An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CAIBIDIL II Oifigigh agus Seirbhísigh, etc.)

1 1970

AN tACHT SLÁINTE, 1970

CUID II

Riarachán

Caibidil I

Boird Sláinte

Boird sláinte a bhunú.

1947, Uimh. 28 .

4. —(1) Chun na seirbhíse sláinte sa Stát a riaradh, bunóidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, cibé méid bord (ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo boird sláinte) is iomchuí leis, agus déanfaidh sé, leis na rialacháin sin, teideal gach boird sláinte a bhunófar amhlaidh a shonrú agus limistéar feidhme gach boird den sórt sin a mhíníú agus, faoi réir fho-alt (2), sonróidh sé comhaltas gach boird sláinte.

(2) (a) Is iad a bheidh ina gcomhaltaí de bhord sláinte—

(i) daoine a cheapfaidh na húdaráis áitiúla iomchuí,

(ii) daoine a cheapfar, trína dtoghadh, ag dochtúirí leighis cláraithe agus trína dtoghadh ag comhaltaí cibé gairmeacha coimhdeacha a shonrófar sna rialacháin iomchuí faoi fho-alt (1),

(iii) daoine a cheapfaidh an tAire.

(b) In aon sonrú ar chomhaltas boird sláinte le rialacháin faoin alt seo beidh an líon daoine a chomhlíonfaidh an coinníoll atá i mír (a) (i) níos mó ná an líon iomlán comhaltaí eile a bheidh ar an mbord sláinte.

(c) Ní bheidh feidhm ag mír (a) (ii) i gcás na chéad chomhaltaí a cheapfar ar bhord sláinte, ach beidh ar na chéad daoine a cheapfar ar Bhord sláinte faoi mhír (a) (iii) daoine a cheapfar ar na n-ainmniú ag comhlachtaí atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach do ghairm an leighis agus do ghairmeacha coimhdeacha nó do bhrainsí áirithe den chéanna.

(3) Chun críocha fho-alt (2) agus mhíreanna 14 (1) agus 16 (2) den Dara Sceideal is iad na húdaráis áitiúla iomchuí gach comhairle contae nó gach bardas contae-bhuirge a bhfuil a limistéar feidhme (nó cuid dá limistéar feidhme) i limistéar feidhme an bhoird sláinte iomchuí agus, sa chás iomchuí, is údarás áitiúil iomchuí Bardas Dhún Laoghaire.

(4) Rachaidh an tAire i gcomhairle le comhairle contae, le bardas contae-bhuirge nó le Bardas Dhún Laoghaire sula ndéanfaidh sé rialacháin faoin alt seo a bhainfidh le limistéar feidhme na comhairle nó an bhardais lena mbainfidh.

(5) Déanfar dréacht de rialacháin a bheartaítear a dhéanamh faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach rún do cheadú an dréachta.

(6) Ní bheidh feidhm ag alt 5 (5) den Acht Sláinte, 1947 , maidir le rialacháin faoin alt seo.

Forálacha ginearálta maidir le boird sláinte.

5. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le bord sláinte a bhunófar faoin Acht seo:

(a) beidh an bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain;

(b) féadfaidh an bord agra a dhéanamh agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus féadfaidh sé talamh a shealbhú agus a dhiúscairt;

(c) soláthróidh agus sealbhóidh an bord gnáthshéala agus tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar an séala;

(d) d'ainneoin aon ní in aon Acht eile, na comhaltaí den bhord a cheapfaidh comhairle contae is comhaltaí den chomhairle sin a bheidh iontu agus na comhaltaí den bhord a cheapfaidh bardas contae-bhuirge nó buirge eile is comhaltaí den chomhairle chathrach nó den chomhairle buirge don bhuirg sin a bheidh iontu;

(e) beidh feidhm maidir leis an mbord ag na rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú arna dhéanamh ar iarratas ó bhord sláinte, riail éagsúil a chur, maidir leis an mbord sin, in ionad aon riail acu seo a leanas atá leagtha amach sa Dara Sceideal, is é sin, rialacha 15, 17, 20, 21, 22, 23.

(3) Nuair a dhéanfar ordú faoi fho-alt (2), beidh feidhm ag an Dara Sceideal maidir leis an mbord sláinte iomchuí ach an riail a bheidh leagtha amach san ordú a chur in ionad na rialach iomchuí sa sceideal sin.

Feidhmeanna bord sláinte.

1957, Uimh. 28 .

1919, c. 72.

1920, c. 49.

1930, Uimh. 9 .

1962, Uimh. 8 .

1934, Uimh. 14 .

1944, Uimh. 10 .

1950, Uimh. 27 .

1961, Uimh. 12 .

1947, Uimh. 47 .

1952, Uimh. 8 .

6. —(1) Faoi réir alt 17 comhlíonfaidh bord sláinte na feidhmeanna a bheidh tugtha dó faoin Acht seo agus aon fheidhmeanna eile a bhí, díreach roimh é a bhunú, á bhfeidhmiú ag údarás áitiúil (seachas údarás sláintíochta) i limistéar feidhme an bhoird sláinte maidir le hoibriú seirbhísí arna soláthar faoi réim, nó i ndáil le riaradh, na n-achtachán a shonraítear i bhfo-alt (2).

(2) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1966,

(b) na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966,

(c) na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Bása, 1863 go 1952,

(d) na Notification of Births Acts, 1907 and 1915,

(e) na hAchtanna a bhaineann le clárú póstaí,

(f) na hAchtanna um Biadh agus Druganna do Dhíol, 1875 go 1936,

(g) Cuid I den Children Act, 1908, agus ailt 2 agus 3 d'Acht na Leanaí (Leasú), 1957 ,

(h) an Rats and Mice (Destruction) Act, 1919,

(i) an Blind Persons Act, 1920,

(j) Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1930 , agus Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1962 ,

(k) an tAcht um Chlárú Tithe Máithreachais, 1934 ,

(l) Acht na mBan Cabhartha, 1944 , arna leasú le hAcht na nAltran, 1950 ,

(m) na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964,

(n) Acht na Nimheanna, 1961 .

(3) Déanfar aon tagairt in aon achtachán (seachas an tAcht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947 ) nó in aon ionstraim reachtúil d'údarás sláinte a fhorléiriú mar thagairt do bhord sláinte nó, má chinneann an tAire amhlaidh le hordú, do phríomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte.

(4) Leasaítear leis seo alt 10 (1) (a) den Acht um Staidreamh Beatha agus um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí, 1952 , trí “is é an bord sláinte” a chur in ionad “is é an t-údarás cúnaimh phoiblí faoin Acht um Chúnamh Poiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) ,”.

Coistí áitiúla.

7. —(1) Bunóidh an tAire le rialacháin, maidir le limistéar feidhmiúcháin gach boird sláinte, cibé líon coistí (a dtabharfar coiste áitiúil ar gach coiste díobh agus a ngairtear coiste áitiúil de gach coiste díobh san Acht seo) is dóigh leis is iomchuí.

(2) Beidh i rialacháin faoin alt seo forálacha a bhainfidh le ceapadh, seilbh oifige, dícháiliú comhaltaí de choiste áitiúil agus lena gcur as oifig, a bhainfidh le cathaoirleach agus leas-chathaoirleach ar choiste áitiúil a cheapadh, a bhainfidh le comóradh cruinnithe, leis an gcóram do chruinnithe, agus an nós imeachta ag cruinnithe, coiste áitiúil.

(3) Sonrófar comhaltas coiste áitiúil i rialacháin faoin alt seo agus forálfaidh na rialacháin sin gur daoine is comhaltaí de chomhairle contae nó contae-bhuirge don limistéar iomchuí agus, i gcás inarb iomchuí, de Chomhairle Bhardas Dhún Laoghaire líon is mó ná leath comhaltaí an choiste.

(4) Rachaidh an tAire i gcomhairle le gach bord sláinte, le gach comhairle contae, le gach bardas contae-bhuirge nó le Bardas Dhún Laoghaire sula ndéanfaidh sé rialacháin faoin alt seo a bhainfidh le limistéar feidhme an bhoird, na comhairle nó an bhardais lena mbainfidh.

(5) (a) Is í príomh-fheidhm coiste áitiúil comhairle a thabhairt don bhord sláinte i dtaobh an bord sláinte do sholáthar seirbhísí sláinte i limistéar feidhme an choiste, agus breithneoidh bord sláinte aon chomhairle a thabharfar dó amhlaidh.

(b) Feidhmeoidh coiste áitiúil cibé feidhmeanna eile a tharmligfidh an bord sláinte iomchuí, faoi réir aon teorainneacha a shonróidh an tAire, chuige.

Coistí bord sláinte.

8. —(1) Féadfaidh bord sláinte cibé coistí is oiriúnach leis a bhunú agus féadfaidh sé, faoi réir an Achta seo, feidhmeanna agus nós imeachta aon choiste den sórt sin a shainiú agus, faoi réir aon teorainneacha a shonróidh an tAire, feidhmeanna sonraithe a tharmligean chun aon choiste den sórt sin.

(2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den bhord a bheith, le toiliú an Aire, ina gcomhaltaí de choiste a cheapfar faoin alt seo.

Caiteachais comhaltaí bord agus coistí.

9. —(1) Féadfaidh bord sláinte íocaíochtaí a dhéanamh le comhalta de bhord sláinte nó de choiste a bunaíodh faoi alt 7 nó 8 i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhófar ag freastal ar chruinniú den bhord nó den choiste nó ar shlí eile de bhun gnó an bhoird.

(2) Is de réir scála a bheidh cinnte ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais a dhéanfar íocaíochtaí faoin alt seo.

Liúntais do chathaoirligh agus do leascathaoirligh bord sláinte.

10. —(1) Féadfaidh bord sláinte, le toiliú an Aire, liúntas a íoc lena chathaoirleach i leith caiteachais (seachas caiteachais dá dtagraítear in alt 9) a thabhóidh sé maidir le gnó an bhoird.

(2) Féadfaidh bord sláinte, le toiliú an Aire, liúntas a íoc lena leaschathaoirleach i leith caiteachais (seachas caiteachais dá dtagraítear in alt 9) a thabhóidh sé maidir le gnó an bhoird.

(3) Is é an méid a bheidh i liúntas faoin alt seo agus an cineál caiteachas a n-íocfar é ina leith méid agus cineál a cheadóidh an tAire.

Boird sláinte do ghníomhú i gcomhar.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, socrú a dhéanamh agus údarás a thabhairt chun dhá bhord sláinte nó níos mó do gníomhú i gcomhar ag feidhmiú aon cheann dá bhfeidhmeanna dóibh maidir le hiomlán a limistéir feidhme faoi seach nó maidir le haon chuid den chéanna.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo socrú a bheith ann i dtaobh an mhodha a n-íocfar na caiteachais a thabhófar ag gníomhú i gcomhar amhlaidh agus chun comhbhord a bhunú chun críocha an ordaithe.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le comhbhord a bhunófar faoin alt seo:

(a) beidh an bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain faoin ainm a thabharfar air leis an ordú,

(b) féadfaidh an bord agra a dhéanamh agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe,

(c) beidh cumhacht ag an mbord talamh a shealbhú agus a dhiúscairt,

(d) soláthróidh agus sealbhóidh an bord gnáthshéala agus fíordheimhneofar an gnáth shéala sin le síniú an chathaoirligh nó comhalta éigin eile a bheidh údaraithe gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don bhord a bheidh údaraithe gníomhú chuige sin,

(e) tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ordú nó ionstraim eile é a rinne an bord agus a bheith séalaithe lena shéala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir mhír (d) ) agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suitear a mhalairt,

(f) féadfaidh an tAire, le hordú, aon fhorálacha den Acht seo nó d'aon rialacháin faoin Acht seo, faoi réir cibé modhnuithe nó teorainneacha is oiriúnach leis agus a shonróidh sé le hordú, a chur chun feidhme maidir leis an mbord.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a rinneadh faoin alt seo a chúlghairm, agus beidh san ordú cúlghairme cibé forálacha is dóigh leis an Aire is gá nó is foirsteanach de dhroim na cúlghairme agus, go háirithe foráil dóibh seo a leanas—

(a) an comhbhord a dhíscaoileadh agus maoin, cearta agus dliteanais an chomhbhoird a aistriú chun boird sláinte, chun dhá bhord sláinte nó níos mó, chun comhbhoird eile nó chun dhá chomhbhord eile nó níos mó,

(b) conarthaí leanúnacha a rinne an comhbhord díscaoilte a choimeád ar marthain,

(c) leanúint d'imeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh,

(d) sealbhóir oifige faoin gcomhbhord díscaoilte a aistriú go dtí oifig cosúil léi faoi cheann de na boird sláinte a cheap comhaltaí an chomhbhoird dhíscaoilte nó faoi chombhord eile a bhfuil a limistéar feidhme comhthreorannach le nó ina bhfuil nó ar cuid é de limistéar feidhme an chomhbhoird dhíscaoilte.

(5) Má dhéantar, faoi ordú faoi fho-alt (4), sealbhóir oifige faoi chomhbhord a aistriú chun oifige eile, measfar, maidir le haon achtachán a bhaineann le haoisliúntas, nár díscaoileadh an oifig chéadluaite.

Bord a chur as oifig.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí boird sláinte a chur as oifig má tharlaíonn agus aon uair a tharlóidh—

(a) gur deimhin leis, tar éis dó a chur faoi deara fiosrú áitiúil a chomóradh i dtaobh an bhoird do chomhlíonadh dualgas an bhoird, nach bhfuil na dualgais á gcomhlíonadh go cuí agus go héifeachtach,

(b) go mbeidh an bord tar éis a dhiúltú nó a fhaillí déanamh de réir breithiúnais, ordaithe nó foraithne ó aon chúirt,

(c) go mbeidh an bord tar éis diúltú, tar éis fógra cuí, a cheadú a chuntais a iniúchadh ag iniúchóir a ceapadh chuige sin faoi alt 28, nó

(d) gur lú ná an córam do chruinnithe den bhord an líon comhaltaí den bhord atá i gcumas gníomhú.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1), tabharfaidh sé do na daoine a bheidh curtha as oifig mar chomhaltaí den bhord fógra i dtaobh an t-ordú a dhéanamh agus ag insint a chúiseanna lena gcur as oifig.

(3) Beidh in ordú faoin alt seo cibé forálacha is dóigh leis an Aire is gá de dhroim na comhaltaí den bhord sláinte a chur as oifig, ar a n-áirítear forálacha chun duine nó daoine a cheapfaidh an tAire d'fheidhmiú na bhfeidhmeanna is infheidhmithe ag na comhaltaí.

(4) Déanfaidh an tAire, laistigh de dhá bhliain ó dháta comhaltaí boird sláinte a chur as oifig faoin alt seo, socrú comhaltaí a cheapadh as an nua chun an bhoird sin.

(5) Chun críche ceapacháin faoi fho-alt (4), beidh feidhm ag alt 4 agus ag na rialacháin faoi agus ag an Dara Sceideal faoi réir aon mhodhnuithe is gá chun go bhféadfar na ceapacháin sin a dhéanamh agus a shonrófar san ordú iomchuí a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt (4).