamh ar aon suim den sórt sin, mar thagairt do shuim a íocadh amhlaidh le leanbh, nó chun sochair do leanbh, a bhí an tráth sin faoi bhun bliain agus fiche d'aois agus gan phósadh.

(3) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht a íocadh tar éis na bliana 1970-71, ach amháin íocaíocht a íocadh sa bhliain 1971-72, le leanbh, nó chun sochair do leanbh, a rugadh tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1971, agus a íocadh amhlaidh de bhua nó de dhroim socraíocht a rinneadh roimh an 28ú lá d'Aibreán, 1971.

Leasú ar alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

17. —(1) Maidir le hús is inmhuirir d'aon mhí dar tosach dáta, nó tar éis dáta, an Achta seo a rith nó d'aon chuid de mhí den sórt sin ar cháin a bhí, atá nó a bheidh dlite agus iníoctha roimh an dáta sin, ar an dáta sin nó tar éis an dáta sin, leasaítear leis seo alt 550 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “.75 faoin gcéad” a chur in ionad “leath faoin gcéad”.

(2) (a) Leasaítear leis seo tuilleadh alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(i) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (1):

“Ar choinníoll, i gcás aon cháin a mhuirearófar le haon mheasúnacht i leith cánach ioncaim nó forchánach, go n-iompróidh sí, d'ainneoin aon achomharc i gcoinne na measúnachta sin, ús de réir .75 faoin gcéad do gach mí nó cuid de mhí ón dáta a thiocfadh an cháin, dá mbeifí gan achomharc a dhéanamh i gcoinne na measúnachta, chun bheith dlite agus iníoctha faoi alt 477 nó faoi alt 522 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cibé acu é, go dtí go n-íocfaí í”;

(ii) trí “dhá mhí” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “trí mhí”; agus

(iii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) Má bhíonn fógra achomhairc tugtha i gcoinne measúnachta agus comhaontú maidir leis an méid cánach ba cheart a íoc, d'ainneoin an t-achomharc, a bheith déanta idir an t-achomharcóir agus an cigire nó an t-oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim lena mbainfidh faoi alt 419 (1) agus go mbeifear tar éis an méid ar ar comhaontaíodh amhlaidh a íoc laistigh den tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2), ní bhainfidh fo-alt (1) le haon iarmhéid cánach is inmhuirir de réir an chinnte ar an achomharc má íoctar an t-iarmhéid sin laistigh de dhá mhí ón dáta a chinnfear an t-achomharc.

(b) I gcás ina mbeidh fógra achomhairc tugtha i gcoinne measúnachta agus nach mbeidh comhaontú ann den sórt dá dtagraítear i mír (a) agus go ndéanfaidh achomharcóir, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2), suim a íoc ar chuntas na cánach a muirearaíodh leis an measúnacht a bheidh faoi achomharc agus nach 1ú an tsuim sin ná 80 faoin gcéad den mhéid a chinnfear a bheith inmhuirir leis an measúnacht ar an achomharc a chinneadh, ní bhainfidh fo-alt (1) le haon iarmhéid cánach is inmhuirir de réir an chinnte ar an achomharc má íoctar an t-iarmhéid sin laistigh de dhá mhí ó dháta an achomhairc a chinneadh.

(c) San fho-alt seo ciallaíonn achomhairc a chinneadh cinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc faoi alt 416 (4) agus folaíonn sé comhaontú dá dtagraítear in alt 416 (3) agus measúnacht teacht chun bheith críochnaitheach, dochloíte de bhua alt 416 (6).”.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir le measúnachtaí i leith cánach ioncaim nó forchánach a muirearaíodh le haon mheasúnachtaí a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith.

(3) Ní bheidh feidhm ag ailt 418 agus 529 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le measúnachtaí i leith cánach ioncaim nó forchánach, de réir mar a bheidh, a dhéanfar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin.

Leasú ar alt 419 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

18. —Maidir le measúnachtaí a dhéanfar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, leasaítear leis seo alt 419 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “mar aon le hús de réir an ráta a fhorcáiltear le halt 550 (1) ó dháta nó ó dhátaí an mhéid nó na méideanna a íoc dá dtáinig an ró-íoc go dtí an dáta a dhéanfar an t-aisíoc” a chur isteach i ndiaidh “ró-íocadh” i bhfo-alt (1), agus

(b) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (1):

“Ar choinníoll—

(a) nach mbeidh ús iníoctha faoin bhfo-alt seo más 1ú ná £1 é, agus

(b) nach mbeidh cáin ioncaim inasbhainte ar ús a íoc faoin alt seo agus nach n-áireofar ús den sórt sin le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.”, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Má tharlaíonn, i gcás ina mbeidh fógra achomhairc tugtha i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim nó forchánach agus nach mbeidh aon chomhaontú ann den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1), go n-íocfaidh an t-achomharcóir suim chánach ar chuntas na cánach a bheidh muirearaithe leis an measúnacht a bheidh faoi achomharc is suim níos mó ná an cháin a chinnfear a bheith inmhuirir leis an measúnacht ar an achomharc a chinneadh, beidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) ionann is dá mba de dhroim íocaíochta a rinneadh de réir comhaontú den chineál sin a dúradh a tharla an ró-íoc cánach.”.

Leasú ar ailt 428 agus 429 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

19. —(1) Leasaítear leis seo alt 429 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) D'ainneoin, i gcás measúnacht arna déanamh ar dhuine ar dháta an Achta Airgeadais, 1971 , a rith nó dá éis sin, aon duine a bheith, de bhun fho-alt (1), tar éis a iarraidh go ndéanfaí a achomharc chun na gCoimisinéirí Achomhairc i gcoinne na measúnachta a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda, íocfar cáin de réir chinnidh na gCoimisinéirí Achomhairc:

Ar choinníoll, má athraíonn breith an bhreithimh an mheasúnacht, ansin—

(a) má bhíonn suim ró-mhór cánach íoctha, déanfar an tsuim nó na suimeanna a ró-íocadh, ach amháin i gcás inar 1ú ná £1 an t-ús, a aisíoc mar aon le hús de réir an ráta a fhoráiltear le halt 550 (1) ó dháta nó ó dhátaí an tsuim nó na suimeanna a íoc dá dtáinig an ró-íoc go dtí an dáta nó na dátaí a dhéanfar an t-aisíoc; nó

(b) más suim ró-bheag cánach a bheidh íoctha, beidh aon iarmhéid iníoctha ach beidh feidhm ag forálacha alt 550 (2A) ionann is dá mba achomharc chun na gCoimisinéirí Achomhairc an t-achomharc agus dá mba chinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc breith an bhreithimh ar an achomharc.

(5) Ní bheidh cáin ioncaim inasbhainte ar an gcáin sin dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (a) a íoc agus ní áireofar an t-ús sin le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 428 (9) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “nó na Cúirte Cuarda de réir mar a bheidh” a scriosadh.

Us ar cháin ioncaim nó ar fhorcháin i gcásanna calaoise nó faillí.

20. —(1) San alt seo tá an bhrí chéanna le “faillí” atá leis in alt 186 (2) (d) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) I gcás ina ndéanfar, d'aon bhliain mheasúnachta, measúnacht chun go ngnóthófar íosmhuirear i leith cánach ioncaim nó forchánach is inchurtha i leith calaois nó faillí ar thaobh aon duine, iompróidh an méid den cháin a íosmhuirearaíodh ús de réir 75 faoin gcéad do gach mí nó cuid de mhí ón dáta nó ó na dátaí a bheadh an cháin a íosmhuirearaíodh don bhliain sin iníoctha dá gcuirfí í sa mheasúnacht a rinneadh roimh an 1ú lá d'Eanáir an bhliain sin go dtí an dáta an cháin a íosmhuirearaíodh a íoc.

(3) Faoi réir fho-alt (6), ní bhainfidh fo-alt (1) ná fo-alt (2) d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le cáin a iompróidh ús faoin alt seo.

(4) Bainfidh fo-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 550 agus alt 551 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le hús is inmhuirir faoin alt seo mar a bhaineann siad le hús is inmhuirir faoin alt sin 550.

(5) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo maidir le cáin a muirearaíodh d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1971-72.

(6) I gcás ina ndéanfar measúnacht den chineál dá dtagraítear bhfo-alt (2)—

(a) tabharfaidh an cigire lena mbainfidh fógra don duine a mheasúnófar go n-iompróidh an cháin a bheidh muirearaithe leis an measúnacht ús faoin alt seo,

(b) féadfaidh an duine a mheasúnófar achomharc a dhéanamh i gcoinne na measúnachta ar an bhforas nár cheart ús a mhuirearú faoin alt seo, agus beidh ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí feidhm agus éifeacht maidir leis an measúnacht mar atá feidhm acu maidir leis na hachomhairc sin faoi réir aon mhodhnuithe is gá, agus

(c) má chinntear, ar an achomharc, nach ceart go n-iompródh an cháin a muirearaíodh leis an measúnacht ús faoin alt seo, bainfidh fo-ailt (1) agus (2) d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , leis an gcáin sin.

Leasú ar alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 .

I.R. Uimh. 1 de 1971 .

21. —(1) (a) Leasaítear leis seo alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 , tríd an mír seo a leanas a chur i bhfo-alt (2) i ndiaidh mhír (a):

“(aa) údarás áitiúil, comhlachas tithíochta, iontaobhas tithíochta nó cumann tithíochta, nó”.

(b) Measfar gur tháinig an fo-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, ach ní chuirfidh aon ní san fho-alt seo aon oibleagáid ná dliteanas ar údarás áitiúil, ar chomhlachas tithíochta, ar iontaobhas tithíochta ná ar chumann tithíochta maidir le cáin a asbhaint nó le cáin a íoc leis an mBailitheoir i leith aon íocaíochta a d'íoc an t-údarás, an comhlachas, an t-iontaobhas nó an cumann sin roimh dháta an Achta seo a rith, mura ndearna sí asbhaint as an íocaíocht roimh an tAcht seo a rith arbh asbhaint bhailí cánach í dá mba tar éis an tAcht a rith a rinneadh í.

(c) I gcás ina ndéanfar íocaíocht den chineál a shonraítear i mír (b) a íoc tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1971, gan asbhaint den chineál a shonraítear ansin, féadfaidh an cigire, trí fhógra i bhfoirm a fhorordóidh na Coimisiniérí Ioncaim, a cheangal ar an gcomhlacht a d'íoc an íocaíocht sonraí na híocaíochta a thabhairt dó laistigh de mhí tar éis dáta an fhógra a thabhairt.

(d) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “alt 21 (1) (c) den Acht Airgeadais, 1971 ” a chur isteach i gcolún (2) de.

(2) Leasaítear leis seo tuilleadh alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiadh fho-alt (6):

“(6A) I gcás suim chánach a dhlíonn duine, ar príomhaí é, nó a meastar gur príomhaí é, den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) faoin alt seo agus faoi aon rialacháin faoi fho-alt (5) a íoc leis an mBailitheoir a bheith gan íoc amhlaidh, íocfaidh an duine ús simplí ar an suim leis an mBailitheoir agus ríomhfar an t-ús sin ón dáta a tháinig an tsuim chun bheith dlite chun a híoctha agus de réir aon faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó coda de mhí a bheidh an tsuim gan íoc.

(6B) Bainfidh fo-alt (6A) le cáin is inghnóthaithe ó dhuine de bhua fógra faoi Rialachán 12 (1) de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Foirgníochta), 1971, ionann is dá mba éard an cháin cáin a dhligh an duine faoi na Rialacháin sin a íoc—

(a) in aghaidh na míosa cánach ioncaim (de réir brí na Rialachán sin) ar lena linn a d'éag an tréimhse ceithre lá dhéag ó dháta an fhógra a sheirbheáil, nó

(b) más déanaí í ná an mhí a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo, in aghaidh na míosa cánach ioncaim (de réir brí na Rialachán sin) a rinneadh an t-achomharc (má b'ann) dá bhforáiltear le Rialachán 12 (2) de na Rialacháin sin maidir leis an gcáin a chinneadh trí chomhaontú nó ar shlí eile.

(6C) Na forálacha de gach achtacháin agus de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Conarthaí Foirgníochta), 1971, a bhaineann le haon suim chánach a ghnóthú a dhlíonn príomhaí den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a íoc faoin alt seo agus faoi na Rialacháin sin a íoc leis an mBailitheoir bainfidh siad le haon suim úis a ghnóthú is iníoctha ar an gcáin sin ionann is dá mba chuid den cháin sin an tsuim chánach sin.”

(3) Ní thosóidh ús ar rith faoin alt seo ó aon dáta roimh dháta an Achta seo a rith.

Liúntas infheistíochta d'innealra agus do ghléasra i limistéir ainmnithe.

1969, Uimh. 32 .

22. —(1) San alt seo agus in ailt 24 agus 25 ciallaíonn “innealra nó gléasra cáilitheach” innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar ar bóthar nó feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) arna sholáthar lena úsáid i limistéar ainmnithe agus arb innealra nó gléasra neamhúsáidte gan bheith réchaite é le linn é a sholáthar amhlaidh;

tá an bhrí chéanna le “limistéar ainmnithe” atá leis san Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 .

(2) I gcás duine a sheolann aon trádáil nó gairm do thabhú caiteachais chaipitiúil, an 1ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1973, ag soláthar innealra nó gléasra cháilithigh chun críocha na trádála nó na gairme, lamhálfar dó, don bhliain mheasúnachta sa bhonn-tréimhse dar tabhaíodh an caiteachas, liúntas dá ngairtear liúntas infheistíochta san alt seo agus sna trí hailt díreach ina dhiaidh seo) ar cóimhéid le cúigiú cuid an chaiteachais, agus tabharfar an liúntas sin ar mhodh asbhainte le linn brabúis nó gnóchain na trádála nó na gairme a bheith á muirearú.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) glacfar gurb é an lá a tabhaíodh aon chaiteachas an lá an tsuim a bheidh i gceist theacht chun bhreith iníoctha,

(b) ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a mhéid a d'íoc nó a íocfaidh an Stát, aon bhord a buanaíodh le reacht nó aon údarás poiblí nó áitiúil go díreach nó go neamhdhíreach as,

(c) i gcás aon chaiteachas a bheidh tabhaithe chun críocha trádála nó gairme ag duine ar tí a sheoladh déileálfar leis ionann is dá mba é an chéad lá a sheol an duine sin í a thabhaigh sé é, agus

(d) ní háireofar ar chaiteachas caipitiúil aon chaiteachas a lamháiltear a asbhaint le linn ríomh a bheith á dhéanamh, chun críocha cánach ioncaim, ar bhrabúis nó gnóchain trádála nó gairme a sheol an duine a thabhaigh an caiteachas.

(4) Ní foláir aon éileamh ó dhuine ar liúntas faoin alt seo le linn brabúis nó gnóchain a thrádála nó a ghairme a bheith á ríomh a chur sa ráiteas bliantúil ar bhrabúis nó gnóchain an chéanna nach mór a sheachadadh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim agus ní foláir deimhniú faoi láimh an éilitheora, a measfar gur cuid den éileamh é, a bheith ag gabháil leis á rá gur tabhaíodh an caiteachas ag soláthar innealra nó gléasra cháilithigh agus ag insint cibé sonraí a shuífidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.

(5) Leasaítear leis seo alt 69 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “‘liúntas caipitiúil’ aon liúntas, seachas liúntas a bheidh” a chur in ionad “‘trádáil chomhpháirtíochta’ aon trádáil atá á seoladh” agus “nó faoi alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 ” a chur leis an míniú sin agus leis an míniú ar “liúntais caipitiúil” in alt 218 den Acht sin agus le halt 20 (5) (a) den Acht Airgeadais, 1970 , agus leis an míniú ar “liúntais chaipitiúla” in ailt 314 (2) agus 317 (1) den Acht Cánach Ioncaim 1967.

“Bonn-tréimhse”.

23. —(1) In alt 22 tá le “bonn-tréimhse” an bhrí a shanntar dó leis na forálacha seo a leanas den alt seo.

(2) I gcás duine a mbeidh liúntas infheistíochta le tabhairt dó faoin alt sin 22, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse arb ar a brabúis nó ar a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D i leith na trádála nó na gairme a bheidh i gceist nó, más rud é, de bhua aon fhorála de na hAchtanna Cánach Ioncaim, go mbeidh sé le glacadh gurb iad brabúis nó gnóchain na tréimhse sin brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile, an tréimhse eile sin:

Ar choinníoll, i gcás aon trádála nó gairme—

(a) má théann dhá bhonn-tréimhse thar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonn-tréimhse agus ansin amháin don tréimhse a bhaineann leo araon;

(b) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonn-treimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an dara bliain mheasúnachta a luaitear bliain na trádála nó na gairme a bhuanscor, go measfar gur cuid den dara bonntréimhse an t-eatramh; agus

(c) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain na trádála nó na gairme a bhuanscor agus an bhonn-tréimhse do bhliain a buanscoir, go measfar gur cuid den chéad bhonntréimhse an t-eatramh.

(3) (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) do thrádáil nó gairm a bhuanscor a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do tharlú aon ní a bhfuil sé, faoi aon fhoráil atá sna hAchtanna Cánach Ioncaim, le meas gur comhionann é agus trádáil nó gairm a bhuanscor.

(b)  Déanfar aon tagairt sa choinníoll do dhá tréimhse dul thar a chéile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse comhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse is cuid de gach ceann de dhá thréimhse.

Foráil a bhaineann le caitheamh agus cuimilt.

24. —(1) D'fhonn méid aon asbhainte a dhéanamh amach a bheidh le lamháil d'aon duine faoi alt 241 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar mhéid in ionannas an luacha laghdaithe mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt in imeacht na bliana measúnachta ar aon innealra nó gléasra cáilitheach, ní chuirfear i gcuntas aon liúntas infheistíochta le linn luach an innealra nó an ghléasra cháilithigh i dtosach na bliana a chinneadh.

(2) In alt 241 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanfar an abairt “na hasbhaintí mar gheall air sin, agus” an abairt “na n-asbhaintí” mar a bhfuil an abairt sin roimh “agus na liúntas” a fhorléiriú, gach abairt acu, mar abairt nach bhfolaíonn tagairt d'aon liúntas infheistíochta a thugtar do dhuine a sheolann an trádáil nó an ghairm.

(3) Beidh feidhm ag alt 241 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le liúntas infheistíochta mar atá feidhm aige maidir le hasbaintí is inlamháilte i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.

Liúntas infheistíochta a aistarraingt.

25. —I gcás ina mbeidh liúntas infheistíochta tugtha d'aon duine i leith caiteachas a thabhaigh sé ag soláthar innealra nó gléasra cháilithigh agus go ndíolfaidh sé an t-innealra nó an gléasra gan é d'úsáid an innealra nó an ghléasra i limistéar ainmnithe chun críocha a thrádála nó a ghairme nó roimh dheireadh na tréimhse dhá bhliain ón lá a tosaíodh ag úsáid an innealra nó an ghléasra amhlaidh, aistarraingeofar an liúntas infheistíochta agus déanfar na measúnachtaí breise sin agus na coigeartuithe measúnachtaí sin go léir is gá chun nó de dhroim liúntas infheistíochta a aistarraingt.

Méadú ar liúntais caithimh agus cuimilte d'innealra agus do ghléasra áirithe.

26. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “innealra nó gléasra cáilitheach” innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar ar bóthar nó feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) arna sholáthar le húsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1973, in aon limistéar seachas limistéar ainmnithe chun críocha trádála nó gairme agus arb innealra nó gléasra neamhúsáidte gan bheith réchaite é le linn é a sholáthar amhlaidh;

tá an bhrí chéanna le “limistéar ainmnithe” atá leis san Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 .

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás asbhaint a bheith le lamháil faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , d'aon bhliain mheasúnachta, i leith caitheamh agus cuimilt ar aon innealra nó gléasra cáilitheach, déanfar, faoi réir fho-alt (6) den alt sin, an asbhaint a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an asbhaint le lamháil le linn dó a éileamh a dhéanamh ar an asbhaint; agus, maidir le cás ina raibh éifeacht ag an bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim d'asbhaint a lamháiltear faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don asbhaint sin arna mhéadú faoin bhfo-alt seo.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) le hinnealra cáilitheach ná le gléasra cáilitheach a bheidh ligthe chuig duine ar na téarmaí a luaitear in alt 241 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mura bhforálann an conradh ligin go mbeidh an duine nó go bhféadfaidh an duine teacht chun bheith ina úinéir ar an innealra nó ar an ngléasra ar an gconradh a bheith comhlíonta; agus, i gcás ina bhforálann an conradh amhlaidh, ach gan é teacht chun bheith ina úinéir ar an innealra nó ar an ngléasra, go scoirfidh sé de bheith i dteideal (seachas ar éag dó) sochair an chonartha a mhéid a bhaineann sé leis an innealra nó leis an ngléasra, measfar nach raibh feidhm ag fo-alt (2) maidir leis an innealra nó leis an ngléasra agus déanfar dá réir cibé measúnachtaí breise agus coigeartuithe ar mheasúnachtaí is cuí.

(4) I gcás ina méadófar faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta an asbhaint faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith caitheamh agus cuimilt ar aon innealra nó gléasra, ní thabharfar aon liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XV den Acht sin maidir le hinnealra nó gléasra don bhliain sin nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

(5) Leasaítear leis seo alt 14 (1) den Acht Airgeadais, 1970 , trí “nó faoi alt 26 den Acht Airgeadais, 1971 ,” a chur leis an míniú ar “liúntas caithimh agus cuimilte”.