Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Leasuithe Ilghneitheacha ar an bPriomh-Acht)

4 1970


Uimhir 4 de 1970


AN tACHT UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1963 . [5 Bealtaine, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1963, Uimh. 2 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 ;

tá le “an Chuideachta” agus “an tAire” na bríonna céanna atá leo sa Phríomh-Acht.

Méadú ar scairchaipiteal na Cuideachta.

2. —D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht nó i meabhrán na Cuideachta nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, £7,500,000 arna roinnt i 7,500,000 scair, £1 an scair, méid scairchaipitil na Cuideachta.

Scaireanna áirithe a eisiúint chun an Aire Airgeadais.

3. —(1) A luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith déanfaidh an Chuideachta 4,712,000 scair lán-íoctha san Chuideachta a eisiúint chun an Aire Airgeadais gan aon íocaíocht eile uaidh.

(2) Maidir leis an 4,712,000 scair sin—

(a) is é a bheidh i 3,500,000 díobh scaireanna i leith £3,500,000 a d'airleac an tAire sin chun na Cuideachta faoi alt 5 den Phríomh-Acht, ar cuid í den tsuim chomhiomlán £6,000,000 a airleacadh amhlaidh, agus dá réir sin, ar na scaireanna sin dá bhforáiltear le fo-alt (1) den alt seo a eisiúint, is £2,500,000 an méid a bheidh sna hairleacain a bheidh tugtha faoi alt 5 den Phríomh-Acht agus is inaisíoctha faoin Acht sin leis an Aire Airgeadais, agus

(b) is é a bheidh i 1,212,000 díobh scaireanna in ionad agus i gcomaoin an úis a d'fhaibhrigh ar an £6,000,000 a dúradh go dtí an 30ú lá de Mheitheamh, 1967.

(3) Measfar chun críocha alt 5 (2) den Phríomh-Acht, gurb éard í an eisiúint sin 1,212,000 scair dá dtagraítear i bhfo-alt den alt seo íoc an úis ar an £6,000,000 sin, arna chinneadh faoin alt sin 5 (2), anuas go dtí an 30ú lá de Mheitheamh, 1967.

(4) D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht nó aon chinneadh ón Aire Airgeadais faoi alt 5 (2) den Acht sin, beidh ús iníoctha ón 1ú lá d'Iúil, 1967 (de réir aon chinneadh faoin alt sin tar éis dáta an Achta seo a rith) ar an tsuim £2,500,000 a luaitear i bhfo-alt (2) (a) den alt seo a bheith inaisíoctha leis an Aire sin faoi alt 5 den Phríomh-Acht, agus ní bheidh ar aon tsuim eile airleacan faoin alt sin.

Cumhacht ag an Aire Airgeadais chun scaireanna sa Chuideachta a shealbhú nó a dhíol.

4. —Féadfaidh an tAire Airgeadais scaireanna sa Chuideachta a bheidh faighte aige faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo a shealbhú an fad is oiriúnach leis agus féadfaidh sé, mar is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis, na scaireanna sin uile nó aon chuid díobh a dhíol.

An tAire Airgeadais do thabhairt airleacan don Chuideachta.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, airleacain inaisíoctha a thabhairt don Cuideachta ach, ar airleacain a tugadh don Chuideachta roimh dháta an Achta seo a rith as airgead a sholáthraigh an tOireachtas a chur san áireamh, ní rachaidh na hairleacain sin thar £2,500,000 san iomlán.”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá i ndiaidh an dáta a eiseoidh an Chuideachta scaireanna láníoctha sa Chuideachta chun an Aire Airgeadais de réir alt 3 (1) den Acht seo.

(3) Déantar leis seo alt 5 den Phríomh-Acht a leasú tuilleadh tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Aon téarmaí maidir le haisíoc, ús nó nithe eile a chinnfidh an tAire Airgeadais faoi fho-alt (2) den alt seo féadfaidh sé iad a mhodhnú ionann agus gurbh é an 1ú lá d'Iúil, 1967, a tugadh na hairleacain a bheidh fós inaisíoctha de réir alt 3 (2) den Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1970 .”

An tAire do ráthú airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht.

6. —Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le halt 7 (1) don Phríomh-Acht a fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire (mar aon le méid aon phríomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta) níos mó ná £2,000,000 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 7 (2) den Phríomh-Acht a leasú trí “£2,000,000” a chur in ionad “£1,000,000”.

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht trí “nó go ndéanfaidh an Chuideachta tráthchodanna airgid a bheidh gan íoc faoi chonradh a rinne an Chuideachta nó an t-ús a bheidh gan íoc ar aon airgead den sórt sin a íoc go cuí nó go n-íocfar na tráthchodanna sin agus an t-ús sin” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “íoc”.

(2) In alt 7 (4) (c) den Phríomh-Acht agus in alt 6 den Acht seo forléireofar “príomhshuim” mar fhocal a fholaíonn airgead atá gan íoc faoi chonradh a rinne an Chuideachta, agus in ailt 9 (b) agus 9 (c) den Phríomh-Acht forléireofar “airgead” mar fhocal a fholaíonn airgead atá gan íoc faoi chonradh a rinne an Chuideachta.

Diolúine ó dhleachtanna stampa.

1891, c. 39.

8. —Ní oibreoidh alt 112 den Stamp Act, 1891, ar shlí go gceanglóid sé ar an gCuideachta aon ráiteas a sheachadadh do Chláraitheoir na gCuideachtaí nó aon dleacht stampa a íoc faoin alt sin i leith aon mhéadú ar chaipiteal na Cuideachta a dhéanfar tar éis dáta an Achta seo a rith.

Athrú ar mheabhrán agus ar airteagail chomhlachais.

1963, Uimh. 33 .

9. —Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , chun meabhrán agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú lena gcur ar comhréir leis an Acht seo.

Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht.

10. —Déantar leis seo gach foráil den Phríomh-Acht dá luaitear i gcolún (1) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú sa tslí a luaitear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin i gcolún (1).

Caiteachas an Aire.

11. —Déanfar an caiteachas a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

12. —(1) Féadfar an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 agus 1970, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.