An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1971)

20 1971

AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1971

AN SCEIDEAL

Leasuithe Ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht

Alt 19.

An Fhoráil a Leasaítear

An Leasú

(1)

(2)

Alt 2.

An méid seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) in ionad an mhínithe ar “an tSeirbhís Fostaíochta”—

“ciallaíonn ‘an tSeirbhís Daonchumhachta Náisiúnta’ an tseirbhís ar a dtugtar an teideal sin agus a oibrítear faoi rialú an Aire;”.

“nó le halt 11 (3) (de réir mar a bheidh)” a chur isteach i ndiaidh “le halt 11 (2)” sa mhíniú ar “gearr-am”.

Alt 4.

“ceithre bliana” a chur in ionad “dhá bhliain” i bhfo-alt (1).

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3) (b):

“(c) Nuair a bheifear ag rianú aon ghaoil chun críocha mhír (b)—

(i) measfar gur sliocht dlisteanach leis an uchtóir nó leis na huchtóirí duine a uchtaíodh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964;

(ii) faoi réir chlásal (i) den mhír seo, measfar gur sliocht dlisteanach a mháthar agus a athar toimhdean duine neamhdlisteanach;

(iii) aon duine atá in loco parentis do dhuine eile measfar gurb é tuiste an duine eile é.”.

Alt 5.

“nó faoi alt 17 den Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1971 ” a chur isteach i ndiaidh “47” i bhfo-alt (1).

Alt 7.

“ceithre bliana” a chur in ionad “dhá bhliain” i bhfo-alt (1) (b).

“104 sheachtain” a chur in ionad “208 seachtain” i bhfo-alt (5).

Alt 8.

“alt 12” a chur in ionad “alt 12 (2)” i bhfo-alt (2).

Alt 9.

“gan fógra” a scriosadh as fo-alt (1) (c).

“seirbhís an fhostaí faoin bhfostóir roimhe sin” a chur in ionad “an tseirbhís ag an bhfostaísin a luaitear i mír (a) (ii)” i bhfo-alt (3) (b).

Alt 11.

“, tar éis tosach feidhme an Achta seo,” a scriosadh as fo-alt (1).

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) I gcás ina dtarlóidh mar gheall ar laghdú ar an obair a sholáthróidh fostóir d'fhostaí (is obair de chineál a bhfuil an fostaí fostaithe faoina chonradh chun í a dhéanamh) gur lú uaire oibre laghdaithe an fhostaí aon tseachtain ná leath a ghnáthuaire oibre seachtainiúil, measfar chun críocha na Coda seo é a bheith coimeádta ar gearr-am an tseachtain sin.”

Alt 13.

“alt 12” a chur in ionad “alt 12 (2)” i bhfo-alt (4).

Alt 15.

“Aon fhostaí a mbeidh an fógra is gá de réir alt 17 faighte aige ní bheidh sé i dteideal íocaíochta iomarcaíochta má tharlaíonn sa tréimhse dhá sheachtain dar críoch dáta an bhriste” a scriosadh as fho-ailt (1) agus (2) agus “Ní bheidh aon fhostaí i dteideal íocaíochta iomarcaíochta más rud é” a chur ina ionad.

“Sular foirceannadh a chonradh” a chur i bhfo-ailt (1) (b) agus (2) (b) in ionad “sular briseadh é” agus “a chonradh a fhoirceannadh” a chur i bhfo-ailt (1) (c) agus (2) (d) in ionad “an bhriste”.

An fo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I gcás fostaí dar tairgeadh fostaíocht oiriúnach agus a chomhlíon dualgais na fostaíochta sin ar feadh tréimhse nár mhó ná ceithre sheachtain diúltú don tairiscint, ní bheidh glacadh sealadach na fostaíochta sin go heisiatach ina dhiúltú míréasúnach chun críocha an ailt seo.”.

An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) I gcás ina mbeidh duine atá i dteideal íocaíochta seachtainiúla tar éis diúltú go míreasúnach d'fhostaíocht oiriúnach a thairg nó a d'fhormheas an tSeirbhís Náisiúnta Daonchumhachta, beidh an duine sin dícháilithe chun íocaíocht sheachtainiúil a fháil ar feadh tréimhse nach faide ná sé sheachtain.”.

Alt 16.

“má bhíonn gach coinníoll a shonraítear in alt 7 (2) gan chomhlíonadh, ach” a chur in ionad “má bhíonn ceachtar de na coinníollacha a shonraítear in ailt 7 (2) (a) agus 7 (2) (b) gan chomhlíonadh, ach” i bhfo-alt (3) (a).

Alt 17.

“104 sheachtain” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “ceithre bliana”.

Alt 18.

An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Nuair a bhrisfidh fostóir mar gheall ar iomarcaíocht fostaí a mbeidh tréimhse nach giorra ná 104 sheachtain fostaíochta leanúnaí curtha isteach aige, tabharfaidh sé don fhostaí, tráth nach déanaí ná dáta a bhriste, deimhniú (dá ngairtear deimhniú iomarcaíochta sa Chuid seo).”.

An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Aon uair a dhéanfaidh fostaí a mbeidh tréimhse nach giorra ná 104 sheachtain fostaíochta leanúnaí curtha isteach aige fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh de réir alt 12 a thabhairt, tabharfaidh a fhostóir, faoi réir alt 13, deimhniú iomarcaíochta dó tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis an fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh a sheirbheáil.”

Alt 19.

“nó i gcás ina dtiocfaidh fostaí i dteideal íocaíochta iomarcaíochta de bhua alt 12” a chur in ionad “nó nuair a dhéanfaidh fostaí den sórt sin a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh de réir alt 12 (2)” i bhfo-alt (1).

Alt 21.

“alt 7 (2)” a chur in ionad “alt 7 (2) (a) nó 7 (2) (b)” i bhfo-alt (2).

Alt 25.

“D'ainneoin fho-alt (1), aon fhostaí” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “Aon fhostaí”.

Alt 30.

“nó ar é teacht i dteideal íocaíochta iomarcaíochta de bhua alt 12” a chur in ionad “nó ar é d'fhoirceannadh a chonradh fostaíochta de réir alt 12 (2)” i bhfo-alt (1).

Alt 37.

“dá oifigigh” a scriosadh.

Alt 56.

“agus alt 40” a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “alt 39”.

Sceideal 1.

Mír 2 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“(2) An méid iomlán a bheidh á íoc le duine ina leith seo a leanas:

íocaíocht sheachtainiúil, sochar dífhostaíochta faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1970, sochar míchumais faoi na hAchtanna sin, liúntas máithreachais faoi na hAchtanna sin, cúnamh dífhostaíochta faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1970, nó (i gcás duine ar a bhfuil cónaí rialta i dTuaisceart Éireann) íocaíocht sheachtainiúil, sochar dífhostaíochta faoi na National Insurance Acts (Northern Ireland), 1966 to 1970, sochar breoiteachta faoi na hAchtanna sin, liúntas máithreachais faoi na hAchtanna sin, sochar forlíontach faoi na Supplementary Benefits Acts (Northern Ireland) 1966 to 1969.

ní bheidh sé níos mó ná 90 faoin gcéad de ghnáth-luach saothair an duine sin; ar choinníoll nach lú an méid a gheobhaidh duine i leith sochair dhífhostaíochta, sochair mhíchumais nó bhreoitreachta, liúntais mháithreachais, cúnamh dhífhostaíochta nó sochair fhorlíontaigh ná an méid a mbeadh teideal ag an duine sin chuige mura mbeadh an tAcht seo.”

An méid seo a leanas a chur in ionad mhír 4:

“4. Ní íocfar íocaíocht sheachtainiúil le duine a bheadh ar shlí eile ina theideal in aghaidh tréimhse ar bith nach mbeidh an duine sin i dteideal sochair mhíchumais nó sochair dhífhostaíochta de bhua alt 15 (2) d'Acht 1952.”

An méid seo a leanas a chur in ionad mhír 5:

“5. (a) Ní íocfar íocaíocht sheachtainiúil le duine in aghaidh aon tréimhse mura rud é nach raibh an duine sin i bhfostaíocht shochrach in imeacht na tréimhse sin agus nach bhféadfaí a rá le réasún gurbh é cúis nach raibh an duine sin i bhfostaíocht amhlaidh mainneachtain nó diúltú aige fostaíocht shochrach oiriúnach a lorg nó a ghlacadh nó leanúint i bhfostaíocht shochrach oiriúnach.

(b) Aon duine atá i dteideal agus ag fáil sochair dhífhostaíochta nó sochair mhíchumais faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1970, féadfar a mheas nach bhfuil sé i bhfostaíocht shochrach chun críocha na míre seo.”.

“nó ag a raibh sé fostaithe nuair a rinne sé a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh faoi alt 12; ar choinníoll go mbeidh teideal aige, faoi réir mhír 5, ceithre íocaíocht sheachtainiúil ar a laghad a fháil i ngach cás” a chur isteach i mír 6 i ndiaidh “iomarcaíocht”.

An méid seo a leanas a chur in ionad mhír 7:

“7. Nuair a bheidh blianta fostaíochta leanúnaí á ríomh chun críocha mhír 6 maidir le duine a bhfoirceannfar a fhostaíocht tar éis tosach feidhme ar Achta um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1971 , déanfar gach tréimhse bliana a raibh an duine a bheidh i dteideal na híocaíochta seachtainiúla 41 bliain d'aois nó níos sine ar a bhfeadh go léir a ríomh mar dhá bhliain chomhlánaithe fostaíochta leanúnaí.”

“aon tréimhse dá dtagraítear i mír 4” a chur i mír 9 in ionad “na tréimhse dhá sheachtain a luaitear i mír 4.”

“i dtréimhse den sórt dá dtagraítear i mír 4” a chur i mír 9 in ionad “sa tréimhse dhá sheachtain sin”.

“nó i dTuaisceart Éireann” a chur isteach i mír 14 i ndiaidh “Stát”.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 14:

“15. (1) Duine ar bith a chaill fostaíocht mar gheall ar stopadh oibre a tharla de dheasca díospóid cheirde sa mhonarcha, sa cheardlann, ar an fheirm nó san áitreabh nó san áit eile ina raibh sé fostaithe ní bheidh sé i dteideal íocaíochta seachtainiúla fad a leanfaidh an stopadh oibre, ach amháin, faoi réir mhír 5, i gcás inar tháinig sé chun bheith fostaithe bona fide in áit eile sa ghairm beatha ba ghnách leis, nó gur tháinig sé chun bheith ag gabháil go rialta do ghairm beatha éigin eile, le linn an obair an bheith stoptha.

(2) I gcás brainsí ar leithligh d'obair a sheoltar de ghnáth mar ghnónna ar leithligh in áitribh ar leithligh a bheith in aon chás á seoladh i ranna éagsúla san áitreabh céanna nó san áit chéanna, measfar gach ceann de na ranna sin, chun críocha fomhír (1), a bheith ina mhonarcha, ina cheardlann nó ina fheirm ar leithligh nó ina áitreabh ar leithligh nó ina áit ar leithligh, cibé acu é.

(3) Ní bheidh feidhm ag fomhír (1) maidir le duine—

(a) nach bhfuil páirteach sa díospóid cheirde ba chúis leis an stopadh oibre nó ag tabhairt airgid le haghaidh na díospóide sin nó leasmhar go díreach inti, agus

(b) nach duine de ghrád nó d'aicme oibrithe a raibh comhaltaí de, díreach roimh an stopadh tosú, fostaithe ina áit fhostaíochta agus a raibh aon duine acu páirteach sa díospóid nó ag tabhairt airgid le haghaidh na díospóide nó leasmhar go díreach inti.

(4) Sa mhír seo ciallaíonn “díospóid cheirde” aon díospóid idir fostóirí agus fostaithe, nó idir fostaithe agus fostaithe, a bhfuil baint aici le fostaíocht nó le neamhfhostaíocht nó le téarmaí fostaíochta nó le coinníollacha fostaíochta aon daoine, cibé acu ar fostaithe i bhfostaíocht an fhostóra lenar tharla an díospóid iad nó nach ea.”.

Sceideal 2.

I mír 17 “I gcás ina mbeidh tairgthe ag fostóir, roimh chonradh fostaíochta fostaí a fhoirceannadh,” a chur in ionad “I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag fostóir d'fhostaí chun a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh, agus go mbeidh tairgthe aige”.

Mír 19 (1) a scriosadh.

Mír 20 a scriosadh.

Sceideal 3.

“nó ag a raibh sé fostaithe nuair a d'fhoirceannaigh sé a chonradh fostaíochta faoi alt 12,” a chur isteach i míreanna 1 (a) agus 1 (b) i ndiaidh “faoin bhfostóir arb ina fhostaíocht a bhí sé ar dhát an bhriste”.

“ar dháta an bhriste” a scriosadh as mír 1 (b).

An méid seo a leanas a chur isteach i mír 1 i ndiaidh fhomhír (b):

“agus

(c) suim is comhionnan le ghnáth-luach saothair sheachtainiúil an fhostaí.”

Mír 2 a scriosadh.

“ina mbearnófar nó inar bearnaíodh tréimhse fhostaíochta” a chur i mír 5 (1) in ionad “inar bearnaíodh tréimhse sheirbhíse” agus “nach faide nó” a chur isteach i mír 5 (1) (a) agus 5 (1) (b) i ndiaidh “tréimhse”.

“(lena n-áirítear díobháil)” a chur isteach i mír 5 (1) (a) i ndiaidh “ar thinneas”.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 5 (1) (a):

“(ai) aon tréimhse de bhíthin seirbhíse ag an bhfostaí sna hÓglaigh Cúltaca,”.

Mír 5 (1) (b) (iii) a scriosadh.

“nó a bhí nó nach raibh” a chur isteach i mír 5 (1) i ndiaidh “nach mbeidh’ i mír 5 (1).

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 5:

“(5A) Má bhristear fostaí mar gheall ar iomarcaíocht sula mbeidh an tréimhse 104 sheachtain dá dtagraítear in alt 7 (5) (arna leasú) den Phríomh-Acht curtha isteach aige agus go rachaidh sé ar ais i bhfostaíocht faoin bhfostóir céanna laistigh de 26 sheachtain, glacfar gur fostaíocht leanúnach a fhostaíocht.”

An méid seo a leanas a chur in ionad mhír 6:

“6. I gcás ina ndearnadh trádáil nó gnó nó gnóthas (cibé acu is gnóthas é nó nach gnóthas é a bunaíodh le hAcht, nó faoi Acht, ón Oireachtas), nó cuid de thrádáil nó gnó, nó cuid de ghnóthas den sórt sin, a aistriú ó dhuine go duine eile; déanfar tréimhse fostaíochta an fhostaí sa trádáil, sa ghnó nó sa ghnóthas (nó sa chuid den trádáil, den ghnó nó den ghnóthas) tráth an aistrithe a chomhaireamh mar thréimhse fostaíochta faoin aistrí, agus ní bhrisfidh an t-aistriú leanúntas na tréimhse fostaíochta.”.

“agus aon íocaíocht in earraí” a chur isteach i mír 13 i ndiaidh “an méid oibre a dhéantar”.

“fostaí a bhfuil gnáth-choinne leis breis-am a oibriú” a chur i mír 13 in ionad “fostaí a bhfuil sé ceaptha dó breis-am a oibriú go rialta”.

An míniú ar “préimh bhreis-ama” i mír 24 a scriosadh.