Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Leasuithe Ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht)

20 1971


Uimhir 20 de 1971


AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1967 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [27 Iúil, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1967, Uimh. 21 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 .

Leathnú ar fheidhm forálacha áirithe de na hAchtanna

2. —Maidir le fostaí a bhfoirceannfar a fhostaíocht mar gheall ar iomarcaíocht ar dháta thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin, aon fhoráil den Phríomh-Acht nó den Acht seo a dhéanann difear do leanúntas fhostaíocht, nó a bhaineann le leanúntas fhostaíocht, an fhostaí beidh feidhm acu maidir le tréimhsí fostaíochta roimh an lú lá d'Eanáir, 1968, mar atá feidhm acu maidir le tréimhsí den sórt sin tar éis an dáta sin.

Forálacha maidir le daoine a shlánaíonn 70 bliain d'aois.

3. —(1) D'ainneoin alt 4 (1) den Phríomh-Acht, ní bhainfidh an tAcht sin le duine a raibh 70 bliain d'aois slán aige an dáta a tháinig deireadh lena fhostaíocht.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, aon duine a bheidh ag fáil íocaíochta seachtainiúla nuair a shlánóidh sé 70 bliain d'aois leanfaidh sé de bheith i dteideal cibé íocaíochtaí seachtainiúla eile a fháil a bheadh sé i dteideal a fháil dá mbeadh sé gan an aois sin a bheith slán aige.

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (b):

“(b) go bhfuil deireadh nó go bhfuil coinne ann go mbeidh deireadh le riachtanas, nó go bhfuil coinne ann, nó go meastar go bhfuil coinne ann, go mbeidh laghdú ar riachtanas, sa ghnó sin le fostaithe chun obair de chineál áirithe a dhéanamh san áit a raibh sé ar fostú amhlaidh, nó

(c) go bhfuil cinnte ag a fhostóir an gnó a sheoladh le huimhir níos lú fostaithe nó gan aon fhostaí, cibé acu trína cheangal go ndéanfaidh fostaithe eile nó go ndéanfar ar shlí eile an obair dá raibh an fostaí ar fostú (nó a bhí sé a dhéanamh sular briseadh é), nó

(d) go bhfuil cinnte ag a fhostóir gur ar shlí eile nach bhfuil an fostaí sách cáilithe nó sách oilte chuici a dhéanfaí feasta an obair dá raibh an fostaí ar fostú (nó a bhí sé a dhéanamh sular briseadh é), nó

(e) go bhfuil cinnte ag a fhostóir gur duine atá ábalta freisin ar obair eile a dhéanamh nach bhfuil an fostaí sách cáilithe ná sách oilte chuici a dhéanfadh feasta an obair dá raibh an fostaí ar fostú (nó a bhí sé a dhéanamh sular briseadh é),”

agus

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) Le linn a bheith á dhéanamh amach, chun críocha fho-alt (2) (c), an bhfuil cinnte ag fostóir gnó a sheoladh le huimhir níos lú fostaithe nó gan aon fhostaí, ní chuirfear i gcuntas na daoine seo a leanas de theaghlach an fhostóra—

athair, máthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, leanbh uchtaithe, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar.”.

Leasú ar alt 20 den Phríomh-Acht.

5. —Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) I gcás a luaitear i bhfo-alt (1) (a), beidh urbhac ar an úinéir nua a shéanadh go raibh an fostaí i bhfostaíocht leanúnach (de réir brí Sceideal 3) mura gcuirfidh sé in iúl, laistigh de 26 seachtain ó úinéireacht athrú, don fhostaí go bhfuil sé chun séanadh amhlaidh.”.

Feidhm alt 20 den Phríomh-Acht.

6. —(1) I gcás—

(i) ina dtiocfaidh athrú a bhainfidh le rialú nó bainistí gnó (nó coda de ghnó) a bhfuil duine ar fostú chuige ach nach n-athróidh úinéireacht an ghnó sin (nó coda de),

(ii) go mbainfeadh alt 20 den Phríomh-Acht leis an athrú sin dá mba athrú é ar úinéireacht an ghnó (nó coda de), agus

(iii) ina nglacfaidh fostaí de chuid an réamh-úinéara, sula mbeidh a chonradh fostaíochta leis an réamh-úinéir foirceannta nó ar an gconradh sin a fhoirceannadh nó laistigh de cheithre sheachtain don chonradh sin a fhoirceannadh, le tairiscint ón úinéir nua ar fhostaíocht san áit fostaíochta chéanna agus ar théarmaí comhionann lena théarmaí láithreacha fostaíochta nó nach lú bhuntáiste ábhartha don fhostaí ná a théarmaí láithreacha fostaíochta,

bainfidh an t-alt sin 20 leis an athrú sin ionann dá mbeadh athrú tar éis teacht ar úinéireacht an ghnó sin (nó coda de).

(2) San alt seo ciallaíonn “réamh-úinéir” agus “úinéir nua” faoi seach na daoine arbh iad an réamh-úinéir agus an t-úinéir nua iad de réir brí an ailt sin 20 dá mbeadh úinéireacht gnó (nó coda de) tar éis athrú.

Leasú ar alt 39 den Phríomh-Acht.

7. —Leasaítear leis seo alt 39 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a)—

“(a) cathaoirleach a mbeidh, sula gceapfar é, 7 mbliana ar a laghad taithí aige mar abhcóide cleachtach nó mar aturnae cleachtach,”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (c)—

“(c) 12 ghnáthchomhalta ar a laghad agus 24 ghnáthchomhalta ar a mhéid.”

Iocaíocht iomarcaíochta d'fhostaithe áirithe a briseadh roimh thosach feidhme an Achta seo.

8. —(1) I gcás fostaí a briseadh roimh thosach feidhme an Achta seo nach raibh i dteideal íocaíochta iomarcaíochta faoin bPríomh-Acht i leith a bhriste ar aon aon-chúis nach raibh deireadh nó nach raibh coinne ann go mbeadh deireadh leis an riachtanas, nó nach raibh laghdú, nó nach raibh coinne go mbeadh laghdú, ar an riachtanas, sa ghnó a bhí á sheoladh ag a fhostóir, le fostaithe chun obair de chineál áirithe a dhéanamh, nó chun an obair sin a dhéanamh san áit a raibh an fostaí ar fostú amhlaidh, féadfaidh an tAire, dá rogha féin agus d'ainneoin an Phríomh-Achta, suim a íoc leis an bhfostaí sin as an gCiste Iomarcaíochta ar cóimhéid leis an tsuim a mbeadh teideal aige chuici dá mbeadh deireadh nó coinne ann go mbeadh deireadh leis an riachtanas sin nó dá mbeadh laghdú nó dá mbeadh coinne ann go mbeadh laghdú ar an riachtanas sin.

(2) Maidir leis na leasuithe ar an bPríomh-Acht dá dtagraítear in alt 19 (2), féadfaidh an tAire, maidir le briseadh as fostaíocht nó fostaíocht a fhoirceannadh sa tréimhse dar tosach an 22ú lá d'Eanáir, 1971, agus dar críoch dáta thosach feidhme an ailt seo agus d'ainneoin an Phríomh-Achta, aon airgead a dtiocfaidh fostaí chun teideal a bheith aige chuige de bhua an ailt sin 19 (2) a íoc leis an bhfostaí as an gCiste Iomarcaíochta.

Tarchur agus achomharc chun na hArd-Chúirte.

9. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 40 den Phríomh-Acht:

“40. (1) I gcás ina ndéanfar aon cheist, seachas ceist a shonraítear in alt 38 (1) (a), 38 (1) (b), nó 38 (1) (c), a tharchur chun an Bhinse, féadfaidh an tAire, ar an mBinse á iarraidh sin, an cheist a tharchur chun na hArd-Chúirte chun breith a thabhairt uirthi.

(2) I gcás ina dtarchuirfidh an tAire ceist chun na hArd-Chúirte chun breith a thabhairt uirthi faoin alt seo, nó i gcás ina ndéanfaidh duine achomharc chun na hArd-Chúirte faoi alt 39 (14), féadfaidh an chúirt, dá rogha féin, a ordú go ndéanfaidh an tAire costais (go hiomlán nó go páirteach mar a ordófar amhlaidh) arna measúnú páirtí a mbeidh baint aige leis an ábhar a íoc as an gCiste Iomarcaíochta.

(3) I gcás ina dtarchuirfidh an tAire ceist chun na hArd-Chúirte chun breith a thabhairt uirthi faoin alt seo, féadfaidh sé ionadaíocht mar phaírtí a bheith aige sa chúirt sin le linn an cheist a bheith á héisteacht.”.

Toimhdeanna ag an mBinse.

10. —Chun críocha tarchuir chun an Bhinse—

(a) toimhdeofar fostaíocht duine a bheith leanúnach i gcaitheamh aon tréimhse áirithe, mura gcruthófar a mhalairt;

(b) measfar gur mar gheall ar iomarcaíocht a bhris a fhostóir fostaí a briseadh, mura gcruthófar a mhalairt;

(c) beidh aird ag an mBinse, tar éis dul i gcomhairle le haon duine nó comhlacht ar a mbeidh ceangal reachta íosphá nó íosrátaí pá a shocrú nó a chinneadh, nó comhaontuithe fostaíochta a chlárú faoin Acht Caidrimh Thionscail, 1946 , ar aon íosphá nó íosráta den sórt sin is cóir nó is iomchuí.

Ceart chun íocaíochta iomarcaíochta mar gheall ar asleagan nó gearr-am.

11. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 12 den Phríomh Acht:

“12.—(1) Ní bheidh fostaí i dteideal íocaíochta mar gheall ar é a asleagan nó a choimeád ar gearr-am mura rud é—

(a) go raibh sé asleagtha nó coimeádta ar gearr-am ar feadh ceithre sheachtain choimhleanúnacha nó níos mó nó, laistigh de thréimhse trí sheachtain déag, ar feadh sraithe sé sheachtain nó níos mó nár sheachtainí comhleanúnacha níos mó ná trí cinn acu, agus

(b) go ndéanfaidh sé, tar éis éag don tréimhse iomchuí asleagain nó gearr-ama a luaitear i mír (a) agus tráth nach déanaí ná ceithre sheachtain tar éis deireadh leis an asleagan nó leis an ngearr-am, fógra (dá ngairtear sa Chuid seo fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh) i scríbhinn dá fhostóir go bhfuil sé chun íocaíocht iomarcaíochta a éileamh i leith asleagain nó gearr-ama.

(2) I gcás na dtarlóidh, tar éis éag don tréimhse iomchuí asleagain nó gearr-ama a luaitear i bhfo-alt (1) (a) agus tráth nach déanaí na ceithre sheachtain tar éis deireadh a bheith leis an asleagan nó leis an ngearr-am, go ndéanfaidh fostaí lena mbainfidh an fo-alt sin, in ionad fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh a thabhairt dá fhostóir, a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh tríd an bhfógra a thabhairt dó a cheanglaíonn a chonradh a thabhairt nó, mura gceanglaítear amhlaidh fógra a thabhairt, trí fhógra seachtaine ar a laghad i scríbhinn a thabhairt dó go bhfuil sé chun an conradh a fhoirceannadh, measfar, chun críocha na Coda seo agus Sceideal 2, maidir leis an bhfógra a thabharfar amhlaidh gur fógra é go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh a thug an fostaí i scríbhinn don fhostóir an dáta a thabharfar an fógra iarbhír.”

orainn ama héilithe ar caíocht narcaíochta.

12. —(1) Leasaítear leis seo alt 24 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach ag deireadh an ailt sin:

“(2) D'ainneoin aon fhoráil den Acht seo, ní bheidh fostaí i dteideal íocaíochta seachtainiúla mura mbeidh sé tagtha chun teideal a bheith aige chun cnapshuime.”.

(2) Maidir le briseadh nó foirceannadh fostaíochta a tharlóidh tráth nach luaithe ná 30 seachtain roimh thosach feidhme an ailt seo, beidh feidhm ag alt 24 den Phríomh Acht ionann is—

(a) dá gcuirfí “52 seachtain” in ionad “30 seachtain”, agus

(b) dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fho-alt (2) (a cuirtear isteach leis an alt seo):

“(2A) I gcás ina mainneoidh fostaí cnapshuim a éileamh laistigh den tréimhse 52 seachtain a luaitear i bhfo-alt (1) (arna leasú) agus go ndéanfaidh sé éileamh den sórt sin roimh dheireadh na tréimhse 104 sheachtain dar tosach dáta a bhriste nó dáta a fhostaíocht a fhoirceannadh, féadfaidh an Binse, más deimhin leis go mbeadh teideal chun na cnapshuime ag an bhfostaí agus gur chúis réasúnach a bhí leis an mainneachtain, a dhearbhú go bhfuil teideal chun na cnapshuime ag an bhfostaí agus air sin tiocfaidh sé chun an teideal sin a bheith aige.”

Lacáistí d'fhostóirí as an gCiste lomarcaíochta.

13. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 29 den Phríomh-Acht:

“29. (1) Faoi réir na Coda seo, íocfaidh an tAire as an gCiste Iomarcaíochta le fostóir a íocfaidh cnapshuim suim (dá ngairtear lacáiste sa Chuid seo) ar cóimhéid—

(a) i gcás nach mó an chnapshuim ná fiche oiread an ghnáth-luach saothair sheachtainiúil iomchuí arna ríomh de réir Sceideal 3—le 55 faoin gcéad den chnapshuim,

(b) i gcás inar mó an chnapshuim ná fiche oiread an ghnáthluach saothair sheachtainiúil iomchuí arna ríomh amhlaidh—lena gcomhiomlán seo a leanas—

(i) 55 faoin gcéad den toradh ón ngnáth-luach saothair seachtainiúil iomchuí a iolrú ar fhiche,

(ii) an méid a bheidh de bhreis ag an gcnapshuim ar an toradh sin.

(2) Aon fhostóir a thabharfaidh don Aire cóip d'fhógra faoi alt 17 ar dháta trí sheachtain nó níos mó roimh dháta an bhriste beidh sé i dteideal an lacáiste dá dtagraítear i bhfo-alt (1) arna mhéadú, in aghaidh gach fógra seachtaine de bhreis ar na tréimhse is gá de réir alt 17—

(a) i gcás cnapshuim lena mbaineann fo-alt (1) (a), 2½ faoin gcéad den chnapshuim; ar choinníoll nach rachaidh lacáiste in aon chás thar an tsuim sin arb í cóimhéid 70 faoin gcéad den chnapshuim sin í; agus

(b) i gcás cnapshuim lena mbaineann fo-alt (1) (b), 2½ faoin gcéad den chuid sin den chnapshuim dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) (i); ar choinníoll nach rachaidh lacáiste in aon chás thar an tsuim arb í cóimhéid 70 faoin gcéad den chuid sin den chnapshuim í.

(3) D'ainneoin fho-alt (1), aon uair a mhainneoidh fostóir aon fhoráil atá in alt 17 a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire, dá rogha féin—

(b) i gcás cnapshuim lena mbaineann fo-alt (1) (a), an méid lacáiste is iníoctha i leith na cnapshuime sin a laghdú; ar choinníoll nach mbeidh an méid a bheidh sa lacáiste sin arna laghdú amhlaidh níos lú in aon chás ná 45 faoin gcéad den chnapshuim sin, agus

(b) i gcás cnapshuim lena mbaineann fo-alt (1) (b), an méid lacáiste is iníoctha i leith na coda sin den chnapshuim dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) (i) a laghdú; ar choinníoll nach mbeidh an méid a bheidh sa lacáiste sin arna laghdú amhlaidh níos lú in aon chás ná 45 faoin gcéad den chuid sin den chnapshuim.

(4) I gcás ina dtabharfaidh fostóir fógra d'fhostaí faoi alt 17 agus ina gcuirfidh sé cóip den fhógra chuig an Aire, déanfar aon tréimhse tar éis dáta an bhriste bheartaithe mar a bheidh leagtha amach san fhógra sin a bhfanfaidh an fostaí go toildheonach i bhfostaíocht faoin bhfostaí lena mbainfidh agus a leanfaidh an fostóir ag íoc a luach saothair rialta leis a chur san áireamh le linn ríomh a bheith á dhéanamh, chun críocha fho-alt (2), ar an ráta lacáiste is iníoctha leis an bhfostóir sin.”

Iocaíochtaí eile d'fhostaithe as an gCiste

1887, c. 57.

1265, Uimh. 27.

14. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 32 den Phríomh-Acht:

“32. (1) Nuair a éileoidh fostaí go ndlíonn fostóir cnapshuim a íoc leis faoi alt 19 agus—

(a) go mbeidh gach beart réasúnach (seachas imeachtaí dlíthiúla) déanta ag an bhfostaí chun íoc na cnapshuime a fháil ón bhfostóir agus go mbeidh diúltaithe nó mainnithe ag an bhfostóir í a íoc nó go mbeidh cuid di íoctha aige agus go mbeidh diúltaithe nó mainnithe aige an iarmhéid a íoc, nó

(b) go mbeidh an fostóir dócmhainneach agus go mbeidh iomlán na cnapshuime nó cuid di gan íoc, nó

(c) go mbeidh an fostóir básaithe agus nach mbeidh probháid a uachta ná litreacha riaracháin i leith a eastáit deonaithe, agus go mbeidh iomlán na cnapshuime nó cuid di gan íoc,

féadfaidh an fostaí íocaíocht faoin alt seo a iarraidh ar an Aire.

(2) Más deimhin leis an Aire, ar iarratas a bheith déanta faoin alt seo, go bhfuil an fostaí i dteideal cnapshuime faoi alt 19 a bhfuil a hiomlán nó cuid di gan íoc, íocfaidh an tAire leis an bhfostaí as an gCiste Iomarcaíochta an méid sin den chnapshuim a bheidh gan íoc.

(3) Ar an Aire d'íoc íocaíochta faoin alt seo, beidh, air sin, cearta agus leighsanna eile an fhostaí i leith na cnapshuime a bheidh i gceist, nó, má bhíonn an tAire tar éis cuid di a íoc, i leith na coda sin, arna n-aistriú chuig an Aire agus arna ndílsiú dó agus íocfar isteach sa Chiste Iomarcaíochta aon airgead a ghnóthóidh an tAire de bhua an fho-ailt seo.

(4) Nuair a íocfaidh an tAire, i gcás lena mbaineann fo-alt (1) (a), íocaíocht le fostaí faoi fho-alt (2), éileoidh an tAire ar an bhfostóir suim ar cóimhéid leis an íocaíocht a d'íoc an tAire faoi fho-alt (2) lúide méid an lacáiste ab iníoctha leis an bhfostóir as an gCiste Iomarcaíochta faoi alt 29 dá n-íocadh an fostóir an chnapshuim leis an bhfostaí, ach amháin, más dóigh leis an Aire gur gan chúis réasúnach an diúltú nó an mhainneachtain ag an bhfostóir, go bhféadfaidh an tAire aon lacáiste a choimeád siar a mbeadh teideal, thairis sin, ag an bhfostóir chuige nó méid an lacáiste a laghdú an oiread sin is cuí leis an Aire, agus i gceachtar cás den sórt sin féadfar méid an éilimh ón Aire ar an bhfostóir faoin bhfo-alt seo a mhéadú dá réir sin.

(5) Nuair a íocfaidh an tAire, i gcás lena mbaineann fo-alt (1) (b), íocaíocht le fostaí faoi fho-alt (2), beidh an tAire i dteideal éileamh a dhéanamh san fhéimheacht, sa chomhshocraíocht, i riaracháin an eastáit dhócmhainnigh nó san fhoirceannadh (de réir mar a bheidh) i leith suim, agus ní bheidh ach amháin i leith suim, ar cóimhéid leis an íocaíocht a d'íoc an tAire faoi fho-alt (2) lúide méid an lacáiste ab iníoctha leis an bhfostóir as an gCiste Iomarcaíochta faoi alt 29 dá n-íocadh an fostóir an chnapshuim leis an bhfostaí.

(6) Nuair a íocfaidh an tAire, i gcás lena mbaineann fo-alt (1) (c), íocaíocht le fostaí faoi fho-alt (2), beidh an tAire i dteideal éileamh a dhéanamh ar eastát an fhostóra éagtha i leith suim, agus ní bheidh ach amháin i leith suim, ar cóimhéid leis an íocaíocht a d'íoc an tAire faoi fho-alt (2) lúide méid an lacáiste ab iníoctha le heastát an fhostóra éagtha as an gCiste Iomarcaíochta faoi alt 29 dá n-íoctaí an chnapshuim leis an bhfostaí as eastát an fhostóra éagtha.

(7) Chun críche an ailt seo measfar fostóir a bheith dócmhainneach—

(a) má tá an fostóir breithnithe ina fhéimheach, tar éis achainí ar chomhshocraíocht a chomhadú nó tar éis gníomhas comhshocraíochta a fhorghníomhú (de réir brí alt 4 den Deeds of Arrangement Act, 1887),

(b) má tá an fostóir tar éis bháis agus go bhfuil a eastát, agus é dócmhainneach, á riaradh de réir na rialacha atá leagtha amach i gCuid 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Comharbais, 1965 , nó

(c) más cuideachta an fostóir, agus go bhfuil an chuideachta dócmhainneach agus á foirceannadh.”.

Forálacha a bhaineann le scéimeanna speisialta iomarcaíochta.

15. —(1) Féadfaidh páirtí in aon díospóid a éireoidh faoi scéim speisialta iomarcaíochta an díospóid a tharchur chun an Bhinse agus measfar gur ceist í a tarchuireadh faoi alt 39 den Phríomh-Acht chun an Bhinse le breith a thabhairt ar an gceist.

(2) Chun airgead a sholáthar chun íocaíochtaí a íoc a bheidh le híoc, faoin Acht seo, as ciste a bunaíodh faoi scéim speisialta iomarcaíochta, íocfar isteach sa chiste sin—

(a) mar a fhorálfar sa scéim sin, ranníocaí a bheidh comhdhéanta de ranníoc ó fhostóirí agus de ranníoc ó fhostaithe, agus

(b) airleacain mar a fhoráiltear dóibh i bhfo-ailt (3) agus (4).

(3) Féadfaidh an tAire Airegadais ó am go ham, ar mholadh ón Aire, i gcás aon chiste a bunaíodh faoi scéim speisialta iomarcaíochta airgead a airleacan chun an chiste sin ionas go bhféadfar íocaíochtaí is gá faoin scéim a íoc as an gciste, agus is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a íocfar aon airleacain faoin bhfo-alt seo agus beidh na hairleacain sin faoi réir cibé téarmaí maidir le hús agus aisíoc a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, údarás a thabhairt ó am go ham airgead a aistriú as an gCiste Iomarcaíochta isteach in aon chiste a bunaíodh faoi scéim speisialta iomarcaíochta, agus beidh aon airgead a aistreofar faoin bhfo-alt seo inaisíoctha leis an gCiste Iomarcaíochta ar cibé téarmaí (lena n-áirítear téarmaí maidir le hús) a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(5) (a) Beidh ciste a bhunófar faoi scéim speisialta iomarcaíochta comhdhéanta de chuntas reatha a bhainisteoidh agus a rialóidh an tAire agus cuntas infheistíochta a bhainisteoidh agus a rialóidh an tAire Airgeadais.

(b) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite, déanfar suimeanna is iníoctha isteach i gciste a bunaíodh faoi scéim speisialta iomarcaíochta a íoc isteach i gcuntas reatha an chiste sin agus is amach as an gcuntas sin a íocfar suimeanna is iníoctha amach as an gciste sin.

(c) Déanfar airgead a bheidh chun creidiúna cuntas reatha ciste a bunaíodh faoi scéim speisialta iomarcaíochta agus nach mbeidh ag teastáil le haghaidh caiteachais reatha a aistriú isteach i gcuntas infheistíochta an chiste sin.

(d) Aon uair nach mbeidh an t-airgead a bheidh i gcuntas reatha a bunaíodh faoi scéim speisialta iomarcaíochta dóthanach faoi chomhair dliteanais an chuntais sin, déanfar cibé suimeanna is gá chun na dliteanais sin a ghlanadh a aistriú isteach sa chuntas as cuntas infheistíochta an chiste sin.

(e) Faoi réir mhír (d), infheisteoidh an tAire Airgeadais airgead a bheidh chun creidiúna chuntas infheistíochta ciste a bunaíodh faoi scéim speisialta iomarcaíochta, agus íocfar isteach sa chuntas sin aon ioncam ó aon infheistiú den sort sin.

(f) Féadfar aon infheistiú de bhun mhír (e) a dhéanamh in aon urrúis a bhfuil cumhacht de thuras na huaire de réir dlí ag iontaobhaithe cistí iontaobhais a infheistiú iontu nó in aon chuid de na stoic de na cistí agus de na hurrúis a bheidh údaraithe de thuras na huaire de réir dlí mar infheistíochtaí do chistí Bhanc Taisce an Phoist.

(g) Déanfar cuntais ciste a bunaíodh faoi scéim speisialta iomarcaíochta a ullmhú i cibé foirm, i cibé slí agus cibé tráthanna a ordóidh an tAire Airgeadais agus scrúdóidh agus deimhneoidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach cuntas den sórt sin agus déanfar cóip den chéanna, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an gcéanna, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Cionta a bhaineann le híocaíochtaí faoin bPríomh-Acht.

16. —(1) Aon duine a éileoidh íocaíocht sheachtainiúil go calaoiseach, a iarrfaidh go calaoiseach íocaíocht faoi alt 32 den Phríomh-Acht nó a éileoidh lacáiste go calaoiseach beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil mach mó ná caoga punt a chur air.

(2) Aon duine a chabhróidh nó a neartóidh le haon duine nó a chomhairleoidh d'aon duine nó thabharfaidh ar aon duine cion faoi fho-alt (1) den alt seo a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(3) D'ainneoin aon fhoráil d'aon Acht a shonraíonn an tréimhse ar lena linn a fhéadfar imeachtaí achoimre a thosú, féadfar imeachtaí a thosú i leith ciona faoin alt seo aon tráth sa tréimhse trí mhí ón dáta a chuirfidh an tAire eolas ar fhianaise is leor, dar leis, le gur cheart ionchúiseamh a thionscnamh i leith an chiona, nó laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag tar éis an cion a dhéanamh, cibé tréimhse díobh is déanaí a éagfaidh.

Comhshocraíochtaí comharaíochta.

17. —(1) Féadfaidh an tAire cibé orduithe a dhéanamh is gá chun comhshocraíochta comharaíochta nó comhshocraíochta eile a dhéanamh, a dhéanfar leis an údarás cuí faoi aon Rialtas eile, i leith ábhair a bhaineann le híocaíochtaí iomarcaíochta, agus féadfaidh sé, le haon ordú den sórt sin, cibé oiriúnuithe agus modhnuithe is cuí leis a dhéanamh ar an bPríomh-Acht.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Cúnamh do dhaoine a athróidh áit chónaithe nó a bheidh á n-oiliúint.

18. —Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad alt 46 (1) den Phríomh-Acht.

“(1) Féadfaidh an tAire, chun polasaí eacnamaíoch náisiúnta a chur chun cinn, rialacháin a dhéanamh, le toiliú an Aire Airgeadais, do sholáthar cúnamh airgid as airgead a sholáthróidh an tOireachtas—

(a) do dhaoine a bhfuil orthu a ngnáth-áit chónaithe a athrú chun dul i mbun fostaíochta a thairg nó a d'fhormheas an tSeirbhís Náisiúnta Daonchumachta, nó

(b) chun a chumasú do dhaoine taisteal lena roghnú le haghaidh oiliúna in ionaid oiliúna cheadaithe nó cúrsaí oiliúna a chur isteach in ionad den sórt sin.”

Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht.

19. —(1) Déantar leis seo gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) den Sceideal a ghabhann leis seo a leasú sa tslí a luaitear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin i gcolún (1).

(2) D'ainneoin alt 20 (3), measfar gur tháinig an t-alt seo, a mhéid a bhaineann sé leis an gcéad leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht, leis an gcéad leasú ar alt 7 den Acht sin, leis an gcúigiú leasú ar Sceideal 1 den Acht sin agus leis an gceathrú leasú ar Sceideal 3 den Acht sin, i ngníomh an 22ú lá d'Eanáir, 1971.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

20. —(1) Féadfar a tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 agus 1971, a ghairm díobh le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo a ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.