An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII Cáin Mhórdhíola) Ar Aghaidh (AN CHéAD SCEIDEAL Biotáille (Rátaí Gnáth-Dhleachta Custam))

21 1969

AN tACHT AIRGEADAIS, 1969

CUID IX

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

1968, Uimh. 33 .

61. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1968” alt 33 den Acht Airgeadais, 1968 ;

ciallaíonn “an t-ochtú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1968 maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche chomhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1970, ach “£2,636,326” a chur in ionad “£2,453,200”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1968 ach “£1,672,492” a chur in ionad “£1,586,900”.

(4) Déanfar suim £3,000,128 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1970.

(5) Déanfar an naoú blianacht bhreise déag a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den naoú blianacht bhreise déag, nach mó ná £1,940,575 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an naoú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann amháin nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Leasú ar an Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 .

1927, Uimh. 7 .

62. —Leasaítear leis seo alt 4 (1) den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , trí mhír (f) a scriosadh.

Préimheanna ar urrúis áirithe a bheith díolmhaithe ó cháin.

1965, Uimh. 26 .

1965, Uimh. 4 .

1968, Uimh. 37 .

63. —(1) An bhreis a bheidh ag an méid a gheofar ar aonad urrús lena mbaineann an t-alt seo a fhuascailt ar an méid a íocadh ar an aonad nuair a eisíodh é beidh sí, ach amháin i gcás ina mbeidh an bhreis le cur i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánachais ar bhrabúis trádála, díolmhaithe ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus ó cháin bhrabús corparáide.

(2) Na hurrúis lena mbaineann an t-alt seo is urrúis iad a bhunaigh agus a d'eisigh an tAire Airgeadais faoin Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , nó faoi aon chumhachtaí eile á chumasú chuige sin, mar aon le haon stoc, bintiúr, stoc bintiúra, deimhniú muirir, nó urrús eile, a eisíodh le ceadú an Aire Airgeadais arna thabhairt faoi aon Acht ón Oireachtas agus a ndearna an tAire Airgeadais faoin Acht sin íoc úis agus aisíoc caipitil a ráthú ina leith, ach gan urrúis a áireamh lena mbaineann alt 4 den Acht Príomh-Chiste, 1965 , alt 465 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó alt 8 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1968 .

Leasú ar alt 255 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

64. —(1) Leasaítear leis seo alt 255 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an méid seo a leanas a chur isteach, i ndiaidh mhír (d): “agus, go sonrach, folaíonn an abairt sin aon fhoirgneamh nó déanmhas atá an duine a bhfuil trádáil nó gnóthas den sórt sin á sheoladh aige tar éis a chur ar fáil le haghaidh caitheamh aimsire nó slándála oibrithe atá ar fostú sa trádáil nó so ghnóthas sin agus a bhfuil an úsáid sin á bhaint as”.

(2) Leasaítear leis seo alt 255 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “mar champa saoire” sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1): “nó foirgneamh nó déanmhas atá á úsáid mar theachín saoire agus atá ar áireamh in áitreabh atá cláraithe in aon chlár de theachíní saoire a bhunaigh Bord Fáilte Éireann faoi fhorálacha aon Achta ón Oireachtas a ritheadh tar éis dáta an Achta Airgeadais, 1969 , a rith”, agus

(b) trí “(seachas óstán saoire dá dtagraítear sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1))” a chur isteach i bhfo-alt (4) (a) i ndiaidh “theach cónaithe” agus i ndiaidh “tí chónaithe”.

(3) I gcás foirgneamh nó déanmhas a bhfuil sé le meas ina thaobh gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é de bhua fho-alt (2) do scor de bheith ar áireamh in áitreabh atá cláraithe i gclár dá dtagraítear san alt sin 255 in imthosca de shórt nach mbeidh feidhm ag an alt sin 265 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ansin, chun críocha Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , seachas alt 264 (3), measfar ar an scor sin go ndearnadh an leas iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas a dhíol le linn an foirgneamh nó an déanmhas a bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail agus chun na gcríocha sin measfar gurb é atá i nglan-fháltais an díola méid cóimhéid leis an gcaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais.

(4) I gcás ina ndéanfar muirear cothromaíochta faoin alt sin 265 de bhua fho-alt (3) agus nach ndéanfar an leas iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas a dhíol ina dhiaidh sin ag an duine ar a ndéanfar an muirear tráth nach foirgneamh nó déanmhas tionscail an foirgneamh nó an déanmhas, ansin má thagann an foirgneamh nó an déanmhas chun bheith ar áireamh arís in áitreabh atá cláraithe i gclár dá dtagraítear san alt sin 255, déileálfar chun críocha Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , leis an duine sin ionann agus dá mba eisean, tráth an scortha dá dtagraítear i bhfo-alt (3), ceannaitheoir an leasa iomchuí a mheasfar faoin bhfo-alt sin a bheith díolta.

(5) (a) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) maidir le caiteachas caipitiúil a thabhófar an 6ú lá d'Aibreán, 1969, nó dá éis.

(b) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) go (4) maidir le caiteachas caipitiúil a thabhófar an lú lá d'Iúil, 1968, nó dá éis.

Aisghairm.

65. —(1) Déantar leis seo gach achtachán dá luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm maidir le cáin don bhliain 1969-70 agus blianta ina dhiaidh sin a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(2) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1969.

(3) (a) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1969.

(4) (a) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid IV den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1969.

(5) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid V den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(6) (a) Déantar leis seo gach achtachán dá luaitear i gcolún (2) de Chuid VI den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Ní bheidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo ach amháin maidir le daoine a d'éag nó éagfaidh an lú lá de Mhárta, 1968, nó dá éis sin.

(7) (a) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid VII den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1969.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

66. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

67. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Codanna I agus II agus (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim lena n-áirítear forcháin) alt 63 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid III den Acht seo, a mhéid a bhaineann le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, a mhéid go mbaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid V den Acht seo a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Déanfar Cuid VI agus (a mhéid a bhaineann sí le cáin bhrabús corparáide) alt 63 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtacháin ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.

(6) Déanfar Codanna VII agus VIII a fhorléiriú i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , an Achta Airgeadais (Uimh. 2), 1966 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin agus an Achta sin is déanaí a luaitear.

(7) Ach amháin sa mhéid go bhforáiltear a mhalairt iontu go sainráiteach, measfar gur tháinig Codanna I agus II agus alt 63 den Acht seo i ngníomh, agus beidh éifeacht acu, ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1969.

(8) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.