9 1971


Uimhir 9 de 1971


AN tACHT CAIRDE TIONSCAIL (LEASÚ), 1971

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE TIONSCAIL, 1933 GO 1959. [18 Bealtaine, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :

Léiriú.

1933, Uimh. 25 .

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cairde Tionnscail, 1933 .

(2) Forléireofar mar aon Acht amháin an tAcht seo agus na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1959.

Caipiteal na Cuideachta a mhéadú.

2. —D'ainneoin aon ní dá mhalairt sna hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1959, nó i Meabhrán nó in Airteagail Chomhlachais na Cuideachta, is dleathach don Chuideachta a scairchaipiteal a mhéadú go dtí dhá mhilliúin déag punt san iomlán arna roinnt ina scaireanna punt an ceann nó cibé ainmluachanna eile a bheidh de réir an Mheabhráin, agus chuige sin cibé athruithe is gá a dhéanamh sa Mheabhrán agus sna hAirteagail Chomhlachais.

Príomh-chuspóirí na Cuideachta.

3. —(1) Leasaítear leis seo mír 2 den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (c):

“(c) go mbeidh ar phríomh-chuspóirí na Cuideachta—

(i) scaireanna, stoic, bintiúir, agus urrúis eile a fháil, a shuibscríobh, a shealbhú, a dhíol agus déileáil leo ar shlí eile ar cinn iad a d'eisigh aon chuideachta nó comhlacht corpraithe (cibé áit inar corpraíodh é) a sheolann aon trádáil nó tionscal, nó a bheartaíonn aon trádáil nó tionscal a sheoladh, sa Stát,

(ii) scaireanna, stoic, bintiúir, agus urrúis eile a fháil, a shuibscríobh, a shealbhú, a dhíol agus déileáil leo ar shlí eile ar cinn iad a d'eisigh aon chuideachta nó comhlacht corpraithe (cibé áit inar corpraíodh é agus cibé áit ina n-oibríonn an céanna) ar le haon chuideachta nó comhlacht corpraithe (cibé áit inar corpraíodh é) atá ag seoladh, nó a bheartaíonn dul ag seoladh, aon trádála nó tionscail sa Stát níos mó ná cúigiú cuid (luach ainmniúil) na scaireanna sa chéanna is scaireanna eisithe lena ngabhann cearta vótála, ar choinníoll gur dóigh do gach fáil, suibscríobh, sealbhú, díol nó déileáil eile den sórt sin a bheith ina shochar do thrádáil nó tionscal sa Stát,

(iii) airgead a thabhairt ar iasacht nó a airleacan, i dteannta nó d'éagmais urrúis, ar cibé modh agus ar cibé téarmaí is cuí le stiúrthóirí na Cuideachta d'aon duine atá ag gabháil, nó a bheartaíonn dul ag gabháil, d'aon trádáil nó tionscal sa Stát chun an trádáil nó an tionscal sin a bhunú, a sheoladh nó a mhéadú,

(iv) airgead a thabhairt ar iasacht nó a airleacan, i dteannta nó d'éagmais urrúis, d'aon chuideachta nó comhlacht corpraithe (cibé áit inar corpraíodh é agus cibé áit ina n-oibríonn an céanna) ar le duine atá ag gabháil, nó a bheartaíonn dul ag gabháil, d'aon trádáil nó tionscal sa Stát níos mó ná cúigiú cuid (luach ainmniúil) na scaireanna ann is scaireanna eisithe lena ngabhann cearta vótála, ar choinníoll gur dóigh do gach iasacht nó airleacan den sórt sin a bheith ina shochar do thrádáil nó tionscal sa Stát;”

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, is dleathach don Chuideachta cibé athruithe is gá a dhéanamh ar a Meabhrán Comhlachais.

Stiúrthóir bainistí agus bainisteoir nó bainisteoirí ginearálta na Cuideachta.

4. —(1) Leasaítear leis seo mír 4 den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (b):

“(b) go bhféadfaidh stiúrthóirí na Cuideachta ó am go ham duine dá líon a cheapadh ina stiúrthóir bainistí ar an gCuideachta agus féadfaidh siad freisin ó am go ham bainisteoir ginearálta nó bainisteoirí ginearálta a cheapadh;”

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, is dleathach don Chuideachta cibé athruithe is gá a dhéanamh ar a hAirteagail Chomhlachais.

Cumhacht na Cuideachta airgead a fháil ar iasacht trí bhintiúir nó ar shlí eile.

1959, Uimh. 24 .

5. —(1) Leasaítear leis seo mír 4 den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) (a cuireadh isteach le halt 3 (1) den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1959 ):

“(d) go mbeidh cumhacht ag an gCuideachta chun críocha na Cuideachta airgead (ar a n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a chruinniú nó a fháil ar iasacht trí bhintiúir nó ar shlí eile, ach sin faoi réir an mhéid seo a leanas:

(i) ní bheidh an méid a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht amhlaidh agus a bheidh gan íoc aon tráth áirithe níos mó ná tríocha milliún punt lúide an méid (más ann) a bheidh an tAire tar éis a íoc, faoi ráthaíocht nó ráthaíochtaí a thug sé, i leith príomhshuime airgid a chruinnigh an Chuideachta nó a fuair an Chuideachta ar iasacht agus a bheidh gan aisíoc an tráth sin ag an gCuideachta leis an Aire,

(ii) ní bheidh an chumhacht sin infheidhmithe, gan toiliú an Aire, aon tráth áirithe má shealbhaíonn an tAire an tráth sin níos mó ná an cúigiú cuid (luach ainmniúil) de na scaireanna eisithe sa Chuideachta lena ngabhann cearta vótála, agus

(iii) aon airgead a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht amhlaidh in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit measfar gurb é a choibhéis é in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit an airgid iarbhír a cruinníodh nó a fuarthas ar iasacht, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta mhalairte tráth an airgid a chruinniú nó a fháil ar iasacht faoi réir an choinníoll go ndéanfar, má bhíonn airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile ar áireamh na n-airgead reatha ag a raibh, an tráth sin, parluachanna a bunaíodh faoi Airteagail an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an ríomh de réir an ráta mhalairte a bheidh bunaithe ar na luachanna sin;”

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, is dleathach don Chuideachta cibé athruithe is gá a dhéanamh ar a hAirteagail Chomhlachais.

Síneadh ar an tréimhse chun cuntas cothromaíochta agus cuntas sochair agus dochair a thabhairt.

6. —Luasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 11 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur leis:

“I gcás inar dóigh leis an gCuideachta nach mbeidh ar a cumas an cuntas cothromaíochta agus an cuntas sochair agus dochair in aghaidh bliana cuntasaíochta a thabhairt laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo, féadfaidh an tAire an tréimhse sin a shíneadh, ar an gCuideachta á iarraidh sin, cibé tréimhse bhreise a mheasfaidh sé a bheith réasúnach.”

Ráthaíochtaí ón Aire.

1958, Uimh. 10 .

7. —Leasaítear leis seo mar a leanas alt 3 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958 :

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) cuirfear “agus i cibé airgead (ar a n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit)” isteach i ndiaidh “i pé foirm agus slí”, agus

(ii) cuirfear “agus féadfaidh aon ráthaíocht den sórt sin a ráthú go n-íocfaidh an Chuideachta caiteachais fhoghabhálacha a éireoidh i ndáil le haon airgead a fháil ar iasacht” a chur isteach i ndiaidh “an t-ús sin d'íoc”,

(b) i bhfo-alt (3) cuirfear “£30,000,000” in ionad “£15,000,000” (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1959 ),

(c) cuirfear an fo-alt seo a leanas leis an alt:

“(10) Maidir le ráthaíocht faoin alt seo in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(a) na tagairtí do phríomhshuim atá i bhfo-alt (3) den alt seo glacfar gur tagairtí iad do choibhéis in airgead reatha an Stáit na príomhshuime iarbhír agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta mhalairte tráth na ráthaíochta a thabhairt ar choinníóll go ndéanfar, má bhíonn airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile ar áireamh na n-airgead reatha ag a raibh, an tráth sin, parluachanna a bunaíodh faoi Airteagail an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an ríomh de réir an ráta mhalairte a bheidh bunaithe ar na luachanna sin,

(b) gach tagairt d'airgead i bhfo-ailt (4), (6), (7), (8) agus (9) den alt seo agus i bhfo-alt (1) d'alt 4 den Acht seo glacfar gur tagairtí iad do chostas in airgead reatha an Stáit na n-airgead iarbhír.”

Stiúrthóirí, oifigigh agus seirbhísigh don Chuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

8. —(1) I gcás ina n-ainmneofar stiúrthóir ar an gCuideachta mar iarrthóir chun a thofa chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

(2) Nuair a thiocfaidh duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht faoin gCuideachta chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé, ar feadh na tréimhse dar tosach an lá a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus a chríochnóidh nuair a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharióidh, ar é d'éirí as an bhfostaíocht sin nó do scor den fhostaíocht sin nó ar an gCuideachta d'fhoirceannadh na fostaíochta sin, ar iasacht ón bhfostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an Chuideachta leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCuideachta, aon tuarastal ná pá, de réir mar a bheidh, in aghaidh na tréimhse sin.

(3) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta.

Gearrtheideal agus comhlua.

9. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1971, a ghairm de na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1959, agus den Acht seo le chéile.