An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Cáin Láimhdeachais) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL Dleachtanna Stampa ar Ionstraimí)

14 1970

AN tACHT AIRGEADAIS, 1970

CUID VI

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

52. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1969” alt 61 den Acht Airgeadais, 1969 ;

ciallaíonn “an fichiú blianacht bhreise” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1969 maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961, ach “£3,291,553” a chur in ionad “£3,000,128”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1969 ach “£2,088,170” a chur in ionad “£1,904,575”.

(4) Déanfar suim £3,590,509, chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1971.

(5) Déanfar an fichiú blianacht bhreise a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den fhichiú blianacht bhreise, nach mó ná £2,322,880 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an fhichiú blianacht bhreise a úsáid i gceann amháin nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Scéimeanna tráthchoigiltis.

53. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “scéim thráthchoigiltis” scéim choigiltis—

(a) (i) atá arna bunú agus á riaradh ag an Aire, nó

(ii) atá arna bunú agus á riaradh ag banc, ag banc taisce iontaobhais nó ag cumann foirgníochta agus atá arna ceadú ag an Aire,

(b) atá arna deimhniú ag an Aire mar scéim atá cáilithe chun díolúine faoi alt 18 den Acht seo, agus

(c) a dhéanann socrú chun aonaithe d'íoc ranníocaí tréimhsiúla ar feadh tréimhse sonraithe leis an duine a riarann an scéim agus chun na ranníocaí a aisíoc agus, faoi réir coinníollacha sonraithe, chun méideanna breise ar mhodh bónais nó úis a íoc;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “banc taisce iontaobhais” banc taisce iontaobhais atá deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965.

(2) Féadfaidh an tAire airgead a chruinniú don Státchiste trí scéim thráthchoigiltis agus beidh aige na cumhachtaí go léir is gá chuige sin.

(3) Cuirfear chun creidiúna don Státchiste an t-airgead go léir a chruinneoidh an tAire nó banc taisce iontaobhais trí scéim thráthchoigiltis agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

(4) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheidh muirear na ranníocaí a íocfar faoi scéim thráthchoigiltis a bhunaigh an tAire nó banc taisce iontaobhais agus aon bhónais nó úis is iníoctha faoi scéim den sórt sin.

(5) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheidh muirear na gcaiteachas a thabhóidh an tAire nó banc taisce iontaobhais ag riaradh scéime tráthchoigiltis.

An tAire Airgeadais do bhunú agus d'eisiúint urrús.

54. —(1) D'fhonn airgead a chruinniú don Státchiste, féadfaidh an tAire Airgeadais, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis nó gan bheith faoi ús.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheidh muirear príomh-shuime agus úis (más ann) agus phréimh fhuascailte (más ann) aon urrúis a eiseofar faoin alt seo agus na gcostas a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(3) Cuirfear chun creidiúna do chuntas an Státchiste an t-airgead a gheobhfar ar iasacht faoin alt seo agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Fuascailt iasachtaí áirithe Rialtais a chur siar.

1951, Uimh. 12 .

55. —(1) (a) Más é tuairim an Aire Airgeadais nach féidir, mar gheall ar Bhanc na hÉireann a dhúnadh, an stoc neamhíoctha de Bhannaí Státchiste 3½%, 1965/70, den Cheathrú Iasacht Náisiúnta 3½%, 1960/70 agus de Bhannaí Státchiste 3%, 1965/70 a fhuascailt an 15ú lá d'Iúil, 1970, féadfaidh sé, le hordú a dhéanfar roimh an lá sin, nó más i ndiaidh an lae sin a rithfear an tAcht seo, le hordú a dhéanfar a luaithe is féidir le réasún tar éis an tAcht seo a rith, an fhuascailt sin a chur siar.

(b) Más tar éis an 15ú lá d'Iúil, 1970, a dhéanfar ordú faoin bhfo-alt seo, beidh éifeacht aige, agus measfar éifeacht a bheith aige, amhail ar an agus ón lá sin.

(2) A luaithe is féidir le réasún tar éis deireadh a bheith leis an dúnadh réamhráite, socróidh an tAire, le hordú, dáta nach faide ná trí mhí tar éis deireadh a bheith leis an dúnadh sin, chun an stoc réamhráite a fhuascailt agus, faoi réir an Achta um Iasachta Rialtais (Comhshó), 1951 , fuasclófar an stoc ar an dáta sin.

(3) Má dhéantar ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, íocfar ús de réir cibé ráta a shonrófar san ordú ar an stoc neamhíoctha réamhráite in aghaidh na tréimhse ón 15ú lá d'Iúil, 1970, go dtí an dáta a fhuasclófar, mar a shocrófar faoin alt seo, an stoc sin.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a aisghairm nó a leasú.

(5) Leagfar gach ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Tobhach ar mhuca.

1935, Uimh. 24 .

1930, Uimh. 10 .

1939, Uimh. 35 .

56. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún Muc agus Bagúin;

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas de réir brí alt 23 den Acht Muc agus Bagúin, 1935 , nó ceadúnas onnmhaireora bagúin de réir brí alt 12 (2) den Acht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 .

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh, aon ní amháin nó níos mó acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) tobhach a mbeidh cibé méid ann is cuí leis a fhorchur ar gach muc a thabharfar isteach in áitreabh lena mbaineann ceadúnas agus a fhoráil go n-íocfaidh sealbhóir an cheadúnais leis an gCoimisiún méid aon tobhaigh den sórt sin ar aon mhuca a thabharfar isteach san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas,

(b) socrú a dhéanamh le haghaidh tobhaigh a fhorchuirfear faoin alt seo a íoc i gceann eatramh sonraithe agus i slí shonraithe,

(c) rátaí éagsúla tobhaigh a fhorchur ar mhuca d'aicmí éagsúla agus a fhoráil nach mbeidh tobhaigh iníoctha ar mhuca d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe,

(d) a údarú don Choimisiún—

(i) díolúine a dheonú, más cuí leis agus aon uair is cuí leis, ó íoc tobhach faoin alt seo (go ceann tréimhse sonraithe nó gan teorainn maidir le ham) ar uimhir shonraithe muc nó ar mhuca d'aicme nó d'aicmí a shonrófar faoi mhír (e) den fho-alt seo nó ar mhuca d'earnáil nó d'earnálacha a shonróidh an Coimisiún (faoi threoir cibé nithe is cuí leis an gCoimisiún) sa díolúine, agus

(ii) díolúine a deonaíodh de bhua na míre seo a chúlghairm más cuí agus aon uair is cuí leis an gCoimisiún,

(e) aicmí éagsúla muc á shonrú (faoi threoir cibé nithe is oiriúnach leis an Aire) chun críocha mhíreanna (c) agus (d) den fho-alt seo,

(f) forálacha alt 38 agus alt 39 den Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1939 , a chur chun feidhme maidir le tobhaigh is iníoctha faoin alt seo,

(g) aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(3) Is tobhach i dteannta agus ní tobhach in ionad aon tobhach is iníoctha faoi na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1961, aon tobhach is iníoctha de bhun ordaithe faoin alt seo.

(4) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste de réir orduithe an Aire Airgeadais an t-airgead go léir a gheobhaidh an Coimisiún i leith tobhach faoin alt seo.

(5) Leagfar gach ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Mar a dhéileálfar chun críocha faoisimh dhúbailte le faoiseamh brostaitheach ó cháin choigríche.

57. —(1) San alt seo ciallaíonn “na hAchtanna Cánach Brabús Corporáide” Cuid V den Finance Act, 1920, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.

(2) Chun críocha alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht sin, agus an mhínithe ar “faoiseamh ó chánachas dúbailte” in alt 363 den Acht sin, áireofar gurbh iníoctha aon mhéid cánach faoi dhlí aon chríche lasmuigh den Stát ab iníoctha mura mbeadh faoiseamh lena mbaineann an t-alt seo agus a tugadh faoin dlí sin (is faoiseamh a bhfuil socrú déanta ina leith i gcomhshocraíochtaí i dtaobh faoiseamh ó chánachas dúbailte is comhshocraíochtaí is ábhar d'ordú faoin alt sin 361); agus forléireofar dá réir sin tagairtí sna hailt sin agus sa Sceideal sin do chánachas dúbailte, do cháin is iníoctha nó is inmhuirir nó do cháin nach inmhuirir go díreach nó trí asbhaint.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh go ginearálta chun forálacha an ailt seo nó aon chomhshocraíochtaí ag a bhfuil feidhm dlí faoin alt sin 361 a chur i bhfeidhm agus féadfaidh, go háirithe ach gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, foráil a chur sna rialacháin—

(a) chun críocha an ailt seo nó na rialachán, chun go gcuirfear chun feidhme (gan mhodhnú nó mar aon le modhnú) aon fhoráil atá sna hAchtanna Cánach Ioncaim nó in aon rialacháin a rinneadh fúthu nó sna hAchtanna Cánach Brabús Corporáide nó in aon rialacháin a rinneadh fúthu, lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairime na hArd-Chúirte ar phonc dlí, agus

(b) nach ndéanfar iomlán aon díbhinne, ná aon chuid de dhíbhinn, a íocadh as brabúis nó gnóchain arb éard iad nó ar cuid díobh brabúis nó gnóchain a dtabharfar faoiseamh ó chánachas dúbailte ina leith de bhua an ailt seo a áireamh mar ioncam nó brabúis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim nó na nAchtanna Cánach Brabús Corporáide.

(4) Baineann an t-alt seo le haon fhaoiseamh a thabharfar d'fhonn forbairt thionscail, thráchtála, eolaíochta, oideachais nó aon fhorbairt eile a chur ar aghaidh i gcríoch lasmuigh den Stát.

(5) Chun críocha aon chomhshocraíochtaí ag a bhfuil feidhm dlí faoin alt sin 361 agus a bhaineann le haon tréimhse roimh dháta an Achta seo a rith, beidh éifeacht ag an alt seo maidir leis an tréimhse sin.

Leasú ar alt 35 den Acht Airgeadais, 1968 .

1968, Uimh. 33 .

1958 Uimh. 28.

58. —(1) Leasaítear leis seo alt 35 (3) (b) den Acht Airgeadais, 1968

(a) trí “nó” a chur isteach i ndiaidh “amhlaidh,”, agus

(b) tríd an bhformhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an fhomhír (ii)—

“(iii) brabúis a d'éirigh as gníomhaíochtaí trádála díolmhaithe nach ndéantar, de bhua Chaibidil I de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó Chodanna I agus II den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , a chur i gcuntas, maidir leis an gcuideachta a dhéanann na gníomhaíochtaí sin, chun aon chríocha de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim nó chun aon chríche de chuid Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin V.”.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1970, agus blianta measúntachta dá éis sin agus maidir le cáin bhrabús corporáide d'aon bhliain chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1970, nó aon lá dá éis sin agus don chuid gan chaitheamh d'aon tréimhse chuntasaíochta ar rith ar an dáta sin.

Ús ar urrúis Státurraithe a íoc gan cáin a asbhaint.

59. —(1) Baineann an t-alt seo le haon urrúis (seachas urrúis lena mbaineann alt 467, 468, 471 nó 473 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ), a d'eisigh comhlacht corpraithe agus a bhfuil íoc úis agus aisíoc príomhsuime ina leith urraithe ag Aire Stáit faoi údarás reachtúil.

(2) Measfar gurb urrúis arna n-eisiúint faoi údarás an Aire Airgeadais de réir brí alt 466 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon urrúis lena mbaineann an t-alt seo agus beidh feidhm dá réir sin ag an alt sin.

(3) D'ainneoin aon ní atá sna hAchtanna Cánach Ioncaim, nuair a bheidh ríomh á dhéanamh chun críocha measúnachta faoi Chás I de Sceideal D ar mhéid brabús nó gnóchan comhlachta chorpraithe a d'eisigh na hurrúis lena mbaineann an t-alt seo, in aghaidh aon tréimhse dá mbeidh na cuntais ríofa, lamhálfar mar asbhaint méid an úis ar na hurrúis den sórt sin a dhéanfaidh an comhlacht corpraithe, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 466 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna chur chun feidhme leis an alt seo, a íoc gan cáin a asbhaint in aghaidh na tréimhse sin.

(4) Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Airgeadais, 1956 , trí “nó alt 59 den Acht Airgeadais, 1970 ” a chur isteach ag deireadh fho-alt (1).

(5) Leasaítear leis seo alt 474 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “nó alt 59 den Acht Airgeadais, 1970 ” a chur isteach ag deireadh fho-alt (1).

(6) Bainfidh alt 63 den Acht Airgeadais, 1969 , le hurrúis lena mbaineann an t-alt seo.

Aisghairm.

60. —(1) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1970, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

61. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo (seachas tobhach faoi alt 56 den Acht seo) a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

62. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Caibidil I de Chuid I agus (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim, lena n-áirítear forcháin) Caibidil II de Chuid I, agus ailt 57 go 59 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) A mhéid a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, déanfar Caibidil II de Chuid I agus ailt 57 go 59 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin.

(4) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(5) Déanfar Cuid IV den Acht seo a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an tAcht sin.

(6) Déanfar Cuid V den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin.

(7) Ach amháin sa mhéid go bhforáiltear a mhalairt iontu go sainráiteach, measfar gur tháinig Cuid I agus ailt 57 go 59 den Acht seo i ngníomh, agus beidh éifeacht acu, ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1970.

(8) Aon tagairt atá san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid go n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-éirítear an tAcht seo.