13 1971


Uimhir 13 de 1971


ACHT NA nARM TINE, 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA nARM TINE, 1925 GO 1968. [6 Iúil, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1925, Uimh. 17 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na nArm Tine, 1925.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt I den Phríomh-Acht trí “agus, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, folaíonn sé comhpháirt d'arm tine” a chur isteach i ndiaidh “do chaitheamh” sa mhíniú ar “arm tine”.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

1968, Uimh. 20 .

1964, Uimh. 1 .

3. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) trí “faoin alt seo” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “fén Acht so agus beidh sé inphionósuithe dá réir sin”.

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I gcás ina mbeidh duine ciontach i gcion faoin alt seo dlífidh sé—

(a) i gcás ina mbainfidh an cion le harm tine spóirt nó le haon arm tine a raibh deimhniú airm tine ag an gcosantóir ina leith (murar cúlghaireadh an deimhniú airm tine is déanaí a bhí aige) nó le haon lón lámhaigh, nó le comhpháirt, d'arm tine spóirt nó don arm tine eile sin—ar é a chiontú go hachomair, más é an chéad chion aige é, fíneáil nach mó ná £50 agus, más aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná £50 nó príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

(b) in aon chás eile—ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £200 nó príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide na bliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2B) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘arm tine spóirt’ arm tine (seachas arm tine de chineál a ndearbhaítear le hordú faoin bhfo-alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a bheith sainchontúirteach) is gunna gráin a bhfuil bairille air nach giorra ná 24 orlach nó aerghunna neamheitreach nó arm tine eitreach nach mó ná. 22 orlach a chailibre.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú go bhfuil arm tine de chineál a shonrófar san ordú sainchontúirteach agus féadfaidh sé, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo a chúlghairm nó a leasú.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ndiaidh fho-alt (4) (i) (a cuireadh isteach le hAcht na nArm Tine (Promhadh), 1968 ):

“(j) seilbh nó iompar comhpháirte d'arm tine ag duine a bheidh údaraithe chuige sin faoin alt seo.”,

agus

(d) trí “nó aon chomhpháirteanna d'arm tine a shealbhú, a úsáid nó a iompar” a chur isteach i ndiaidh “alt seo” i bhfo-alt (5) (a) (a cuireadh isteach le hAcht na nArm Tine, 1964 ).

Feidhm alt 15 den Phríomh-Acht.

4. —D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go bhfolaíonn tagairt do bheo daoine agus do mhaoin in alt 15 den Phríomh-Acht tagairt do bheo daoine agus do mhaoin lasmuigh den limistéar ina bhfuil feidhm ag na dlíthe a d'achtaigh an tOireachtas.

Díol, seilbh agus iompar páirteanna.

5. —(1) Ní dhéanfaidh aon ní in alt 10 den Phríomh-Acht neamhdhleathach é duine do dhíol páirt d'arm tine, is páirt in ionad páirte nó páirt bhreise lena húsáid go heisiatach mar pháirt den arm tine sin, le duine (dá ngairtear an ceannaitheoir san alt seo) is sealbhóir ar dheimhniú airm tine i leith an airm tine sin nó atá i dteideal de bhua na nAchtanna Arm Tine, 1925 go 1971, an t-arm tine sin a bheith ina sheilbh aige gan deimhniú airm tine a bheith aige dó agus ní gá aon údarás ar leith chun an ceannaitheoir do shealbhú agus d'iompar na páirte sin.

(2) San alt seo tá leis an mbriathar “díol” an bhrí a shanntar dó le halt 10 den Phríomh-Acht.

Déileálaithe lóin lámhaigh spóirt a chlárú.

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Féadfar clárú (lean n-áirítear clárú de bhun athnuachan ar chlárú roimhe sin) duine sa chlár de dhéileálaithe arm tine a dhéanamh, más rogha leis an Aire é, faoi réir an choinníll nach ndéileálfaidh an duine in airm tine ná nach ndéileálfaidh sé i lón lámhaigh ar shlí seachas lón lámhaigh le haghaidh gunnaí gráin, le haghaidh aerghunnaí neamheitreacha agus le haghaidh arm tine eitreacha nach mó ná .22, orlach a gcailibre a dhíol agus a cheannach, agus aon duine a ndéanfar a chlárú sa chlár de dhéileálaithe arm tine faoi réir an choinníll réamhráite agus a mhainneoidh déanamh dá réir beidh sé, d'ainneoin aon ní in alt 10 (1) den Acht seo, ciontach i gcion faoin Acht seo.

(9) In aon imeachtaí beidh deimhniú faoi shéala an Aire á rá go raibh clárú duine sa chlár de dhéileálaithe arm tine, lá sonraithe nó i gcaitheamh tréimhse sonraithe, faoi réir an choinníll dá dtagraítear i bhfo-alt (8) den alt seo, ina fhianaise ar an bhfíoras sin mura gcruthófar a mhalairt.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Déanfar na tagairtí i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo do dhéileálaí cláraithe arm tine a fhorléiriú, maidir le haon arm tine nó lón lámhaigh a dhíol, mar thagairtí do dhéileálaí cláraithe arm tine ar dleathach dó an t-arm tine sin nó an lón lámhaigh sin a cheannach ar mhodh trádála nó gnó.”.

(3) Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Más deimhin agus nuair is deimhin leis an Aire go bhfuil aon duine atá cláraithe sa chlár de dhéileálaithe arm tine agus a bhfuil a chlárú faoi réir an choinníll dá dtagraítear in alt 9 (8) den Acht seo tar éis a mhainniú an coinníoll a chomhíonadh, féadfaidh an tAire ainm an duine sin a bhaint den chlár réamhraite.”.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

7. —(1) Féadfar Acht na nArm Tine, 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1971, a ghairm d'Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1968, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar le chéile mar aon Acht amháin an Príomh-Acht agus an tAcht seo.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an ceathrú lá déag tar éis dáta a rite.