18 1969


Uimhir 18 de 1969


AN tACHT UM OIFIG AN PHOIST (LEASÚ), 1969

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE POIST AGUS TELEGRAFA, LE TOILIÚ AN AIRE AIRGEADAIS I dTOSCA ÁIRITHE, RIALACHÁIN PHOIST (LENA nÁIRÍTEAR RIALACHÁIN AG CEAPADH RÁTAÍ POSTAIS AGUS POST-TÁILLÍ EILE) A DHÉANAMH, DO LEASÚ AN POST OFFICE ACT, 1908, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[22 Iúil, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1908, c. 48,.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1908” an Post Office Act, 1908;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Poist agus Telegrafa.

Cumhacht an Aire chun rátaí postais a cheapadh le toiliú an Aire Airgeadais, agus socrú a dhéanamh le haghaidh nithe áirithe eile.

2. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, le barántas, rialacháin a dhéanamh do dhéanamh socrú le haghaidh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) rátaí postais agus suimeanna eile a cheapadh a mhuirearófar i leith pacáidí poist agus rialáil a dhéanamh ar na scálaí meáchain agus na tosca ar dá réir a mhuirearófar na rátaí agus na suimeanna sin;

(b) aon ráta nó suim den sórt sin a mhaitheamh;

(c) post-phacáidí d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe a chur ar aghaidh gan táille leis an bpost agus an tslí ina gcuirfear ar aghaidh amhlaidh aon phost-phacáid den sórt sin;

ar choinníoll nach rachaidh an ráta postais is airde, nuair a réamhíocfar é i leith pacáide intíre dhá nuachtán chláraithe nó níos mó, agus forlíonadh nó forlíontaí leo nó gan bheith leo, thar an bpostas réamhíoctha i leith pacáide clóite intíre a cómheáchan.

(2) Ní foláir toiliú an Aire Airgeadais a bheith le haon rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt 1 (a) den alt seo.

Cumhacht an Aire rialacháin a dhéanamh faoi ailt 4 agus 82 d'Acht 1908.

3. —Aistrítear leis seo chun an Aire na cumhachtaí atá dílsithe don Aire Airgeadais rialacháin a dhéanamh faoi ailt 4 agus 82 d'Acht 1908 le barántas, ar choinníoll nach foláir d'aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire amhlaidh de bhua an ailt seo toiliú an Aire Airgeadais a bheith leo a mhéid go mbeidh socrú iontu i dtaobh muirear, táillí nó scálaí meáchain nó i dtaobh cuntas a thabhairt in aon airgead a bheidh an tAire tar éis a fháil agus aon airgead den sórt sin a ioc le haon stát coigríche.

Leasú ar alt 15 d'Acht 1908.

1920, c. 40

4. —Déantar leis seo alt 15 d'Acht 1908, arna leasú le halt 1 (2) den Post Office and Telegraph Act, 1920, a leasú trí “any postal packets other than letters, those packets” agus “any despatch or delivery” a chur in ionad “book packets, pattern or sample packets, and post cards, or any of them, those packets, or cards” agus “the despatch or delivery next”, faoi seach.

Léiriú tagairtí áirithe in Acht 1908.

5. —Déanfar aon tagairt in Acht 1908, seachas in ailt 4, 82 agus 83 de, do bharántas a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do bharántas arna dhéanamh faoi réim nó de bhua an Achta seo.

Rialacháin do leanúint i bhfeidhm.

6. —Gach rialachán a rinneadh faoi alt 2 (1) d'Acht 1908 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith leanfaidh sé i bhfeidhm agus féadfar aon rialachán den sórt sin agus aon rialachán eile a rinneadh faoi Acht 1908 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith a leasú nó a chúlghairm ionann is dá mba faoi réim nó de bhua an Achta seo a rinneadh an céanna.

Aisghairm.

7. —Aisghairtear leis seo alt 2 (1) d'Acht 1908.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

8. —(1) Féadfar an tAcht um Oifig an Phoist (Leasú), 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Oifig an Phoist, 1908 go 1969, a ghairm de na hAchta um Oifig an Phoist, 1908 go 1951, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar an tAcht seo agus Acht 1908 mar aon Acht amháin.