|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim) | Ar Aghaidh (CUID III Custaim agus Mál) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1969
[EN] | ||
[EN] |
CUID II Forálacha a Leanann as, nó a Ghabhann le, Measúnachtaí faoi Sceidil A agus B den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a Dhíbhe | |
[EN] |
Brabúis ó áitiú tailte áirithe. |
18. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “feirmeoireacht” feirmeoireacht talún feirmeoireachta, is é sin, talamh sa Stát atá áitithe go híomlán nó go formhór chun críocha feoirmeoireachta, a mbeadh na brabúis nó na gnóchain óna áitiú inmhuirir faoi Sceideal B a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mura mbeadh an Sceideal sin á aisghairm leis an Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “áitiú”, maidir le talamh, úsáid na talún sin a shealbhú; | |
[EN] | ciallaíonn “talamh coille” talamh coille sa Stát. | |
[EN] | (2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le halt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní dhéanfar na brabúis nó na gnóchain— | |
[EN] | (a) ó fheirmeoireacht, nó | |
[EN] | (b) chun úinéir staile ó tháillí de bharr láracha a staileáil ag an stail nó chun páirt-úinéir staile ó tháillí staileála ag an stail nó ó chearta staileála ag an stail a dhíol, nó | |
[EN] | (c) ó áitiú talún coille a bhainistítear ar fhoras tráchtála d'fhonn brabúis a dhéanamh, | |
[EN] | a chur i gcuntas chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim. | |
[EN] |
Déileálaithe eallaigh agus bainne. |
19. —(1) San alt seo tá le “talamh feirme” agus “áitiú” an bhri chéanna atá leo in alt 18. |
[EN] | (2) Measfar gurb ionann agus trádáil a bheith á seoladh talamh feirme a bheith á áitiú ag déileálaí eallaigh nó ag déileálaí bainne nó ag díoltóir bainne i gcás nach bhfuil sáith cothabhála sa talamh don eallach a thugtar isteach ar an talamh agus muirearófar na brabúis nó na gnóchain uaidh faoi Chás 1 de Sceideal D. | |
[EN] |
Dibhinní a íoctar as brabúis dhíolmhaithe. |
20. —(1) San alt seo ciallaíonn “brabúis dhíolmhaithe” aon bhrabúis nó gnóchain nach bhfuil, de bhua alt 18, inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal D. |
[EN] | (2) I gcás cuid de dhíbhinn a íoc as brabúis dhíolmhaithe agus cuid eile di a íoc as brabúis eile, beidh feidhm ag ailt 456 agus 457 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá mba dhá dhíbhinn a íocadh faoi seach as brabúis dhíolmhaithe agus as brabúis eile an díbhinn. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfar an méid sin d'aon díbhinn a íocadh as brabúis dhíolmhaithe a áireamh mar ioncam ná brabúis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 458 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le gach barántas, seic nó ordú arna tharraingt nó arna dhéanamh ag cuideachta (de réir brí an ailt sin) chun díbhinn a íoc is iníoctha go hiomlán nó go páirteach as brabúis dhíolmhaithe ionann is dá mbeadh ceangal ann for dtaispeánfadh an ráiteas sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear ar leith ón alt seo a thaispeáint, (de réir mar a dhlífidh an cás)— | |
[EN] | (a) gur íoc díbhinne as brabúis dhíolmhaithe iomlán na suime dá bhfuil an barántas, an tseic nó an t-ordú tarraingthe nó déanta, nó | |
[EN] | (b) gur íoc as brabúis dhíolmhaithe cuid den tsuim sin agus gur íoc as brabúis eile cuid (a luafar a mhéid comhlán sula ndéanfar aon asbhaint i leith cánach ioncaim) den tsuim sin. | |
[EN] |
Leasú ar Sceideal 6 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
21. —Leasaítear leis seo mír 1 de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 — |
[EN] | (a) trí “nó áitiú talún” a chur isteach i ndiaidh “nó cíosanna” i bhfomhír (2); | |
[EN] | (b) tríd an gcoinníoll a ghabhann le fomhír (2) a scriosadh; agus | |
[EN] | (c) trí fhomhír (3) a scriosadh. | |
[EN] |
Cánachas ar chíosanna agus ar fháltais eile. |
22. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 : |
[EN] | “81.—(1) Gan dochar d'aon fhorálacha eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim, i gcás aon bhrabúis nó gnóchain— | |
[EN] | (a) ó aon chíos i leith aon áitribh, agus | |
[EN] | (b) ó aon fháltais i leith aon éasúna, | |
[EN] | measfar, faoi réir agus de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, gurb éard iad, chun críocha uile na nAchtanna sin, brabúis nó gnóchain bhliantúla laistigh de Sceideal D agus beidh an duine a bheidh i dteideal na mbrabús nó na ngnóchan sin (dá ngairtear an duine inmhuirir anseo ina dhiaidh seo sa Chaibidil seo) inmhuirir ina leith faoi Chás V (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 1969) den Sceideal sin: | |
[EN] | Ar choinníoll nach bhfolaíonn na cíosanna nó na fáltais sin aon íocaíochtaí lena mbaineann alt 93. | |
[EN] | (2) Measfar, chun gach críche a bhaineann le dliteanas i leith cánach ioncaim a dhéanamh amach, gurb as an aon-bhunadh amháin do bhrabúis nó gnóchain is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha fho-alt (3). | |
[EN] | (3) (a) Faoi réir forálacha an fho-ailt seo, ríomhfar cáin faoi Chás V de Sceideal D— | |
[EN] | (i) maidir leis an mbliain mheasúnachta a tháinig na brabúis nó na gnóchain i gcéadóir, ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan a tháinig laistigh den bhliain sin, agus | |
[EN] | (ii) maidir le blianta measúnachta ina dhiadh sin, ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan a tháinig laistigh de bhliain roimh an mbliain mheasúnachta: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (I) i gcás inar lá éigin sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta seachas an 6ú lá d'Aibreán, a tháinig na brabúis nó na gnóchain i gcéadóir, gur ar bhrabúis nó gnóchain na bliana measúnachta a dhéanfar an ríomh; | |
[EN] | (II) i gcás inarb é an 6ú lá d'Aibreán an bhliain roimh an mbliain mheasúnachta, nó inar lá éigin an bhliain díreach roimh an mbliain roimh an mbliain mheasúnachta seachas an 6ú lá d'Aibreán a tháinig na brabúis nó na gnóchain i gcéadóir, go mbeidh an duine inmhuirir i dtei deal, ar éileamh a dhéanamh aon tráth laistigh den dá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, go muirearófar é ar mhéid na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain sin, agus, má bhíonn an cháin a muirearaíodh íoctha, go n-aisíocfar aon mhéid a ró-íocadh; agus | |
[EN] | (III) i gcás ina mbeifear, le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar na brabúis nó na gnóchain ar a muirearófar, sa deireadh, cáin d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, tar éis aon chuid de phréimh nó suim eile is inmhuirir de bhua alt 83 agus nach ndearnadh aon rogha, nó nach bhféadfaí aon rogha a dhéanamh, faoi fho-alt (6) den alt sin ina leith a chur i gcuntas, go ndéanfar neamhshuim den mhéid a bheidh curtha i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar mhéid na mbrabús nó na ngnóchan ar a muirearófar cáin d'aon bhliain ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (b) Má scoireann an duine inmhuirir aon bhliain mheasúnachta de bheith i seilbh iomláin an aon-bhunaidh brabús nó ghnóchan sin a luaitear i bhfo-alt (2), beidh feidhm, faoi réir na modhnuithe riachtanacha, ag alt 58 (5) in aon chás den sórt sin ionann is dá mba scor de thrádáil scor de bheith i seilbh an aon-bhunaidh sin. | |
[EN] | (c) Déanfar an tagairt i mír (b) do dhuine scor de bheith i seilbh iomláin aon-bhunaidh bhrabús nó ghnóchan a fhorléiriú mar thagairt do scor a tharla mar gheall ar an duine d'fháil bháis agus é i seilbh an aon-bhunaidh bhrabús nó ghnóchan sin agus freisin do scor a tharla le beo an duine sin agus chun críocha mhír (b) measfar an bás sin a bheith ina chúis le scor agus measfar an scor sin tarlú lá an bháis sin. | |
[EN] | (4) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chaibidil seo, déanfar méid na mbrabús nó na ngnóchan in aon bhliain áirithe a ríomh, chun críocha Chás V de Sceideal D, mar a leanas: | |
[EN] | (a) measfar gurb é méid aon chíosa méid iomlán an chíosa sin sular baineadh aon suim as i leith cánach ioncaim; | |
[EN] | (b) faoi réir alt 82, is é méid na mbrabús nó na ngnóchan aon bhliain comhiomlán na mbarrachas arna ríomh de réir mhír (c), lúide comhiomlán na n-easnamh arna ríomh de réir mhír (c); | |
[EN] | (c) déanfar méid an bharrachais nó an easnaimh i leith gach cíosa nó i leith na bhfáltas iomlán ó éasúintí a ríomh trí na hasbhaintí a údaraítear leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo a bhaint as an gcíos nó as na fáltais iomlán ó éasúintí, de réir mar a bheidh a dtiocfaidh an duine inmhuirir chun bheith ina theideal nó ina dteideal aon bhliain. | |
[EN] | (5) Na hasbhaintí a údaraítear leis an bhfo-alt seo is asbhaintí iad faoi threoir aon ábhair nó gach ábhair acu seo a leanas: | |
[EN] | (a) méid aon chíosa is iníoctha ag an duine inmhuirir i leith an áitribh nó i leith coda de; | |
[EN] | (b) aon suimeanna a iompraíonn an duine inmhuirir— | |
[EN] | (i) i gcás cíos faoi léas de réir téarmaí an léasa, agus | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, a bhaineann le, nó arb éard iad, costas de chuid idirbhirt nó idirbheart faoina bhfuarthas na cíosanna nó na fáltais, | |
[EN] | i leith ráta contae, ráta bhardasaigh nó ráta eile, cibé acu air féin nó ar dhuine éigin eile is inmhuirir na suimeanna sin de réir dlí; | |
[EN] | (c) costas an duine inmhuirir de bharr aon seirbhísí a rinne sé nó earraí a sholáthraigh sé, seachas ar mhodh cothabhála nó deisiúchán, is seirbhísí nó earraí— | |
[EN] | (i) i gcás cíos faoi léas, atá de cheangal dlí air faoin léas a dhéanamh nó a sholáthar ach nach bhfaigheann sé aon chomaoin ar leithligh ina leith, agus | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, a bhaineann le, nó arb éard é, costas de chuid an idirbhirt nó na n-idirbheart faoina bhfuarthas an cíos nó na fáltais nach costas de ghné chaipitiúil; | |
[EN] | (d) costas cothabhála, deisiúchán, árachais agus bainistí an áitribh a iompraíonn an duine inmhuirir agus a bhaineann le, agus arb éard é, costas de chuid an idirbhirt nó na n-idirbheart faoina bhfuarthas na cíosanna nó na fáltais, nach costas de ghné chaipitiúil; | |
[EN] | (e) ús ar airgead a fuarthas ar iasacht agus a cuireadh ag ceannach, ag feabhsú nó ag deisiú an áitribh. | |
[EN] | (6) (a) Is é méid na n-asbhaintí a údaraítear le fo-alt (5) an méid a bheadh le hasbhaint le linn brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh faoi na forálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D dá measfaí gurb ionann cíos a fháil agus trádáil a bheith á seoladh— | |
[EN] | (i) i gcás cíos faoi léas, le linn ré an léasa, agus | |
[EN] | (ii) i gcás cíos nach cíos faoi léas, in imeacht na tréimhse a raibh an duine inmhuirir i dteideal an chíosa ar a feadh, | |
[EN] | ag an duine inmhuirir agus go measfaí an t-áitreabh atá ar áireamh sa léas nó lena mbaineann an léas a bheith áitithe chun críche na trádála sin; | |
[EN] | (b) chun críche an fho-ailt seo measfar go bhfolaíonn ré léasa tréimhse díreach tar éis a fhoirceannta nach raibh an léasóir ag áitiú an áitribh ná aon choda de díreach roimh an bhfoirceannadh ach a bhí sé i dteideal é a shealbhú, má bhíonn an t-áitreabh tagtha i ndeireadh na tréimhse sin chun bheith faoi bhrí léasa eile a dheonaigh sé. | |
[EN] | (7) (a) I gcás teideal a bheith ag an duine inmhuirir maidir le haon áitreabh (dá ngairtear an t-áitreabh sin anseo feasta san fho-alt seo) chun cíosa nó fáltas ó aon éasúint agus suim a n-údaraítear le fo-alt (5) asbhaint a dhéanamh faoina treoir a bheith iníoctha aige i leith áitribh arb éard é an t-iomlán nó cuid den áitreabh sin agus áitreabh eile, déanfaidh an cigire, ar feadh a eolais agus a bhreithiúnais, aon chionroinnt iomchuí ar an tsuim sin agus é ag cinneadh méid aon asbhainte faoin bhfo-alt sin. | |
[EN] | (b) I gcás an duine inmhuirir do choimeád seilbhe ar chuid d'aon áitreabh agus go ndéanann daoine a áitíonn faoi seach codanna eile den áitreabh úsáid i gcoitinne den chuid sin, beidh feidhm ag forálacha mhír (a) ionann is dá mba i leith na gcodanna eile sin a rinneadh íocaíocht a rinneadh i leith na coda a úsáidtear i gcoitinne. | |
[EN] | (8) Ní asbhainfear aon suim ná cuid de shuim faoi fho-alt (5) má lamháladh cheana féin ar aon slí eile í mar asbhaint le linn ioncam aon duine a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim. | |
[EN] | (9) D'ainneoin aon ní in alt 190, ní thabharfar faoiseamh faoin alt sin ar an aon-chúis go ndearnadh cíos a tháinig chun bheith dlite an 5ú lá d'Aibreán, 1969, ná roimhe sin agus ar baineadh cáin ioncaim as le linn é a íoc a chur i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar na brabúis nó na gnóchain ar arb inmhuirir cáin faoi Chás V de Sceideal D don bhliain 1969-70. | |
[EN] | (10) Má dhéanann aon duine a measúnaíodh agus a muirearaíodh i leith cánach don bhliain 1969-70 i leith brabús nó gnóchan is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D a chruthú gur mhó de chuid ba mhó ná 20 faoin gcéad méid na measúnachta i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin ná méid iarbhír na mbrabús nó na ngnóchan sin a tháinig chuige an bhliain sin beidh sé i dteideal, ar éileamh a dhéanamh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1970, nó roimhe sin, go ndéanfar an mheasúnacht don bhliain 1969-70 a laghdú go dtí méid brabús nó gnóchan iarbhír na bliana agus má bhíonn an cháin a muirearaíodh íoctha aisíocfar aon mhéid a ró-íocadh.”. | |
[EN] |
Asbhaintí breise i gcásanna áirithe. |
23. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 82 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
[EN] | “82.—(1) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn ‘brabúis nó gnóchain eiscthe’ brabúis nó gnóchain ó chíos faoi léas i leith áitribh i gcás ina bhfuil, don bhliain a ndéantar cáin faoi Chás V de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach don bhliain mheasúnachta ar a brabúis nó a gnóchain, na coinníollacha seo a leanas comhlíonta is é sin le rá: | |
[EN] | (a) áitreabh lena mbaineann fo-alt (2) an t-áitreabh; | |
[EN] | (b) deonaíodh an léas go ceann téarma nach faide ná caoga bliain agus ní fhorchuireann sé aon oibleagáid ar an léasaí creatlach nó taobh seachtrach aon fhoirgnimh a chothabháil nó a dheisiú nó ranníoc a dhéanamh i leith costas na cothabhála nó an deisithe sin, agus | |
[EN] | (c) ní mó ná £52 sa bhliain an cíos a bhfuil an léasóir ina theideal nó, i gcás inar inlamháilte asbhaint faoi alt 81 (5) (b) agus méid na mbrabús nó na ngnóchan á ríomh chun críche measúnachta faoi Chás V de Sceideal D, an cíos sin arna laghdú oiread na hasbhainte is inlamháilte mar a dúradh; | |
[EN] | ciallaíonn ‘cíos brabúis’, maidir le haon áitreabh a bhfuil an duine inmhuirir an bhliain a ndéantar cáin faoi Chás V de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach don bhliain mheasúnachta ar a brabúis nó a gnóchain, i dteideal cíosa ina leith faoi léas, méid an chíosa is infhaighte an bhliain sin lúide na hasbhaintí a údaraítear le halt 81 (5). | |
[EN] | (2) (a) Baineann an fo-alt seo le haon áitreabh a suífear gurbh áitreabh rialaithe é de réir na nAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, an bhliain a ndéantar cáin faoi Chás V de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach don bhliain mheasúnachta ar a brabúis nó a gnóchain. | |
[EN] | (b) I gcás ina dtarlóidh, le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar na brabúis nó na gnóchain a ndéanfar cáin orthu faoi Chás V de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach don bhliain mheasúnachta, go mbeidh cíos faoi léas i leith aon áitribh lena mbaineann an fo-alt seo le cur i gcuntas, déanfar an méid a mbeadh, ar leith ón alt seo, de cheangal ann é a chur i gcuntas a laghdú suim ar cóimhéid le dhá chúigiú den chíos brabúis: | |
[EN] | Ar choinníoll nach mó ná £200 comhshuim na méideanna uile a dhéanfar, d'aon bhliain mheasúnachta, na brabúis nó na gnóchain, seachas brabúis nó gnóchain eiscthe, a tháinig chun an duine a laghdú de bhua na míre seo. | |
[EN] | (3) An tagairt atá, sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) (b), do bhrabúis nó gnóchain a tháinig chun aon duine measfar go bhfolaíonn sí, i gcás pearsa aonair, tagairt do bhrabúis nó do ghnóchain a tháinig chun banchéile nó fearchéile na pearsan aonair. | |
[EN] | San fho-alt seo agus i bhfo-alt (4) ciallaíonn ‘banchéile’ bean phósta a bhfuil sé le meas, faoi alt 196 (1), í a bheith ina cónaí lena fearchéile, agus tá brí chomhréire le ‘fearchéile’. | |
[EN] | (4) (a) Má thagann, aon bhliain mheasúnachta, brabúis nó gnóchain is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D chun fearchéile agus chun banchéile ó chíosanna i leith áitreabh lena mbaineann fo-alt (2) agus gur mó comhiomlán (dá ngairtear an mór-chomhiomlán anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) na méideanna go léir a bheadh na brabúis nó na gnóchain sin le laghdú faoin alt seo, dá bhfágfaí ar lár as an alt seo an coinníoll a ghabhann le fo-alt (2) (b) (dá ngairtear an fhoráil theorainniúcháin anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), ná an méid arb éard é, de dhroim oibriú na forála teorainniúcháin, comhiomlán (dá ngairtear an glan-chomhiomlán anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) na méideanna uile a fhéadfar na brabúis nó na gnóchain sin a laghdú, ní rachaidh comhiomlán na méideanna uile a laghdófar na brabúis nó na gnóchain a thiocfaidh chun ceachtar céile thar an tsuim a mbeidh idir í agus an glan-chomhiomlán an chomhréir chéanna a bheidh idir comhiomlán na méideanna uile a bheadh na sochair nó na gnóchain a thiocfaidh chun an chéile sin le laghdú, mura mbeadh an fhoráil theorainniúcháin, agus an mórchomhiomlán. | |
[EN] | (b) Aon tagairt san fho-alt seo do bhrabúis nó gnóchain ní fholaíonn sí tagairt do bhrabúis nó gnóchain eiscthe.” | |
[EN] |
Faoiseamh i leith caillteanas. |
24. —(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 89 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 : |
[EN] | “89.—(1) Má tharlaíonn aon bhliain mheasúnachta gur mó méid comhiomlán na n-easnamh, arna ríomh de réir alt 81 (4), ná comhiomlán na mbarrachas arna ríomh amhlaidh, féadfar an bhreis, ar éileamh a bheith déanta chuige sin, a asbhaint as an méid, nó a fhritháireamh i gcoinne an mhéid, brabús nó gnóchan a measúnófar an duine inmhuirir ina leith faoi Chás V de Sceideal D don bhliain sin, agus déanfar aon chuid den bhreis nach dtabharfar faoiseamh amhlaidh ina leith a thabhairt ar aghaidh agus, a mhéid is féidir é, a asbhaint as an méid, nó a fhritháireamh i gcoinne an mhéid, brabús nó gnóchan a measúnófar é ina leith faoi Chás V de Sceideal D d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, agus, má bhíonn cáin íoctha, aisíocfar an méid a ró-íocadh. | |
[EN] | (2) Aon fhaoiseamh faoin alt seo trí aon chuid de bhreis den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt ar aghaidh tabharfar é, a mhéid is féidir, as an gcéad mheasúnacht ina dhiaidh sin, agus a mhéid nach féidir é a thabhairt amhlaidh as an gcéad mheasúnacht eile agus mar sin de.”. | |
[EN] | (2) (a) Má tharla aon bhliain de na blianta measúnachta 1963-64 go dtí 1968-69— | |
[EN] | (i) go raibh méid comhiomlán na n-asbhaintí a údaraítear le halt 81 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le haon léas nárbh fhaide ná caoga bliain a ré níos mó ná méid an chíosa ar tháinig duine chun bheith ina theideal, agus | |
[EN] | (ii) gur fágadh an bhreis sin ar measadh gur caillteanas í den sórt a luaitear in alt 310 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gan faoiseamh ar bith nó gan faoiseamh iomlán a thabhairt ina leith faoin alt sin, | |
[EN] | ansin, déanfar aon chaillteanas nó cuid de chaillteanas a fágadh amhlaidh gan faoiseamh a thabhairt ina leith a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne méid, na mbrabús nó na ngnóchan a measúnofar an duine sin ina leith faoi Chás V de Sceideal D don bhliain 1969-70 nó d'aon bhliain ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (b) Déanfar aon fhaoiseamh faoi mhír (a) a thabhairt, a mhéid is féidir é, as an measúnacht don bhliain 1969-70, agus a mhéid nach féidir é a thabhairt amhlaidh, ansin as an measúnacht don bhliain 1970-71 agus mar sin de: | |
[EN] | Ar choinníoll i gcás nach féidir, mar gheall ar neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D d'aon bhliain áirithe, faoiseamh iomlán i leith aon chaillteanas nó cuid de chaillteanas a thabharfar ar aghaidh faoi mhír (a) a thabhairt trí asbhaint as na brabúis nó na gnóchain is inmhuirir amhlaidh nó trí fhritháireamh ina gcoinne, déanfar, a mhéid is féidir é, an chuid den chaillteanas nár tugadh faoiseamh amhlaidh ina leith a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne mhéid, aon bhrabús nó gnóchan a measúnófar an duine sin ina leith faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain sin; agus déanfar iarmhéid aon chaillteanais a thabharfar ar aghaidh amhlaidh go dtí an bhliain sin agus nach bhféadfar faoiseamh a thabhairt ina leith i gcoinne brabúis nó gnóchain is inmhuirir amhlaidh faoi na Cásanna sin IV nó V a thabhairt ar aghaidh go dtí aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin. | |
[EN] |
Cíosanna, etc., is iníoctha le neamhchónaitheoirí. |
25. —(1) Ní bhainfidh alt 200 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — |
[EN] | (a) le cáin ar bhrabúis nó gnóchain is inmhuirir i leith cánach faoi Chás V de Sceideal D, ná | |
[EN] | (b) le cáin ar aon chuid de na brabúis nó na gnóchain is inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D agus a d'éirigh faoi théarmaí léasa, ach chun duine seachas an léasóir, nó a d'éirigh ar shlí eile as aon diúscairt nó conradh de shórt dá n-éireoidis chun an duine a rinne an diúscairt nó an conradh go mbeidís inmhurir faoin gCás sin V, | |
[EN] | i gcás íocaíocht a dhéanamh (sa Stát nó in áit eile) díreach le duine ar lasmuigh den Stát atá a ghnáth-áit chónaithe, ach beidh feidhm ag alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an íocaíocht mar atá feidhm aige maidir le híocaíochtaí eile is íocaíochtaí bliantúla faoi mhuirear cánach faoi Sceideal D agus nach iníoctha as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach. | |
[EN] | (2) I gcás ina dtarlóidh de bhua fho-alt (1) go mbeadh an cháin is inmhuirir d'aon bhliain mheasúnachta ar bhrabúis nó gnóchain duine inmhuirir i leith cánach faoi cheachtar Cás, nó faoin dá Chás, a luaitear ansin níos mó, mura mbeadh an fo-alt seo, ná an cháin ab inmhuirir ar an gcéanna mura mbeadh an fo-alt sin ((1), ansin, ar éileamh chuige a dhéanamh, tabharfar faoiseamh ón mbreis, tri aisioc nó ar shlí eile. | |
[EN] |
Cáin-dhéileáil le fáltais agus eisimeachtaí ar áitreabh a dhíol. |
26. —(1) Má tharlaíonn, de bhua conradh i leith eastát nó leas in áitreabh a dhíol, go mbeidh le cionroinnt idir na páirtithe fáltas nó eisimeacht i leith an eastáit nó an leasa a thiocfaidh chun bheith dlite tar éis an conradh a dhéanamh ach roimh an am a bheidh an chionroinnt le déanamh, agus go mbeidh cuid den fháltas le fáil dá bhrí sin ag an díoltóir ar iontaobhas don cheannaitheoir nó, de réir mar a bheidh, go n-íocfaidh an díoltóir mar iontaobhaí don cheannaitheoir cuid den eisimeacht, déileálfar chun críocha cánach faoi Chás V de Sceideal D leis an gceannaitheoir ionann dá mbeadh an chuid sin infhaighte nó iníoctha thar a cheann díreach tar éis an ama a bheidh an chionroinnt le déanamh. |
[EN] | (2) I gcás ina mbeidh, de bhua conartha den sórt sin, le cionroinnt idir na páirtithe fáltas nó eisimeacht i leith eastát nó leas a tháinig chun bheith dlite sula ndearnadh an conradh, déileálfar leis na páirtithe chun críocha cánach faoi Chás V de Sceideal D ionann is dá mba sular tháinig an fáltas nó an eisimeacht chun bheith dlite a rinneadh an conradh, agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (1). | |
[EN] | (3) Más rud é, ar eastát nó leas in áitreabh a dhíol, go gcionroinnfear ar an díoltóir cuid d'fháltas nó d'eisimeacht i leith an eastáit nó an leasa a thiocfaidh chun bheith infhaighte ag an gceannaitheoir nó a íocfaidh an ceannaitheoir tar éis na cionroinnte, ansin chun críocha cánach faoi Chás V de Sceideal D— | |
[EN] | (a) nuair a thiocfaidh an fáltas chun bheith dlite nó, de réir mar a bheidh, a íocfar an eisimeacht, measfar méid an chéanna a bheith laghdaithe an méid sin de a cionroinneadh ar an díoltóir; | |
[EN] | (b) déileálfar leis an gcuid a chionroinnfear ar an díoltóir ionann dá mba den ghné chéanna é agus an fáltas nó an eisimeacht agus go raibh sé tagtha chun bheith infhaighte, nó go raibh sé íoctha, go díreach aigesean, agus, i gcás inar cuid d'eisimeacht é, go raibh sé tagtha chun bheith dlite, díreach roimh thráth na cionroinnte. | |
[EN] | (4) Folóidh aon tagairt i bhfo-alt (1) nó (2) do pháirtí i gconradh duine a bhfuil cearta agus oibleagáidí an pháirtí sin faoin gconradh tar éis gabháil chuige trí shannadh nó ar shlí eile. | |
[EN] | (5) Tá an bhrí chéanna le “áitreabh” san alt seo atá leis in alt 80 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . | |
[EN] | (6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith | |
[EN] |
Leasú ar alt 80 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
27. —Leasaítear leis seo alt 80 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — |
[EN] | (a) trí na mínithe ar “léas fada”, “gearr-léas” agus “aonad luachála” a scriosadh as fo-alt (1), | |
[EN] | (b) tríd an míniú seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) in ionad an mhínithe atá ann ar “cíos”: | |
[EN] | “folaíonn ‘cíos’— | |
[EN] | (i) aon chíosmhuirear, cíos feofheirme agus aon íocaíocht ar mhodh cíosa, d'ainneoin an íocaíocht do bhaint go páirteach le háitreabh agus go páirteach le hearraí nó seirbhísí, agus | |
[EN] | (ii) aon íocaíocht arna déanamh ag an léasaí chun íoc as costas obair chothabhála nó deisiúchán ar an áitreabh, nach obair a cheanglaíonn an léas a dhéanamh ag an leasaí;”, | |
[EN] | (c) trí “chun críocha na Caibidle seo” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “chun críocha na mínithe ar ‘léas fada’ agus ‘gearr-léas’ atá i bhfo-alt (1)”, agus | |
[EN] | (d) trí “alt 16 (3) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 ” a chur i bhfo-alt (3) in ionad “alt 96 (3)”. | |
[EN] |
Faoiseamh i leith méid nach bhfuarthas. |
28. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 90 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 : |
[EN] | “90.—I gcás duine inmhuirir, ar éileamh a dhéanamh chuige sin, á chruthú nach bhfuair sé méid a bhfuil teideal aige chuige agus atá le cur i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar na brabúis nó na gnóchain arb inmhuirir é ina leith de bhua na Caibidle seo nó faoi Chás IV nó V de Sceideal D, agus | |
[EN] | (a) más mar gheall ar mhainneachtain an duine ag arbh iníoctha é nach bhfuarthas an méid sin, nach inghnóthaithe an méid sin, nó | |
[EN] | (b) má tharscaoil sé íoc an mhéid sin, go ndearnadh an tarscaoileadh gan chomaoin agus go ndearnadh é le réasún d'fhonn cruatan a sheachaint, | |
[EN] | déileálfar chun críocha cánach do gach bliain iomchuí mheasúnachta leis an duine inmhuirir ionann agus dá mba nach raibh teideal aige an méid sin a fháil, agus déanfar cibé coigeartú is gá sa chás, trí aisíoc nó ar shlí eile; ach má fhaightear an méid sin go léir nó aon chuid de ina dhiaidh sin, déanfar dliteanas an duine inmhuirir i leith cánach do na blianta measúnachta iomchuí uile a athchoigeartú go cuí trí mheasúnacht bhreise nó ar shlí eile”. | |
[EN] |
Cáin a bhaint as cíosanna agus íocaíochtaí áirithe eile. |
29. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 93 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 : |
[EN] | “93.—(1) Baineann an t-alt seo leis na híocaíochtaí seo a leanas: | |
[EN] | (a) aon chíos is iníoctha i leith aon áitreabh nó aon éasúna, i gcás an t-áitreabh nó an éasúint a bheith á úsáid, á áitiú nó á theachtadh i ndáil le haon cheann de na gnóthais a bhfuil na brabúis nó na gnóchain uaidh inmhuirir i leith cánach faoi Chás I (b) de Sceideal D de bhua alt 53, agus | |
[EN] | (b) aon ús bliantúil, blianacht nó aon íocaíocht bhliantúil eile atá forcoimeádta i leith aon áitribh, nó atá muirearaithe ar aon áitreabh nó ag eisiúint as nach cíos nó íocaíocht i leith éasúna, | |
[EN] | is íocaíochtaí a tháinig chun bheith dlithe an 6ú lá d'Aibreán, 1969, nó dá éis. | |
[EN] | I mír (a) measfar go bhfolaíonn an tagairt do chíos tagairt do dhola, dleacht, ríchíos nó d'íocaíocht bhliantúil nó thréimhsiúil ar mhodh cíosa, cibé is in airgead nó i luach airgid nó ar shlí eile is iníoctha é. | |
[EN] | (2) Aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo— | |
[EN] | (a) sa mhéid nach dtagann sí faoi réim aon Cháis eile de Sceideal D, muirearófar cáin uirthi faoi Chás IV den Sceideal sin, agus | |
[EN] | (b) déileálfar léi, chun críocha mhír (m) d'alt 61 agus ailt 433 agus 434, ionann agus dá mba ríchíos í a íocadh i leith úsáid paitinne: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás cíos den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) (a) a thabhairt i dtoradh de chuid an ghnóthais, go mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo ionann agus dá bhfágfaí ar lár mír (b); agus go measfar gurb é luach an tortha a tugadh amhlaidh méid na mbrabús nó na ngnóchan. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag alt 8 (2) ionann agus dá bhfolódh ‘íocaíocht bhliantúil eile’ sa dá áit ina bhfuil sé sin san fho-alt sin, tagairt d'aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo nach íocaíocht cíosa, úis nó blianachta.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 65 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , |
30. —Leasaítear leis seo alt 65 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — |
[EN] | (a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (1)— | |
[EN] | “Ar choinníoll, más chun críocha cánach don bhliain 1968-69 an ríomh, gurb é luach bliantúil na maoine sin arna mheasúnú agus arna mhuirearú faoi Sceideal A don bhliain 1968-69 an méid a eisiafar i leith luach bliantúil na maoine sin má dhéanann an duine a sheolann an trádáil nó an ghairm rogha chuige sin trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire an 31ú lá de Nollaig, 1969, nó roimhe sin.”, agus | |
[EN] | (b) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4): | |
[EN] | “(5) Scoirfidh an t-alt seo d'éifeacht a bheith aige don bhliain 1969-70 agus na blianta ina dhiaidh sin.”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 67 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
31. —Leasaítear leis seo alt 67 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 — |
[EN] | (a) trí “d'ainneoin aon ní in alt 65” agus “, agus a bheidh lasmuigh den Stát” a scriosadh as fo-alt (2), | |
[EN] | (b) trí “le dhá dhódhéagú cuid de luacháil bhliantúil” a chur in ionad “leis an tríú cuid de luach bliantúil” i bhfo-ailt (2) agus (3), agus | |
[EN] | (c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3)— | |
[EN] | “(3A) (a) Más rud é, i gcás maoin atá luacháilte faoi na hAchtanna Luachála mar aonad, gur áitreabh cuid di agus nach áitreabh cuid di, tiocfar ar luacháil gach coda trí luacháil na maoine a chionroinnt. | |
[EN] | (b) Aon chionroinnt is gá de réir an fho-ailt seo déanfaidh an cigire é ar feadh a eolais agus a bhreithiúnais. | |
[EN] | (c) féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda aon chionroinnt a dhéanfar faoi mhír (b) a leasú nuair a éistfear nó a athéistfear achomharc i gcoinne measúnacht a rinneadh ar fhoras na cionroinnte, ach, nuair a bheidh aon achomharc den sórt sin á éisteacht nó á athéisteacht, beidh deimhniú ón gCoimisinéir Luachála a thairgfidh ceachtar páirtí san achomharc agus a dhéanfaidh, maidir le maoin atá luacháilte faoi na hAchtanna Luachála mar aonad, an méid de luacháil inrátaithe na maoine is inchurtha i leith aon choda den mhaoin ina fhianaise ar an méid is inchurtha amhlaidh.”, agus | |
[EN] | (d) trí fho-alt (4) a scriosadh. | |
[EN] |
Leasú ar alt 118 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 . |
32. —Leasaítear leis seo alt 118 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le cáin don bhliain 1969-70 agus na blianta ina dhiaidh sin— |
[EN] | (a) trí fho-ailt (3) agus (5) a scriosadh, | |
[EN] | (b) trí “agus nach áitreabh an tsócmhainn,” a scriosadh as fo-alt (4), agus | |
[EN] | (c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach ag deireadh fho-alt (4): | |
[EN] | “I gcás sócmhainn is áitreabh, measfar chun críocha an fho-ailt seo gurb é luach bliantúil úsáide na sócmhainne an cíos a bhféadfaí súil réasúnach a bheith ann lena fháil ó ligean ó bhliain go bliain agus dá ngeallfadh an tionónta na gnáthrátaí tionónta uile a íoc, agus dá ngeallfadh an tiarna talún íoc as costais na ndeisiúchán agus an árachais, agus na caiteachais eile, más ann, is gá chun an t-áitreabh a choimeád i riocht a thabhódh an cíos sin.”. | |
[EN] |
Leasú ar achtacháin áirithe. |
33. —(1) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú, maidir le cáin don bhliain 1969-70 agus na blianta ina dhiaidh sin, mar a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin. |
[EN] | (2) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú, maidir le báis a tharlóidh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1969, mar a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin. |