12 1971


Uimhir 12 de 1971


AN tACHT UM FHUINNEAMH NÚICLÉACH (AN BORD FUINNIMH NÚICLÉIGH), 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BORD A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN BORD FUINNIMH NÚICLÉIGH, DO SHAINIÚ A FHEIDHMEANNA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [5 Iúil, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú

1. —(1) San Acht seo—

tá le “an Bord” an bhrí a shanntar dó le halt 3;

ciallaíonn “breosla inscoilte” ábhar ar féidir leis gníomhú mar fhoinse fuinnimh mar gheall ar a chumas chun imoibriú slabhrach neodrón a fhorleathadh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta;

ciallaíonn “imoibritheoir núicléach” déanmhas ina bhfuil breosla núicléach agus inar féidir le próis uathchothaitheach rialaithe inscoilteadh núicléach tarlú;

ciallaíonn “substaint raidighníomhach” substaint arb éard í nó ina bhfuil aon dúil cheimiceach raidighníomhach, nadúrtha nó saorga;

ciallaíonn “substaint” substaint nádúrtha nó saorga, cibé acu i bhfoirm sholadach di nó i bhfoirm leachtach nó i bhfoirm gáis nó gaile, agus folaíonn sé ullmhóid nó airteagal monaraithe nó airteagal a cuireadh faoi aon chóireáil nó próis shaorga.

(2) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar, le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, chuige sin go ginearálta nó faoi réir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta eagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla.

Bord a bhunú.

3. —(1) Bunófar de bhua an ailt seo bord ar a dtabhartar An Bord Fuinnimh Núicléigh (dá ngairtear an Bord san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar aird bhreithiúnach) agus beidh cumhacht aige agra a dhéanamh agus a bheith inagartha ina ainm corpraithe agus talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Feidhmeanna ginearálta an Bhoird.

4. —(1) I dteannta aon fheidhmeanna eile a shanntar don Bhord leis an Acht seo nó faoi, beidh na feidhmeanna ginearálta seo a leanas aige—

(a) tabhairfaidh sé comhairle don Rialtas, don Aire agus d'aon Aire Stáit eile i dtaobh fuinneamh núicléach agus ábhair eile a bhaineann leis sin,

(b) coimeádfaidh sé é féin eolasach ar fhorbairtí i bhfuinneamh núicléach agus ábhair a bhaineann leis sin, agus aird shonrach aige ar impleachtaí na bhforbairtí sin maidir leis an Stát.

(2) Féadfaidh an Bord, faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh an tAire, gach ní eile a dhéanamh a éiroidh de bharr nó de dhroim na bhfeidhmeanna a shanntar don Bhord leis an Acht seo nó faoi.

Feidhmeanna sonracha an Bhoird.

5. —(1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 4 den Acht seo, beidh na feidhmeanna sonracha seo a leanas ag an mBord—

(a) comhairle a thabhairt don Rialtas nó, le toiliú an Aire, d'aon duine eile nó d'aon ghrúpa eile daoine a bheidh ag gabháil d'oiliúint nó taighde núicléach i dtaobh imoibritheoirí núicléacha nó feistí raidighníomhacha a fháil chun críocha oiliúna nó taighde agus, má fhaightear imoibritheoirí nó feistí den sórt sin, i dtaobh gach a mbaineann lena suíomh, lena bhfeistiú, lena n-oibriú agus lena maoirseacht,

(b) comhairle a thabhairt don Aire i dtaobh tograí chun stáisiúin chumhachta núicléigh a fhoirgniú agus i dtaobh gach a mbaineann le feistiú, le hoibriú agus le maoirseacht stáisiún den sórt sin,

(c) dréacht-chóid agus dréacht-rialacháin shábháilteachta a ullmhú a bhainfidh le breosla inscoilte nó le substaintí nó feistí raidighníomhacha eile agus le gléasra ionraideacha, agus aird aige ar na caighdeáin iomchuí a bheidh molta ag comhlachtaí idirnáisiúnta a dhéileálann le fuinneamh núicléach,

(d) eolas, inniúlacht agus taighde maidir le heolaíocht agus teicneolaíocht núicléach a chur chun cinn agus gníomhú mar ghníomhaireacht chun eolas ar ábhair a bhaineann le heolaíocht núicléach a bhailiú agus a scaipeadh,

(e) comhairle a thabhairt don Aire agus don Aire Gnóthaí Eachtracha i dtaobh ionadaíocht don Stát ar chomhlachtaí idirnáisiúnta a dhéileálann le fuinneamh núicléach agus cibé caidreamh díreach den sórt sin lena gcomhaontóidh na hAirí sin a chothú le comhlachtaí den sórt sin.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, na feidhmeanna seo a leanas a shannadh don Bhord—

(a) comhshocraíochtaí a dhéanamh i dtaobh breosla inscoilte nó cibé substaintí nó feistí raidighníomhacha eile a shonrófar san ordú a sholáthar le húsáid sa Stát agus, i gcásanna a gcomhaontóidh an tAire tar éis comhaontú leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, comhaontuithe a dhéanamh chuige sin leis na comhlachtaí iomchuí,

(b) comhshocraíochtaí a dhéanamh d'áirithiú breosla inscoilte a choimeád slán agus cibé táirgí raidighníomhachta iarmhair a shonrófar san ordú a dhiúscairt,

(c) comhshocraíochtaí a dhéanamh d'áirithiú imoibritheoirí cumhachta núicléacha a oibriú go sábháilte a mhéid gur dóigh don oibriú sin baint le sábháilteacht an phobail (sa Stát nó in aon áit eile),

(d) comhshocraíochtaí a dhéanamh d'áirithiú imoibritheoirí oiliúna núicléacha nó feistí oiliúna raidighníomhacha a oibriú go sábháilte,

(e) comhshocraíochtaí a dhéanamh d'áirithiú go gcomhlíonfar aon chóid shábháilteachta a bunaíodh nó aon rialacháin a rinneadh (faoin Acht seo, faoin Acht Sláinte, 1953 , nó faoi Acht na Monarchan, 1955) maidir le breosla inscoilte, maidir le substaintí nó feistí raidighníomhacha nó maidir le fearas ionraideach,

(f) le linn aon fheidhm a luaitear san fho-alt seo a chomhlíonadh, rialú ar choimeád, úsáid, monarú, allmhairiú, dáileadh, iompar, árachasú, díol nó onnmhairiú breosla inscoilte nó cibé substaintí nó feistí raidighníomhacha eile a shonrófar san ordú nó ar an gcéanna a thairiscint nó a choimeád le díol nó ar dhiúscairt an chéanna ar shlí eile.

(3) I gcás ina bhforordóidh an tAire coinníollacha in ordú faoin alt seo, comhlíonfaidh an Bord na coinníollacha sin.

(4) Sula ndéanfaidh sé ordú faoin alt seo, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, leis an Aire Saothair, leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, leis an Aire Oideachais agus leis an Aire Sláinte.

(5) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, leis an Aire Saothair, leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, leis an Aire Oideachais agus leis an Aire Sláinte, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Rialú ar bhreosla inscoilte nó ar shubstaintí nó feisti raidighníomhacha eile agus ar ghléasra ionraideach.

6. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, leis an Aire Saothair, leis an Aire Sláinte, leis an Aire Oideachais agus leis an Aire Gnóthaí Eachtracha coimeád, úsáid, monarú, allmhairiú, dáileadh, iompar, onnmhairiú breosla inscolte, nó cibé substaintí nó feistí raidighníomhacha eile, nó gléasra ionraideach, lena n-áirítear táirgí iarmhair raidighníomhacha, a shonrófar san ordú, a rialáil, a shrianadh nó a thoirmeasc (ach amháin faoi cheadúnas a eiseoidh sé féin nó a eiseoidh an Bord mar ghníomhaire dó), agus beidh aird ag aon ordú den sórt sin ar na leibhéil éagsúla raidighníomhachta agus don mhéid, dar leis, is contúirt an tsubstaint, an feiste nó an gléasra sin do bheo nó do shláinte duine a theagmhaíonn leis.

(2) Féadfaidh foralácha a bheith in ordú faoin alt seo á chumasú d'oifigeach nó do sheirbhíseach don Aire a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire nó d'oifigeach nó do sheirbhíseach don Bhord a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an mBord dul isteach in áitreabh agus cibé iniúchadh a dhéanamh is gá le réasún d'fhéachaint an bhfuil ordú faoin alt seo á chomhíonadh, agus beidh aon duine a dhiúltoidh dul isteach nó iniúchadh den sórt sin a cheadú nó a bhacfaidh iniúchadh den sórt sin ciontach i gcion agus é a chiontú go hachomair dlífear fineáil nach mó ná céad punt a chur air.

(3) Féadfaidh ceadúnas a eiseofar faoin alt seo a bheith faoi réir cibé coinníollacha a chuirfidh an tAire (nó, más é an Bord a eiseoidh an ceadúnas, an Bord) ag gabháil leis, lena n-áirítear coinníoll go bhféadfar an ceadúnas a chúlghairm más dóigh leis an Aire (nó leis an mBord) aon choinníoll den sórt sin a bheith gan urramú.

(4) Aon duine a sháróidh foráil a bheidh in ordú faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, agus

(c) i ngach cás ar chiontú i gcion, an tsubstaint arb ina leith a rinneadh an cion a fhorghéilleadh.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

Comhaltaí an Bhoird.

7. —(1) Is é an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapfaidh comhaltaí an Bhoird agus ní mó ná seachtar a líon.

(2) Is í tréimhse oifige comhalta den Bhord cibé tréimhse, nach faide ná cúig bliana, a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, nuair a cheapfaidh sé é.

(3) Beidh comhalta den Bhord a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha.

(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhalta den Bhord a chur as oifig aon tráth.

(5) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as oifig aon tráth mar chomhalta trí litir a chuirfear chun an Aire.

(6) I gcás ina n-ainmneofar comhalta den Bhord mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhord.

(7) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun teacht chun bheith ina chomhalta den Bhord.

Luach saothair agus téarmaí oifige comhaltaí an Bhoird.

8. —(1) Íocfar le comhalta den Bhord, as cistí a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé luach saothair (más aon luach saothair é) agus cibé suimeanna i leith caiteachas a shocróidh an tAire ó am go ham (i gcás luach saothair) nó a mheasfaidh sé a bheith réasúnach (i gcás caiteachas), le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Faoi réir fho-alt (1), sealbhóidh comhalta den Bhord oifig ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.

Cathaoirleach an Bhoird.

9. —(1) Déanfaidh an tAire ó am go ham de réir mar a theastóidh comhalta den Bhord a cheapadh, le toiliú an Aire Airgeadais, chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord.

(2) Beidh cathaoirleach an Bhoird i seilbh oifige go dtí deireadh a thréimhse oifige mar chomhalta den Bhord mura n-éagfaidh sé, mura n-éireoidh sé as oifig an chathaoirligh nó mura scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach faoi fho-alt (4) roimhe sin.

(3) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird aon tráth éirí as a oifig mar chathaoirleach trí litir a chuirfear chun an Aire, agus beidh éifeacht ag an éirí as, mura dtarraingeofar siar roimhe sin é, nuair a thosóidh an chéad chruinniú den Bhord a thionólfar tar éis den Aire an t-éirí as a chur in iúl don Bhord.

(4) Má scoireann cathaoirleach an Bhoird i rith a théarma oifige mar chathaoirleach de bheith ina chomhalta den Bhord scoirfidh sé freisin ansin de bheith ina chathaoirleach ar an mBord.

Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a bheartaítear a dhéanamh.

10. —(1) Aon chomhalta den Bhord a bhfuil aon leas díreach nó neamh-dhíreach aige in aon chuideachta nó gnólacht lena mbeartaíonn an Bord aon chonradh a dhéanamh, nó in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh—

(a) nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é ag an gcruinniú den Bhord ag a mbreithneofar den chéad uair an cheist faoin gconradh sin a dhéanamh nó, mura mbeidh leas den sórt sin aige san am sin, a luaithe is féidir tar éis an leas sin a fháil,

(b) ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon phlé a dhéanfaidh an Bord maidir leis an gconradh sin ach amháin a mhéid a cheadóidh an Bord,

(c) ní vótálfaidh sé ar chinneadh a bhainfidh leis an gconradh sin, agus

(d) ní chomhairfear é ar an gcóram a bheidh i láthair ag an gcruinniú a dhéileálfaidh leis an gconradh sin.

(2) Taifeadfar i miontuairiscí an Bhoird nochtadh faoin alt seo.

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird.

11. —(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhalladh go cuí.

(2) Féadfaidh an tAire an dáta, an tráth agus an t-ionad do chéad chruinniú an Bhoird a shocrú.

(3) Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) mura mbeidh agus an fad nach mbeidh cathaoirleach an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Cinnfear gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Bhord le tromlach na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus, i gcás comhionannas vótaí beidh an dara vóta nó vóta cinniúna ag cathaoirleach an chruinnithe.

(5) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

(6) Faoi réir forálacha an Achta seo, rialálfaidh an Bord a nós imeachta le rialacha.

(7) Triúr an córam do chruinniú den Bhord.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

12. —(1) Déanfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh, mar is cuí leis an mBord ó am go ham, chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord.

(2) Sealbhíodh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham.

(3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh, as airgead a bheidh faoina réir ag an mBord, cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachais a chinnfidh an Bord ó am go ham faoi réir ceadú an Aire agus le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur, ar chúiseanna a luafaidh an Bord, as bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach dó.

Oifigigh nó seirbhísigh don Bhord d'fheidhmiú feidhmeanna an Bhoird.

13. —Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid a fheidhmiú trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheidh údaraithe go cuí ag an mBord chuige sin.

Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh an Bhoird.

14. —(1) Ullmhóidh an Bord, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire, scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha chun pinsin, aiscí agus liúntais a dheonú, ar iad scor nó ar iad d'éag, do cibé oifigigh nó seirbhísigh leis an mBord is cuí leis nó i leith na n-oifigeach nó na seirbhíseach sin.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin tráth agus coinníollacha scoir do na daoine go léir lenarb iníoctha nó arb iníoctha ina leith pinsin, aiscí nó liúntais eile faoin scéim ar scor, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire do leasú scéime a cuireadh faoi bhráid an Aire, agus a ceadaíodh, roimhe sin faoin alt seo.

(4) Déanfaidh an Bord aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo a chur chun críche de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ag éileamh, nó i dtaobh méid, aon phinsin, aisce nó líúntais eile is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire Airgeadais agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais.

(6) Déanfar gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an Scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh reoimh sin faoin scéim.

Fostaí don Bhord a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta den Oireachtas a bheith ar iasacht.

15. —(1) I gcás duine is oifigcach nó seirbhíseach i bhfostaíocht faoin mBord teacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhshe dar tosach an tráth a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin, a scoirfidh sé di nó a fhoirceannfaidh an Bord an fhostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an Bord leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord, aon tuarastal nó pá, de réir mar a bheidh, i leith na tréimhse sin.

(2) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun teacht chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.

Coistí de chuid an Bhoird.

16. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham cibé coistí, agus cibé méid coistí, a cheapadh is dóigh leis is cuí.

(2) Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid a tharmligean chun coiste a bhunófar faoin alt seo ar feidhm í is fearr nó is caothúla a d'fhéadfaí, i dtuairim an Bhoird, í a fheidhmiú ag coiste, agus féadfaidh an Bord nós imeachta aon choiste den sórt sin a rialáil.

(3) Beidh cosite a cheapfar faoin alt seo comhdhéanta de cibé méid comhaltaí is cuí leis an mBord agus féadfaidh sé, más cuí leis an mBord, a bheith comhdhéanta go heisiatach de dhaoine is comhaltaí den Bhord nó go páirteach de dhaoine is comhaltaí den Bhord agus go páirteach de dhaoine is oifigigh don Bhord, nó go páirteach de dhaoine is comhaltaí den Bhord nó oifigigh don Bhord agus go páirteach de dhaoine eile.

(4) Beidh gníomhartha coiste a cheapfar faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an mBord.

(5) Bainfidh alt 10 le cruinniú de choiste a cheapfar faoin alt seo ionann is dá mba chruinniú den Bhord é.

Cumhacht chun táillí a ghearradh.

17. —Beidh cumhacht ag an mBord táillí a ghearradh, a ghlacadh agus a ghnóthú i leith seirbhísí a dhéanfaidh an Bord thar ceann aon duine seachas an Rialtas, an tAire nó aon Aire eile.

Cumhacht chun síntiúis agus tabhartais a ghlacadh.

18. —(1) Féadfaidh an Bord tabhartais airgid a ghlacadh ó ghnólachtaí tionscail nó ó chomhlachtaí eile i gcomaoin na ngnólachtaí nó na gcomhlachtaí eile sin d'úsáid cibé seirbhísí agus saoráidí eile de chuid an Bhoird a chinnfidh an Bord.

(2) Féadfaidh an Bord bronntanas airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh, ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an duine a thabharfaidh an bronntanas.

(3) Ní ghlacfaidh an Bord aon bhronntanas má bhíonn na coinníollacha a chuirfidh an deontóir le glacadh an bhronntanais ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.

Deontas bliantúil don Bhord.

19. —Féadfaidh an tAire cibé suim, ar mhodh deontais faoi chomhair caiteachais an Bhoird, a chinnfidh an tAire le toiliú an Airgeadais, a íoc gach bliain airgeadais, leis an mBord, le toiliú an Aire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Cuntais agus iniúchadh.

20. —(1) Coimeádfaidh an Bord, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cóir agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh an Bord nó a chaithfidh sé agus, go háirithe, coimeádfaidh sé, i bhfoirm don sórt sin a dúradh, na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham as a chonlán féin nó ar iarratas ón Aire Airgeadais.

(2) Déanfaidh an Bord cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus déanfar na cuntais sin, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, agus tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil agus eolas don Aire.

21. —(1) Tabharfaidh an Bord, gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil don Aire ar imeachtaí an Bhoird faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana airgeadais roimhe sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Beidh, aon uair a ordóidh an tAire é, eolas sa tuarascáil faoi cibé gnéithe d'imeachtaí an Bhoird faoin Acht seo a shonróidh an tAire.

(3) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé eolas a iarrfaidh an tAire ó am go ham i dtaobh comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird ag an mBord nó i dtaobh ioncam nó caiteachas an Bhoird.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

22. —Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Cionta a ionchúiseamh.

23. —Féadfaidh an Bord cion faoi alt 6 den Acht seo a ionchúiseamh.

Leasú ar an Acht Sláinte, 1953 .

1953, Uimh. 26 .

24. —Leasaítear leis seo an tAcht Sláinte, 1953

(a) trí “, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Fuinnimh Núicléigh,” a chur isteach i ndiaidh “an tAire” in alt 59 (4),

(b) trí “liachta” a chur isteach in ndiaidh “raidghníomhacha” agus i ndiaidh “ruithniúcháin” in alt 59 (4) (a),

(c) trí alt 59 (4) (b) a scriosadh, agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 59 (5) (a) (v)—

“(vi) ag oifigigh nó seirbhísigh don Bhord Fuinnimh Núicléigh,”.

Leasú ar an Acht Monarchan, 1955 .

1955, Uimh. 10 .

25. —Leasaítear leis seo an tAcht Monarchan, 1955

(a) trí “duine” a chur in ionad “oifigeach don Aire” sa mhíniú ar “cigire” in alt 2 (1),

(b) trí “(nó, i gcás ina ngabhann le próis mhonaraithe úsáid a dhéanamh de shubstaintí raidighníomhacha de réir brí an Achta um Fhuinneamh Núicléach (An Bord Fuinnimh Núicléigh), 1971 , nó d'fheistí raidighníomhacha nó de ghléasra ionraideach, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Fuinnimh Núicléigh)” a chur isteach in alt 71 (1) i ndiaidh “Aire Sláinte”, agus

(c) trí “nó, i gcás inarb iomchuí sin, d'oifigigh don Bhord Fuinnimh Núicléigh” a chur isteach in alt 93 (1) i ndiaidh “dá chuid”.

Caiteachais.

26. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

27. —Féadfar an tAcht um Fhuinneamh Núicléach (An Bord Fuinnimh Núicléigh), 1971 , a ghairm den Acht seo.