|
|||||
|
AN tACHT IOMPAIR (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1971
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht Iompair (Forálacha Ilghnéitheacha), 1971 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta. | |
[EN] | (2) San Acht seo is tagairt do Chuid nó d'alt den Acht seo aon tagairt san Acht seo do Chuid nó d'alt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] | (3) Aon tagairt atá san Acht seo d'fho-alt nó do roinn eile is tagairt í don fho-alt nó don roinn ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil eile atá beartaithe. | |
[EN] |
Caiteachais. |
3. —Déaanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Aisghairm. |
4. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú a mhéid a shonraítear sa tríú colún. |