Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

20 1970


Uimhir 20 de 1970


AN tACHT LEITHREASA, 1970

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN 31ú LÁ DE MHÁRTA, 1969, AGUS DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ. [23 Nollaig, 1970]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Deontas as an bPríomh-Chiste

£3,846 a eisiúint as an bPríomh-Chiste le haghaidh na bliana 1968-69.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim trí mhíle, ocht gcéad, sé phunt is daichead a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánú an tsoláthair a deonaíodh le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1969.

Deontais a Leithreasú

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £462,023,676, a leithreasú.

1965, Uimh. 26 .

1891, c. 24.

2. —(1) Na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , agus leis an Acht seo chun slánú an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim cheithre chéad seasca is dhá mhilliún, fiche is trí mhíle, sé chéad seachtó is sé phunt agus atá comhdhéanta den tsuim trí mhíle, ocht gcéad daichead is sé phunt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1969, den tsuim tríocha is cúig mhilliún, seasca is cúig mhíle, trí chéad is seachtó punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1970, agus den tsuim cheithre chéad fiche is sé mhilliún, naoi gcéad caoga is ceithre mhíle, ceithre chéad is seasca punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1971, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe sin seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim fiche is naoi milliún, seacht gcéad seasca is sé mhíle, dhá chéad tríocha is ceithre phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1970 , a ghairm den Acht seo.